Corpus of Electronic Texts Edition
Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála (Author: [unknown])

section 40

NA H-AIRGIALLA

{folio 332c}NA H-airgialla immorro. It é ata nessom d'Uib Néill aithli Connacht. Fiacha Sroptene mc Corpri Liphechair is é senathair .h. Néil & Airgiall .i. Muridach Tirech mc Fiachach Sroptene is uad Ú Néill.

Eocho Domlén immorrop mc Corpri Liphechair sen Airgiall. Batar tri mc oca .i. na tri Colla. Is uadib atát .h. Meic Cuais & h. Crimthaind & Mugdornai & Airgialla. Fiacha Sroptene dí Eocho Domlen da mc Carpri Liphechair. Is for Fiachaig tra ro imriset trí mc a brathar .i. na tri Colla. in fingail. Conid h-í ind fhingalsain ro scar ríge h-Erenn fri claind Echach Domlén.

Is amlaid so immorro forcoemnacar ind fhingal. .i. Ba rí i Temair in Fiacha Sroptene amal atrubramar. Baí mc amra ace .i. Muredach Tirech. Is é ba tuarcnid catha nó flatha la Fiachaig. Uair ba h-ord issind amsirsin na teiged in rí fein issin cath acht a thuargnid ca nó flatha dia ráith. Luid iarum Muredach Tirech fecht and do raith a athar co sluagaib móraib imme i m-Mumain. Co tartsat fir Muman cath dó. Mebaid remi et dobert giallu Muman. Bái Fiachu Sroptene i foss colléic i n-Duib Chommair fri Taltin aness. Slúag dano laiside issin dúnud i m-bái. Sluag aile dano la trí mccu a brathar lasna tri Colla i telaig. Acht ba la Fiachaig tra batar uile.

In tan iarum tanic fis scél .i. mebsain ria Muredach. issed bái i m-bélaib cáich. Muredach Tirech is é adbar rig h-Erenn. Is andsin atbertatar na tri Colla. Cid dogenam. ro gab flaith rí Fiacha. 'Sed asbeir cách dano bid é a mc bas ri 'na diaid. ISsed as maith dún tabram cath don t-shenrígse. & techfid in sluagsa immuind. & ticfat chucaind riasiu tí Muridach. Et dobéram cath doside acht co tí.

Tiagair uadib co Fiachaig co brathair a n-athar assin telaig i n-araile. Fuacairthair cath fair uadib .i. ó mccaib a brathar. Bói drúi la Fiachaig. Dub Commair a ainm. Atbertsede ra Fiachaig. Conicimse duit maidm remut. acht atá so de. Mad romut máis dogena fhingail for mccaib do brathar. Bat rí fein iarum & níba rí nech dit chlaind co bráth. Mad fort maides dogentar fingal fort & is uait {folio 333a} Eocho Mugmedón .i. cerchaill bói mo a medón. amail chlicht fir cholnaig remair. medoin fir remui
[gap: illegible/extent: 1 letter]
. unde dicitur mugmedon.

bias flaith for h-Erinn co bráth. & ní bia óna tri Collaib flaith co brath. Toga de sin ol in drúi. Asbert Fiacha. Maidm forom & ríge dom


p.1455

shíl. Toethusa dano it arrad ol in drúi. Et bid é m'ainmse bias forsin chath do grés. Cath Duib Chommair is é ainm in chathasin. Marbthar iarum Fiacha issin chath.

Lotar iarum na Colla tri chét i n-Albain for teched ria Muridach. Gabaidside ríge nh-Erenn.

Dobert rí Alban gradugud mór dona Collaib ara laechdact. Batar tri bliadna i n-Albain. Imrádit tuidecht i nh-Erind. co n-dernad Muridach fingail forro. & co ructha díb int aire trom bói forro .i. ind fhingal.

Dollotar a triur na tri Collai cen choin cen gilla co m-batar i Temraig. Asbert in dorsaid fri Muredach. Atát na tri Colla forsind faidchi. Cid dogentar friu. Oslaic in les ol Muredach dús cid dogenat. Dollotar a triur co m-batar ar lár ind rigthige i Temair.

In filet scela lib ol Muredach. Friscart fer díb. Ni fhilet scela bud ansu duitsiu andás a n-dernsamni .i. guin t'athar. Adfetamarni chena na scéla h-ísein. Ni do dígde ém tancammarni ar na Colla. Is cumma dúib ol Muredach ní digeltar foraib. Mas da bar n-guin dodechabair ní ricfa ní int aire ro gabsabair. ni dingebsa díb. Is airbere maith sin do drochlaech ar na Colla. Atbert Muredach. Na bíd garbad foraibsi & robar-bia fálti. & cendsa.

Et bátar iar sin ré mór i n-degbrathirsi. Et is iat batar tuarcnide catha la Muredach Tirech na tri Colla. Et ba mór ind imseirc bói eturru. & in ríg.

