Corpus of Electronic Texts Edition
An Gadaí (Author: Pádraic H. Pearse)

p.82

Lá dár scaoileadh malraigh an Ghoirt Mhóir amach ó scoil, tar éis imeacht soir do mhuintir Ghlinne Chatha agus do mhuintir Dhoire an Bhainbh, d'fhan muintir an Turlaigh agus muintir Inbhir le scathamh cainte do bheith acu roimh scaradh dóibh ag bóthar Ros na gCaorach. Tá teach an mháistir go díreach ag ceann an bhóthair, a chúl leis an gcnoc agus a aghaidh ar Loch Eileabhrach.
‘Chuala mé go raibh beacha an mháistir ag éirí,’ adeir Micilín Bheairtle Éanna.
‘Teanna uait isteach sa ngarraí go mbreathnaímid orthu,’ adeir Darach Bhairbre an Droichid.
‘Ní ligfeadh an faitíos dhom,’ arsa Micilín.
‘Cé an faitíos atá ort?’ adeir Darach.
‘Ar ndóigh, beidh an máistir agus an mháistreás anoir ar ball.’
‘Cé fhanfas le focal na faire a thabhairt dúinn nuair bheas an máistir ag tíocht,’ arsa Darach.
‘Fanfaidh mise,’ adeir Antoine beag Ó Mainnín.
‘Déanfaidh sin,’ arsa Darach, ‘lig fead nuair fheicfeas tú ag fágáil na scoile é.’


p.83

Isteach thar sconsa leis. Isteach thar sconsa leis an gcuid eile ina dhiaidh.
‘Fainic an gcuirfí gath i nduine agaibh’ arsa Antoine.
‘Beag an baol,’ adeir Darach. Agus as go brách leo.

Do shuigh Antoine ar an sconsa agus a chúl le bóthar. D'fhéadfadh sé an máistir d'fheiscint thar a ghualainn deis dá bhfágadh sé teach na scoile. Ba dheas an gairdín a bí ag an máistir, dar le Antoine. Bhí crainn rós agus crainn spíonán agus crainn úll aige. Bhí clocha beaga geala aige thart leis an gcasán. Bhí clocha móra geala ina gcarnán deas aige agus caonach agus dubh-chosach agus raithneach ag fás eatarthu. Bhí . . .
Do chonaic Antoine ionadh ba mhó ná aon ionadh dá raibh ag an máistir sa ngairdín. Do chonaic sé teaichín beag álainn fá scáth crainn de na crannaib rós; é déanta d'adhmad; seomraí dhá stór ann; dath bán ar an stór íochtair agus dath dearg ar an stór uachtair; doras beag glas air; trí fuinneoga gloine air, ceann ó íochtar agus dhá cheann ó uachtar; troscán tí ann, idir boird, cathaoireacha, leapacha, gréithre, agus eile; ‘agus,’ arsa Antoine leis féin, ‘féach bean uasal an tí ina suí sa doras!’

Ní fhaca Antoine teach bábóige riamh roimhe sin, agus dob ionadh leis a ghleoiteacht agus a dheise mar áilleán. Thuig sé gur le cailín beag an mháistir é, le Neans bhig. Dá mbeadh a leithéid ag a dheirfiúirín bheag féin, ag Eibhlín,


p.84

an créatúr, a bhí sínte ar a leaba le ráithe mhóir agus í lag tinn! Dá mbeadh an bábóigín féin aici!

Do chuir Antoine saint a chroí sa mbábóig sin d'Eibhlín. D'fhéach sé thar a ghualainn deis. Ní raibh an máistir ná an mháistreás le feiscint. D'fhéach sé thar a ghualainn chlé. Bhí na gasúir eile as amharc.

Ní dhearna sé an dara smaoineadh. Thug sé a shain-léim den sconsa, rug ar an mbábóig, do sháigh isteach fána chasóig í, d'imigh leis thar claí amach arís, agus do ghread leis abhaile.

