Corpus of Electronic Texts Edition
The Glenmasan Manuscript (Author: [unknown])

section 2

446

Toraigecht tana bo Flidaise ann so.

¶201] Cid tra acht do toglad agus do h- airged dun Oilella Finn. Agus do roindsed an sluagh a tri íad as a h-aithle sin .i. a trian fa Meidb d'a mor-coiméd, agus an trian eile fá Fergus go Moin Duine h-Aengain ar cenn na Maile Flidaise, agus an trian eile fa Lugaid mac Conroí ar cenn na tána co Glenn Mughaidhi áit ar mughaiged moran do mhaithib fer n-Eirenn les in n-Gamhanraid.

¶202] Is ann sin do chuala Domnall Dualbuidhe an cath do chur, agus a mac do marbadh con a maithib, agus a dhún do thoghail, a shéoid447 agus a mhaine agus a mna do breth úadha d'feruib Eirenn. Agus do ghab ag égaine a mic agus acc tabairt a tesmolta, agus adubairt:

    1. {Column 88}Mór an béd bás Ailella,
      Aird-ri iartair na h-Elga;
      Sochaide do cuir a snim,
      Bá maith a gnim a tennta.
    2. Bá cóir Eiri iath-lethan
      Aige idar righ as ruirech;
      A seóid is a h-ilmaine,
      Do iméradh gan fhuirech.

    3. p.106

    4. Maith tech an rígh ro-damaigh,
      Maith a teglach gan time;
      Imda cúaich as copana,
      Sair siar ar fhud a thighi.
    5. Ceithri cet as ceirt fhiche448
      Do cathaib nochar adhmall;
      Is ed do nídh a fulang,
      d An nech do b' inand anmann.
    6. 'S do bí a choibheis eile ann,
      Nach ad inand comanmand

      [gap: extent: one line]


      [gap: extent: one line]
    7. Maith a rath 's a ríghe sen,
      A shochraide 's a t-shar shlogh;
      An fer sin nochar meblach,
      A theaglach do ba lan-mór.

      Mor.

¶203] Dala Fergusa immorro. Rainic reime gan fhuirech agus áodairedha agus eolaigh o Fhlidais leis ar cenn na Maile d'á moch-dúscadh. Agus do gabsat rompa laim re Loch Létriach nó go rangadar gus an fothair fír-domain in ar cuired an Maol d'a mór-coimed con a mór-thanaidh,449 do t-shechna na sluag agus ar teichedh na trom-shochraide. Agus do chuir Fergus a muinntir úadha do tinol na tana go tindesnech, agus do cruinnighset na h-almha agus na h-indile go h-athlam. Agus fuaradar an Maol Flidaise 'n a luide. Agus do badar 'g a fhulairemh uirre éirghe do dhenam. Agus nir fhaomh si eirgi ortha. Agus targadar a rís go ro dicra, agus nír eirigh si ortha. Agus do badar an tres fecht 'g a fuabairt, agus nír fhedsad a cur do lathair a leptachais. Agus tainic Fergus d'a h-indsaigid and sin, oir do b'ingnad leis450 sódh na sochraide os a cind 'n a comnaidhe. Agus mar do cuala a córughadh, do fhiafraigh


p.108

d'a h-aithentaib a h-ordughadh. Agus adrubadar nach facadar macsamhla na sádhailechta sin do dhenamh riam di, agus do ba doigh leo gur bí cuma a tigerna do bi 'g a traothad. Ro-dus-tarraid Fergus í, agus tainic co h-ainiardha d'a h-indsaigid . Agus tuc tulgadh d'urlaind a airm innte no co tainicc a h-osnad egcomlainn eisde. Agus buailiss a {Column 89}rís gan fhuirech í, agus ni lugha do closs isi ann sin. Agus buailis an treas feacht go fergach í, agus ni fuair fregra fuirechair uaithi. Acht áen ni chena: tug Fergus naí mbeimenna troma toirrsecha ar tinnenus d'a tó-dúsgadh, co clos fa ceithri h-airdib Erenn uili a h-eigen agus a h-osna géimnech ag a h-ainndeónachadh re h-úaman a h-imána co h-essadail d'a h-íul agus d'a h-orlepthib fir-aithenta fein, co nach raibi cend bruighne no baile do gleire na Gamhanraide nach cúala an cumha, agus nach tug aithne ar oighidh Ailella Find. Ar an adhbhar sin gurab e sin toicheastal as treisi do tinoil iad do díghail Aillella Finn. Do fhogair Fergus a h-airlech and sin o nar fháomh an adba sin d'fhagbail fair, no gur gairedar451 na filidh h-e. Agus adubairt Bricne co n-eireochadh air fein gan fuirech. Agus gellais Fergus comhadha dósan ar a dúscad. Agus atbert and:—
    1. 452Eírich, a ferb ingantach,
      A Maol Flidais lacht milis;
      Fágaib Irrus aiten-gharbh;
      Óir nír b'ingilt incaithme,
      Duitsi riam an ruag bendach,
      Acht mad adhradh Ailill,
      Do bregadh do bo thaintedh,
      An cein do fuair airechas.
      O nach mair an milidh sin,
      Do fuair tu do turcairte.

