Corpus of Electronic Texts Edition
Eoghainín na nÉan (Author: Pádraic H. Pearse)

p.50

Comhrá a tharla idir Eoghainín na nÉan agus a mháthair tráthnóna earraigh roimh dhul faoi don ghréin. An chéirseach agus an gealbhan buí a chuala é agus (do réir mar mheasaim) a d'innis dom chairdibh, na fáinleoga, é. Na fáinleoga d'innis an scéal dom-sa.

‘Tar uait isteach, a pheata. Tá sé ag éirí fuar.’
‘Ní fhéadaim corraí go fóill beag, a mháithrín. Tá mé ag fanacht leis na fáinleogaibh.’
‘Cé leis, a mhaicín?’
‘Leis na fáinleogaibh. Tá mé 'ceapadh go mbeidh siad anseo anocht.’

Bhí Eoghainín in airde ar an aill mhóir a bhí láimh le binn an tí, é socraithe go deas ar a mullach agus cúl bán a chinn le bun na fuinseoige a bhí ghá fhascadh. Bhí a ceann crochta aige, agus é ag breathnú uaidh ó dheas. D'fhéach a mháthair suas air. B'facthas di go raibh a chuid gruaige ina hór bhuí san áit a raibh an ghrian ag scalladh ar a chloigeann.

‘Agus cé as a bhfuil siad ag teacht, a linbh?’
‘Ón Domhan Theas—an áit a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí. Tá mé ag fanacht leo le seachtain.’


p.51

‘Ach cá bhfios duit gur anocht a thiocfas siad?’
‘Níl a fhios agam, ach mé ghá cheapadh. Ba mhithid dóibh bheith anseo lá ar bith feasta. Is cuimhneach liom gur cothrom an lae inniu go díreach tháinig siad anuraidh. Bhí mé ag teacht aníos ón tobar nuair a chuala mé a gceiliúr—ceiliúr binn meidhreach mar bheidís ag rá: ‘Táimid chugat arís, a Eoghainín! Scéala chugat ón Domhan Theas!’—agus ansin d'eitill ceann acu tharm—chimil a sciathán dem leiceann.’

Ní cúram a rá gur chuir an chaint seo an-ionadh ar an máthair. Níor labhair Eoghainín mar sin léi riamh roimhe. B'fheasach di gur chuir sé an-tsuim sna héanlaith agus gur mó uair a chaitheadh sé sa gcoill nó cois trá ‘ag caint leo’ mar adeireadh sé.

Ach níor thuig sí cé an fáth a mbeadh fonn chomh mór sin air na fáinleoga fheiceáil chuige arís. D'aithnigh sí ar a aghaidh, chomh maith lena ghlórthaibh béil, go raibh sé ag síor-smaoineadh ar rud éigin a bhí ag déanamh imní dhó. Agus tháinig roinnt mí-shuaimhnis ar an mnaoi chroí í féin, ní nach ionadh.

‘Dar ndó, is aisteach an chaint ó pháiste í,’ ar sise ina hintinn féin.

Níor labhair sí smid os ard, ámh, ach í ag éisteacht le gach focal dá dtáinig amach as a bhéal.
‘Tá mé an-uaigneach ó d'fhág siad mé sa bhfómhar,’ adeir an gasúr beag arís, mar dhuine a bheadh ag caint leis féin. ‘Bíonn an oiread sin acu le rá liom. Ní hionann iad


p.52

agus an chéirseach nó an gealbhan buí a chaitheas bunáite a saoil chois an chlaí sa ngarraí. Bíonn scéalta iontacha le n-aithris acu i dtaoibh na gcríoch a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí iontu; agus i dtaoibh na bhfarraigí bhfiáin san áit a mbáitear na loingis; agus i dtaoibh na gcathrach n-aol-gheal a mbíonn na ríthe ina gcónaí iontu. Is fada fada an bealach é ón Domhan Theas go dtí an tír seo: feiceann siad gach uile rud ag teacht dóibh, is ní dhéanann siad dearmad ar thada. Is fada liom uaim iad.’

‘Tar isteach, a ghrá ghil, is téire a chodladh. Préachfar leis an bhfuacht thú má fhanair amuigh i bhfad eile.’
‘Gabhfaidh mé isteach ar ball beag, a mháithrín. Níor mhaith liom iad a theacht agus gan mé anseo le fáilte a chur rompu. Bheadh ionadh orthu.’

