Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Corpus Astronomiae, being Manus O'Donnell's seventeenth century version of the Lunario of Geronymo Cortès (Author: [unknown])

Caibidil 5

An 5 Caibidil

Fhoillsigheas cáilidheachta an dá chomhartha déag flaitheasacha

Insa naomhadh spéir (dá ngoirthear chrystalinum) measaidh na hastronomicthe circulum .i. fáinne cruinn, dá ngoirid zodiacum, do 360 gráda ar fad, agus do 12 ghráda ar leathad; agus rannaid so 'na dhá chuid dhéag chothroma, dá ngoirthear an dá chomhartha dheag flaitheasacha, agus atá in gach comhartha díobh so 30 gráda; agus is é is anmanna do na comharthaibh sin .i. Aries, Taurus, Gemini, Cancer, Leo, Uirgo, Libra, Scorpius, Sagittarius, Capricornus, Aquarius, agus Piscis. Tugadh na h-anmanna so dóibh taoibh na gcáilidheachta do-bheir na comharthaidhe so do na créatúiribh an tan théid an ghrian ionnta. Goirthear anmanna eile díobh .i. teach na bplainéididhe, do bhrigh an tan theagmhas plainéid in a comhartha díleas féin (.i. in a teach féin) bídh níosa neartmhara agus níosa bhríoghmhara iná an tan bhíos ann a gcomhartha eile; agus is é fad gach comhartha dhíobh 273870047 léagadh, agus atá do leathad ag gach comhartha díobh 22818258 léagadh; agus más mian fios d'fhagháil ar thighthe na bplainéid, inneosam sin go h-aithghearr; óir is é an comhartha dá ngoirthear Leo teach na gréine, Cancer teach na gealaighe, Cap. agus Aquarius tighthe Saturnus, Piscis, agus Sagitt. tighthe Iupiter, Aries agus Scorp. tighthe Mars, Libra, Taurus tighthe Venus, Gemini agus Virgo tighthe Mercurius. Na comharthaidhe so, an tan théid an ghrian ionnta, bídh claochlódh cáilidheacht aice do réir nadúir gacha comhartha, amhail agus mar foillseochar in a áit féin; agus mar an gcéadna foillseochar cáilidheacht agus seicréid nádúrtha na dtighthe so, nó na gcomharthaidhe so, agus na neithe adhbhraidh siad insna daoinibh tinne nó easlána an tan théid an ghealach ionnta.


p.124

— Do cháilidheacht an chomhartha Aquarius in a dtéid an ghrian ar 21 Ianuarius

Is é is deilbh no fíoghair do-bheir na h-astronomicthe don chomhartha so .i. deilbh duine ag dortadh uisce as soitheach; gidheadh ní fá bheith mar sin ann féin (óir ní fhuil ar éan-chor), acht fón iomarcach uisce thuiteas. Is é is cáilidheacht an chomhartha so te fliuch, agus is adhbhar é do theas agus do thiormlach go mí-mheasardha. Atá sé ro-dhíoghbhálach, óir do-ghní coruipsion ar an aer, agus dioghbháil mar sin do na plantaibh agus do na neithibh fásamhla.

Do théid an ghrian insa gcomhartha so ar an 21 lá do Ianuarius go coitcheannta .i. an 11 lá annso i n-Éirinn don mhí chéadna (tugtar aire go bhfuil an leabhar so ar nós an Phápa uile; gidheadh, is féidir sochar do bhaint as annso, ag dearcadh ar difir deich lá d'aimsir eatorra go nuige an bhliadhain 1700, agus ó shin i leith atá difir 11 lá déag eatorra). Atá an comhartha so aereamhail, feardha, laetheamhail; atá 'na thigh laetheamhail agus 'na ullghárdas ag Saturnus, agus 'na dhíoghbháil oidhcheamhail ag Sol. Atá stiúradh ag an gcomhartha so ar na probhinsibh Aragon, Bohemia, Saxonia, Aetiopia, Dalmacia, Arabia, Sodiana, Azania, Piamonte, agus India. Ar na cathracha Constancia, Ierusalem, Urbino, Pavia, agus Monserato; insa Spáin ar na cathracha Zamora, Medina, Valencia agus Sevilla. An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so biaidh do phearsain meadhonaigh, deaghlabharthach, deaghrúnach, deaghchroidhtheach le dol ar aghaidh insa nidh chuirfeas roimhe: cialluighidh go bhfuighe buille d'iarann agus contabhairt taoibh uisce: biaidh claon chum siubhail for talta coimhidhtheacha, agus rachaidh níosa


