Corpus of Electronic Texts Edition
Aided Muirchertaig Meic Erca (Author: Unknown)

Section 31

Ro shaeb trá Sín a menmasum ann sin & tánic eturru & tecosca na cléirech, & do-rigne fín draídechta dóib in aidche sin, & rob í sin in sechtmad aidche dóib forsin draídecht & adaig Máirti iar Samain do shunnrud sin.
630] Ó robdar mescda na slóig, tic osnad gaíthi móire ann. ‘Is osnad gem-aidche so,’ ol in ríg. & Atbert Sín in so: 26

    1. Is misi Gaeth garb,
      ingen airech ael,
      is Gem-adaig m'ainm

      635] ar cach airm ma-róen.

    2. p.23

    3. Osnad & Gaeth,
      Gem-adaig im-ne,
      ro ráidis co fír,
      táinic do díl de.

    4. 640] Má ndeachadais dó
      co dorus in lis,
      rachaid éc at bél,
      nocha scél cen fhis.
    5. Is m.

Section 32

Asa haithle sin trá ro delb sí snechta mór ann &
645] ní tháinic riam tairm chatha bud mó inás in cith dlúithshnechta ro fhear ann in uair sin, & iniartuaid do shunnrad tánic. Is annsin tánic in ríg amach isin teach n-inchlethi & do-chuaid isteach doridisi, & ro gab for tathaír na síne, 27conid ann asbert:


    1. 650] Is olc in adaig a-nocht,
      ní thánic riam a com-olc,
      & ní thicfa chaidche
      indshamail na hóen-aidche.

  1. Cleitech is fuar a faebar,

    655] ro gairdighed do shaegal,
    ná ráid28 m'ainm tria bithu sír,
    ní cunntabairt duit droch-díl.

  2. Ní ebérsa h'ainm co bráth,
    & sechénat seach cách,

    660] in lín atámaid a-nocht
    ní tháir pudar ná ard-olc.

  3. Is o.

Section 33

Ó thairnic in fledugad immorro ro laigset na slóig iar sin & ní raibi nert mná seóla a nduine díb.


p.24

Laigid in ríg ina imdaid iar sin & tuitid suan trom fair.
665] Do-gní didiu iachtad mór trén asa chodlud & músclais asa shúan. ‘Créd sin itir?’ ol in ingen. ‘Siabra mór rom thárfás29’ ol sé, conid ann asbert:
    1. Domárfás recht ruad-theined,
      imad saer-chlann siabairthi,

      670] traethad truag {MS Y folio/facs page 317/317a} dár sluagaibne.
      seól síthe dár saeb-leagad,
      teach Cletig 'na throm-thenid ,
      im chenn chaidche ar com-lasad,
      clanna Néill a n-étualang

      675] tré upthaib ban ndraídechta,
      a scéith arna scíth-leagad,
      ar córugad conntrachta,
      airm cháich ina crosradaig ,
      dar treagdad re tinnenus,

      680] gáir mór-shluaig fa derg-thenid.
      Is ed tárfás dam.
    2. D.

Section 34

Érgid in ríg suas & nír léic in taidbsi atchonnairc tindabrad dó. & tánic asin tig amach & atchí tenid mbic i cill isin Brug oc na clérchib. Tánicsium chucu iar sin
685] & atbert friu, 'Ní uil nert ná trácht innumsa a-nocht,' & ro innis a thaidbsi & a aislingthi, & 'Is decair damsa,' ol sé, 'deg-engnum a-nocht cid slóig eachtrand tísad dom indsaigid tréna anfaindi atám, & tré olcas na haidche,' ol sé, & ro gabsat na clérig 'gá thecosc iarum ann sin.

690] Tánicsium isteach fo chétóir 30conad ann asbert:

    1. Is lán-olc int sínsa a-nocht
      dona clérchib 'na longphort,
      ní lámait codlud chaidche
      d'aggairbe shín na haidche.


    p.25


    1. 695] Cid fá n-abrai m'ainm, a fhir,
      a Meic Erca is Muiredaig,
      fo-géba bás, líth cen ail,
      a tig Cletig ná codail.

  1. Abair rium, a ben cen brón,

    700] cia lín tuites lim don tslóg,
    ná ceil orm, innis cen cháin
    cá lín do-fhaeth dom desláim.