Chonaic an mháthair nach raibh aon mhaith a bheith leis. Chuaigh sí isteach go buartha. Ghlan sí an bord agus na cathaoireacha. Thug sí na scálaí is na miasa. Rug sí ar an scuaib agus scuab sí an t-urlár. Scól sí an túlán agus na corcáin. Dheasaigh sí an lampa agus chroch ar an mballa é. Chuir sí tuilleadh móna ar an tine.

Rinne sí céad rud eile nár ghá dhi a dhéanamh. Ansin shuigh sí os comhair na tine ag smaoineadh di féin.

Tháinig píobaire na gríosaí amach agus thosaigh ar a phort croíúil. D'fhan an mháthair chois teallaigh ag smaoineadh.

D'fhan an gasúr beag ar a shuíochán aerach ag faire. Tháinig na ba abhaile ón gcimín.


p.53

Ghlaoigh an chearc chuici ar a héiníníbh. Chuaigh an lon dubh is an dreoilín is mion-daoine eile na coille a chodladh. Coisceadh ar dhordán na gcuileog is ar mhéiligh na n-uan.

D'ísligh an ghrian go mall go raibh sí in aice le bun na spéire, go raibh sí go díreach ar bhun na spéire, go raibh sí fá bhun na spéire. Shéid gála fuar anoir. Leath an dorchadas ar an talamh. Fá dheireadh tháinig Eoghainín isteach. ‘Is baolach nach dtiocfaidh siad anocht,’ ar seisean. ‘b'fhéidir le Dia go dtiocfaidís amárach.’

Tháinig an mhaidin lá arna mhárach. Bhí Eoghainín ina shuí go moch agus é ag faire amach ó mhullach na haille. Tháinig an meán lae. Tháinig an deireadh lae. Tháinig an oíche. Ach, mo léan! ní tháinig na fáinleoga.

‘B'fhéidir go bhfeicfimis chugainn amárach iad,’ arsa Eoghainín agus é ag teacht isteach go brónach an oíche sin.

Ach ní fhacadar. Ná ní fhacadar chuca iad an lá ina dhiaidh sin ná an lá ina dhiaidh sin arís. Agus séard adeireadh Eoghainín gach oíche ag teacht isteach dhó: ‘B'fhéidir go mbeadh siad chugainn amárach.’

Tháinig tráthnóna aoibhinn i ndeireadh an Aibreáin. Bhí an t-aer glan fionnuar tar éis múir báistí. Bhí solas iontach sa domhan thiar. Bhí séis cheoil ag na héanlaith sa gcoill. Bhí duan dá chanadh ag na tonntrachaibh ar an tráigh. Ach bhí uaigneas ar chroí an mhalraigh agus é ag fanacht leis na fáinleogaibh.


p.54

Cluineadh go hobann glór nár cluineadh san áit sin le tuilleadh agus leith-bhliain—glór beag bídeach, glór fann fíor-bhinn, ceiliúr mear meidhreach, agus é neamh-chosúil le haon cheiliúr eile dá dtagann ó ghob éin.

Le luas lasrach thiomáin toirt bheag dhubh aneas. Í ag eiteall go hard san aer. Dhá sciathán leathna láidre uirthi. Déanamh gabhláin ar a heireaball. Í ag gearradh na slí roimpi mar shaighead a caithfí as bogha. D'ísligh sí go tobann, d'iontaigh sí, d'éirigh arís, d'ísligh is d'iontaigh arís.


p.55

Ansin rinne sí caol díreach ar Eoghainín, í ag labhairt in ard a gotha, gur luigh is gur neadaigh sí i mbrollach an ghasúirín tar éis a taistil fhada ón Domhan Theas.

‘Ó! mo ghrá thú, mo ghrá thú!’ arsa Eoghainín, ghá tógáil ina dhá láimh is ghá pógadh ar an gcloiginín dubh, ‘Sé do bheatha chugam ó na críochaibh coimhthíocha! Bhfuil tú tuirseach tar éis d'aistir uaignigh thar taltaibh agus thar farraigíbh?
Óra, mo mhíle míle grá thú, a theachtaire bhig álainn ón tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí! Cá bhfuil do chompánaigh uait? Nó céard d'éirigh dhíbh ar an mbóthar? Nó cé nach dtáinig sibh roimhe seo?’

