Corpus of Electronic Texts Edition
Tochmarc Éadaine (Author: [unknown])

version 3

The Wooing of Étaín again. {YBL column 992}

¶1] Uair amháin eile d'éirigh Eochaidh Oireamh rí Teamhra lá álainn in aimsir shamhrata agus dhreap in airde ar shosta na Teamhra chun féachaint ar Mágh Brea. Ba breá a lí agus í fé bhláth gach aon datha. Nuair a d'fhéach sé timpeall chonaic sé an t-óglach anaithnid in airde ar an sosadh ós a chomhair. Bhí fuan corcra uime agus mong órbhuí air go braine a dhá ghualann, súil choinnleach ghlas ina cheann, sleá le cúig reanna ina láimh, sciath le tul geal ina láimh agus geamanna óir uirthi. Shocht Eochaidh mar ní raibh fhios aige é a bheith i dTeamhair an oíche roimhis agus níor osclaíodh fós na leasanna ag an am san.

¶2] Tháinig sé ar ionchaibh Eochaidh ina dhiaidh san. Ansan dúirt Eochaidh: "Mochean don óglach ná haithnímid. " "Is chuige sin a thángamair" arsa an t-óglach. "Níl aithne againn ort" arsa Eochaidh. "Ach tá aithne agamsa ort" arsa an t-óglach. "Cad is ainm duit?" arsa Eochaidh. "Níl sé oirirc" ar seisean, "Mír Brí Léith is ainm dom." "Cad chuige a thángaís?" arsa Eochaidh. "Chun ficheall a imirt leatsa" ar seisean. "Go deimhin táimse go maith chun fichille" arsa Eochaidh. "Bainimís triall as" arsa Mír. "Tá an bhanríon ina codladh," arsa Eochaidh, "Is léithi an tigh go bhfuil an clár fichille." "Tá anso cheana, " arsa mír "clár fichille nach measa." Bhí san fíor: clár airgid agus fir óir agus soilsiú gach cúinne air le cloch luachmhar agus fearbholg de ronnaí cré-umha fite fuaite trí chéile.

¶3] Chuir Mír eagar ar an bhfichill ansan. "Imir" arsa Mír. "Ní imreod ach ar gheall" arsa Eochaidh. "Cé'n geall a bheidh ann?" arsa Mír. "Is cuma liom" arsa Eochaidh. "Beidh agamsa duit," arsa Mír, "más tusa a bhéarfaidh an bhua orm, caoga capall dúghlas agus iad ceann-bhreaca craoraga cluas-bhioracha broinn-leathain bolg-shróin cos-chaola comhbhrasa faobhracha feimheanna urarda aigeanta seasta soghabhálta lena gcaogaid srianta crónta. Sroichfid am teirte amárach." Dúirt Eochaid an rud céanna leis. Ina dhiaidh san d'imríodar. Rugadh bua ar Mhír. Chuaigh sé uaidh agus rug a chlár fichille


p.177

leis. Nuair a d'éirigh Eochaidh lá arna mhárach tháinig sé ar sosta na Teamhra le héirí na gréinego bhfaca a chompánach cheana chuige ar an sosadh ina fharradh. Ní raibh fhios aige cár chuaigh sé nó cad as gur tháinig sé, go bhfaca sé an caoga capall dúghlas agus na srianta crónta leo. "Tá san go hionraic" arsa Eochaidh. "Is fiach rud má ghealltar" arsa Mír.

¶4] "An imreoimíd ficheall?" arsa Mír. "Ba mhaith liom," arsa Eoc haidh "ach bíodh geall ann." "Beidh agamsa duit," arsa Mír, "caoga torc agus trí bliana slánaithe acu agus iad cas-bhreaca bolg-liatha drom-ghlasa, le crúba capaill orthu agus lothar draighin ina gcuirtear iad go léir. An uair eile caoga claíomh órdoirn. An uair eile caoga bó fhionn cluas-dhearg agus laonna fionna cluas-dhearga acu nasc cré-umha ar gach lao díobh. An uair eile caoga molt glas ceann-dearg trícheannach tríbheannach. An uair eile caoga colg déid. An uair eile caoga brat lí breice. Ach gach caoga díobh agus a lá féin."