      p.110

      Na bi fesda a fuair-sleiphtib;
      Eirg romainn sa rím-slighidh,453
      Go ría Cruachain cladh-uaine.
      Uair tic ainder Ailella
      Lind d'ar tigh do'n turus-a;
      Uair más fhír as aon toicthe,
      Tusa agus si a sith-broghaib.
      Canfad-sa do comhadha,
      O Fhergus do'n dula-sa:
      Ro-t-fía magh n-Aéi an Fhinn-bennaigh,454
      Re caithem re cuartugadh cuibde ritsa,
      A rí-tulcha a mhachaidh fá d' mor-táintib.
      Anaiarcuil455 anaibhind d'adhradh tareis Ailella.
      Mas egail let lú a thoing456 d'fhagbail d'armaib,
      Na fuirigh re fergugadh deigh mic Rosa,
      Acht rim eirig.

¶204] Da eirig as a h-adba gan fuirech ann sin re briathraib {Column 90}Bricni. Agus do timcill an Dubloinges an tain go tinnesnach, agus do cuirset rompa iat laim re Loch Letriach agus d'innsaige Glenna maol-tulcha Mughaighthi a comdail Medba agus Oilella agus maithe chostaidh an caomh-sluaig.

¶205] Dala Luigdech mic Conroi agus trín t-shluag fer n-Erenn. Do airgset sein deiscert Irrais co leir o Leitir Fhidhaig co Glenn Mudhaige. Agus do uair sen tennta anbail im na h-airgnib sin. Oir rugasdar Muredach Menn mac Oilella Finn agus Clanna Fhind agus gleire na Gamanraide o Cruachan Oighle uile forra. Agus do mharbsat moran do maithib a muintere im Shencan m-Beg agus im Shencan Mór agus im dha boaire do muinntir Meadba, agus ní tugsad acht tuairsena457 bega do na h-édalaib uatha a cenn fher n-Eirenn.

¶206] Do gabsat fir Eirenn aon longport ann sin. Agus lenais Muredhach Mend Lugaid mac Conroí go lár longpuirt fer n-Eirenn an adaig sin, agus do gab ac forbaisi go maidin ar


p.112

an mor-sluag. Agus as i an adaig sin do marb airfidech Ailella agus Meadba .i. Legan Droí. Agus as amhlaid so do uair sen a[...]458, uair as and do bi a luighe agus a lepthachus ider imdaid Ailella agus Meadba sa mor-pupall. Agus do chuala Muredhach e a fir-dered aidce, agus sé a cantain ciuil agus airdfide d'Oilill agus do Meidb agus timpan459 álainn órdhaidhe aige. Agus do aithin Muiredhach Mend gurab a pupall Meadba agus Oilella do bi. Agus cuiris laimh fá'n or-shleigh co h-athlamh, agus leigis d'indsaige an pupaill go soighnenta an sleig, go n-dechaid an craisich tres an aidhbh-ciúil agus tré ucht-bruinne an oirfidich gur fhágadh gan anmain san inad sin. Agus do eirich Meadb go moch d'á midemhain, agus badar cach uile 'g a egaine. Agus do chuir a bás go mór ar Meidb. Agus do fhurail a fert do claide, agus adbert and:—
    1. Leagan Droí!
      Sochaide bias ig a caí;
      Do gellus do ig techt ar cel,
      Go roicfed a teg aroi.
    2. Farir! ni roicfe go brath,
      Legan tar cach d'a thigh fein;
      Ar n-airfidech is ar n-droí,
      Do nimáis ar sai do reir.
    3. Ar a cothram do'n or derg,
      Ní treigfinn fer na cerd n-glan;
      {Column 91}Ló co n-oidce fa cra ruadh,
      Agus uir ar a gruad n-geal.
    4. O tanic Muradach Meann,
      Do loit-se co teann an t-saí;
      Minic do gabais dam dán
      D'o b'é mo grad Légan Draí

      Legan Drai.

