Ag so do sheanchus Éireann, agus do gach ainm d'á dtugadh
uirre, agus do gach roinn d'á ndéarnadh uirre, agus do gach gabháil d'á
ndéarnadh uirre, agus do gach ndroing d'ár ghabh í, agus do gach gníomh
tasgamhail d'á ndéarnadh innte re linn gach áirdrígh d'á raibhe ós
a cionn, ó thús riamh gus an aimsir seo, an mhéid fuaras re a bhfaisnéis
díobh.
An ceud leabhar
Ar dtús, cuirfeam síos gach ainm d'á raibhe ar Éirinn riamh.
Ag so síos gach roinn d'á ndéarnadh ar Éirinn
Do mhionroinn ar an Mídhe, agus ar na
cúigeadhaibh ann so.
Do roinn cúigidh Chonnacht ann so.
Do roinn cúigidh Uladh ann so
Do roinn cúigidh Laighean ann
so
Do roinn cúigidh Eochaidh Abhradruaidh
ann so
Do roinn cúigidh Chonraoi mic Dáire ann so
Do mhionroinn Múmhan ann so
Do shuidhiughadh na
h-Éireann ann so
Ag so do chruthughadh an cheud athar ór' fhásamar, eadhon,
Ádhamh, agus d'á shliocht go Noe, agus ar sin go clainn clainne Noe, go dtugthar linn craobhsgaoileadh gach aicme d'ár ghabh sealbh Éireann go hiomlán go Noe,
agus fós gaol gach druinge dhíobh féin ré' chéile.
Ag so d'aois na n-aithreach ó Ádhamh go Noe, agus fad na haimsire
ó Ádhamh go dílinn; agus geinealach
Noe go h-Ádhamh.
Do chraobhscaoileadh an triair mac soin ór' geineadh an dá
chinéal deug agus trí fichid do bhí ag tógbháil an tuir.
Do ghabhálaibh Éireann ria
ndílinn ann so síor
I. Do'n cheud ghabháil do rinneadh ar Éirinn ann so
II. Do'n chéid phríomh-ghabháil do rinneadh ar Éirinn d'éis dílinne, .i. gabháil Phartholóin ann so
III. Ag so an roinn do rónsad ceithre mic Phartholóin ar Éirinn; agus is í
ceud-roinn Éireann í
IV. Do Mhuinntir Phartholóin ann
so.
Do'n dara gabháil do rinneadh ar Éirinn ann so, eadhon, gabháil clainne Neimheadh
Do ghabháil Fhear m-Bolg ann so
Do na céid ríoghaibh ro ghabh flaitheas Éireann; agus do gach righ 'na ndiaidh d'ár ghabh í, do réir
oird na n-aimsear agus na ngabháltas, ann so síos.
Do ghabháil Thuaithe Dé Danann ann so
Do ghabhlughadh na droinge fá huaisle do Thuathaibh Dé
Danann ann so síos
Do ríoghaibh Tuaithe Dé Danann ann so, agus d'fhad a
bhflaithis ar Éirinn
Do bhunadhas Chlainne Míleadh,
d'á n-imtheachtaibh, agus d'á ndálaibh, d'á ngeinealaigh, agus do gach toisg
d'á dtárla dhóibh ó Fhéinius Farsaidh anuas go
gabháil Éireann dóibh, ann so síos.
Ag so síos fo leith go cinnte do'n fhíor-bhun ór'
fhásadar aicme Ghaedhil, agus d'á n-imtheachtaib go teacht do Mhacaibh
Míleadh i n-Éirinn.
{Volume 2}
Foras Feasa ar Éirinn
Liber primus (ar leanamhain).
Ag so síos do dhálaibh
Féiniusa Farsaidh seanathair Ghaedhil go
teacht tar a ais ó Mhaigh Seanáir dó agus go bhfuair
bás.
Ag so síos do thriall Niuil don Éigipt ón Scitia agus da dhálaibh innte
go bhfuair bás:
Ag so síos don ionnarbadh do rinne Pharao
Intuir ar shliocht Ghaedhil as an Éigipt.
Don ionnarbadh do rinneadh ar sliocht Ghaedhil as an Scitia.
Ag so síos do thriall fhine Ghaedhil as an n-Gotia go
hEaspáinn.
Do ghabháil mhac míleadh ar Éirinn annso, agus da ndálaibh, agus cia an
chríoch as a dtángadar go h-Éirinn.
Ag so síos do thigheacht mhac Míleadh i n-Éirinn:
Do ríoghaibh chloinne
Míleadh ria g-Créideamh annso, agus fad a bhflaitheasa i
n-Éirinn.
Ag so síos ar dtús go haithghearr éirim na heachtra da
dtáinig bás Chonchubhair.
Ag so síos do bhás Cheit mic
Mághach.
Ag so síos an ní da dtáinig bás Fheargusa mic Róigh.
Ag so síos an t-adhbhar fá dtáinig bás Laoghaire Bhuadhaigh.
Ag so fachain bháis Mheidhbhe
Cruachan.
Ag so síos do bhás Chonlaoich mic Con
g-Culainn.
{Volume 3}
Foras Feasa ar Éirinn
Liber secundus.
Ag so síos do ríoghaibh Éireann agus da ndálaibh d'éis Chreidimh agus da hannálaibh go tigheacht Ghall innte agus gur ghabhadar a h-orlamhas.