¶5] Chuir a oide altrama ceist ar Eochaidh agus d'fhiafraigh de cad as gur thóg sé a mhórshaibhreas. Dúirt sé leis "Am baist, ana-scéal an rud san." "Go deimhin, is beite duit faire amach air. Is fear mórchumhachta an té a tháinig chugat. Cuir deacrachtaí móra air, a mhic ó," ar seisean. Ina dhiaidh san tháinig a chompánach chuige agus do chuir Eochaidh na mórcheisteanna oirirce air .i. díochlochadh Mí, luachair thar Teafa, tóchar thar Móin Lámhraí, coill thar Bréifne., gonadh aire sin a dúirt an file na ranna so:

    1. Is iad so na ceithre rudaí
      a chuir Eochaidh Oireamh
      ar iolar drong dreachúil
      le líon sciath agus claíomh:
    2. Tóchar thar Móin Lámhraí,
      coill thar Bréifne gan deacracht,
      díochlochadh mas mór Mhí
      agus luachair thar Teafa.


p.179

¶6] Is iad san na geallta agus na deacrachtaí a cuireadh air ansan. "Tánn tú ag cur an iomarca orm" arsa Mír. "Nílim mhuis" arsa Eochaidh. "Bíodh achainí agus logha agam uait más ea. An fhaid is a shroicheann do chumhacht, ná bíodh bean ná fear ann lasmuigh dá dtigh go dtí fáinne an lae amárach." "Déanfar" arsa Eochaidh. Níor shiúil éinne an mhóin sin roimhis.

¶7] D'earb Eochaidh ansan ar a reachtaire féachaint ar an bhfeidhm a chuireadar i ndéanamh an tóchair. Mar sin chuaigh an reachtaire sa mhóin. Dar leis b'iad fir an domhain ó éirí na gréine go dtí luí na gréine a tháinig sa mhóin. Dheineadar go léir aon tulach dá gcuid éadaí agus chuaigh Mír in airde ar an dtulaigh sin. Do chuiridís an choill lena bun agus lena préamhacha in íochtar an tóchair. Bhí Mír ina sheasamh ag greasáil an tsluaigh ar gach leith. Dar leat bhí fir an domhain ag déanamh fothraim mhóir féna bhun.

¶8] Ina dhiaidh san cuireadh úir agus grean agus clocha ar an móin. Go dtí an oíche sin bhíodh fir Éireann ag cur teinne ar éadan damh go dtí go bhfacadar lucht an tsí á chur ar a bhformna. Dhein Eochaidh mar sin é agus is de sin a tugadh Eochaidh Oireamh air mar is é an chéad duine d'fhearaibh Éireann a chuir cuing ar muineál daimh. Is iad so na focail a bhí i mbéal an tsluaigh agus é ag déanamh an tóchair: "Cuir i láimh, cuir anso i láimh, oirirc damhraidh, tráthanna ar bhfuinneadh, róthrom áilíos, ní fios cé leis an leas, cé leis an t-aimhleas de thóchar thar Móin Lámhraí." Ní bheadh ar an ndomhan tóchar a b'fhearr mura mbeifí ag féachaint air. Fágadh lochtanna ann ina dhiaidh san. Ansan chuaigh an reachtaire go hEochaidh agus d'inis dó scéala na mórfheidhme a chonaic sé ós a chomhair agus dúirt ná raibh ar fearsaid an bheatha chumhacht a sháródh é sin.

¶9] Nuair a bhíodar ag caint, chonacadar Mír chúchu. Bhí ard-ghustal air agus droch-chuma. Baineadh geit as Eochaidh agus chuir sé fáilte roimhis. "Chuige sin a thángamair" arsa Mír. "Is allta agus is díchéillí a tánn tú liom mórdheacrachtaí agus móraincheasa a chur orm. Dhéanfainn rud ba mhaith leat fós ach tá mo mheanma báirneach leat." "Ní báirneacht le búireanna duitse é sin, ceansófar do mheanma" arsa Eochaidh. "Géabhthar más ea" arsa


p.181

Mír. "An imreoimíd ficheall?" arsa Mír. "Cé'n geall a bheidh ann?" arsa Eochaidh. "Geall is mian le ceachtar de'n bheirt againn" arsa Mír. Buadh ar Eochaidh an lá san. "Bhuais orm" arsa Eochaidh. "Dá mba mhian liom is fadó bheadh buaite agam ort" arsa Mír." "Ceist, cad ba mhian leat uaimse?" arsa Eochaidh. "Dhá láimh timpeall ar Éadain agus póg dí" arsa Mír. Shocht Eochaidh leis sin agus ansan a dúirt "Tair mí ó'n lá inniu agus tabharfar duit an rud san."