¶207] Imtusa Ceit moir mic Magach do berar os aird. Do an sedéin tareis b-fer n-Erenn is in ármaig ac adlacadh a mac


p.114

agus a dalta. Agus mar tairnic dó a b-fert460 do cláidi, da gluais roime ar lorg b-fer n-Erenn. Agus is i búaidris cumoil ar ar cinn beith ag airrlech fer n-Erenn gan anad ar athaib agus ar asraisib461 Irruis. Tarrlatar do triar miled morchalma do muinntir Meadba .i. Eígnec Beg agus Eignec Mor agus Siadal mac Sirtachtair. Agus do drorcratar a triúr le Cet. Agus adered Cet gurab a richt na tóra do marbadh uili iat. Agus do bid ag greasacht na Gamannraidi a n-iarmoracht fer n-Erenn d'a n-óirrlech gur trían trasgarta agus toraigechta do na sluagaib uile h-é 'n aenar.

¶208] Is ann sin do eirigh Domnall Dualbhuidhi con degbuidhnib o Dún Tuaithi sin toraigecht da digail an aird-rig Ailella Finn ar áirsedaib Erenn. Agus do cuir fis ar gach leith do greasacht na Gamannraidi in a lenmain do dígail Oilella Finn ortha. Agus nir furigh féin re fregartaib acht ránic in a réim theann thóraigechta d'innsaige b-fer n-Erenn gan furech nó co rangatar co h-airm a raibi Oilill agus Fergus agus Meadb agus maithi b-fer n-Erenn ar chena, agus siád in a cathaib coirighti ar toigecht d' Fergus agus do maithib Erenn con a airgnib agus con a edalaib leo d' a n-innsaige agus an Máel Fhlidais aca. Agus do sáil Meadb nach fuigbed a lorgairecht na a lenmain ac fagbail an tiri462 do'n turas sin, o dorochair Oilill Finn 'na áenar, agus d'éis an daingin do gabustar ar an Gamannraid.

¶209] Dála na Gamannraidi: Nochar congbatar a combuide ris na cathaib o d'cúalatar tasg a tigerna gan éirge d'á digail ortha. Agus ranic Domnall Dúalbuide re cach con a cuanairt cuctha. Agus ro leigestar aonchu463 echtach fhír-néimnecha anaichnid d'a n-innsaige con a caéga do conaib confadacha calma 'n a coimidecht. Agus do mesg sein co soinnib464 ar na {Column 92}sluagaib gur b'eigin d'feraib Eirenn a n'-aighthi d'impódh a


p.116

n-ainfhecht ortha re med an greama gáibthigh gúasachtaigh do chuirsit na h-oncoin orra. Is amhlaidh do badar agus teglach Domnaill go deinmnedach ig a n-díth agus ig a n-dícennad gach laech do ledraidís d'óccaib Eirenn. Ránic Fergus agus a Dubloinges d'edrain fer n-Erenn ortha, nó gur comrac dó agus do na conuib acetoir. Agus is amlaid tanic Fergus in a charpat chuca, agus rugastar onchú duaibsech derlaigtech Domnaill sithe465 dícra deg-thapaidh d'innsaige Fergusa ar n-á fhaigsin sa charpat. Agus eirghis Fergus go fuirechair d'á fregra agus Fergarb .i. ara Fergusa, re h-aighidh. Agus lingis chuca sa charpat gan fhéghadh d'a n-armaib. Agus mar do togaib Fergus a lam le a arma d'á indsuigid, geisid an carbat faei, o nar fulaing nert an trir trein-calma a n-enfecht fair, gor brisiter a rotha agus a fersde agus a fuilnge466 a n-oeinfecht. Mar nach fuair Fergus inad comnert cothaighte is in carpat ro lingestar lé a arma as. Agus mar do b'ail le laecraid a lenmain tucastar an ónchú fabairt fuacdha fichmar fir-neimnech d'á fastoigib ar Fer-n-garb, go tarla cael a cholla in a cráos fíaclach co coimnert, gur sgarustar a chend re coluinn. Agus mar nach fuair Fergus in a farrad saithis ar na h-echaib d'a n-airlech, no gur fagsat a n-anam re h-athgairit aige. Suaill nar maidm d' feraib Erenn o t' conncatar Fergus d'fagbail a carbait gan cotugadh. Ro marbsat muinntir Domnaill agus na dobur-coin agus cet tinol gaisgedach na Gammannraide morán leis in maeladh sin do muinntir Meadba agus Oilella agus Fergusa, co tugsat esbada agus áinigin467 imdha orrtha. Ba náir le Fergus an filled sin, agus impoduis a ris do chum an carbait combruiti do fagais d'a eisi. Agus atconnairc a ara agus a echrada ar n-a n-athcoma do coin Domnaill. Agus rug fein fairgsi buada uirte, agus do {Column 93}cuirestar a laim fa'n manais d'a mugugadh, co tuc urch-ar

p.118

athlam urmaisnech d'a h-innsaigid, co n-dechaid an cráisech tré n-a cend, cor cuirestar a talmain trithi ar n-a tredad, cor fágad a h-anmain is in inad sin.

