Corpus of Electronic Texts Edition
Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála (Author: [unknown])

section 15

Cath Carn Chonaill

{MS folio 276b 25} DIArmait mac Aeda Sláne. Sinech Cró rod n-altsom. N o bertis Connachtai a búsi. Co tarat imchossait móir eter Diarmait & Gúaire Aidne Is and asbertsi.


    1. 36025] A Diarmait a mallchobair.
      uamain Gúaire fonfodair.
      {MS folio 276b 30} ar it anmand cloíthe cath
      tair chucund a duinebad.
    2. Leic do Diarmait na raid friss.

      36030] in cath ní héol n-irradais.
      denaid choirm do mar atá
      foid chucai dothaideba.
    3. Rúanaid asberthe co se
      frisseom ar mét a áne

      36035] indiu is lobrán i mMide
      {MS folio 276b 35} Diarmait mac Aeda Sláne.
    4. Trícha tinne tricha bó
      fuirec ceniuil ferguso
      icdaí dartaid i cind gait

      36040] ina forreith do Diarmait. A.
    5. Bet fir móir ar maccain bic
      co ti ar cobair co Grip.
      bid daim ríatai loíg ar mbó
      co tí cobair Diarmata. .A.
    6. A.


36045] {MS folio 276b 40} Ro hícc ní dissi im in chossaít. Dorat Diarmait láim dar Connachta co raimid riam for Guaire Aidne coro giallsaide dó fri rind cliadib.


p.1215

{MS folio 276b} Ar foracaib Cámine Indse Celtrado Guairiu nad gebad fri hócu.{MS folio 276b 45} Ar ro boí Cámmine tri thrath oc troscud for Guaire Aidne. Mad cóir la Dia or Cámmine in fer fil hi comthairisim frimsa niro
36050] thairise fri naimtiu. Dothaet d'aurgaire slechtaid do Chamini Doreilced in t-aurchorsa{MS folio 276b 50} or Cammín. Comlúath sin dano or Cámmine & doberat do réir. Is de asbert Cammin.

    1. I mbiat faibra fri faibra

      36055] {MS folio 277a} & findne fri afindne.
      bidit aithrech a Guaire
      clerchen fri tarlais tinne.
    2. Iar réir doarbart Mac
      fri hathlad úaire

      36060] cride Guaire fo chiunu
      inna triunu fo Gúaire

Taich dí Guaire for leith assin chath & a gilla. Ro gab in gilla{MS folio 277a 5} bratán riamnaige. ro fon & dorat do Gúaire. unde Gúaire dixit.

    1. Átlochur do Dia i n-etad

      36065] innocht dom feis hénecad
      rom buise adaig aile
      dombert .uii. mbú Mac Maire.

Dolluidseom do giall fri claideb do Diarmait. Maith or Diarmait{MS folio 277a 10} cid ara ndéine Guaire in rofeili ucut. Inn ar Dia fa in ar duine.
36070] Mad ar Dia dobéra ní innossa. Mad ar duine ni thibre ol atá co feirg & luinne.

Dotháet chucu. Ní damsa a Gúaire ol in drúth. Cingthe sechai. Ní damsa a Guaire ol in clam. Rot bia or Guaire. Focheirt a gaó dó{MS folio 277a 15} Ní damsa or a cheili. Focheirt in scíath in delg in mbratt in criss.
36075] Ni tam or Diarmait. Tair fon claideb a Guaire ol Diarmait. Ni dam


p.1216

{MS folio 277a} a Guaire or in ceile Dé An bic a Diarmait or Guaire co tall mo léni{MS folio 277a 20} dím don cheiliu Dé Maith or Diarmait ro giallaisiu do ríg aile .i. do Mac Dé. Aso mo giallsa duitseo im ol Diarmait. Slechtaidside do Guaire fo thrí Nip ancórai trá ol Diarmait co ndigis ar mo chendsa
36080] {MS folio 277a 25} do aenuch Thaillten. conat rogbat fir Herend do ríg & do chind athchomairc dóib. Is and asbert Sinech.,

    1. Cach mac tigirnd timchride
      tathut áirle limsa de.
      dote dessel in broga

      36085] laiss fuidell mo ruanada.
    2. Ní for braigtib dam ná bó
      clóithir colg mo ruanado.
      is for rigaib focheirt feit
      indiu in dubcend la Diarmait.

    3. 36090] {MS folio 277a 30} Guaire mac Colmáin in rí
      ro chacc for croíbu Aidní
      rolá bualta méit chind bó
      ar uamon mo ruanadó.
    4. Oro brecca broenán cró

      36095] léni ndendgorm nDiarmato;
      eirred fir cluas catha
      ní comtig cen illdatha
    5. {MS folio 277a 35} Oro brecca bróenan cró
      brunni gabra Diarmató

      36100] usce assa negar Grip
      ni lustai fri sacarbaic.
    6. O dolecther immasech
      cranna fianna for cech leth
      nipo decmaing caiseld cró

      36105] for crund a durn Diarmató

    7. p.1217

    8. {MS folio 277a} Oro sernatar gai bic
      i tossuch a n-immaric.
      is í dias cíta ric.
      {MS folio 277a 40} A gabair & Diarmait. A Diarmait.

    9. 36110] Adnuu ar Guare
      da rís Sinich co cruu.
      nicos faicéb la biu.
      ata biu com luu.
    10. Adnuu or sisi

      36115] ni ric Sinich co cruu.
      ní fil ócu cá himochaid
      cid na cid nacha fitir nuu.

{MS folio 277a 45} Luidseom iarum inti Gúaire do oenuch Thailten ar cend Diarmata. & míach argait leis dia thabairt do feraib Herend.
36120] Maith or Díarmait in fer dotháet chucaib. atethaid a indili oca thig. Is sárugud damsa truag vel thrén do chungid neich cucai.{MS folio 277a 50} Luidseom dí co mbuí for láim Diarmata. for foradaib bít and{MS folio 277b} a lláasin. Ni comtich nech ní chucaiseom. Bá machtad leiseom ón. Medón laí arnabárach. maith a Diarmait ar Guaire. Epscop do
36125] gairm chucumsa co tardsa mo choibsena dó Cid so ol Diarmait. {MS folio 277b 5} Cid nach mana éca latsu damsa a Diarmait. Áit i taat fir Herend etar thrúag & trén nad cunnig nech díb ní chucumsa. Ni raigebthar fort or Diarmait. miach argait duit sund út. Atá argat im limsa or Guare. Atraracht iarum & nos tairbir assa díb lamaib. & asberatsom
36130] {MS folio 277b 10} ba lethfota a lám ond uairsin oc rochtain na céli nDé Dogniat iarum ógsíd .i. Diarmait & Guare. & ro gabsat fir Herend inní Guare do chomairlid & do chind athchomairc dóib.


p.1218