¶10] An bhliain sarar tháinig Mí go hEochaidh chun ficheall a imirt, bhí sé ag tochmharc Éadaine agus níorbh fhéidir leis í a ghnóthú. Is é an ainm a thugadh Mír dí ná Bé bhFionn go ndúirt sé léithi:

    1. A Bé bhFionn, an raghaidh tú liom
      i dtír iontach ina bhfuil rionn?
      is barr sabhaircín folt ann
      agus dath sneachta ar corp slim.
    2. Is ann ná bíonn is liomsa ná is leatsa.
      Geal fiacail, dubh fabhra
      is lí súile líon ár slua,
      is dath sian sléibhe ann gach grua.
    3. Is pincín gach muin,
      is lí súile uibheacha loin;
      cé gur breá féachaint ar Mágh Fáil,
      annamh é tar éis gnás Mhágh Móir.
    4. Cé gur breá libh coirm Inis Fáil,
      is meisce coirm Thíre Móire,
      is tír amhra an tír a deirim;
      ní imíonn óige ann roimh aois.
    5. Sruthanna teo milse thar tír,
      rogha de mhiodh agus fíon,
      daoine maorga ann gan on,
      coimpeart gan pheacadh gan chol.
    6. Chímíd gach éinne ar gach leith
      agus ní fheiceann éinne sinn;
      teimheal iomarbhas Ádhaimh
      a chuir cosc ar sinn a áireamh.

    7. p.183

    8. [A bhean, má shroicheann tú mo thuath anumhal,]
      [is barr óir a bheidh ar do cheann;]1
      mil, fíon, laith, leamhnacht le lionn,
      a bheadh agat liomsa ann, a Bhé bhFionn.
Dúirt Éadain: "Má fhaghann tú ó m'fhear céile mé, raghadsa chugat; mura bhfaghann tú, ní raghad."

¶11] Ina dhiaidh san tháinig Mír go hEochaidh agus lig dó buachtaint air fé chéadóir, chun go mbeadh ábhar conspóide aige do Eochaidh. B'in é an chúis gur íoc sé na cumhaí móra agus b'in é an chúis gur fé ainbhfios a d'iarr sé a gheall go ndúrthas tar éis an ghill é. Ansan nuair a bhí Mír lena mhuintir ag íoc cumha na hoíche .i. tóchar thar Móin Lámhraí agus díchlochadh Mí agus luachair thar Teafa agus coill thar Bréifne, is iad so na focail a bhí ag a mhuintir fé mar a deir Leabhar Droma Sneachta:

¶12] "Cuir i lann, cuir anso i lann, oirirc damhraidh, trom an choibhdhean a chloiseann fíor, fearga buíonta, balcthroma crannchuir, FORDERG SAIRE FEDHAR SECHUIB SLIMPRIB SNITHIB, scíotha lámha in droichead claona ar son aon mhná, díbh an díoghail, díbh an tromdhámh, toirchim flatha FER BAN FOMNIS, IN FER MBRAINE CERPAI FOMNIS, DIADH DERGAE FER ARFEIDH SOLAID, FRI AIS ESLIND FER BRON FORTI, ER TECHTA INDE LÁMNAD ó luachair ar dhá Theafa, díochlochadh Mí INDRACHT cé leis an leas, cé leis an t-aimhleas ."

¶13] Shocraigh Mír dáil i gcionn míosa. Ach thionóil Eochaidh formna laoch Éireann go rabhadar i dTeamhair agus is chuid dob'fhearr d'fhiannaibh Éireann, gach cuairt timpeall a chéile um Theamhair, i lár agus lasmuigh agus laistigh, agus an rí agus an bhanríon i lár an tí agus na leasa iata fé ghlas mar bhí fhios acu go dtiocfadh fear na mórchumhachta. Bhí Éadain ag dáil dí an oíche sin do na flaithibh mar ba shaincheird dí deoch a dháil.