¶210] Ro impo Fergus in lucht deabta agus imgona uatha uili gur comairlighed aca ann sin a n-aisder agus a n-uideadha a lorg agus a[...]468. Agus tugatar an agaid uile rompa d'fagbail Irruis Dómnann gan dícheall. Do gab Fergus agus an Dubloinges deredh ar feruib Erenn. Nir cian rangatar ar an reim sin in tan atconncatar merge Domnaill ar derg-lasadh i n-a n-deghaidh. Agus rainicc an Gamhanraidh a n-en inadh 'n a ur-thimcheall in a chorthibh crithneach caoirnemneach do dighail Oilella Finn ar feraib Eirenn. Agus gressis Fergus in Dubhloingis co defreach a n-agaid Domnaill. Et tucsat an Dubloinges glun re gliaid do'n Gamunraid nach roiched feidm tendta na toraidhechta ar feraib Erenn úatha do coimet einigh Fergusa. Agus tucsat a n-aighte le ceili ar Domhnall gur caithset cath craisich do'n cet frais ris in cathmilid. Agus ro co n-gaib-sium a sgiath gan scuchadh a h-áin inadh ré n-agaid, go tarla an cath-manáis gan melladh is in moir-sgeith. Agus do fregradar teglach an trén-righ an tidhlucadh sin, no gor caithsed ní do nách ráinic áirim d'á n-armuib ris na h-Ulltachaibh.

¶211] De fuagair Fergus uada ann sin o guth mor d'á mileduib gan airm gun il-faebra do caithim re ceili, acht a legen dosan agus do Domnall cotugadh calma do denamh ar in laithir sin re ceili, o 's ann lesin do toit mac Domnaill. Ro sguirsit a muinntir an uair sin ar Fergus, agus do b'egen do'n Gamhanraid sgur do'n debaid ar Domnall. Do reidiged laithir fairsing imbualta d'on laechraid sin ar go festaéis fein comlann a ceile, oir ba maith le Fergus feidm dana dur-neimneach Domnaill do dingbad d' feraibh Erenn do'n dula sin, agus ba dícra le Domnall fobairt oirlich Fergusa do digail Oilella Finn fair. Ro caithset a cath-airm comfhuacdha re a ceili mar budh clechtad do na curadhaib, agus nir dercsad na h-airm ortha re {Column 94}deirrideacht a n-eididh agus a n-uacht-comdaig.469 Agus ro


p.120

druidset na cath-milid sin re ceili. Do cómdluthset a comlann, agus do tuairgset cinn agus sgeith agus cathbairr a ceili co coimdicra, co cualatar cetir h-oll-choigid Erenn uile co coitcend a comtúargain. Agus ro impódar fir Erenn an aighthi ortha d'a mór-hechain, agus do batar gléire na Gamannraidi, a neoch tanic do cúm na tóraighechta d o na tren-feruib, do leith eile an comlainn 'g a coimfeithem, or do bui aca a n-urdálta nach inntóbadh cechtar dib do'n deabaid sin, ré dicracht a n-dían-buille, agus re h-imfhaicsi a n-urlaidi, agus ré h-aidble a n-esgairdis, agus re fortamlaigi a fedmann. Ro caithset féin co fraocha fír-nemnech friuchaigbech fuabartach na h-airdheana co coitcenn re ceili, co n-ár fagaibsit sgiath gan sgailedh, na luirech gan ledradh, na cathbarr gan claenadh do'n coigeadal sin. Agus nir sguirsit do'n sgainnir gur sgithiged a lama do'n lúamarecht, agus a cosa d'a cothugadh. Agus ger mór na fheadma ro caithset na caith-milid sin re ceili, ni tanic cáor fhola a corp cechtair dib. Agus ro aithnighetar gur tuirrsech fir Erenn ac a n-imfurech, agus fós do gab aith-sgís agus eimealtas iat fén, o nár cumaing cechtar dibh cirred470 no crechtnugadh aroili, no gor sgarsat leth ar leth comslán o'n comrac sin.


p.202

¶212] Ro gabh ingantus adbal mór fir Erenn ann sin fa'n dias tren-fer sin do dealugud re ceili. Agus do ghluaisetar rompa gan furech do slíab Dúine Engain agus do Glenn Cruaichi, agus an Gamannrad uili in a n-díaigh ag an n-dian-márbadh, co tucatar ár adhbal ortha. Is ámlaid so do uidh471 an Gamannrad .i. a marbdáis d'feraibh Erenn, a cinn d' imchur agus a colla d'fagbail, no co rangatar an gleann ar gabatar fir Erenn longport. Agus nír luaithi iadsom and ina in tóir rompa agus 'n a n-deagaid ic a n-día n-airlech, co n-dern sat cruach do cennaib fer n-Erenn ann, conad uadh ainmuigter Crúach na Ceann. Agus do badar ann an adaigh sin co h-anbúainech.