‘Tá bronntanas agam duit,’ ar seisean le Eibhlín nuair ráinig sé an teach. ‘Féach!’ Leis sin do thaispeáin sé an bhábóg di.


p.85

Tháinig dath i leacain chaite an chailín bhig do bhí tinn, agus tháinig solas ina súilibh. ‘Óra, a Antoine, a ghrá, cá bhfuair tú í?’ ar sise.
‘Neans bheag an mháistir a chuir chugat mar bronntanas í,’ arsa Antoine.

Tháinig a mháthair isteach.
‘A Mhaimín, a chuid,’ arsa Eibhlín, ‘féach an bronntanas a chuir Neans bheag an mháistir chugam!’
‘An dáiríribh?’ arsan mháthair.
‘Sea,’ arsa Eibhlín. ‘Antoine a thug isteach chugam anois í.’

D'fhéach Antoine síos ar a chosaibh agus do ghabh ag comhaireamh na méar a bhí orthu.
‘A mhainín féin,’ adeir an mháthair, ‘nach í bhí go maith dhuit! Maise, mo ghoirm thú, a Neans! Rachaidh mé i mbannaíbh go gcuirfidh an bronntanas sin biseach mór ar mo chailín beag.’
Agus tháinig deora i súilibh na máthar de bharr an bhuíochais a bhí aici ar Neans bhig i dtaobh gur chuimhnigh sí ar an leanbh a bhí tinn.

Cé nár fhéad sé féachaint idir na súile ar a mháthair ná ar Eibhlín, le teann náire, bhí áthas ar Antoine go ndearna sé an ghoid.

Bhí eagla air a phaidreacha a rá an oíche sin, agus luigh sé ar a leaba gan paidir. Ní fhéadfadh sé gníomh croí-bhrúite a dhéanamh mar ní go fírinneach d'fhéad sé a rá le Dia go raibh brón air fán bpeacadh sin.

Is minic a scanraigh sé san oíche arna shamhlú dhó go raibh Neans bheag ag teacht ag iarraidh na bábóige ar Eibhlín, go raibh an máistir ag cur


p.86

na gadaíochta ina leith os comhair na scoile, go raibh urchar iontach beach ag éirí ina choinne agus Darach Bhairbre an Droichid agus na gasúir eile dá ngríosadh le gárthaibh béil agus le ceol drumaí.

Ach ar maidin lá arna mhárach dúirt sé leis féin: ‘Is cuma liom. Cuirfidh an bhábóg biseach ar Eibhlín.’

Nuair a chuaigh sé chun scoile d'fhiafraigh na gasúir dhe cad chuige ar imigh sé i gan fios an tráthnóna roimhe sin agus é tar éis a gheallúna dhóibh go ndéanfadh sé faire.
‘Mo mháthair a chuir fios orm,’ arsa Antoine. ‘bhí gnó aici dhíom.’

Nuair tháinig Neans bheag isteach sa scoil d'fhéach Antoine uirthi os íseal. Shíl sé uirthi go raibh sí tar éis bheith ag gol; cheap sé go bhfaca sé rian na ndeor ar a leicnibh. An chéad uair a ghlaoigh an máistir ina ainm air do gheit sé, óir shíl sé go raibh sé ar tí an choir a chur ina leith, nó ceist a chur air i dtaoibh na bábóige. Níor chuir sé isteach lá riamh ar scoil chomh dona leis an lá sin.

Ach nuair a chuaigh sé abhaile agus nuair a chonaic sé biseach maith ar Eibhlín, agus í ina suí aniar sa leaba den chéad uair le mí agus an bhábóg fáiscthe lena hucht aici, ar seisean leis féin: ‘Is cuma liom. Tá an bhábóg ag cur bisigh mhóir ar Eibhlín.’