p.126

fhearr dhó ria a thalamh féin: cialluighidh má fhilleann go mbiaidh sona saidhbhir; acht tugadh aire gan fearg do ghlacadh, óir budh dhíoghbhálach dhó; in certo quodam anno erit in dubio vitae suae, do bhrigh go gcialluigheann dó aicíd urchóideach roimhe na 30 mbliadhna; agus má thig uadh, cialluighidh do réir a nádúire agus a chomplex 58 bliadhna do shaoghal. Más bean beirfidhthear faoi, cialluighidh a beith déanmhasach, measamhail uirre féin: biaidh i gcontabhairt báis, agus tairis sin uair eile taoibh uisce. Ní chaithfidh go h-urusa a h-éadáil, agus ghéabhaidh fo mheadhón a h-aoise a saoghal níosa fhearr: gidheadh roimhe na 38 mbliadhna cialluighidh dhí dhá aicíd; an chéad aicíd i gcionn 34 mbliadhain agus an aicíd eile i gcionn 35 mbliadhain; agus má thig uatha, cialluighidh dí go nádúrtha 82 mbliadhna do shaoghal.

Do cháilidheacht an chomhartha Piscis in a dtéid an ghrian ar an 19 do Feb.

Is é is fioghair agus deilbh tugthar don chomhartha so .i. dhá iasc; ionnas mar is é nádúir an éisc do bheith fliuch agus insan uisce do ghnáth, mar an gcéadna, anuair théid an ghrian insa gcomhartha so, bí an aimsir fliuch agus uisceamhail. Atá an comhartha so banda, oidhcheamhail, uisceamhail, agus coitchionn ag an geimhreadh agus an earrach. Atá do nádúir fhuair fhliuch; dá bhrigh sin is adhbar é do fhuacht agus do fhliuchnas mí-mheasardha, do-ghní díoghbháil do uisce na n-aibhneach, na dtobar, agus na locha; óir do-ghní corupsion ionnta. Is é an comhartha so tigh oidhche agus lae do Iupiter, árdughadh do Venus, tuitim agus dioghbháil oidhche agus doilgheas do Mercurius. Atá Mercurius stiúradh ag an gcomhartha so ar na probhinsigh, Persia, Hibernia, Normandia, Portugallia, Lidia, Cicilia, Pamphilia,


p.128

Garamantes, Mesamenes. Ar na cathrachaibh Colonia, Agrippina, Venecia, Ratisbona, agus Alexandria. Insa Spáin, ar na cathrachaibh Orense, Santiago, agus cuid do Sevilla. An fear beirthear faoi an gcomhartha so, bí sé dúlmhar i dtaltaibh coimhthigheacha, agus siubhal for uisce; bí do mhór-ghoile agus dá thaoibh sin biaidh i gcontabhairt báis muna gcuidighibh a phlainéid fris: biaidh sé tostach; cialluighidh aicíd dó i gceann a 15 mbliadhna, agus aicíd eile i gcionn a 30, agus an treas aicíd i gcionn a 38 mbliadhna do shaoghal; agus má thig asta, is nádúrtha dhó 65 bliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi, bí sí diadha, macánta, agus náireach; acht bí sí tuirseach do thinneas na súl agus do Suffocatio matricis: cialluighidh go bhfuighe urchóid taoibh teineadh, agus go mbiaidh tinn i gcionn a 12 bliadhain, agus uair eile i gcionn 20 bliadhain agus 21, agus uair eile i gcionn a 30; acht cialluighidh do shaoghal dí 59 bliadhain.