An fhaid is bhí sé ag labhairt mar seo leis an bhfáinleoig, ghá pógadh arís is arís eile agus ag cimilt a láimhe go grámhar dá sciathánaibh dú-ghorma, dá scornaigh bhig dheirg, agus dá brollach geal cluthar, sheol éinín eile aneas agus thuirling ina n-aice. D'éirigh an dá éan san aer ansin, agus is é an chéad áit eile ar luigh siad ina nid bhig féin a bhí folaithe san eidheann a bhí ag fás go tiubh ar bhallaíbh an tí.
‘Tá siad ar fáil sa deireadh, a mháithrín!’ arsa Eoghainín, agus é ag rith isteach go lúcháireach. ‘Tá na fáinleoga ar fáil sa deireadh! Tháinig péire anocht—an péire a bhfuil a nead os cionn m'fhuinneoige-se. Beidh an chuid eile chugainn amárach.’

Chrom an mháthair agus theann sí léi é. Ansin chuir sí paidir chun Dé os íseal, ag gabháil bhuíochais leis as ucht na fáinleoga a


p.56

sheoladh chucu. An lasair a bhí i súilibh an mhalraigh, chuirfeadh sí aoibhneas ar chroí máthar ar bith.

Ba shámh é codladh Eoghainín an oíche sin.

Tháinig na fáinleoga i ndiaidh a chéile anois—ina gceann is ina gceann ar dtús, ina bpéire is ina bpéire ansin,—agus fá dheireadh ina scataíbh beaga.

Nach orthu a bhí an t-áthas nuair a chonaic siad an tsean-áit arís! An choill bheag agus an sruithleán ag gluaiseacht tríthi; an tráigh gheal ghainmheach; na fuinseoga a bhí in aice an tí; an teach féin agus na sean-neadracha go díreach mar d'fhágadar iad leith-bhliain roimhe sin. Ní raibh athrú ar thada ach amháin ar an mbuachaill beag.

Bhí seisean níos ciúine agus níos míne ná bhíodh. Ba mhinice ina shuí é ná ag rith leis féin ar fuid na ngarranta mar ba ghnáthach leis roimhe sin. Níor cluineadh ag gáirí ná ag gabháil fhoinn é chomh minic is cluintí.

Má thug na fáinleoga an méid seo fá deara, agus ní abróinn nár thug, is cinnte go raibh brón orthu faoi.

Chuaigh an samhradh thart. B'annamh a corraíodh Eoghainín amach ar an tsráid, ach é ina shuí go sásta ar mhullach na haille ag féachaint ar na fáinleogaibh agus ag éisteacht lena gceiliúr.

Chaitheadh sé na huaireanta mar seo. Ba mhinic ann é ó mhoch na maidne gur tháinig an ‘tráthnóna gréine buí’; agus ag dul isteach dhó gach oíche bhíodh an-chuimse scéalta—scéalta


p.57

áille iontacha—aige le n-inseacht dá mháthair. Nuair a cheistníodh sise é fá na scéaltaibh seo, deireadh sé i gcónaí léi gurb ó na fáinleogaibh d'fhaigheadh sé iad.

Bheannaigh an sagart isteach tráthnóna.

‘Cén chaoi bhfuil Eoghainín na nÉan an aimsir seo, a Eibhlín?’ ar seisean. (‘Eoghainín na nÉan’ a bhí mar ainm ag na malrachaibh eile air i ngeall ar an gcion a bhí aige do na héanlaith).
‘Mhaise, a Athair, ní raibh sé chomh maith le fada an lá is atá sé ó tháinig an samhradh. Tá luisne ina leicinn nach bfhaca mé ann riamh roimhe.’

Bhreathnaigh an sagart go géar uirthi. Thug seisean an luisne sin fá deara le tamall, ach má thug, níor mheall sí é. Thug daoine eile fá deara, freisin, í agus, má thug, níor mheall sí iad. Ach ba léir gur mheall sí an mháthair. Bhí deora i súilibh an tsagairt, ach bhí Eibhlín ag fadú na tine is ní fhaca sí iad. Bhí tocht ina ghlór nuair a labhair sé arís, ach ní thug an mháthair fá deara é.

