Corpus of Electronic Texts Edition
Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála (Author: [unknown])
section 4
Connachta cid dia tá in t-ainm
- {MS folio 27a} Connachta cid dia tá in t-ainm.
3210] a eolcho Fáil re sírgairm;
in fail acaib túaid na tess
eolach aca fail a eolass.
- Mani fuil acaib uile
a eolcho bethad buide.
3215] dagena dúib dílsi rand
in t-eolach án Aed Ollbarr.
- {MS folio 27a5} Aed Ollbarr ollam Cruachan.
is Herend ní imnuathad;
iss é sluinnes síd re lá
3220] mar atá arin crich Connachta.
- Cond ca cumachtach rap ferr.
sósar molbthach mac Cetrend.
is hé ro gab rig can acht.
ar coiciud cendfind Connacht.
-
3225] Dobeired se ba slicht fír.
snechta nemi co nertbríg;
{MS folio 27a10} ar lár a thíri co tend.
tan tictis Túath De Danand.
- Craind & clocha in domain.
3230] da chur ind na urchomair;
ra loisced lór a chrúade.
re haidbriud oenuaire.
- Tess grene and dó fadéin.
ba hingnad re cach do chéin;
3235] ni derna druí dían ngarta.
a chobes do chumachta.
p.101
- {MS folio 27a} Doringni immarbáig n-aird.
re Túaith Dé Danand drechgairg;
co n-airgfed iat tolaib crand:
3240] 's na airgfitis a ferand.
- Arnabárach dádaig dó.
ra airg cách uili i n-oenló;
ra loisc ar mbreith a mbó tra.
a ndúni 's a ndindgnada.
-
3245] Mac mathar Cuind nír chlecht góe.
Dálach lethet cech lángóe;
{MS folio 27a 20} inund cumachta ros car.
inund úaill inund borrfad.
- Tecait fir Herend uili.
3250] co Dálach in degruiri;
da guidi co tísad leo.
coro chuired re Cond cóemgleó.
- Ragatsa lib imbárach.
cid duilig lim ar Dálach;
3255] act co fagbur feib as dlecht.
cach ní ari ndingen druidecht.
- {MS folio 27a 25} Tri chét da chrud cach elgga.
's íat aigfinda óidergga
a cascrad is celgg calma.
3260] can fascin can erlabra.
- Tabar a n-oi lib ille.
ar Dalach i n-óenbaile;
con n-eolór leo lathar nglond.
coro chuiriur cath is caemChond.
-
3265] Dobertar a n-óe uile.
i n-óenáitt i n-oenbuile;
{MS folio 27a 30} cor gab don maig i mbuí in slúag.
coro leg in snechta sirbúan.
p.102
- {MS folio 27a} O sain immach is Mag nOí.
3270] in magsain can imargoí;
is on dáilsin dían in smacht.
atá coiced Ól nÉcmacht.
- Condsnecta ó snechta Chuind.
is ó fertaib co halaind;
3275] A hséin dúib. aní dia tá.
Connachta for Connachta. Con.
p.103