Ar a leaba dhó san oíche bí droch-bhrionglóidí aige arís. Cheap sé go raibh an máistir tar éis a inste do na pílears gur ghoid sé an bhábóg, agus go raibh na pílears ar a thí. Shíl sé uair


p.87

acu go raibh pílear i bhfolach fán leaba agus go raibh ceann eile ar a chromadh fá scáth brait na fuinneoige. Scread sé os ard trína chodladh.
‘Céard tá ort?’ adeir a athair leis.
‘An pílear atá ar tí mé ghabháil,’ arsa Antoine.
‘Níl tú ach ag rámhailleacht, a ghasúir,’ arsa a athair leis. ‘Níl aon phílear ann. Téire a chodladh duit féin.’
Ba dona an saol ag an duine bocht é as sin amach. Shíleadh sé go mbítí ag síneadh méir chuige agus é ag siúl an bhóthair. Shíleadh sé go mbíodh daoine ag crathadh an chinn agus ag rá lena chéile, ‘Sin gadaí,’ nó, ‘Ar chuala tú céard a rinne Antoine Pháraic Uí Mhainnín? A bábóg a ghoid ó Neans bhig an mháistir! Anois céard deir tú?’

Ach níor fhulaing sé pian i gceart go ndeachaigh sé chun Aifrinn Dé Domhnaigh agus gur thosnaigh an tAthair Rónán ag tabhairt seanmóire uaidh ar an Seachtú hAithne: ‘Ná déan goid; agus má dhéanann tú goid, ní maithfear duit go dtuga tú cúiteamh.’

Bhí Antoine lán-chinnte go raibh sé i bpeacadh marfa. Bhí a fhios aige go mba cheart dó dul chun faoistine agus an peacadh d'insint don tsagart.

Ach ní fhéadfadh sé dul chun faoistine, mar bhí a fhios aige go n-abródh an sagart leis go gcaithfeadh sé an bhábóg a thabhairt ar ais. Agus ní thiúrfadh sé an bhábóg ar ais. Chruaigh sé a chroí agus dúirt nach dtiúrfadh sé an bhábóg ar


p.88

ais go deo, mar bhí an bhábóg ag cur bisigh ar Eibhlín ó ló go ló.

Aon tráthnóna amháin bhí sé ina shuí cois na leapan i séis chomhrá le hEibhlín nuair a rith a mháthair isteach go deifreach agus ar sise—
‘Seo aníos an bóithrín an mháistreás agus Neans bheag!’
Ba mhaith le Antoine go n-osclódh an talamh agus go sloigfeadh sí é. Bhí a éadan dearg suas go dtí an dá chluais. Bhí allas leis. Níor fhéad sé focal a rá ná smaoineamh a cheapadh.
Ach bhí na focla so ag rith trína cheann: ‘Bainfidh siad an bhábóg d'Eibhlín.’ Ba chuma leis céard déarfaí nó céard déanfaí leis féin. Ní bheadh d'fhreagra aige ach: ‘Tá an bhábóg ag cur bisigh ar Eibhlín.’

Tháinig an mháistreás agus Neans bheag isteach sa seomra. D'éirigh Antoine. Níor fhéad sé féachaint san éadan orthu. Thosnaigh sé ar a shean-tseift, ag comhaireamh méar a chos. Cúig cinn ar gach cois; ceithre mhéar agus ordóg; nó trí mhéar, ordóg, agus ladhraicín; sin cúig cinn; a cúig fá dhó, a deich; deich gcinn ar fad. Níor fhéad sé a líon a mhéadú ná a laghdú.

Bhí a mháthair ag caint. Bhí an mháistreás ag caint, ach ní raibh aon aire ag Antoine orthu. Bhí sé ag fanúint nó go n-abrófaí rud éigin i dtaoibh na bábóige. Ní raibh le déanamh aige go dtí sin ach a mhéaracha a chomhaireamh. A haon, a dó, a trí . . .
Céard é sin? bhí Eibhlín ag tagairt don bhábóig. D'éist Antoine léi.


p.89

‘Nár mhaith uait an bhábóg a chur chugam?’ Bhí sí ag rá le Neans. ‘Ón lá thug Antoine isteach chugam í thosnaigh biseach ag teacht orm.’
‘Thosnaigh sin,’ adeir a máthair. ‘Beimid buíoch dhíot go deo i ngeall ar an mbábóig céanna a chur chuici. Go méadaí Dia do stór agus go gcúití Sé leat míle uair é.’