Do cháilidheacht an chomhartha Aries, in a dtéid an ghrian an 21 Lá do Mhárt

Is é is fioghair agus deilbh bheirthear don chomhartha so .i. reithe. Atá do nádúir na teineadh, te, tirm: mar sin do-bheir teas agus tiormlach go measardha. Atá sé laetheamhail, gluasachtach, agus feardha. Is é is tigh do Mhars, árdughadh do Sol, tuitim do Saturnus, agus díoghbháil do Venus: téid an ghrian ann ar a 21 do Mhárt agus annsin thosuigheas an chéad equinoxium in ar b'ionnann fad don lá agus don oidhche. Atá á stiúradh ar na probhinsigh: Anglia, Gallia, Alemania, agus ar an Polonia Minor. Ar na cathracha: Florencia, Napoles, Patavia, Fauencia, Craconia, Inmola, Pergamo. Insa Spáin, ar Zaragoza, Tortosa, agus Valladolid.


p.130

An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so, bí sé intleachtach, eagnaidhe, do intinn mhórdhálaigh; gidheadh, bí sé cainteach, so-fheargach, acht so-thraothach. Is dual dó a bheith ag labhairt fris féin, gan bheith ro-shaidhbhir nó ro-bhocht, coinghiollach fris na daoine muinteardha: biaidh aige re dtiocfaidh mortuorum causa; cialluighidh go mbiaidh comhartha sonnradhach ar a chorp, agus go bhfuighe a bhualadh ó bheithidheach ceatharchosach, agus buille eile d'iarann; acht fa dheoidh, biaidh mí-fhortúnach anróiteach. Biaidh sé tinn i gcionn 22 bliadhain, agus má thig uaidh, annsin forsan ducet uxorem, agus ghéabhaidh do réir a nádúir 75 bliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi, biaidh feargach, agus ro-bheo agus bras i ngníomharthaibh, taithneamhach do réir meas daoine eile; gidheadh, cialluighidh má phósann go mbiaidh 'na baintreabhaigh, agus go mbiaidh aicíd uirre fo na ceann nó fo na glún ro-chontabhairteach ó na seacht mbliadhna d'aois go 12, acht go bhfuighe do shaoghal nádúrtha 49 mbliadhna. Cialluighidh an comhartha so don mhnaoi agus don fhear go dtiocfaidh dóibh a bheith ro-bhocht, gidheadh go mbiaid sin i neamh-riachtanas tré na ndeaghshaothar féin.

— Do cháilidheacht an chomhartha Taurus in a dtéid an ghrian ar an 20 lá do Aprioll

Is é is fioghair nó deilbh bheirthear don chomhartha so .i. tarbh. Atá do nádúir thalmhaidhe, fhuair, thirm: adhbharaidh sé fuacht agus tiormlach gidheadh measardha, ó dtig na neithe mothuigheacha geineamhain, agus na neithe fásamhla fás, re dol don ghréin ann. Atá an comhartha so oidhcheamhail, banda. Is é is tigh do Uenus, agus a h-ullghárdas, árdughadh do Lúna, agus díoghbháil agus doilgheas


p.132

do Mhars. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Persia, Media, Suycia, Asia Minor, Hibernia, Aegypto, Armenia, agus Cyprus. Ar na cathrachaibh .i. Capua, Salerno, Bolonia, Sena, Verona, Ancona, Treveres, Parma, Mantua, agus Palermo. Insa Spáin, ar Gitona, Osca, Toro, Badajoz, Astorga, agus Jaen. An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so, biaidh sé dána, borb, díomsach, agus do chroidhe árd-uaibhreach; claon chum a thalamh d'fhágbháil agus siubhail for thalamh coimhightheach, le dtiocfaidh dhó níosa fhearr, agus má phósann go bhfuighe nidh le na mhnaoi. Biaidh sona agus i stáid cheannasaigh: cialluighidh go bhfuighe a lot ó mhadraibh agus contabhairt taoibh uisce, agus thairis sin muna dtugaidh aire go bhfuighe infortunia mulierum causa, agus go mbiaidh tinn i gcionn 12 mbliadhain agus arís ag 30, agus uair eile ag 40, agus má thig uatha sin go bhfuighe go nádúrtha 64 bliadhain do shaoghal. An bhean beirthear faoi, cialluighidh go mbia ro-ghnóthach, cúramach fa neithibh saoghalta, críochnamhail, claon chum talta coimhthigheacha: biaidh clannmhar mór-mhacach et plures indicat ei habere maritos. Cialluighidh tuitim do nidh árd, agus tinneas i gcionn 16 bliadhain, agus uair eile ar a 33. Geallaidh an comhartha so go nadúrtha 66 bliadhain do shaoghal.