¶213] Do eirgeatar rompo co moch ar na márach, agus rucustar Merán mílidh ortha ann sin. Agus do cumaisg séin co {Column 95}luthgáirech ar na láochaibh, no co n-dorchair leis moran d'a mileduib im Leagan mac Lusg[...]472.i. oglaoch maith do muinntir Oilella agus Meadba, conadh uadh Sruth Leagain. Do imgetar a séin co h-anbuainech co slis Sleibe Fínd, agus rugustar Caillderg mac Lilaigh órtha ann sin. Agus do saith sein co h-ainfethach inntib, mar nach beith do tóir órtha acht é fein 'n a aonar, uair ni tarrla d'feraib Erenn chuigi tren triath nach teighed. Agus ro éirigh Buinne Béimendach, fer comlainn catha do muinntir Oilella agus Medba, d'á frestal agus d'a fritolam. Agus do fersat comlonn a fiadnuise fer n-Erenn ar an urlaind sin co n-dorchair Buinde Beimennach do laim mic Lilaich ar an lathar sin.

¶214] Do imgedar fir Eirenn as sein, agus nír ansat do'n uidhe sin no gur gabsad longport an Glind da Arand an adaig


p.204

sin. Ro ba crechtach, cró-linntech, combrúite, forgla fer n-Erenn an adaig sin o gliáidh na Gamhanraide, co nach raibe nert na árrachtus a n-en duin d'feraib Eirenn acht madh Fergus a aonar. Do badar amlaid sin an adaig sin. Agus do eirgedar go moch ar na marach, ar cengal agus ar corugadh a crecht agus a cned go leir d'a legaib. Agus do gluaisedar a fednacha rompa go foill, agus siad fein i n-a cathaib córaighte 'n a n-degaidh 'g a n-diden. Uair gach tulach tar a teighdís, ar tinol agus ar timsugadh do maithib na Gamhanraide as gach aird d'a n-innsaigid ar n-gabhail báidhe agus borrfaid agus aithrechais doib, co nach raibe fer codach ain fir473 d'a sochraide o Inbir Luimnigh go Drobais474 nách do475 inntó a craide d'aithi agus d'fír-dígail Oilella Finn ar fheraib Erenn.

¶215] Do cualatar fir Erenn sin agus do gab faitches agus imecla uili iat. Agus is becc n-aister na n-imtechta ránic leu an la sin, re med in gnima do gabsat an Gamunrad dib, cor gabsut longport a cenn tuaiscert Conlacha an adaigh sin. Agus do cuiretar Cormac Conloinges agus Lugaid mac Conraei agus moran do maithibh Erenn do cuartugud na conari tar a tancutar as tír, agus da fisrugud an raibi tinol no toichestal ar a cenn uar tarachta and.476 Do cuired do gnim forra an adhaig sin gur b'egin doib an Mael Flidaise do cengal do cairthi an dorus pupaill Meadba an adhaig sin. Agus tancutar an lucht fisraigthi d' a n-indsuige go moch ar na {Column 96}maruch, agus do indesiter gleri na Gamunraidi uili ar grianan477 cinn Connlocha, agus ro cuir sin a socht uili iad.

¶216] Do cuatar a comairli; agus do h-ordaighed aca aigthi a crech agus a coraighthed ar a conair i raibi coimed oc na curadaibh, ar daig go m-bad and do beith a cruinniugud agus a comtinol uili re an aigid sin, co fagdaeis ath478 agus uaicnes


p.206

ar imthecht a conair eili uatha sin. Do batar fed an caem-laei c' aidci ar an corugud sin agus debaid agus imresuin acusum orra, co nar legsit sligi na conair ar a comus, ar techt do na maithib uile a n-aon inadh re a n-agaid. Is amlaid do badur agus siad comullamh ar cenn na h-oidhche aile do chum elóid ar a cul go crích m-Breis as in m-báogal sin. Do shuidhedar mar nach bíadh dail imtechta aca; agus gabadar an Gamhanrad longport a n-inadh aile an conair mar dóig le a triathaib a toighecht. Agus ro badar leth ar leth a coimfhethem a ceile ar an corugud sin no go tainic an adaigh d'á n-indsaige. Amar do éirigh an adaig ar feraib Eirenn ro fhagaibsit an longport sin acht madh Fergus agus na furaireda do an ag diden an deiridh and, no go rangadar a n-annrai agus a n-edala agus a lucht othrais leosan go léir. Do gluais Fergus go foill feithmech con a deg-buidnib i n-a n-degaidh.

