Corpus of Electronic Texts Edition
Tochmarc Éadaine (Author: [unknown])

version 2

II {IIa YBL column 990} {IIb YBL column 876}

¶1a] Do ghaibh Eochaidh Oireamh ríocht Éireann. Ghéill cúig cúigí Éireann dó agus rí gach cúigidh. B'iad so a ríthe an t-am san ná Conchúr mac Neasa agus Meas Geaghra agus Tiarnach Téadbhannach agus Cú Raoi agus Oilill mac Mada Muirisce. B'iad dúnta Eochaidh Dún Fréamhann i Mí agus Dún Fréamhann i dTeafa. B'ansa leis de dhúntaibh Éireann Dún Fréamhann Teafa.

¶1b] Do ghaibh Eochaidh Oireamh ríocht Éireann agus ghéill cúigígh Éireann dó. Agus b'iad so iad: Conchúr mac Neasa agus Meas Geaghra agus Tiarnach Téadbhannach agus Cú Raoi agus Oilill mac Mada Muirisce. B'iad dúnta Eochaidh ná Dún Fréamhann i Mí agus Dún Fréamhann i dTeafa. B'ansa leis ná gach dún Dún Fréamhann Teafa.

¶2a] Fógraíodh ó Eochaidh ar fearaibh Éireann feis Teamhra a dhéanamh an bhliain tar éis dó ríocht a ghabháil chun a mbéasa agus a gcíosa a mheas dóibh go ceann cúig mbliana. B'é aitheasc fear Éireann go léir ná déanfaidis feis Teamhra do rí gan bhanríon leis, mar ní raibh banríon ag Eochaidh nuair a ghaibh sé flaitheas. Chuir Eochaidh teachtairí gach cúigidh uaidh ar fud na hÉireann chun na mná nó an chailín dob'áille in Éirinn a lorg dó mar dúirt sé ná beadh ina theannta ach bean nár chomhlaigh léithi fear d'fhearaibh Éireann riamh. Fuarathas dó ag Inbhear Cíochmhaine .i. Éadain iníon Éadair. Agus thóg Eochaidh í ansan mar d'oir sí dó ar crot agus deilbh agus cineál, áine agus óige agus oirearcas.

¶2b] Fógraíodh ó Eochaidh ar fearaibh Éireann feis Teamhra a dhéanamh an bhliain tar éis dó ríocht a ghabháil chun a mbéasa agus a gcíosa a mheas dóibh go ceann cúig mbliana. B'é aitheasc fear Éireann go léir le hEochaidh ná déanfaidis feis Teamhra do rí gan bhanríon leis, mar ní raibh banríon ag Eochaidh nuair a ghaibh sé flaitheas. Chuir Eochaidh teachtairí ins gach cúigidh uaidh ar fud na hÉireann chun na mná nó an chailín a bheadh oiriúnach dó a lorg dó, agus dúirt sé ná beadh ina theannta ach bean nár chomhlaigh léithi fear d'fhearaibh Éireann riamh. Fuarathas dó bean óg ag Inbhear Cíochmhaine .i. Éadain iníon Éadair. Agus thóg Eochaidh í ansan mar d'oir sí dó ar crot agus deilbh agus cineál, áine agus oirearcas.

¶3a] B'iad trí mic Fhinn mhic Fhionnlogha mhic na banríona ná Eochaidh Feidhleach agus Eochaidh Oireamh agus Oilill Ánghubha. Ansan do thit Oilill Ánghubha i ngrá le hÉadain ag feis Teamhra tar éis d'Eochaidh comhluí léithi mar dhein sé nós de bheith ag sírfhéachaint uirthi agus is comhartha grá sírfhéachaint. D'aifir a mheanma an gníomh san d'Oilill agus níorbh aon chabhair dó é. Bhí toil níos treise ná aigne. Do thit Oilill i dtinneas déithe chun ná beadh toibhéim air agus ná dúirt leis an mbean féin é.

¶3b] B'iad trí mic Fhionnghaill agus Finne na banríona ná Eochaidh Feidhleach agus Eochaidh Oireamh agus Oilill Ánghubha. Ansan do thit Oilill Ánghubha i ngrá le hÉadain ag feis Teamhra tar éis d'Eochaidh comhluí léithi mar bhíodh sé ag sírfhéachaint uirthi agus is comhartha grá sírfhéachaint. D'aifir a mheanma an gníomh san d'Oilill agus níorbh aon chabhair dó é. Do thit Oilill i dtinneas déithe mar ní dúirt sé le héinne é agus ní dúirt sé leis an gcailín féin é.