¶14] Ansan nuair a bhí comhrá ar siúl acu chonacadar Mír chúchu ar lár an ríthí. Ba mhas an duine é i gcónaí ach bhí sé níos maise fós an oíche sin. Chuir sé uamhan ar na sluaite a chonaic sé. Bhíodar go léir ina dtost ansan agus do chuir an rí fáilte roimhis. "Is chuige sin a thángamair." arsa Mír "Tugtar dom an rud a


p.185

ghealladh dom. Is fiach rud má ghealltar. Thugas duitse an rud a gealladh." "Níor smaoiníos ar an rud san go dtí so" arsa Eochaidh. "Gheall Éadain féin domhsa" arsa Mír "go dtiocfadh sí uaitse." Imdheargadh Éadain leis sin. "Ná bíodh náire ort, a Éadain," arsa Mír "ní drochbhanúlacht duitse é. Táimse," ar seisean, "tar éis bliain a chaitheamh ad iarraidh leis na maoinibh agus seodaibh is áille in Éirinn. Agus níor thógas tú ach le moladh Eochaidh. Trí dhéineacht ní bhfaghainn tú." "Dúrtsa leat" ar sise, "ná raghainn chugat go dtí go ndíolfadh Eochaidh mé. Mar liom féin, beidh mé agat má dhíolann Eochaidh mé."

¶15] "Ní dhíolfad tú mhuis" arsa Eochaidh "ach cuireadh sé a dhá láimh umat i lár an tí fé mar a tánn tú." "Déanfar" arsa Mír. Ghaibh sé a ghaisce ina láimh chlé agus an bhean féna ascaill dheis agus rug leis trí forléas an tí í. D'éirigh na sluaite i dteannta an rí agus méalacht orthu go bhfacadar an dá eala timpeall na Teamhra. B'é a dtriall go Sí ar bhFeimhean agus chuaigh Eochaidh agus formna fear Éireann ina theannta go Sí ar bhFeimhean .i. Sí na mBan bhFionn. B'í comhairle fear Éireann tochailt gach sí dá raibh in Éirinn nó go dtiocfadh an bhean amach chuige.

¶16] Thochlaíodar Sí na mBan bhFionn agus tháinig duine amach as chúchu agus dúirt leo nach ansan a bhí a mbean. "B'é rí sí Éireann an fear a tháinig chugaibh. Is amhlaidh atá sé ina dhún ríoga leis an gcailín. Éirígí chuige go dtiocfaidh sibh ann." Chuadar óthuaidh. Thosnaíodar ag tochailt an tsí. Bhíodar chuige sin bliain is ráithe. An méid a thochlaídís inniu bhíodh sé comhlán lá arna mhárach. Chuadar dhá fhiach fhionna chúchu as an sí agus thángadar dhá mhadra .i. Scleath agus Samhair. Chuadar ódheas arís go Sí na mBan bhFionn. Chromadar ar an sí a thochailt. Tháinig duine chúchu arís as agus dúirt leo "Cad tá agat inár gcoinne, a Eochaidh," ar seisean "Ní rugamair do bhean. Níor deineadh aon díobháil duit. Seachain rud a bheadh ina aimhleas do rí a rá." "Ní raghadsa uaibhse" arsa Eochaidh "go ndéarfaidh sibh liom conas a shroichfidh mé mo bhean." "Beir leat coileáin dalla agus cait dalla agus fág iad. Is í sin an obair a dhéanfair gach aon lá." D'fhilleadar ansan agus dheineadar an rud san. Agus is mar sin a thugadar fé.


p.187

¶17] Nuair a bhíodar ann ag tochailt Sí Brí Léith chonacadar Mír chúchu. "Cad tá agat im choinne?" arsa Mír, "is éigeart a dheineann tú orm. Tánn tú ag cur deacrachtaí móra orm. Dhíolais do bhean liom. Ná gortaigh a thuille mé," ar seisean. "Ní bheidh sí agat" arsa Eochaidh. "Ní bheidh" arsa Mír, "Téir abhaile. Tiocfaidh do bhean ag am teirte amárach. Fíor na gcéanna agus na n-iorradh," arsa Mír, "Ná gortaigh a thuille mé má tánn tú sásta liom an babhta so." "Faomhaim" arsa Eochaidh. Nasc Mír a choir agus d'imigh uathu. Nuair a bhíodar ann am teirte arna mhárach chonacadar an caoga bean ar aon deilbh agus ar aon éagasc go léir le hÉadain. Thit na sluaite ina dtost ansan. Bhí drabóg ghlasliath rompu. Deirid le hEochaidh "Tóg do bhean an babhta so nó abair le bean díobh fanacht id theannta. Tá sé in am againne filleadh abhaile."