‘Cá bhfuil Eoghainín anois, a Eibhlín?’
‘Tá sé ina shuí ar an aill amuigh ‘ag caint leis na fáinleogaibh,’ mar adeireann sé féin. Is iontach an cion atá aige do na héiníníbh sin. Bhfuil a fhios agat, a athair, céard dúirt sé liom an lá cheana?’
‘Níl a fhios, a Eibhlín.’
‘Bhí sé ghá rá gur gearr anois go mbeidh na fáinleoga ag imeacht uainn arís,’ agus ar seisean liom go tobann, ‘Céard a dhéanfá, a


p.58

mháithrín’ ar seisean, ‘dá n-éalaínn-se uait leis na fáinleogaibh?’
‘Agus céard adúirt tusa, a Eibhlín?’
‘Dúirt mé leis scuabadh leis amach agus gan bheith am bhodhrú. Ach táim ag cuimhniú riamh ó shin ar an rud adúirt sé agus tá sé ag déanamh buartha dhom. Nárbh aisteach an smaoineadh dhó é, a Athair—é imeacht leis na fáinleogaibh?’
‘Is mó smaoineadh aisteach thagas isteach i gcroí páiste,’ arsan sagart. Agus thug sé an doras amach air féin gan focal eile a rá.

‘Ag brionglóidigh mar is gnáthach leat, a Eoghainín?’
‘Ní hea, a Athair. Tá mé ag caint leis na fáinleogaibh.’
‘Ag caint leo?’
‘Sea, a Athair. Bímid ag caint le chéile i gcónaí.’
‘Agus cogar. Céard a bhíos sibh a rá le chéile?’
‘Bímid ag caint ar na críochaibh i bhfad uainn a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí iontu, agus ar na farraigíbh fiáine san áit a mbáitear na loingis, agus ar na cathrachaibh aol-gheala a gcónaíonn na ríte iontu.’
Tháinig ionadh a chroí ar an sagart mar tháinig ar an máthair roimhe sin.

‘Tusa a bhíos ag cur síos ar na nithibh seo agus iad-sean ag éisteacht leat, is cosúil?’
‘Ní mé, a Athair. Iad-sean is mó a bhíos ag caint agus mise ag éisteacht leo.’


p.59

‘Agus an dtuigeann tú a gcuid cainte, a Eoghainín?’
‘Tuigim, a Athair. Nach dtuigeann tusa í?’
‘Ní go ró-mhaith a thuigim í. Déan áit dom ar an aill ansin agus suífidh mé tamall go míní tú dhom céard bhíos siad a rá.’

Suas leis an sagart ar an aill agus shuigh le hais an ghasúirín. Chuir sé a lámh fána mhuineál is thosnaigh ag baint chainte as.
‘Mínigh dhom céard a bhíos na fáinleoga a rá leat, a Eoghainín.’
‘Is mó rud a bhíos siad a rá liom. Is mó scéal breá insíos siad dom. An bhfaca tú an t-éinín sin a chuaigh thart anois díreach, a Athair?’
‘Chonaiceas.’
‘Sin í an scéalaí is cliste orthu ar fad. Tá a nead sin fán eidheann atá ag fás os cionn fuinneoige mo sheomra-sa. Agus tá nead eile aici sa Domhan Theas—aici féin is ag a céile.’
‘An bhfuil, a Eoghainín?’
‘Tá—nead bheag álainn eile na mílte is na mílte míle as seo. Nach aisteach an scéal é, a Athair?—a rá go bhfuil dhá theach ag an bhfáinleoigín agus gan againne ach aon teach amháin?’
‘Is aisteach go deimhin. Agus cé an sórt tíre ina bhfuil an teach eile seo aici?’
‘Nuair a dhúnaim mo shúile feicim tír uaigneach áibhéil. Feicim anois í, a Athair! Tír iontach uafar. Níl sliabh ná cnoc ná gleann inti, ach í ina machaire mhór réidh ghainmheach. Níl coill ná féar ná fás inti, ach an talamh