Níor labhair Neans ná an mháistreás. D'fhéach Antoine ar Neans fá cheilt. Bhí a dhá súil greamaithe sa mbábóig, óir bhí an bhábóg ina luí go seascair sa leaba le hais Eibhlín. Bhí a béal leath ar oscailt ag Neans agus ionadh an domhain uirthi faoi ráitibh Eibhlín agus a máthar.
‘Is ar éigean a chreid mé Antoine nuair a thug sé isteach chugam í,’ arsa Eibhlín; ‘agus nuair d'innis sé dhom gun chuir tú chugam mar bhronntanas í . . .’
D'fhéach Neans anonn ar Antoine. D'ardaigh Antoine a shúile go mall agus d'fhéachadar isteach i súilibh a chéile. Ní bheidh a fhios go deo céard a léigh Eibhlín i súilibh Antoine. Is é an rud a léigh Antoine i súilibh Neans, an trócaire, an bháidh, agus an mhilseacht. Do labhair Neans le hEibhlín.
‘An dtaithníonn sí leat?’ ar sise.
‘Ó, taithníonn thar cionn,’ adeir Eibhlín. ‘Is fearr liom í ná aon rud dá bhfuil agam ar an domhan.’
‘Tá teach beag agam ina gcónaíodh sí,’ arsa Neans. ‘Caithfidh mé a chur chugat lena haghaidh. Tabharfaidh Antoine chugat amárach é.’
‘Óra!’ arsa Eibhlín, agus í ag bualadh a dhá boisín beaga tanaí lena chéile.


p.90

‘Bheadh sé mór agat, a ghrá,’ arsa máthair Eibhlín le Neans.
‘Ní bheadh,’ arsa Neans. ‘Cuirfidh sé biseach eile ar Eibhlín. Tá go leor rudaí agam-sa.’
‘Lig di a dhéanamh, a Cháit,’ ansan mháistreás leis an máthair.
‘Tá sibh ró-mhaith,’ adeir an bhean bhocht agus í ag sileadh na ndeor.

Do shíl Antoine gurb ag brionglóidigh a bhí sé. Nó shíl sé nach duine saolta Neans bheag ach aingeal as na flaitheasaibh anuas. Bhí fonn air dul ar a ghlúnaibh ina fianaise.


p.91

Nuair d'imigh an mháistreás agus Neans bheag, rith Antoine amach an doras iata agus do réab leis trasna an gharraí ionas go raibh sé rompu ag bun an bhóithrín ag dul amach an bóthar dhóibh.

‘A Neans,’ ar seisean, ‘séard a rinne mé . . . a goid . . . an bhábóg.’
‘Ná bac leis, a Antoine,’ arsa Neans. ‘Rinne tú maitheas d'Eibhlín.’
D'fhan Antoine ina staic ar an mbóthar agus níor fhéad sé focal eile a rá.

Nach air a bhí an bród ag tabhairt tí na bábóige abhaile d'Eibhlín tar éis scoile lá arna mhárach! Agus nach acu a bhí an greann an tráthnóna sin ag réiteach an tí agus ag glanadh an troscáin agus ag cur na bábóige a chodladh ar a leaba bhig! An Satharn dar gcionn do chuaigh Antoine chun faoistine agus d'innis a pheacadh don tsagart. Is é an breithiúnas aithrí a chuir an sagart air: teach na bábóige do sciúradh uair sa tseachtain d'Eibhlín nó go mbeadh Eibhlín láidir a dóthain chun a sciúrtha í féin.

Bhí Eibhlín láidir a dóthain chuige fá cheann míosa. Bhí sí ar scoil arís fá cheann míosa eile.

Ní raibh aon tráthnóna Sathairn as sin amach nach gcloisfí bualadh beag éadrom ar dhoras an mháistir. Ar dul amach don mháistreás do bhíodh Antoine ina sheasamh ag an doras.
‘Seo bronntanas beag do Neans,’ deireadh sé, ag síneadh chuici leath-doisín ubh lachan, nó lán cráige fraochán, nó ar a laghad lán glaice de dhuileasc.

Agus ansin do scuabadh leis gan am a thabhairt don mháistreás focal a rá.