¶217] Ní cian rangadar ar an reim sin an uair479 tugsat an Gamanrad aithne ar an ordugud sin, agus do cuirset a lucht feithme os aird an elodh-san. Ro eirgetar an Gamanrad go gaibtech a n-iarmóracht fer n-Erenn and sin. Agus ni rucsat a beg ar a m-buidnib re a m-baeglugadh-san go rancatar go Mag m-Broin. Agus rucsat moran d'á maithib ann sin ortha, gur cuirsed ár adbal ar féraib Erenn in neoch dorad bron agus tursi d'a triathaib, conad uadh ainmnigter an t-inad sin .i. Mag m-Broin.

¶218] Dala fer n-Erenn: Do cuatar d'innsoige Srotha Deirg i n-a dirmadaib. Agus nír furgedar re deriud a muinntire gan leim a n-ainfhecht is an abainn, gur baidheg agus gur baeglaigedh uimer anba d'á mnaib agus d'á min-dainib, conach rainic acu gan fostad do'n abainn acht mad a treoin {Column 97}agus a tuaircne480 catha, a n-ard-churada agus a n-echrada. Agus nir airmedar na h-esbada sin o ranic an Maél Fhlidaise leó

¶219] Dala Fergusa: Do éirig a n-deagaidh an t-sluaig, agus an Dubloinges 'n a timcell. Agus tarla a fír-dered an atha íat a


p.208

gabail ris in n-Gamhanraid, no go facatar trómlach in tinoil i n-a coirigtib cucu. Agus nir leged d'Fercus fuirech 'g a faircsin gan gluasacht reme a n-degaid fer n-Erenn tar in ath. Rancutar fir Erenn tar bel an átha, agus is bec ar ar luaithi iad ina in Gamunrad do leith eli. Tucsat leth ar leth gair mor maidmech d'aroli timchell in atha, or do batar fir Erenn oc maidim techta d'a n-aindeoin uathasum, agus do batar-sum ag maidhim ar marbsat d'feruib Erenn. Do airmetar fir Erenn a sluag agus a socraidi and sin, agus ni rainic acht secht catha do na curadhaib leu tar Ath Lecon is in lo sin a cend crichi Bres ris in m-broscur sin. Agus nir gluais deridh a laech do'n laithir sin, an uair do gabutar in Gamanrad an greim cetna do na curadhaib re h-aithmela a techta tar bernaib baegail o m-buidnib.

¶220] Agus ro gabastar Meadb mesnech anbail uirthe o t'conairc rian conni reide oc na rigib. Agus do gab ag conngbail derid ar na deg-feraib. Do gabatar an Gamunrad ac tennad na tora go talchur do rochtain Meadba d'a mughucudh. Agus ni dechaid sin ar metacht na ar midlachas do Meidb, acht do congaib lorg go setrech ar na sluagaib no gor cuiretar-san feidm anbail uirthi, co nach fuair d'aitim481 no d'uaicnes o na h-ogaibh fedh a fuail do tabairt do tairisim, no gur guidestar Meadb maithi fer n-Erenn fa anumain aici no co tucais a fual. Agus tucatar maithi fer n-Erenn a n-aighti orthasan agus do fostatar tre cleth catha iad. Agus do toirling Medb gan furech ann sin; agus dorad a fual go fercach foregnech gur uó leca lomma lan-redi an laithir, agus gor dibraic a fer agus a tuind do'n talmain gach conair dar cuartaig, gor uó Lecan ainm an feraind agus in inaid d'a ési. Agus do chuaidh si i n-a carpat go h-athlamh ann sin, agus do indsaigh go sonairt a mesc na miled, agus do cuir illorc go cobsaidh in a h-inadh.

¶221] Do gluaisetar fir Erenn gan fuirech and sin, agus do {Column 98}gabutar an Gamanrad go dicrai i n-a n-degaid. Rucastar Domnall Dualbuide ortha and sin. Agus do gabastar faitches