p.60

chomh lom le croí do bhoise. Gaineamh ar fad. Gaineamh fá do chosaibh. Gaineamh ar gach taoibh dhíot. An ghrian ag spalpadh os do chionn. Gan néall ar bith le feiceáil sa spéir. É go han-te.’
‘Anseo is ansiúd tá ball beag féarach mar a bheadh oileáinín i lár farraige. Cúpla crann ard ag fás ar gach ball acu. Foscadh ó ghaoith agus ó ghréin acu. Feicim ar oileán de na hoileánaibh seo aill ard. Aill mhór mhillteach. Tá scoilt san aill, agus sa scoilt sin tá nead fáinleoigín. Sin í nead m'fháinleoigín-se.’
‘Cé d'innis an méid seo dhuit, a Eoghainín?’
‘An fháinleog. Caitheann sí leath a saoil sa tír sin, í féin is a céile. Nach aoibhinn an saol atá acu ar an oileáinín uaigneach úd i lár na díthreibhe! Ní bíonn fuacht na fliche ann, sioc ná sneachta, ach é ina shamhradh i gcónaí.. . .’
‘Agus ina dhiaidh sin, a Athair, ní dhéanann siad dearmad ar a nid bhig eile anseo in Éirinn, ná ar an gcoill, ná ar an sruthán, ná ar na fuinseogaibh, ná orm-sa, ná ar mo mháthair. Gach bliain san earrach cloiseann siad mar a bheadh cogarnaíl ina gcluais ghá rá leo go bhfuil na coillte fá dhuilliúr in Éirinn, is go bhfuil an ghrian ag dealramh ar na bántaibh, is go bhfuil na huain ag méiligh, is go bhfuilim-se ag fanacht leo féin.’
‘Agus fágann siad slán ag a n-áras sa tír choimhthígh is imíonn siad rompu is ní dhéanann siad stad ná cónaí go bhfeiceann siad barr

p.61

na bhfuinseog uathu agus go gcluineann siad glór na habhann agus méileach na n-uan.’
Bhí an sagart ag éisteacht go haireach.
‘Ó!—agus nach iontach an t-aistear acu é ón Domhan Theas! Fágann siad an machaire mór gainmhe ina ndiaidh agus na sléibhte arda maola atá ar a imeall agus imíonn siad rompu go dtagann siad go dtí an mhuir mhór.’
‘Amach leo thar an muir ag eiteall i gcónaí 'gcónaí gan tuirse gan traochadh. Feiceann siad thíos uathu na tonntracha treathan-mhóra, agus na loingis ag treabhadh na díleann, agus na seolta bána, agus faoileáin agus cailleacha dubha na farraige, agus iontais eile nach bhféadfainn cuimhniú orthu.’
‘Agus scaite éiríonn gaoth agus gála agus feiceann siad na longa dá mbáthadh agus na tonntracha ag éirí i mullach a chéile; agus bíonn siad féin, na créatúir, dá dtuargain leis an ngaoith agus dá ndalladh leis an mbáistigh agus leis an sáile nó go mbaineann siad amach an tír dá dheireadh.’
‘Tamall dóibh ansin ag imeacht rompa agus iad ag féachaint ar pháirceannaibh féarmhara, is ar choilltibh barr-ghlasa, is ar chruachaibh ceann-arda, is ar lochaibh leathna, is ar aibhneachaibh áille, is ar chathrachaibh breátha mar bheadh i bpictiúiribh iontacha agus iad ag breathnú orthu síos uathu.’
‘Feiceann siad daoine ag obair. Cluineann siad beithígh ag géimnigh, agus páistí ag gáirí, agus cloga dhá mbualadh. Ach ní stadann siad ach ag síor-imeacht nó go dtagann siad go

p.62

bruach na mara arís, agus ní sos dóibh ansin go mbuaileann siad tír na hÉireann.’

Lean Eoghainín air ag labhairt mar seo ar feadh i bhfad, an sagart ag éisteacht le gach focal dá ndúirt sé. Bhíodar ag seanchas nó gur thit an dorchadas agus gur ghlaoigh an mháthair isteach ar Eoghainín. Chuaigh an sagart abhaile ag machnamh dó féin.

D'imigh an Lúnasa agus an Meán Fómhair. Bhí an Deireadh Fómhair leath-chaite. De réir mar bhí na laethanta ag dul i ngiorracht bhí Eoghainín ag éirí ní ba bhrónaí. B'annamh a labhraíodh sé lena mháthair anois, ach gach oíche roimh dhul a chodladh dhó phógadh sé go dil agus go díochrach í agus deireadh sé—
‘Glaoigh orm go moch ar maidin, a mháithrín. Is beag an spás atá agam anois. Beidh siad ag imeacht gan mórán moille.’

