Corpus of Electronic Texts Edition
Tochmarc Éadaine (Author: [unknown])

p.143

version 1

Tochmharc Étaíne

¶1] Bhí rí uasal in Éirinn — de Thuathaibh Dé Danann a chineál agus Eochaidh Ollathair a ainm. Ainm eile dó an Dá óir b'é sin a dheineadh na fearta agus a rialaíodh na síonta agus na torthaí dóibh. Dá bhrí sin deiridis go nglaoití an Dá air. Bhí bean ag Ealcmhar an Bhrú — Eithne a hainm. Ainm eile dí an Bhóinn. Bhí sí ón nDá i gcairdeas colla. Ghlacfadh an bhean leis an nDá mura mbeadh eagla Ealcmhair uirthi toisc méid a chumhachta. Ina dhiaidh san do chuir an Dá Ealcmhar uaidh ar turas go dtí Breas mac Ealaíon i Mágh nInis agus do chuir an Dá geasa móra draíochta ar Ealcmhar agus é ag dul uaidh chun ná tiocfadh sé thar nais go luath agus do bhain sé dorchadas oíche de agus d'ainic ar ghorta agus ar thart é. Do chuir sé teachtaireachtaí móra air gur imigh naoi míosa thart in aon ló — mar dúirt sé go dtiocfadh sé thar nais idir lá agus oíche. Chuaigh an Dá isteach go dtí bean Ealcmhair agus rug sí mac dó — Aonghas a ainm. Agus bhí an bhean slán dá seoladh ós comhair Ealcmhair agus níor bhraith sé a locht uirthi .i. í tar éis bheith ina luí leis an nDá.

¶2] Rug an Dá a mhac leis ar altram go tigh Mhír i mBrí Léith i dTeafa. Do hoileadh Aonghas ansan go ceann naoi mbliana. Bhí mágh mhór chluiche ag Mír i mBrí Léith. Bhíodh trí caogaid mhac ann de mhacaoimh thíre Éireann agus trí caogaid iníon d'iníona thíre Éireann. Bhí Aonghas ina thaoiseach orthu go léir ar mhéid a ghrá le Mír, ar chaoimhe a dheilbhe agus ar shaoire a chiníl. B'ainm dó ansan an Mac Óg mar dúirt a mháthair "Is óg an mac a deineadh i dtosach lae agus a rugadh idir é agus bruach nóna."

¶3] D'éirigh idir Aonghas agus Triath mac Feabhail (nó Gabhair) de na Fearaibh Bolg a bhí ina leathtaoiseach don chluiche agus ina dhalta ag Mír. Níor mhaith le hAonghas go mbeadh Triath ag caint leis mar dúirt sé "Is olc liom mac an mhogha a bheith ag caint liom" — mar cheap Aonghas go dtí san gurbh é Mír a athair agus gurbh í ríocht Bhrí Léith féin a oighdreacht agus ní raibh a fhios aige an t-am san gur chara gaoil dó an Dá.

¶4] Do fhreagair Triath agus dúirt "Ní fearr liomsa" ar seisean "an t-amhas gan fhios máthar ná athar dó a bheith ag caint liomsa." Ina dhiaidh san chuaigh Aonghas le gol agus le dúchas chun Mír agus aithis bainte as ag Triath. "Cad é seo?" arsa Mír. Cháin Triath mé agus chaith suas im aghaidh ná fuil máthair ná athair agam." "Is bréag san" arsa Mír. "Más ea" arsa Aonghas "C é hí mo mháthair agus cad as do m'athair?" "Ní deacair é sin. Is é Eochaidh Ollathair t'athair" arsa Mír, "agus is í Eithne bean Ealcmhair an Bhrú do mháthair. Is mise a oil tú fé cheilt ar Ealcmhar chun ná beadh sé cráite tusa a bheith déanta dá ainneoin." "Tair im theanntasa" arsa Aonghas, "go n-admhaí m'athair mé chun ná rabhad níos fuide i bhfolach fé aithisí na bhFear Bolg."