¶18] "Cad a dhéanfaidh sibh?" arsa Eochaidh le fearaibh Éireann "den aincheas atá tagtha oraibh?" "Níl aon chomhairle againn cad a dhéanfaimíd" arsa fir Éireann. "Tá agamsa" arsa Eochaidh, "is í mo bheansa an bhean is fearr a dháileann deoch in Éirinn. Beidh aithne agam uirthi ón ndáil." Do cuireadh a cúig is fiche sa taobh anonn den tigh agus a cúig is fiche sa taobh anall den tigh agus cuireadh leastar leanna ar lár an tí. Ansan thagadh bean anonn agus bean anall agus ní bhfuair sé Éadain ann fós. Tháinig sé go dtí an bheirt bhan déanacha. Duine acu a dháil ar dtúis. Dúirt Eochaidh "Is í seo Éadain agus ní hí féin." Ansan ba chomhairle leo go léir "D'fhan Éadain," ar siadsan, "bíodh is nach í seo a dáil." D'imíodar na mná eile go léir. Ba mhór an sásamh d'fhearaibh Éireann an gníomh san a dhein sé agus móréacht na damhraí a dheineadar agus teasargan na mná ó na fearaibh sí.

¶19] D'éirigh Eochaidh lá álainn agus bhí seisean agus a bhanríon ag comhrá ar lár an lis nuair a chonacadar Mír chúchu. " "Tá go maith, a Eochaidh," arsa Mír. "Tá go maith" arsa Eochaidh. "Ní hionraic a bhís liom," ar seisean, "na hárddeacrachtaí d'imirt orm agus a mbeith ar do chúl agus a dtugais de chuinge chugam. Ní raibh rud ná cuirfá fém thuairim ann." "Níor dhíolas mo bhean leat," arsa Eochaidh. "Ceist agam ort, an dteilgeann tú do chúis liom?" "Ní theilgfead" arsa Eochaidh,


p.189

"nó go dtarlóidh duit geall eile a chur." "Ceist agam ort, an folláin do mheanma leat?" arsa Mír. "Folláin," arsa Eochaidh. "Is mar a gcéanna domhsa," arsa Mír. "Bhí do bhean torrach do bean nuair a rugadh uait í," arsa Mír, "agus rug sí iníon agus is í sin atá id theannta. Agus tá do bhean im theanntasa agus tharla duit í a leigint uait an tarna huair." Ina dhiaidh san d'imigh sé.

¶20] Ina dhiaidh san ní raibh sé de mhisneach ag Eochaidh sí a thochailt ar Mír arís mar bhí árach air. Tháinig ceas croí ar Eochaidh ó éaló a mhná agus óna chomhluí féin lena iníon. Bhí sí siúd torrach uaidh agus rug iníon dó. "A dhéithe!" arsa Eochaidh, "ní fhéachfaimíd ar a chéile, mise agus iníon m'iníne." D'imigh beirt dá mhuintir chun í a chur i gclais leis na péisteanna. Thugadar cuairt ar tigh Fhionnlámha buachaill na Teamhra a bhí i Sliabh bhFuaid i lár díthreibhe. Ní raibh éinne sa tigh. D'itheadar bia ann. Chaitheadar an cailín don tsoith lena coileáin a bhí sa chró sa tigh. D'imíodar arís. Tháinig an buachaill agus a bhean abhaile go bhfacadar istigh an garlach geal sa chrú. Chuir an rud san ionadh orthu. Rugadar amach as an gcró í. D'oileadar í gan fhios a bheith acu cad as dí. Ba mhaith an fhorbairt a tháinig uirthi mar b'iníon rí agus banríona í. Is mó druine a bhíodh aici ná ag aon bhean. Ní fheiceadh a súile rud ná féadadh a lámha a dhruine. Do hoileadh ansan ar an nós san ag Fionnlámh agus agena bhean nó go bhfaca muintir Eidirsceoil í lá amháin. D'insíodar don rí é agus thóg Eidirscéal ar éigin as í agus as san amach bhí sí aige mar bhean. Agus b'í siúd máthair Chonaire mhic Eidirsceoil.

