Labhair sé leis i leataoibh. Ara, ní hiontach do chás arsa Fínghean thitis i ngrá le searc éagmaise. Tá mo ghalar tomhaiste agat arsa Aonghas. Thitis i ndochraí agus níor lámhais é a rá le héinne arsa Fínghean. Is fíor san duit arsa Aonghas Tháinig chugam cailín álainn agus an crot is áille in Éirinn uirthi agus gné dhearscaithe. Bhíodh tiompán ina láimh agus do sheinneadh sí dom gach oíche. Is cuma san arsa Fínghean toghadh duit cairdeas léithi. Cuirtear fios uait ar an mBóinn, ar do mháthair, agus tagadh sí chun cainte leat.