p.210

mór maithi fer n-Erenn ac a faircsin, uair do iadatar an Gamannrad uile uime ar na fagbail i n-inaid imshlaidi agus imbuailti doibh. Agus mar do conncatar fir Erenn Domnall ac dluthugadh na deabtha, ro batar uile ag aithfir imaitbir ar Fergus fá'n comrac do rinne roime ris. Agus o d'cuala Fergus na fuigli sin ro gabh naire mór h-e fa gan Domnall do dingbadh do na deig-feraib, agus do guidh Fergus in Dubloinges go dícra imchalma do denam do dingbadh Domnaill. Agus ro cenglatar uili en comarle i n-a agaid, agus do badar ar ti atha482 d'fagbail air. Do luathaig Domnall in deabaid ac dol tar Ath na Feinned, agus do leic Fergus 'n a coinne sin h-e. Agus do feradar comloind re 'roile ar ur an Atha, co nach ruc aon duine d'feraib Erenn ar a n-edrain no go rabadar ag tuargain sciath a ceile san comrac. Agus do indsaig teglach Domnaill agus teglach Fergusa d'foiridhin a triath agus a tigerna. Agus do dinginadar na teglaigh sin fein a ceile sin comruc no go n-drochair cach dib comthoitim is in cath-irgal. Do gab Fergus agus Domnall ag furrach a ceile sa comloind a fiadnaise fer n-Erenn, co nar cuimgedar a charaid fedhm no fóiridhin le fer dib, go n-drochair Domnall do beimmenaib fortamla Fergusa. Agus ni mo ana do cum láir rainig an milidh an uair do b'eigin d'Fergus agus d' feraib Erenn a fhagbail gan fhadbadh483 is in inad ar thuit.

¶222] Agus do gluaisedar ar lorg na tana d'a toraigecht, agus ni uaradar an sluag riam roime eigen bud aidble ana in t-eigen fuaradar o'n tóraidh a traigh Ruis airgid uaithib. Agus gid eadh do fuilngetar gach echt agus gech esbaid do fuarutar no go tainic ur-dhubadh na h-oidchi d' a n-innsoige. Agus do gabsat longport a tuaiscert crichi Corainn go h-anbuainech an adaig sin, cor egen doib an Mael Flidaise do cengal do coirthi cloichi, gurab Tulach na Maili ainm na tulcha sin o soin ille. Do batar an Gamunrad 'n a timcell go tainic la


p.212

con a lan soillsi ar na sluagaib, gur uó comcumusc catha d'a {Column 99}curadaib ar techt an laei con a lán soillsi, gor bo suaill nar484 bo reim madhma d'a mor-sluagaib is in maighin sin, co nach rainic leo an Mael do taifnech do'n cairthi d'ar cenglad h-i.

¶223] Agus tuc Muireadach Mend mac Oilella aircis ar tossach na tren-sluag, gu fuair boegal ar Flidais con a banntracht and. Agus tocbais les h-i gan fuirech. Agus do leg na sluaigh seocha no co rainic go lar longpuirt fer n-Erenn no go fuair an Mael Flidaise a cengal do'n chairthi. Agus scaeiles gan fuirech di. Agus do cuir fesa d'innsoige na Gamunraidi d'a scur do'n scaindir agus d'a toirmesc do'n toruigecht. Agus da indis doib amail fuair Flidais agus in Mael Flidaise con a tanaidh. Do anadar an Gamunrad d'a n-oirlech ann sin, agus do toirnetar do'n tograim. Agus do imgidetar maithi fer n-Erenn agus Medb go Cruachain.

¶224] Do impo Muiredach Mend agus maithi na Gamunraidi agus Flidais con a bandtracht agus gon a bo-taintib siar rompo a fritheing na conaire cetna, no go rancatar go h-airm a n-dorchar Domnall Dualbuidi. Is amlaid fuaratar é agus drem d'a tairisib agus d'a fhir-muinntir 'n a fochair 'g a imcoimet. Agus do gabutar longport in a uir-timcell uili an adhaig sin. Agus do claeidhedar fert fodbaidh os a cinn go moch ar na maruch. Agus do rindi Muiredach Mend marbna do co n-dubairt:—

    1. Truag toisc Domnaill Dualbuide
      O Dun Tuaithi gan treisi;
      As i a toraidhécht ar tain
      Darat a dail gan desi.
    2. Nir dligh Domnall dánugud,
      Ar Dubloinges mor Medba;
      A thoitim as garb an gnim,
      Is meste a dil a n-derna.
    3. Nir an rinn Triath trén Irruis,
      Go tucmaeis les la baga;
      Mairc righ nar an re a fhedhnaibh,
      Re n-dol a n-debaid dana.

    4. p.214

    5. T
      [...]
      de Ailill re a athair,
      Ar na eguib tarfas
      [...]

      Go fuigbed bas
      [...]

      Gan tlas re h-occaibh.
    6. Oilill Find fer Flidaise,
      Ge fuair bas tre reim n-uaban,
      Mo ar s indsa Domnall do dith,
      Tre fich ocus tre uabar;
    7. Mairc da tarla in turas sin,
      Da n-dorchar milid muaidi;
      A beth gan anmain sin ar,
      Nocha n-e an tain gan truaighe.

      Truag.