¶21] Ina dhiaidh san bhí Eochaidh Oireamh i bhFréamhainn Teafa agus Éadain in easpa uaidh agus ba scíth leis a mheanma. Tháinig Sioghmhall Caol ó Mír (.i. mac iníon Mhír .i. Oicnia a hainmse) agus loisc Dún Fréamhainn ar Eochaidh agus do thit Eochaidh leis agus rugadh a cheann le Sioghmhall go Sí Neanta i ndíoghail oineach a sheanathar .i. Mír. Ach ní fíor san áfach mar thit Sioghmhall agus Fuamnach bean Mhír le Manannán i mBrí Léith tamall fada roimhis sin i bhflaitheas Tuath Dé Danann, dá ndúirt an file:


p.191

    1. Dob'í Fuamnach bhaoth bean Mhír
      — Sioghmhall is brí le bilibh;
      i mBrí Léith, ba láthar lán,
      loisceadh iad le Manannán.

¶22] Is mar seo áfach a tharla bás Eochaidh Oireamh fé mar a deireann eolaigh an tseanchais. Fé mar a dúramair bhí Eochaidh i bhFréamhainn Teafa agus is ansan a bhíodh a dhúnáras agus a dhomhnas fé dheoidh. De sin d'fhás daorchíos fónaimh go trom agus go dírímh ar lucht na críche agus an fhearainn mar bhíodh beatha an rí orthu de ghnáth gonadh aire sin a ghlaotar seachtú Éireann ar Teafa, mar do thit an seachtú cuid chíosa agus biadhta an rí orthu. Más ea, bhí Fir Chúl de Luighnibh Teamhra i dTeafa ag an am san agus is orthu do cuireadh an cíos san. Bīé Mórmhaol a bhí ina rír ar Fearaibh Cúl ag an am san agus a bhí ina reachtaire i bhFréamhainn. Mac máthar dósan ab ea Sioghmhall mac Breistine mhic Mhír rí Beanntraí. Dheineadar comhairle eatarru ansan agus is é an rud a chomhairlíodar ná Eochaidh a mharú.

¶23] D'éirigh an bheirt acu amach ansan .i. Beanntraí fé Shioghmhall agus Fir Chúl fé Mhórmhaol, agus ghabhadar Dún Fréamhann ar Eochaidh agus loisceadar an dún air agus mharaíodar Eochaidh ann. Chuadar i gConnachta ansan agus a bhfoghail acu agus rugadar ceann Eochaidh leo go Sí Neannta ar nUisce, gonadh do chuimhniú an ghnímh sin a dúirt an seanchaí na ranna so thíos:

    1. Eochaidh Oireamh sárgheal seang
      ardrí aireaghdha Éireann —
      shrathaigh sé a chíos calma cruaidh
      a shrois fé Bhanbha bhratrua.
    2. Tuatha Teafa na dtreas teann —
      fuaradar cíos rí Éireann.
      Chuir an rí reachtmhar a thromaigh iad
      an seachtú orthu a n-aonar.
    3. Tháinig tuirse theann an tsluaigh
      leis an reacht ábhal éagóir.
      Do hadhnadh fearg tríothu de
      gur maraíodh Eochaidh Oireamh.

    4. p.193

    5. Tuatha Teafa a bhí tréan thall —
      mharaíodar Eochaidh Fréamhann;
      níorbh é neart gan ábhar dóibh
      leis an reacht ábhal éagóir.
    6. Mórmhaol ab ainm ar dtúis don rí
      a dhein an mórghníomh;
      Fir Chúl ab ainm d'Fhearaibh Teafa thoir
      a tháinig thar Dún Fréamhann.
    7. Cé deirtear gurbh é Sioghmhall na sleánna
      a mharaigh Eochaidh Oireamh,
      is túisce a fuair seisean bás i réim
      na gceannairí ná Eochaidh Fréamhann.
    8. Cailleadh Sioghmhall na sleánna cathacha
      le dreach mhín gheal Mhanannáin
      tamall áibhéil fada gan tlás thoir
      sara bhfuair Eochaidh bás.
    9. Dhá Shioghmhall Sí Neannta,
      calma a dtroigh, tréan a dteannta,
      Sioghmhall mac Cairbre na gcath,
      Sioghmhall do bhí ag bás Eochaidh.
    10. Sioghmhall mac Breistine bhuain
      rí Beanntraí le mórbhuaidh
      agus Mórmhaol mór ón má,
      is leo súd a cailleadh Eochaidh.