Do cháilidheacht an chomhartha Gemini in a dtéid an ghrian ar an 21 do May

Is é deilbh nó fioghair bheirthear don chomhartha so .i. dias leanbh ag fáscadh a chéile so ro-mhuinteardha, ag ciallughadh macántacht na h-aimsire an tan théid an ghrian ann. Atá an comhartha so do nádúir aereamhail, te, fliuch; mar sin atá oileamhnach chum na neithe fásamhla. Is é is tigh do Mercurius, díoghbháil agus


p.134

doilgheas do Iupiter. Atá sé feardha, laetheamhail, agus atá té tirm san earrach go coitcheann; acht go bhfuil tirm annsin go measardha. Atá stiúradh ag an comhartha so ar na probhinsigh .i. Hircania, Cyrenaica, Marmatica, ar chuid don Égipt, Armenia, Margiana. Ar na cathrachaibh .i. Trento, Cessena, Uiterbo, Norumberga, Bruxas, Leon na Fraince, agus Maguntia. Insa Spáin, ar Ciguenca, Moruiedra, Cordoua, agus Talauera. An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so bí sé deaghchroidheach, fial: bí claon chum talta eile agus siubhail ionnta; biaidh saidhbhir, agus seasmhach insna neithe gheallfas, biaidh dúthrachtach, agus i gcontabhairt taoibh uisce: budh riachtanacht dó e féin do sheachnadh ar mhadraibh gaoithe, agus taobhaim ris a bheith coimhéadach air féin, óir cialluighidh go mbeith ro-chneadhach, agus go mbiaidh tinn ceithre h-uaire sul thiocfas chum 30 mbliadhna, agus má thig uatha go mbiaidh níosa fhalláine, agus go bhfuighe 68 mbliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi, biaidh ro-choinghiollach, agus i ndeaghmheas daoine eile, agus biaidh claon chum pósadh; glacfaidh sí doilgheas agus cathughadh fa éagcóir do dhéanamh uirre, agus ní bhiaidh ó easláinte, agus ghéabha 62 bliadhain do shaoghal nádúrtha.

Do cháilidheacht an chomhartha Cancer in a dtéid an ghrian ar an 22 do Iune

Is é is fioghair agus deilbh bheirthear don chomhartha so .i. iasc áiridhe dá ngoirthear Cancer, agus atá do nádúir uisceamhail, fuar, fliuch, banda, oidhcheamhail agus gluasachtach; do bhrigh an tan théid an ghrian ann claochluighidh an aimsir chum taisligh agus fuachta measardha, ionnas go mbí oileamhanta. Is é is tigh lae agus oidhche don ghealaigh, árdughadh do Iupiter, díoghbháil do Shaturnus, agus tuitim


p.136

do Mhars. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Numedia, Olanda, Noruegia, Selanda, Bithonia, Burgundia, Scocia, Rhodas, Lidia, Etiopia, Africa, Colgis, agus Phrigia. Ar na cathrachaibh .i. Constantinopla, Milano, Pisa, Luca, Uenecia, Tunes, agus Genoua. Insa Spáin, ar Compostela, Lisbon, Granada, agus Barcelona. An fear beirthear faoi bí do phearsa mheadhonaigh, súgach agus umhal: cialluighidh go bhfuighe saothar taoibh an dlighe, agus go mbia claon chuige sin agus chum cás duine eile do chosnamh, agus go mbia ro-chaithmheach. Cialluighidh contabhartacha taoibh uisce, teineadh, agus iarainn; agus go mbia dána, deaghmheasta. Cialluighidh dhó mion-aicídeacha, agus go bhfuighe do shaoghal nádúrtha 73 bliadhna. An bhean beirthear faoi, biaidh dúthrachtach, deaghghnóthach, obann chum feirge agus chum teacht as, so-bhuidheach, so-ghrádhach: clann líonmhar agus buartha umpa. Cialluighidh go bhfuighe tuitim do nidh árd, agus go bhfuighe neithe foluightheacha acht beag-luachach: biaidh folláin agus ghéabhaidh do shaoghal nádúrtha 70 bliadhain.