¶4a] Rugadh Fachtna lia Eochaidh chun breathnú a dhéanamh air nuair a cuireadh i gcéill a bháis é. Dúirt an lia leis: "Ceann den dá íon maraithe duine ná híocfadh lia .i.


p.167

íon ghrá agus íon éada, atá ortsa." Níor admhaigh Oilill dó mar bhí náire air. Ansan fágadh Oilill le bás i bhFréamhainn Teafa agus chuaigh Eochaidh ar cuairt Éireann agus fágadh Éadain i dteannta Oilealla chun a thiughmhaine a dhéanamh .i. a uaigh a bhaint, a chaoineadh a dhéanamh, a eallach a mharú.

¶4b] Rugadh Fachtna lia Eochaidh chun breathnú a dhéanamh air nuair a cuireadh i gcéill a bháis é. Dúirt an lia: "Ceann den dá íon maraithe duine ná híocann lianna .i. íon ghrá agus íon éada, atá ortsa." Níor admhaigh Oilill dó mar bhí náire air. Ansan fágadh Oilill le bás i bhFréamhainn Teafa agus chuaigh Eochaidh ar cuairt Éireann agus fágadh Éadain i dteannta Oilealla chun a thiughmhaine a dhéanamh .i. a uaigh a bhaint agus a chaoineadh a dhéanamh.

¶5ab] An tigh go mbíodh Oilill i ngalar, théadh Éadain ann gach aon lá chun a bheith ag caint leis agus bhíodh a ghalarsan níos lú dá bharr agus an fhaid is a bhíodh Éadain san áit sin, bhíodh sé siúd ag féachaint uirthi. Thug Éadain fé ndeara an rud san agus smaoinigh sí ina meanma é. Lá amháin go raibh an bheirt acu ina tigh, d'fhiafraigh Éadain de cad ba chúis dá ghalar. "Tá sé ód ghrása" arsa Oilill. "Is trua an fad go ndúraís é" ar sise, "dá mbeadh a fhios againn, is ó chianaibh a bheifeása slán." "Fiú amháin inniu bheinnse slán dá mba mhian leat é" arsa Oilill. "Is mian gan dabht" ar sise.

¶6a] Ina dhiaidh san thagadh sí gach lá chun a cheann a fholcadh agus chun a chuid fheola a ghearradh dó agus chun uisce a dhoirteadh ar a lámhaibh. I gcionn míosa


p.169

bhí Oilill slán. Dúirt sé le hÉadain: "Agus cathain a bheidh agam an méid a theastaíonn dem ícse?" "Beidh sé agat amárach" ar sise, "ach ná déantar an col i sosadh na fíorfhlatha. Tairse chugam amárach go dtí an tulach ós cionn an leasa."

¶6b] Ina dhiaidh san thagadh sí gach lá chun é a fholcadh agus chun a bhia a ghearradh dó agus chun uisce a dhoirteadh ar a lámhaibh. I gcionn míosa bhí Oilill slán dá othras. Dúirt sé le hÉadain: "Agus cathain a bheidh agam an méid a theastaíonn dem ícse?" ar seisean. "Beidh sé agat amárach" ar sise, "tairse chugam amárach go dtí an tulach ós cionn an leasa."

¶7a] Bhí Oilill ag friothaire an oíche. Chodail sé ag am a dhála. Níor dhúisigh sé go dtí teirt lá arna mhárach. Chuaigh Éadain chuige go bhfaca sí an fear ar a cionn a bhí cosúil le hOilill agus a cháin lobhra a ghalair. Dúirt sé an chaint ba mhian le hOilill. Dhúisigh Oilill um theirt. Is fada chrom sé ar tuirse a dhéanamh nuair a tháinig Éadain sa tigh. "Cad a dhein tuirseach thú?" ar sise. "Bhí coinne agam leatsa agus níor thánag chugat mar thit codladh orm nár éiríos ach anois. Is soiléir nár shroiseas m'íoca." "Is cuma san," arsa Éadain, "bíonn lá i ndiaidh a chéile." Leis sin bhí sé ag friothaire an oíche agus tine mhór ar a bhéalaibh agus uisce ina fharradh le tabhairt ar a shúilibh.