Asbert Muredach iar sain risna Colla. Atchiu ro gabsat ililtnigud bes níbat córai diar n-éis. Scuchad cach o cheli úan. Et gebid imm amsirse oen na tire.

Asbertatar na Collai. Ca tír as assu latt do thabairt dúnni dit chumachtu co n-dernamni tír claidib dé. Ar ní batar oíc bad fherr indát na Collai. Atbert Muredach ergid for Ultu nidat gora dún.

Fianlaech mór i s-suidiu dona Collaib.

Lotar iar sain na Collai co Firu Ól n-Écmacht comtar daltai dóib & condagabsat.

Dollotar iar sain Fir Ól n-Ecmacht secht catha leo. Co m-batar la Ultu oc Carn Achaid Lethdeirg i Fernmaig. Ferait secht catha ón charnsin fri Ultu. Cath cach lái co cend sechtmaine. Sé catha Fheraib Ól n-Ecmacht. & in sectmad cath lasna Colla. Nomaided for Ulto cach oénlá. Cath na Colla in lá dedenach. Ni collad bág i suidiu. Geibthe in cath samlá & samadaig. co tánic fernu fuil. Atá i fail in chairn coll.


p.1456

{folio 333b}

Maidid iar sain for Ulto i tossuch in dara lathe. Téit a n-imguin co Glend Rige. Sechtmain dóib far sain ic slaide Ulad. Co n-dernad tír chlaidib don tír i tat Mugdornai & h. Crimthainn & cosna h-Airtheraib & h-U Meic Cuais. Is é Leth Cuind h-Ú Néill in descirt & h. Neill in tuascirt. & teora Connachta & Aírgialla .&c.

Colla Oss. ron-alt oss sedguine a quo .h Meic Uais. & h. Thurtri. Colla Mend o tát Mugdornai. Ron-alt Mennet Chruithnech & Mugdorn Dub de Ultaib. Mennet dano o tá Dál Mennet la Mugdornaib. Is díbside Mael Bresail mc Maeli Dúin.

Secht mc Mugdorn Duib. Dubruig a quo Dubraige oc Imliuch Chorcu Duib. Papa o tát Papraige la Cremthannu. Caira a quo Cairraige i Cuib. Sord a quo Sordraige la Crimthannu. Is uadibside Epscop Ibar for Fobrech. Art a quo Artraige. Inhomomon a quo Corco Inmend la Luigniu. IS uadibside in súi Lochene Mend.

Mesnophe a quo Sobraige la Mugdornu. Is uadibside Epscop Ethern i n-Domnuch Mór Maige Laithbe.

Colla Fochrich nó Fochri nó Ochre. mc Echach Domlen. & Élige ben Chrinden Cherdda. Torrchis Eochu do chind a céile co m-breth Colla de & conceltsi ar a céli. Et báiseom for altrom co cend .xx. m-bl. Asrin Eochu Domlen coicait bó di fora altramsom fri Crinnaind a r-réir Chormaic .h. Cuind. Ar is cach fuiche a mc mani chreder de. Conid de as Chondla Fochrith a ainm. nó Colla Fochrí daig dobered a mathair criaid fó chnama dia diamlugud eter mccu na cerdda. nó Conla Ochrae .i. Ochrae ainm ind aite rodn-alt.

Is ón Chollasain atát .h. Crimthainn & int Airther & h. Méith. Ar it é cethri mc Colla Fochrith .i. Find. díbad. Et Fiachra Cassan a quo int Airther. Rochad o tát .h. Chremthainn. Brian a quo h. Bríuin. Labraid a quo h. Labrada.

Sé mc la Crimthand .i. Eocho & Aed & Fergus Cendfhota a quo .h. Chendfhotai. Lugaid ó tá Leithrend. Muridach mc dóside Eochaid Amainsen o tát h. Meic Brócc. Eochaid Andgaine a quo Cland Slébine i Fernmaig et Cland Fhlannan. Oenmc la Eochaid mc Crimthainn .i. Cairpre Dam Argait.

A secht la Carpre Dam Argait .i. Daimine a quo Síl n-Daimine. Cormac o tát Cland Cormaic .i. Cland Lugan. Nad Sluaig o tát Cland Nad Slúaig .i. Fir Fhernmaige. Feradach o tat Cland Fheradaig. Fiacha o tát Cenel Fiachach. BRian o tát Lethrind. Sil m-Baetain. Aed. ISsed so Síl Corpri Daim Argait.

{folio 333c}

Noí mc Daimine .i. Conall o tá Lethrend Conaill for Doblu. Ailill a quo Leithrend [gap: illegible/extent: ? letters]. Lochan a quo Lethrend Lochain.


p.1457

Tuathal a quo .h. Thuathail. Daman laech. Daman clerech dibaid. Bennan Bec. Bennan Mór. AEd Uach. a quo Dál n-Oich int Shlébe.