Do gheal lá álainn i lár na míosa. Go luath ar maidin thug Eoghainín fá deara go raibh na fáinleoga ag cruinniú le chéile ar bharr an tí. Níor chorraigh sé óna shuíochán ar feadh an lae sin. Ag teacht isteach dhó tráthnóna, ar seisean lena mháthair—
‘Beidh siad ag imeacht amárach.’
‘Cá bhfios duit, a ghrá ghil?’
‘Dúirt siad liom inniu é.. . . a mháithrín,’ ar seisean arís, tar éis scathaimh dhó ina thost.
‘Céard é féin, a leanbhín?’
‘Ní fhéadfaidh mé fanacht anseo nuair a bheas siad imithe. Caithfidh mé imeacht in éineacht leo . . . go dtí an tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí. Ní bheifeá uaigneach dá n-imínn?’


p.63

‘Ó! a stór, a mhíle stór thú, ná labhair mar sin liom!’ arsan mháthair ag breith air agus ghá fháscadh lena croí. ‘Níl tú le éaló uaim! Ar ndóigh, ní fhágfá do mháithrín agus imeacht i ndiaidh na bhfáinleog?’
Ní dúirt Eoghainín focal ach í phógadh arís is arís.

Do gheal lá eile. Bhí an buachaillín beag ina shuí go moch. Ó thús lae bhí na céadta fáinleog bailithe le chéile ar mhullach an tí. Ó am go ham d'imíodh ceann nó péire acu agus d'fhilleadh arís, mar bheidís ag breathnú ar an aimsir. Fá dheireadh d'imigh péire is níor fhill siad. D'imigh péire eile. D'imigh an tríú péire. Bhí siad ag imeacht i ndiaidh a chéile ansin go dtí nár fhan ach aon scata beag amháin ar stuaic an tí. Bhí an péire a tháinig ar dtús, an tráthnóna earraigh úd sé mhí roimhe sin, ar an scata beag seo. Is cosúil go raibh leisce orthu an áit fhágáil.

Bhí Eoghainín ghá bhfaire ón aill. Bhí a mháthair ina seasamh lena ais.


p.64

D'éirigh an scata beag éinín san aer agus thugadar aghaidh ar an Domhan Theas. Ag imeacht dóibh thar barr na coille d'fhill péire ar ais—an péire a raibh a nead os cionn na fuinneoige.

Anuas leo ón spéir ag déanamh ar Eoghainín. Thart leo ansin, iad ag eiteall in aice leis an talamh. Chimil a sciatháin de ghruaidh an ghasúirín agus iad ag scuabadh leo thairis. Suas leo san aer arís, iad ag labhairt go brónach, agus as go brách leo i ndiaidh na coda eile.

‘A mháthair,’ arsa Eoghainín, ‘tá siad ag glaoch orm. ‘Tar uait go dtí an tír a mbíonn an ghrian ag soilsiú i gcónaí ann—tar uait, a Eoghainín, thar na farraigíbh fraochda go dtí tír an tsolais—tar uait, a Eoghainín na nÉan!’ Ní fhéadaim iad a eiteach. Beannacht agat, a mháithrín—mo mhíle míle beannacht agat, a mháithrín mo chroí. Táim ag imeacht uait . . . thar na farraigíbh fraochda . . . go dtí an tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí.’

Lig sé a cheann siar ar ghualainn a mháthar agus chuir sé osna as. Cluineadh gol mná san áit uaignigh úd—gol máthar ag caoineadh a páiste.

Bhí Eoghainín imithe i bhfochair na bhfáinleog.

Chuaigh an fómhar agus an geimhreadh thart agus bhí an t-earrach ar fáil arís. Bhí na coillte fá dhuilliúr, is na huain ag méiligh, agus an ghrian ag dealramh ar na bántaibh. Tráthnóna glórmhar san Aibreán tháinig na fáinleoga. Bhí solas iontach ag bun na spéire san Iarthar mar bhí bliain an taca sin. Bhí séis cheoil ag na


p.65

héanlaith sa gcoill. Bhí duan dá chanadh ag na tonntrachaibh ar an tráigh.

Ach ní raibh aon ghasúirín fionn-bhán ina shuí ar mhullach na haille fá scáth na bhfuinseog. Istigh sa teach bhí bean aonraic ag caoi chois tine.

‘. . . Is a mhaicín mhuirnigh,’ ar sise, ‘feicim na fáinleoga chugam arís, ach ní fheicfidh mé tusa chugam go deo.’

Chuala na fáinleoga í agus iad ag dul thar an doras. Níl a fhios agam an gcuala Eoghainín í, mar bhí sé na mílte i gcéin . . . sa tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí.