Is é is cométa ann (do réir feallsamhnacha iomráidhte) .i. deathaighe glan-dhealracha, teodha, tiorma (dá ngoirthear exhalationes) tarngtar le teas iomarcach na gréine chum réigiún uachtarach an aeir; agus annsin ó bheith chomh gar agus sin don eilemeint eile na teineadh, agus an t-aer dá ngluasacht, lasaidh siad, agus a réir mar bhíos tiugh nó tana mairidh gan spréidheadh. Cialluighidh na comharthaidhe so, nó na cométa so, do réir na n-ughdar céadna, droch-chinneamhna, mar atá cogtha, imreasna, gorta, dioghbháil, plágha, agus bás prionnsaidhe agus daoine comhachtacha. Tugthar aire gur do réir foirm agus dath na gcométa aitheontar na neithe chialluighidh siad, agus na h-éiclipsigh do réir a ndatha. Mar sin, más dubh an cométa nó an t-éiclips, agus é dar leat glas-uaithne, biaidh do nádúir Saturnus; agus mar sin cialluighidh bás, plágha, fuacht mór, sioc, agus sneachta, aer dorcha, stoirm, gaotha corr-thuaithbhil, crioth-talamh, díle, agus gorta. Más bán-dearg an dath biaidh do nádúir Iupiter, mar sin cialluighidh bás ríogh agus duine chomhachtaigh. Is é foirm na cométa so a bheith mór, cruinn, agus do ghnúis daonda mar dh'eadh. Más dearg lasamhail a dath, agus earball fada uirre, biaidh do nádúir Mars; agus más san áird shoir a bhias, agus a h-earball suas ós a cionn, cialluighidh san áird shiar gorta mhór, cogadh, crioth-talamh, díoghbháil
Do bhrigh go measaim go bhfuil mórán dar maith fios d'fhagháil créad is adhbhar do na laethibh madramhla so, nó créad an uair thosuigheann siad agus chríochnuigheann siad, foillseocham go h-aithghearr na trí neithe sin. Gheibhthear, maseadh, insa h-ochtmhadh spéir, dhá constellatio .i. dhá chompall do réaltaibh dá ngoirthear
Scríobhaidh an t-ughdar Diaferes, más in Aries bhias an ghealach an lá thosuigheas an Canicula, go mbia san bhliadhain 'na dhiaidh mórán uisce, beagán cruithneachta, iomadamhlacht don ola, gidheadh bás áirnéise. Más i d Taurus bhias an ghealach an lá sin, biaidh an cruithneachta gann, mórán fearthanna, cloch-shneachta, bliadhain shaotharach agus anróiteach. Más i nGemini bhias, biaidh an t-arán, an fíon, agus na tortha líonmhar; acht biaidh na h-aicídeacha mar sin. Más i g Cancer, biaidh an cruithneachta agus an t-uisce gann. Más ann a Leo,
Ionnas go dtuigfidhe an clár so go soiléir, is riachtanach fios d'fhagháil ar an uimhir óir na bliadhna in ar mian teacht agus lán na gealaighe d'fhagháil gacha mí; agus féachthar sin san gclár insa gcéad colamhain de thaoibh na láimhe clé, agus as a comhair sin chum na láimhe deise, coimhfhreagarach don mhí in a mbia, gheabhthar teacht agus lán na gealaighe, .i. an lá agus an uair i dtiocfaidh agus i mbia lán; ag tabhairt aire go gciallann an litir .M. an mhaidin, agus an litir .T. an tráthnóna, agus go gciallann .con. teacht na gealaighe ón fhocal conjunctio, adeirthear amhlaidh sin do bhrigh go mbí an ghealach agus an ghrian fón am sin i bhfogas dá chéile i n-aon-chomhartha. Foillsighthear so le h-eisiomláir, agus fiafruighim ca h-uair thiocfas an ghealach i mí May insa mbliadhain so 1694; agus adeirim, do réir an chláir, go dtiocfaidh ar a 24 lá agus 4 huaire tráthnóna; óir is é 4 an nuimhir óir, agus ós a comhair sin do-gheibhim an 24 lá agus 4 h-uaire do mhí May, amhail agus atá sonnruighthe ós a cionn etc., agus adeirim go raibh an ghealach roimhe sin lá ar a 9 lá agus 11 uair ar maidin don mhí céadna, agus mar sin for sna míosa eile. Agus tugthar aire go bhfoghnann an clár so don domhan uile, le baint de nó le cur leis difer nó eidirdhealughadh an mheadhón lae so na Valencia; agus mar sin cuirfeam sin síos annso ar áitibh agus ar chathrachaibh áiridhe, chum gur fearrde measfaidhe na talta eile leo; ag tabhairt aire go gciallann, insa gclár eile romhainn, an litir .B. buain de, agus an litir .C. cuir leis, agus go gciallann an líne so () leath ceathramhan do uair.
[An clár fágtha ar lár.]
Is riachtanasach ceithre neithe do thabhairt fo deara chum na fola do tharraing .i. an aimsir, an aois, an gnás nó an cleachtadh, agus complex an duine. Tairis so adeir Avicenna gur cóir aire do thabhairt do dhá uair taoibh na fola, .i. uair riachtanasach, agus uair thoileamhail, .i. an uair tarraingthear an fhuil chum coimhéada na sláinte; agus is í uair is fearr chuige sin .i. in aimsir te, mar atá, tar éis éirghe don ghréin, agus díleaghadh do dhéanamh ar an
Is riaghail coitcheanna is gnáthach ag na liaighibh foghlumtha gan an leigheas scaoilteach do dhéanamh i dteas iomarcach an tsamhraidh, nó i bhfuacht mór an gheimhridh, amhail agus adeir Hipocrates in quinto aphorismo, particula 4.: Sub cane et ante canem molesta sunt pharmacia, et medicamentorum usus difficilis. Adeir mar an gcéadna in liber de aere, aquis, et locis nach maith leigheas do dhéanamh san aimsir mhórchlaochlódhaigh, mar atá cauteria, síneadh láimhe, nó leigheas ar bith; agus fós gan a dhéanamh i n-aimsir na Solstitia agus na n-equinoxia; agus atá na h-aimsireacha so agus an breathnughadh astrologthach so ionmheasta, ar mhodh go ndubhairt Hipocrates in liber epidemiae, Hujusmodi medicus est qui astrologiam ignorat nemo, etc., .i. nach liaigh an té bhíos ainbhfiosach insan ealadhain dá ngoirthear astrologia. Is é is fearr, maseadh, insa mbliadhain chum purgóide .i. an t-earrach do na daoinibh neimh-riachtanasacha. Ní maith purgóid do ghlacadh, nó fós fuil do scaoileadh, an lá thig an ghealach; agus mar an gcéadna an lá roimhe sin agus an lá 'na dhiaidh. Ní maith fós purgóid do ghlacadh an tan bhíos an ghealach i gcomhartha do-ghní athchongnamh, mar atá Aries, Taurus, agus Capricornus, do bhrigh nach a chongbháil
[Ó do fhoillsigheamar an t-am is olc tarraing na] fola, in iomchubhaidh annso do fhoillsiughadh an t-am in ar maith a tarraing, ionnas go mbiaidh tarbhach agus folláin. Do lucht an leanna ruaidh, is folláin dóibh a bhfuil do tharraing an tan bhíos an ghealach insna comharthaidhibh uisceamhla, mar atá Cancer, Scorpio, agus Piscis: go speisialta insna 15 gráda déidheanacha dhíobh. Do lucht an leanna fhinn, is maith an tan bhíos an ghealach i gcomharthaidhibh teodha nó teineamhla (acht amháin Leo), mar atá Aries agus Sagittarius. Do lucht an leanna duibh, is maith an tan bhíos an ghealach i gcomharthaidhibh aereamhla (acht amháin Gemini), mar atá Libra agus Aquarius. Do lucht an leanna deirg, is maith an uile uair agus an uile chomhartha in a mbiaidh an ghealach, má choimhéadtar na riaghlacha leighis agus astronomicthe tugamar cheana.
Más mian le duine tinn créad is críoch dá thinneas, féachadh ca mhéad lá do-chuaidh thort ón ló do thosuigh na laethe madramhla, insa talamh i mbia, gus an lá do ghabh a thinneas (inclusive), agus de sin baineadh an uimhir 36 gach uair is féidir; agus an corrlach bhias de, féachadh sin san gclár so rómhainn, agus foillseochaidh an litir atá ós comhair na h-uimhre sin críoch an tinnis; ag tabhairt aire go gcialluigheann an litir so (M) an bás, agus an litir so (V) a bheith beo, agus [...] litir so (L) tinneas fada agus saotharach; agus an uimhir ná biaidh litir ós a comhair, cialluighidh nach feas an bás no beatha dhó: agus tugadh an léightheoir cúirialta aire don riaghail so.
Adeir an t-ughdar Guido Aretinus bainne mná do rug mac do chur i n-uisce an duine thinn, agus má tháthuighid sin fria chéile is comhartha dearbhtha go dtiocfaidh ón tinneas sin; acht má theagmhann a chontrárdhacht is comhartha báis é.
Adeir an t-ughdar Bernardus Granullachs, in sua cronographia, deor d'fhuil an duine thinn, go grod tar éis a tarraing, do leigean síos ann a soitheach i mbia uisce ro-ghlan; agus má théid sin gan spréidheadh tríd an uisce, is comhartha go dtiocfaidh; acht má spréidheann for an uisce, agus fuireach ar uachtar, is comhartha báis é.
Ní féidir a shéanadh go n-oibrigheann agus go n-adhbharuigheann na réalta agus na coirp flaitheasacha eile claochlódh mór insna corpaibh daonda agus talmhaidhe; agus mar is í an ghealach réalt agus plainéid is mó do-ghní sin, ó na beith níosa fhoigse dhúinn agus níosa chlaochlódhaighe innte féin iná na réalta eile, adeir ar an adhbhar sin Nicolas Florentinus, chum go n-aitheontar críoch an tinnis nádúrtha, dhá nidh do thabhairt fo ndear .i. fios cinnte ar an lá go ghabh neach tinneas, nó in ar mhothuigh é féin neamh-shásta do thaoibh an tinnis; agus an dara nidh .i. fios dearbhtha ar an lá do tháinig an ghealach in a mbia. Annsin féachadh na laethe do-chuaidh thort ó theacht na gealaighe gus an lá do ghabh a thinneas, agus ríomhthar iad inclusive, agus féachadh an uimhir sin insa gclár so romhainn, agus ós comhair na h-uimhre sin ghéabhthar amach créad bhus críoch don tinneas sin. Acht tugthar aire, gidh go ndéan na plainéididhe go nádúrtha an claochlódh so insna corpaibh talmhaidhe, gur féidir le Dia sin do thoirmeasc, óir atá uile-chomhachtach; agus, ionnas go dtuigfidhe so, cuirim i gcás gur ghabh neach tinneas ar a seiseadh lá do Februarius agus go dtáinig an ghealach ar a 29 lá do Ianuarius; ríomhaim na laethe sin inclusive, .i. lá do Ianuarius do chur i gcionn na sé lá do Februarius, agus do-ghní sin naoi lá. Féachaim an uimhir sin san gclár, agus gheibhim ós a comhair .i. tinneas trom neamh-mharbhthach. Le so tuigfidhthear an clár uile.
1. Má ghabhann neach tinneas an lá thiocfas an ghealach, biaidh i mbaoghal go nuige an 14, 21, agus 28 lá; acht 'na dhiaidh sin cialluighidh sláinte.
2. Annso: cialluighidh contabhairt roimhe an 14 lá; 'na dhiaidh sin biaidh níosa fhearr.
3. Annso: tinneas aithghearr neamh-shaotharach.
4. Annso: tinneas ro-chontabhairteach go nuige an 21 lá; acht má thig uadh sin biaidh slán.
5. Annso: tinneas saothrach neamh-mharbhthach.
6. Annso: cialluighidh muna raibh slán go h-aithghearr go mbiaidh tinn saotharach; acht ar a 5 lá don ghealaigh eile biaidh slán.
7. Annso: biaidh slán go h-aithghearr.
8. Annso: muna raibh slán faoi 12 nó 14 do laethibh, biaidh i mbaoghal.
9. Annso: tinneas trom neamh-mharbhthach.
10. Annso: contabhairt roimhe an 15 lá.
11. Annso: bás nó beatha go h-aithghearr.
12. Annso: muna raibh slán roimhe an 15 lá, ghéabhaidh sé bás.
13. Annso: tinneas mór-shaotharach go nuige an 18 lá, agus má thig uadh sin biaidh slán.
14. Annso: biaidh tinn 15 lá, acht 'na dhiaidh sin tiocfaidh ar a aghaidh.
15. Annso: muna raibh slán faoi 4 lá, biaidh i gcontabhairt báis; nó, mar adeir ughdar eile, rachaidh go doras an bháis.
16. Annso: biaidh tinn go nuige an 18 lá agus má tig uadh sin biaidh slán.
17. Annso: má théid tairis an 18 lá, biaidh slán.
18. Annso: muna raibh slán go haithghearr, biaidh i bhfad tinn agus i mbaoghal.
19. Annso: biaidh slán go h-aithghearr, má ghéabhaidh deagh-riaghlughadh.
20. Annso: biaidh i mbaoghal go nuige an 6 nó an 7 do laethibh, agus má thig uadh sin biaidh slán.
21. Annso: muna bhfuighe bás faoi 10 lá, biaidh slán le teacht na gealaighe.
22. Annso: faoi 10 nó 12 do laethibh biaidh slán.
23. Annso: biaidh slán san mhí eile ar éigean.
24. Annso: muna raibh slán faoi 22 lá, nó le teacht na gealaighe eile san mhí eile, biaidh i mbaoghal.
25. Annso: muna bhfuighe bás faoi 6 lá, biaidh slán; gidheadh, le saothar.
26. Annso: tinneas trom contabhartach.
27. Annso: tuitfidh ón tinneas sin ann a dtinneas eile.
28. Annso: contabhairt roimhe an 21 lá.
29. Annso: as a chéile ghéabhaidh sláinte go fadálach.
30. Annso: tinneas saotharach, acht le deagh-fhritheolamh biaidh slán go h-aithghearr.
Gach uair nach féidir neithe goidtear, cailltear, nó théid ar seachrán d'fhoillsiughadh go nádúrtha, tré bhrigh na réalt; agus fós an tan bhíos an tinneas urchóideach, ar mhodh nach feas créad is críoch; is maith an nidh aghaidh do thabhairt ar Dhia agus ar a naomhaibh, do bhrigh go dtug Dia comhachta dhóibh oibriughadh nádúrtha do thoirmeasc,