¶5] Ansan d'imigh Mír agus a dhalta ina theannta chun a bheith ag caint le hEochaidh go dtí gur shroiseadar Uisneach Mí i lár Éireann mar is ansan a bhí tigh Eochaidh ionnas go raibh Éire ar chomhfhad uaidh ódheas agus óthuaidh, soir agus siar. Fuaireadar Eochaidh ar a gcionn i ndáil. Ghlaoigh Mír an rí ar leith chuige chun go mbeadh sé ag caint leis an macán. "Cad is áil leis an óglach so nár tháinig roimhe seo?" "Is áil leis a admháil dá athair agus fearann a thabhairt dó," arsa Mír "mar ní ceart do mhacsa gan fearann agus tusa i ríocht Éireann." "Mochean dó" arsa Eochaidh, "is mac dom é. Ach ní folamh fós an fearann ba mhian liom a thabhairt dó." "Cé'n fearann é sin?" arsa Mír. "An Brú lastuaidh den Bhóinn," arsa Eochaidh. "Cé tá ann?" arsa Mír. "Is é Ealcmhar an fear atá ann" arsa Eochaidh, "níorbh áil liom é a chrá níosa mhó."

¶6] "Cogair, cé'm chomhairle a thabharfaidh tú don mhacán so?" arsa Mír. "Tá agam dó," arsa Eochaidh "Téadh sé lá Samhna sa Bhrú agus bíodh airm aige. Is é sin lá síochána agus cairdeasa d'fhearaibh Éireann agus ní bhíonn éinne ann gur fuath leis a chéile. Agus beidh Ealcmhar i gcnoc shí an Bhrú gan airm aige ach gabhlán fionnchoill ina láimh agus brat dúbalta uime agus dealg óir ina bhrat agus trí caogaid sa mhá chluiche ós a chomhair ag a gcluiche. Agus téadh Aonghas chuige agus bagradh a mharú air. Agus is beite gan é a mharú má gheallann sé a réir dó. Agus gurab í réir Aonghasa ríocht lae go n-oíche sa Bhrú. Agus ná leigse an fearann d'Ealcmhar nó go ngéille sé dom réirse. Agus gurab í tagairt Aonghasa tar éis teacht gur i mbithdhílse a thit an fearann dó ar anacal Ealcmhair gan é a mharú agus is ríocht lae go n-oíche a d'iarr sé. Agus" ar seisean "is i laethanta agus oícheanta a chaitear an saol."

¶7] Ina dhiaidh san d'imigh Mír go dtí a chríoch agus a dhalta ina theannta. Agus an chéad Shamhain eile rug Aonghas ar airm agus tháinig sa Bhrú agus do bhagair buille ar Ealcmhar nó gur gheall sé dó ar a anam ríocht lae go n-oíche ina fhearann. D'fhan an Mac Óg ann an lá san agus an oíche i ríocht na tíre agus muintir Ealcmhair dá réir. Tháinig Ealcmhar arna mhárach chun a fhearann a éileamh don Mhac Óg agus do bhagair bagair mhóra air. Dúirt an Mac Óg ná leigfeadh sé an fearann uaidh nó go gcaithfeadh sé i réir an Dá é ós comhair fear nÉireann.

¶8] Ina dhiaidh san do glaodar ar an nDá agus dhleacht sé siúd cor cáich fé mar a bhí curtha ar inneall aige. "Is leis an óglach so an fearann feasta dá réir seo." "Is é go deimhin" arsa an Dá, "Thitis i mbaol i lá síochána agus cairdeasa. Thugais t'fhearann ar t'anacal mar ba chaoimhe leat t'anam ná do thír. Mar sin féin beidh tír agat uaimse nach mó a aimhleas duit ná an Brú." "Cé'n áit é sin?" arsa Ealcmhar. "Cleiteach" arsa an Dá "leis na trí tíortha atá mórthimpeall air, do mhacáin gach lá sa Bhrú ós do chomhair ag a gcluiche agus toradh Bóinne le caitheamh agat as an bhfearann so." "Tá go maith," arsa Ealcmhar, "mar sin a dhéanfar." Agus chuaigh sé ar imirce go dtí Cleiteach. Ina dhiaidh san do dhein sé dún ann agus d'fhan an Mac Óg sa Bhrú ina fhearann.

¶9] Ina dhiaidh san i gcionn bliana tháinig Mír ar cuairt chun a dhalta don Bhrú go bhfuair sé an Mac Óg ar lá Samhna agus é in airde ar tulach Shí an Bhrú agus an dá fhoireann mhacán ós a chomhair ag a gcluiche sa Bhrú agus Ealcmhar in airde ar tulach Cleitigh theas ag féachaint orthu. D'éirigh idir na macáin sa Bhrú. "Ná gluais" arsa Mír leis an Mac Óg "i dtreo ná beidh Ealcmhar ag teacht anuas sa mhá. Raghadsa chun síocháin a tharrac eatarru." Ansan do chuaigh Mír agus níor réidh dó síocháin a tharrac. Caitheadh bior cuilinn ar Mír gur bhain sé a leathshúil as a cheann agus é ag tarrac síochána. Tháinig Mír agus a leathshúil ina dhorn chun an Mhic Óig agus dúirt leis "Ní maith a thánagsa chun fios do scéala a fháil go bhfuilim fé aithis agus náire dá bharr mar leis an smál so ní éireoidh liom an tír gus a dtánag a fheiscint agus ní shroichfeadsa feasta an tír as a dtánag."

¶10] "Nára fíor é sin," arsa an Mac Óg, "raghadsa go Dian Céacht go dtaga sé chun tú a íoc agus beidh t'fhearann féin agat agus beidh an fearann so agat leis agus beidh do shúil slán gan aithis gan aineamh uirthi." Chuaigh an Mac Óg go Dian Céacht. "Tair im theanntasa" ar seisean, "chun m'oide a theasargadh a goineadh lá Samhna sa Bhrú." Tháinig Dian Céacht agus d'íoc Mír go dtí go raibh sé slán. "Is maith é mo thuras feasta," arsa Mír, "óir do híocadh mé." "Gura fíor é sin," arsa an Mac Óg, "fansa anso go ceann bliana go bhfeicfear m'fhian agus mo mhuintir agus mo theaghlach agus m'fhearann."

¶11] "Ní fhanfad" arsa Mír, "mura mbeidh luach agam air." "Cé'n luach é sin?" arsa an Mac Óg. "Ní deacair a rá: carbad is fiú seacht gcumhala," arsa Mír, "agus brat mo dhiongmhála agus an cailín is áille in Éirinn. "Tá agamsa, "arsa an Mac Óg, "an carbad agus brat do dhiongmhála." "Tá leis," arsa Mír, "an cailín go sáraíonn a crot cailíní Éireann go léir." "Cá bhfuil sí siúd" arsa an Mac Óg. "Tá sí i gcúige Uladh" arsa Mír, "agus is í Éadaine Eachraí í, iníon Oilealla, rí oirthuaisceart na hÉireann, agus is í is caoine agus is míne agus is móráille in Éirinn."

¶12] Chuaigh an Mac Óg dá fios nó go dtáinig sé chun tigh Oilealla i Mágh nInis. Cuireadh fáilte roimhe agus d'fhan sé trí hoíche ann. Dúirt sé a theachtaireacht agus shloinn sé a chineál. Dúirt sé gur tháinig sé chun Éadain a iarraidh. "Ní thabharfad duit í," arsa Oilill, "mar ní shroichim aon tairbhe ort ar shaorgacht do chineáil, ar méid do chumhachta agus cumhacht t'athar. Pé meabhail a chuirfidh tú ar m'inín, ní fhéadfad í a dhíol ort." "Ní mar sin a bheidh," arsa an Mac Óg, "mar ceannódsa uait í fé chéadóir." "Beidh san agat," arsa Oilill. "Cloisimís agatsa é," arsa an Mac Óg. "Ní deacair é sin," arsa Oilill, "dhá mhá dhéag i m'fhearann a fholmhú domhsa de pé rud atá ann mar dhíthreabh agus choillte, go mbeidh siad i gcónaí mar ingealtas do cheathra agus mar threabhadh do dhaoine, i gcóir cluichí agus céidí, dála agus dúnta iontu."

¶13] "Déanfar é" arsa an Mac Óg. Tháinig sé abhaile agus do chaoin sé a chruachás leis an nDá. D'fholmhaigh sé siúd dhá mhá dhéag in aon oíche amháin i bhfearann Oilealla. Is iad so ainmneacha na má san ná Mágh Macha, Mágh Leamhna, Mágh nÍotha, Mágh dTochair, Mágh nDula, Mágh dTeacht, Mágh Lí, Mágh Line, Mágh Muirtheimhne. Nuair a bhí an obair sin déanta ag an Mac Óg, chuaigh sé go hOilill ag iarraidh Éadaine. "Ní thabharfaidh mé í," arsa Oilill, "nó go mbéarfaidh tú as an bhfearann so go dtí an fharraige dhá phríomhuisce dhéag atá i dtiobraidí agus móinte agus seiscinne, chun toradh a thabhairt ós na farraigí do thuathaibh agus cineálaibh, chun tír agus talamh a thiormú."