Do cháilidheacht an chomhartha Leo ina dtéid an ghrian ar an 23 do Iuly

Is é fioghair thugthar don chomhartha so .i. Leomhan. Atá do nádúir te tirm go h-iomarcach, feardha, laetheamhail, comhnuidheach; do bhrigh anuair théid an ghrian ann bhí an teas iomlán seasmhach, agus is adhbhar scrios agus críonuighthe do na neithibh fásamhla. Is é is tigh oidhche agus lae do Sol, díoghbháil agus doilgheas do Saturnus. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. cuid do Sicilia, agus cuid do Apulia, Bohémia, agus cósta na Fairge Deirge, Caldea, Italia, Grecia, Turcia, Proponto, Alpes, agus Macedonia. Ar na cathrachaibh .i. Roma, Rauena, Cremona, Usma, Creton, Damasco, agus Praga. Insa Spáin


p.138

.i. Murcia agus Leon. An fear beirthear faoi, biaidh deagh-chumtha, sciamhach, mór-chroidheach, díomsach, deagh-labharthach; agus má bheir é féin d'fhoghluim biaidh feasach. Cialluighidh go bhfuighe árd-chéime agus go siublóchaidh mórán talta; agus má phósann ghéabha sé nidh re caitheamh taoibh a mhná. Cialluighidh go bhfuighe buille mór d'iarann, agus contabhairt taoibh uisce, agus biaidh ádhmhar chum éadáil d'fhagháil, agus uair éigin inveniet pecuniam absconditam. Cialluighidh dhó sé h-aicídeacha ar feadh a shaoghail, acht an aicíd is contabhartaighe díobh i gcionn a 40 bliadhain, agus má thig uadh, geallaidh an comhartha so do shaoghal nádúrtha 71 bliadhain. An bhean beirthear faoi, biaidh sciamhach, droch-mhúinte, láidir, borb: cialluighidh go mbia tinneas goile uirri, agus go dúlmhar i n-onóir, agus biaidh saidhbhir, acht bia trócaireach ris na bochtaibh agus tugtha do aicíd fola agus do mhórán aicíd eile; gidheadh dó so níosa mhó, agus go nádúrtha ghéabha 71 mbliadhan 'na saoghal.

Do cháilidheacht an chomhartha Virgo in a dtéid an ghrian ar an 24 do Agust

Is é is fíoghair nó deilbh tugthar don chomhartha so .i. maighdean, chialluigheas neamh-thorthacht an talamh an uair so: atá do nádúir thalmhaidhe fhuair thirm; atá banda, oidhcheamhail, lionn-dubhach agus coitcheannta don tsamhradh agus don fhoghmhar. Is é is tigh, ullghárdas, agus árdughadh do Mercurius, tuitim do Venus, agus dioghbháil oidhche do Iupiter. Atá stiúradh aice ar na probhinsigh .i. Grecia, cuid do Phenecia agus Babilionia, Asiria, Mesopotamia, Cicilia, Rodas, agus Candia. Ar na cathrachaibh .i. Pauia, Paris, Ferraia, Tolosa, Pasencia, agus Coimbra. Insa Spáin, ar Lerida, Toledo, Auilla, agus Algecira. An fear beirthear faoi, bí onórach, geanamhail, do cháilidheacht


p.140

onóraigh: cialluighidh go mbia dúthrachtach, cúramach a na ghnóthaibh agus ag dréim fria árdchéimibh; thairis so cialluighidh go mbia gnúis-náireach, claochlódhach, agus tar éis a bheith saidhbhir go dtiocfaidh chum bochtaine móire, ó gan bheith feasach chum é féin do stiúradh. Biaidh caol-aicídeacha air go 30 mbliadhna, agus má thig uatha is é a nádúireacht 84 bliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi biaidh sí náireach, dúthrachtach, debhóid: cialluighidh go dtuitfidh d'árd, agus go mbia easlán: biaidh dúlmhar cum bheith glan agus geanmnach, agus tiocfaidh chum bheith anróiteach: cialluighidh tinneas contabhartach ó 30 mbliadhna go 36, agus má thig uadh ghéabha 77 mbliadhna do shaoghal nádúrtha.

Do cháilidheacht an chomhartha Libra in a dtéid an ghrian ar a 23 do Sep.