¶225] Mar tairnic doib fert an cathmilidh do claeide agus a {Column 100}cairthe [...] do tocbail, do gluaisiter rompa co h-athlam ann sein co rangatar co h-Ath Leacan is in lo sin. Ro gabsat longport go h-ath-scith ann sin. Agus tancutar tar an echtuib agus tar an esbadaib, agus tar sgelaib na tana agus na toraigechta, conad air do raid an fili na roinn-si485:—

    1. Sunn tucad an debaid donn,
      Ro ba glonn os grenuic grinn;
      Ro ba ger grinn gibhis gann,
      Im tain bo flann Flidaise finn.
    2. Maith an Mael, fa mor a bann,
      Ba lor a lann os gach linn;
      Biatadh caoga mac madh n-glond,
      La tri cet laech lond dia linn.
    3. Ar tri do rannsat an sluagh;
      Sgaeilsit im an m-buar na mal;
      Trian im Laignib con a li;
      Trian Ulad do bi re h-agh.
    4. Trian im Connachtaib ar sin,
      Do bo trom ar tuil na fir;
      Ge do luaidhetar luadh fer
      Fuarutar sluagh mer ag muir.

    5. p.216

    6. Tarlaic an m-bo h-i forlar;
      Do tuit mor mal im an m-buar;
      Tarcatar di cuma tri;
      Nir erigh si fa an sluagh.
    7. Ann sin tainic Fergus fein,
      Dregan nem bras fa mor aibh;
      Do orrderc tes agus thuaith,
      Ro ses mar do buail an Maeil.
    8. Buailes Fergus an m-boin maeil,
      Cuma tri a fiadnaise in t-sluaigh,
      Gur clos a geminn sa geis,
      An er, tes, ocus thuaidh.
    9. Rigtech conglann is lam tren,
      Ro ba ger an forland fial;
      Cerbsat colna fa cra ruad
      Do'n t-sluagh tar abuinn a n-iar.
    10. Da rith cu Domnaill do a dun,
      Go caoga con dur 'n a diaid;
      Brisis carbat ran in righ;
      Marbais a ara fir fial.
    11. Gonais Fergas an soidh seing,
      Do'n ga grinn do luid tre cenn;
      Ar in achad os in glinn,
      Marbais eich Mic Róaigh ann.
    12. Ann sin tanic Domnall drol,
      Ocus ba forlonn an rail;
      Tucsat-san ar aein nert sin,
      Cet urcar a n-oeinfhecht air.
    13. Dobert Fergus oll-glonn úais
      Re Domnall n-glonnmar n-gris;
      Coiscet na sluaigh gan bres beim as;
      Tabraim gan tlas tres 'n ar n-dis.
    14. Do cumruicsitar ar in rai,
      Ar ba cumnart a n-gal n-gai;
      Ingnad gan fuil ar a clí,
      Ni frit guin ar cechtar n-aei.
    15. Amar do rubadh go trom,
      Agus do tubadh go tenn,
      Agus do budh luath, dar linn,
      Is in glinn a Cruaich na Cenn.

    16. p.218

    17. Do rith Meran tres in cath,
      Tanic sruthán tre n-a cruth;
      Do cluith cléth caeil, garb in crith,
      Do marb Leghan ar in sruth.
    18. Dorochair Bóinni do beinn,
      Agus nochar foil a gluinn;
      Ar slis sleibi fidaig Finn
      Taet do laim mic Liluich luinn.
    19. Do luaidset luag n-agha n-aill,
      Os
      [...]
      l ara luind;
      Gabsat longport n-glan oll
      Is in glinn os Aruind uill.
    20. {Column 101}Gabsat longport ar n-a fios,
      Ar in slis os tonn-port des;
      Cuirsit slogh ba fuigiull fis
      Re slis Locha Cuilidh cais.
    21. Robsat echtach na tuir triuin,
      Robsat crechtach uir an uaigh;
      B'uathmar an gnim do Mac Roich,
      Ba coir, ba cruthmar, ba cruaidh.

    22. [gap: extent: one line]


      [gap: extent: one line]

      Ar aen mag fa rit ar aen,
      Bedh 'n a aenar d'eis an t-sluaigh.
    23. Lotar ar n-elod ar n-dail,
      Rob imerghe gle mór gluair;
      Do lotar tre gredun n-gaid,
      Tar Ath Lecon, tar an Muaidh.
    24. Secht catha lin an t-sloigh ann,
      Im Fergus mac Roich ruscum;
      Doradsat debaid nar gann,
      Do na feraib nar fhann sund.

      Sunn.

¶226] Do rigsat an Gamunrad Muiretuch mend an inad a athar ann sin. Agus aderaid aroili eolaigh go raibi Flidais re h-athaid aicci ann sin, co n-dechaid a Loch Letrech fa diamhair di cleth, agus an Mael Flidaise léi. Agus ni fesa riam ó sin ale. Gurub h-i Táin bo Flidaise con a Toruighecht go ruici sin. Finit. Amen.