¶14] Tháinig sé ansan gus an nDá agus do chaoin sé a chruachás leis. Ina dhiaidh san dhein sé siúd dhá phríomhuisce dhéag a dhíriú chun na farraige in aon oíche amháin. Ní fheacathas ann riamh go dtí san iad. Is iad ainmneacha na n-uiscí sin ná Fionn agus Múdharn agus Sleana agus Nas agus Amhnas agus Oichéan agus Or agus Banna agus Samhaoir agus Lóiche. Nuair a bhí deireadh leis na hoibreacha so, tháinig an Mac Óg chu cainte le hOilill ag iarraidh Éadaine. "Ní thabharfaidh mé í go dtí go gceannóidh tú í mar ní bheidh faic agam de mhaith an chailín agus í tabhartha duitse ach an méid a gheobhad fé chéadóir." "Cad a iarrann tú orm feasta" arsa an Mac Óg. "Iarraim" arsa Oilill, "cothrom an chailín domhsa d'ór agus d'airgead, ar is í sin mo chuid dá luach; an méid a dheinis go dtí so, is tairbhe é sin dá muintir agus dá chineál." "Déanfar é" arsa an Mac Óg. Cuireadh ar lár thigh Oilealla í agus tugadh uirthi a cothrom d'ór agus d'airgead. Fágadh an t-ionnús san ag Oilill agus rug an Mac Óg Éadain abhaile leis .


p.153

¶15] Chuir Mír fáilte roimh an mbuíon sin. Chodail Éadain in aon leabaidh le Mír an oíche sin agus tugadh brat a dhiongmhála agus an carbad dó arna mhárach agus bhí sé buíoch dá dhalta. Ina dhiaidh san d'fhan sé bliain lán sa Bhrú i dteannta Aonghasa. I gcionn bliana chuaigh Mír dá chríoch féin do Bhrí Léith agus rug sé Éadain leis. Dúirt an Mac Óg le Mír an lá a chuaigh sé uaidh: "Faire amach ar an mbean a bheireann tú leat toisc na mná fuathmhaire meangaí atá ar do chionn agus an méid fios agus eolas agus cumhacht a ghaibh a cineál" arsa Aonghas, "seach atá mo bhriatharsa agus mo chomairce léi ar Tuatha Dé Danann." .i. Fuamnach bean Mhír de chlainn Bheothaigh mhic Iardhainéil. Bhí sí gaoth agus treabhar agus eolach i bhfios agus i gcumhacht Tuath Dé Danann mar is é Breasal draoi a d'oil í go dtí gur nascadh le Mír í.

¶16] Chuir sí fáilte roimh a fear .i. roimh Mír agus dúirt an bhean a lán de phlámás leo. "Tair, a Mhír" arsa Fuamnach, "go dtaispeánfaidh mé duit do thigh agus do theachta fearainn chun ná feictear iníon an rí do m'aithis." Chuaigh Mír timpeall a fhearainn go léir i dteannta Fuamnaí agus thaispeáin sí a dhlí dó agus d'Éadain. Chuaigh Fuamnach rompu sa tigh codalta mar a gcodlaíodh agus dúirt le hÉadain: "Thángaís go suí mná maithe." Nuair a shuigh Éadain sa chathaoir ar lár an tí bhuail Fuamnach í le fleasc chaorthainn chorcra gur dhein sí linn uisce dí ar lár an tí. Tháinig Fuamnach go dtí a oide, go Breasal, agus leig Mír an tigh don uisce a deineadh d'Éadain. Ina dhiaidh san bhí Mír gan bhean.