¶7b] Bhí Oilill ag friothaire an oíche sin. Ansan chodail sé ag am a dhála agus níor dhúisigh sé go dtí teirt lá arna mhárach. Chuaigh Éadain chuige go bhfaca sí an fear ar a cionn a bhí cosúil le hOilill a cháin léithi an chaint ba mhian le hOilill. Dhúisigh Oilill um theirt. Chrom sé ar tuirse mhór a dhéanamh. Ina dhiaidh san tháinig Éadain sa tigh. "Cad a dhein tuirseach thú?" ar sise. "Bhí coinne agam leatsa agus níor thánag chugat mar thit codladh orm nár éiríos ach anois. Is fíor nár íocadh fós mé." "Is cuma san," arsa Éadain, "bíonn lá i ndiaidh a chéile." Leis sin bhí sé ag friothaire an oíche sin agus tine mhór ar a bhéalaibh agus uisce ina fharradh le tabhairt ar a shúilibh.

¶8a] Ag am a dála tháinig Éadain chuige go bhfaca


p.171

an fear céanna cosúil le hOilill. Chuaigh Éadain abhaile. Chrom Oilill ar gol. Tháinig Éadain trí huaire agus níor tháinig Oilill chúichi. Fuair sí an fear céanna. "Ní leatsa," ar sise, "a bhí dáil agam. Cé hé tú féin a tháinig chugam? An fear go raibh dáil agam leis, ní raibh teacht chuige ar chol nó ar aimhleas ach chun damhna rí Éireann a shábháil ón ngalar a thit air." "B'oiriúnaí duit teacht chugamsa, mar nuair ba Éadain Eachraí iníon Oilealla tú, bhíos féin it fhear céile agus b'in tar éis sárluach príomhmánna agus uiscí Éireann agus ór agus airgead go dtí do chothrom a fhágaint id dhiaidh." "Ceist agam ort," ar sise, "Cad is ainm duit?" "Ní deacair a rá: Mír Brí Léith" ar seisean. "Ceist ort," ar sise, "cad a scar sinn?" "Ní deacair a rá: draíocht Fhuamnaí agus breachtraíocht Bhreasail Eadarláimh." Dúirt Mír le Éadain "An raghaidh tú liomsa?" "Ní raghad" ar sise, "ní mhalartód rí Éireann ar fear ná fuil fhios agam clann ná cineál dó." "Is mise áfach," arsa Mír, "a chuir do ghrá i gcroí Oilealla i dtreo gur thit a fhuil agus a fheoil de agus is mise a bhain gach aon mhian chollaí de

p.173

chun ná beadh cailliúint oinigh ort ann. Ach tair liomsa dom chríoch má deireann Eochaidh leat é a dhéanamh." "Is maith liom" arsa Éadain.

¶8b] Ag am a dála tháinig Éadain chuige go bhfaca an fear céanna cosúil le hOilill. Chuaigh Éadain abhaile. Chrom Oilill ar gol. Tháinig Éadain trí huaire agus níor tháinig Oilill chúichi. Chonaic sí an fear céanna. "Ní leatsa," ar sise, "a bhí dáil agam. Cé hé tú féin a tháinig chugam? An fear go raibh dáil agam leis, níor thánag chugat ar olc nó ar aimhleas ach chun damhna rí Éireann a shábháil ón ngalar a bhí air." "B'oiriúnaí duit teacht chugamsa, mar nuair ba Éadain Eachraí iníon Oilealla tú, bhíos féin it fhear céile agus b'in tar éis sárluach príomhmánna agus uiscí Éireann agus ór agus airgead go dtí do chothrom a fhágaint id dhiaidh." "Ceist agam ort," ar sise, "Cad is ainm duit?" "Ní deacair a rá: Mír Brí Léith" ar seisean. "Ceist ort," ar sise, "cad a scar sinn?" "Ní deacair a rá: draíocht Fhuamnaí agus breachtraíocht Bhreasail Eadarláimh." Dúirt Mír le Éadain "An raghaidh tú liomsa?" "Ní raghad" ar sise, "ní mhalartód rí Éireann ar fear ná fuil fhios agam clann ná cineál dó." "Is mise áfach," arsa Mír, "a chuir do ghrá i gcroí Oilealla i dtreo gur thit a fhuil agus a fheoil de agus is mise a bhain gach aon mhian chollaí de chun ná beadh cailliúint oinigh ort ann. Ach tair liomsa dom chríoch má deireann Eochaidh leat é a dhéanamh." "Is maith liom" arsa Éadain.

¶9ab] Ansan tháinig sí abhaile. "Is maith ár gcomhrac," arsa Oilill, "ní hamháin táim leigheasta feasta ach níl aon lot oinigh duitse ann." "Tá san go breá mar sin," arsa Éadain. Ina dhiaidh san tháinig Eochaidh abhaile óna chuairt agus ghairdigh sé a dheartháir a fháil ina bheathaigh agus tugadh buíochas mór d'Éadain ar son an méid a dhein sé go dtí gur tháinig sé abhaile.


p.175