  2. Ní thuitfi nech leat ar lár,
    a Meic Erca na n-ard-grád,

    705] tairnic tú co becht, a rí,
    do-chuaid do nert ar nefní.

  3. Esbaid mór mo beith gan nert,
    a Shín uasal na n-il-reacht,
    menic ro marbus laech lonn

    710] gé tú a-nocht i n-écomlonn.

  4. Sochaidi ro thuit dot spairrn,
    a Meic Ingine Loairnd,
    tucais ilar sluag i socht,
    mo núar gé taí co lán-olc.

  5. Is lán.

Section 35


715] ‘Is fír trá, a ingen,’ ol sé, ‘is focus bás damsa, uair do bí a tairrngiri dam comad chosmail m'aidid & aidid Loairnd mo shean-athar, uair ní a comlann itir do-rochair acht a loscad chena do-rónad. Codail trá a-nocht,’ ar in ingen, '& léic damsa h'fhoraire & h'fhorcoimét
720] for na slógaib, & má tá a ndán duit ní loiscfiter a-nocht toramsa in teach.' 'Do-fil for ar tí etir,' ol sé, 'Tuathal Mael Garb mac Cormaic Caích meic Cairpri meic Néill Noígiallaig.' 'Cé raib Tuathal co n-a shlógaib uile ar do thí, ní heacail duitsiu a-nocht tarumsa hé,' ol
725] in ingen, '& codailsiu festa.'


p.26

Section 36

Do-chóidsium 'na lebaid iar sin & do chuindig dig forsin ingin, & do chuir sí bricht suain forsin fín mbréci úd go ra ibsium dig de co nderna mesc aimnertach é cen shúg cen nert ann. Codlais co trén iar sin & atchí
730] aislingthi ann .i. techt i lunga for fairgi & a long do bádud & in gríb ingnech do thoidecht chuigi & a breithsium lé ina nead & in nead do loscad imesium iar sin & in gríb do thuitim leisium.

Section 37

Músclais in righ & atbert a fhís do breith dochum
735] a chomalta co Mac Saignen druad .i. Dub dá rind, & rucsein a breith , ‘Is í in long i rabadais,’ ol sé, ‘.i. long in fhlaithiusa for muir31 in tsaegail & tusa ic sdiúrad in fhlaithiusa, & is í in long do bádud tusa do thaircsin & do shaegal do thoidecht. Is í in gríb ingnech rot
740] fhuc lée ina nead .i. in bean fil it fharrad dot chur for mesci & dot breith lé ina lebaid dot fhastód a tig Cletig coma hé loiscfiter fort. 32{MS folio H 252b} An gríbh immorro do thoitim letsa .i. in ben do éc trét fhochaindsi. Is
745] í sin trá breath na haislingi sin,’ ar sé.

Section 38

Collaid in rí iarum co trom33 iar cur in brechta shuain do Shín fair. An fat trá ro bí sin isin colladh sin éirgid Sín & cóirgis gae & slegha na slóg ar indill áigh i ndoirsib in tighi & a renna uili chum an tighi. Iar sin
750] delbaidh sí trá il-imud {MS folio H 253a} & sochaidi a timchill an dúnaidh. Téit féin istech & scaílid in teine ar gach aird fon tech & fona fraightibh & téit isin lebaid.

Section 39

Ba hand sin dano do múscail in rí asa cholladh. ‘Créd sin?’ ar an ingen. ‘Tárfas dam,’ ar sé, ‘sluag
755] siabra ic losgudh in tigi form & ic orleach mo muindtiri fon dorus,’ ‘Ní fhuil olc duidsi de sin,’ ar an ingen, ‘acht chena ro tárfas.’


p.27

Section 40

An tan immorro ro bádar ar an comrádh sin, do chualadar breasmhaidhm ica loscudh & gáir na slóg
760] siabra & ndraígechta imon tech. ‘Cia fil 'mon tech?’ ar an rí. ‘Tuathal Mael Garb mac Cormaic Caích meic Cairbre meic Néill co n-a shluagaibh,’ ar Sín, ‘atá ann ic dígailt catha Granaird ortsa,’ & ní fhitir sin nachar fhír sin & nachar shluag corpordha do bí 'mon tech.