¶17] Dhein teas na tine agus an aeir agus bruth na talún fortacht do'n uisce gur deineadh cnuimh den linn a bhí ar lár an tí agus ina dhiaidh san dhein cuileog den chnuimh sin. Bhí sí chomh mór le ceann fir ba chaoine do bhí sa tír. Ba bhinne ná cuisleanna agus cruiteanna agus corna fuaim a foghair agus easna a heití. Thaitníodh a súile mar léaga luachmhara sna réithe dorcha. Bhaineadh a boladh agus a bláth tart agus gorta den té go dtéadh sí ina thimpeall. Leigheasadh drúcht na mbraon a chaitheadh sí dá heití saothar agus galar agus támh do'n té go dtéadh sí ina thimpeall. Chomhriaradh agus imíodh sí le Mír nuair a théadh sér ar fud a fhearainn. Ba bhiatú do shluaite i ndálaibh agus d'oireachtais i ndúntaibh í a chloisint agus féachaint uirthi. Bhí fhios ag Mír gurbh í Éadain a bhí sa riocht san agus níor thóg bean an fhaid is a bhí an chuileog san ina chuideachtain. Agus bhiataíodh a feiscint é. Chodlaíodh sé lena foghar agus dhúisíodh sí é nuair a thagadh chuige duine nar chara dó.

¶18] I gcionn tamaill tháinig Fuamnach ar cuairt chun Mír agus tháinig na trí déithe Danann ina teannta mar urraí .i. Lú agus an Dá agus Oghma. Chaith Mír achasán mór ar Fuamnaigh agus dúirt léithi ná raghadh sí uaidh murach neart na n-urraí a thug í. Dúirt Fuamnach nárbh aithreach léithi an rud a dhein sí mar b'fhearr léithi gníomh maith dí féin ná dá drifiúr agus pé áit in Éirinn a bheadh sí ní bheadh sí ach ag déanamh aimhleasa d'Éadain an fhaid is a bheadh sí beo, pé riocht ina mbeadh sí. Thug sí breachta móra agus draíochta daingne ó Bhreasal Eadarlámh, ón ndraoi, chun Éadain a ionnarba agus a fhógra ó Mhór mar bhí fhios aici gurbh í Éadain an chuileog chorcra a bhí ag déanamh oirfididh do Mhír mar ní raibh grá ag Mír ar bean an fhaid is a chíodh sé an chuileog chorcra agus ní bhaineadh sé pléisiúr as ceol ná ól ná ithe nuair ná feiceadh sé í agus ná cloiseadh sé a ceol agus a foghar. Chuir Fuamnach gaoth amais agus draíochta gur séideadh Éadain ó Bhrí Léith chun nár fhéad sí barr ná bile ná tullach ná dionn a fháil in Éirinn ar a suíodh sí go ceann seacht mbliana ach bhíodh sí ar carraigreacha mara agus ar treathanaibh tonn agus ag snámh tríd an t-aer nó gur tharla sí i gcionn seacht mbliana ar imeall in ucht an Mhic Óig ar tulach an Bhrú.

¶19] Is ansan adúirt an Mac Óg: "Mochean Éadain imeachtach imníoch a fuair mórbhaolta le gaois Fhuamnaí. Ní bhfuairis fós aon áthas de thaobha tairise le muintearas Mhír. Fuair sé mé féin gníomhach le sluaite sochraide, folamhú díthreibhe, tochailt na doimhne, iomarca ionnúis agus díobháil díomhaoin iníon Oilealla gur tháinig sí chugamsa ina dhiaidh san agus í balbh agus truaigh. Mochean."

¶20] Chuir an Mac Óg failte roimh an gcailín .i. roimh an gcuil chorcra agus chruinnigh i mothall a bhrait ar a bhruinn í. Rug sé chun a thí í agus chun a ghrianáin le fuinneoga soilse le dul amach agus teacht isteach agus cuireadh tlacht corcra uimpi. Agus d'iomparaíodh an Mac Óg an grianán san pé áit a dtéadh sé agus b'ann a chodlaíodh sé gach oíche ina cuileachtain agus é a fortacht a meanman nó gur tháinig a sult agus a dath chúichi agus gur líonadh an grianán san le luibheanna boladhmhara iontacha gur tháinig a forbairt le boladh agus bláth na luibheanna sainiúla luachmhara san.

¶21] Dúrthas le Fuamnaigh an grá agus an miadh a thug an Mac Óg dí. Dúirt Fuamnach le Mír: "Cuirtear fios ar do dhalta chugat go ndéanadh sibh cóir don bheirt agaibh agus raghaidh mé ar lorg Éadaine." Chuaigh teachtaire ó Mhír go dtí an Mac Óg agus chuaigh sé chun cainte leis agus do ghaibh Fuamnach an timpeall nó go raibh sí sa Bhrú agus do chuir sí an ghaoth amais chéanna fé Éadain a rug as an ngrianán ar an scinniúint a bhí uirthi roimhis go ceann seacht mbliana fé Éirinn. Rug an ghaoth amais ag triall ar truaighe agus ar lobhra í nó gur chuir ar cleith tí i gcúige Uladh í ina rabhadar ag ól gur thit sí sa chuaich órga a bhí ar láimh bhean Éadair, caithmhíleadh ó Inbhear Chíochmhaine i gcúigeadh Chonchúir, gur shloig sí leis an ndeoch a bhí sa leastar í agus toirchíodh mar sin í agus rugadh ina hinín dí ina dhiaidh san. Tabharthas ainm dí .i. Éadain iníon Éadair. Do bhí dhá bhliain déag ar míle ansan ó chéad-ghein Éadaine ó Oilill go dtí a gein deiridh ó Éadar.

¶22] Ina dhaidh san d'oil Éadar Éadain ag Inbhear Cíochmhaine agus caoga cailín ina teannta d'iníonacha taoiseach — agus dob'é sin a thugadh bia agus éadaí dóibh le bheith i gcónaí i dteannta Éadaine. Lá amháin tharla do na cailíní go léir bheith san inbhear á bhfolcadh go bhfacadar an marcach sa mhachaire chúchu ón uisce. É ina shuí ar capall donn stuamhar forránach foirleathan casmhongach caiseireaballach. Bhí sí-bhrat uaine i bhfilleadh uime agus léine fé dheirgbhreacadh uime agus biorán óir ina bhrat a shroich a ghuala ar gach leith. Sciath airgid le himeall óir uime ar a dhrom agus sciathrach airgid inti agus bocóid óir uirthi. Agus bhí sleá le cúig reanna agus ceangail óir uimpi ó urlainn go cró ina láimh. Bhí folt fionnbhuí air go héadan agus filléad óir ar a éadan chun ná beadh a fholt ag titim ar a aghaidh. Stad sé neomat ar an bport ag féachaint ar an gcailín agus bhí grá ag na cailíní go léir air. Ansan dúirt sé an laoi seo:

¶23] "Tá Éadain anso inniu gan dabht ag Sí Bhan bhFionn iar nAilbhe idir maca beaga dí ar bhruach Inbhir Chíochmhaine. Is í d'íoc súil an rí i dtobar Loch Dá Lí; is í d'ól bean Éadair sa deoch as a cuach. Is dá muin a sheilgfidh an rí an éanlaith de Theafa agus a bháifidh a dhá chapall i linn Loch Dá Airbhreach. Is mó cogadh a bheidh ann ded mhuin ar Eochaidh Mí; beidh toghlacha ann ar síthe agus cath ar ilmhíle. Is í do luíodh sa tír, is í do chosain an rí, is í gurbh ainm dí Bé bhFionn, is í ár nÉadain í ina dhiaidh san."

¶24] Ó tháinig an Mac Óg chun cainte le Mír, ní bhfuair sé Fuamnach ina chionn. Dúirt Mír leis "Thug an bhean bréag umainn agus má ndéarfar léithi Éadain a bheith in Éirinn, raghaidh sí chun olc a dhéanamh dí." "Tá Éadain sa Bhrú im thighse ó chianaibh sa deilbh inar tógadh uaitse í agus b'fhéidir go bhfuil an bhean ag triall uirthi siúd."

¶25] Tháinig an Mac Óg thar nais go dtína thigh agus fuair an grianán gloiní gan Éadain ann. D'iompaigh an Mac Óg ar lorg Fuamnaí gur tháinig sé suas léithi ar Aonach Bodhbhghna i dtigh Bhreasail Eadarláimh an draoi. Thug an Mac Óg fóbairt fúithi gur bhain a ceann dí agus rug leis an ceann san nó go raibh sé ar bhruach an Bhrú.

¶26] Ach cheana deirtear i sliocht in áit eile gurbh é Manannán a mharaigh an bheirt acu .i. Fuamnach agus Mír i mBrí Léith, dá ndúrthas: Dob'í Fuamnach bhaoth bean Mhír — Sioghmhall is brí le bilibh; i mBrí Léith, ba láthar lán, loisceadh iad le Manannán. FINIT.


p.163