Is é fioghair bheirthear don chomhartha so .i. meidh dhá scála, ag ciallughadh cothrom na laethe fris an oidhche fón am sin; agus an uair théid an ghrian ann, bí an dara h-equinoxium ann, in ar b'ionnann fad don oidhche agus don lá. Atá an comhartha so do nádúir an aeir .i. te, fliuch. Is adhbhar é do theas agus do thaisleach thiugh; mar sin is adhbhar é an aer do reamhrughadh, ionnas go mbí díoghbhálach don uile bheathach, agus geinidh sé iomad do aicídeachaibh. Is é is tigh lae do Venus, tuitim do Sol, árdughadh do Saturnus, agus díoghbháil lae do Mars. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Austria, Casperia, Bactriana Regio, Tuscia, agus Siria. Ar na cathrachaibh Ualentia, Lodi, Parma, Gaeta, Uiana, agus Augusta. Insa Spáin, ar Burgos, Almeria, agus Salamanca. An fear beirthear faoi an gcomhartha so, bí sé onórach, deigh-mhisneamhail: tábhachtach in a ghníomharthaibh, claon chum


p.142

talta coimhightheacha rachas dó níosa fhearr iná a thalamh féin. Cialluighidh go mbia nidh re caitheamh aige, acht go bhfuighe bochtaine agus anródh: cialluighidh aicíd dó i gcionn a 18 mbliadhna, agus uair eile ar 35, agus an chéad aicíd i gcionn a 6 mbliadhan, agus má thig uatha ghéabhaidh 77 mbliadhna do shaoghal nádúrtha. An bhean beirthear faoi, biaidh súgach so-chadartha: cialluighidh go bhfuighe lot taoibh a chos ó theinidh, agus go mbia claon chum siubhail for an domhan, agus má thig ón aicíd chinneamhnaigh go bhfuighe 66 bliadhna do shaoghal nádúrtha.

Do cháilidheacht an chomhartha Scorpio, in a dtéid an ghrian an 24 do Oct.

Is é fioghair tugthar don chomhartha so .i. beathach nimhe ag a mbíonn gath re ndéanann urchóid, amhail agus mar ghní ren a bhéal, ag ciallughadh mar do théid an ghrian ann, go ndéan samhlaidh sin, ag adhbharughadh fuacht agus stoirme, tóirnighe, agus teinntighe. Atá do nádúir fhlich fhuair, banda, oidhcheamhail agus comhnuidheach, do bhrigh go bhfuil an foghmhar an uair sin in a neart. Is é is tigh oidhche agus ullghárdas do Mhars, tuitim do Luna, díoghbháil agus doilgheas do Uenus. Atá stiúradh ag an gcomhartha so ar na probhinsigh .i. Scotia, agus ar chóstaibh na fairge, Siria, Mauretania, Getulai, Capadocia, agus Iudea. Ar na cathrachaibh .i. Mecina, Padua, Acuileia, Crema agus Bucsia. Insa Spáin, ar Ualencia, Xatiua, Segouia, Tudela, Braga, Malaga, agus Burgos. An fear beirthear faoi, biaidh do dhroch-cháilidheacht; mealltach, drúiseamhail, sáruightheach, dúbailte i n-intinn, agus bradach; bia tromdha, muinteardha, milis-bhriathrach gidheadh mailíseach. Sed sapiens dominabitur astris. Cialluighidh go mbia tugtha do thinneas goile, agus in a chlocha, agus go bhfuighe


p.144

contabhairt taoibh cloiche agus iarainn; biaidh claon chum talta eile, agus biaidh cealgach, blandarach in a bhriathraibh agus in a ghníomharthaibh gan fhios do neach eile; agus ní bhiaidh ro-shaidhbhir nó ro-bhocht: biaidh min-thinneasach, acht ghéabhaidh go nádúrtha 61 bliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi, biaidh muinteardha, acht biaidh sí láidir, borb, agus cialluighidh habeat cicatrices in maximum periculum vitae, agus go mbia tinneas goile go ro-mhinic uirre, agus biaidh easlán, acht go nádúrtha ghéabhaidh 72 bliadhain do shaoghal.

Do cháilidheacht an chomhartha Sagittarius in a dtéid an ghrian ar a 23 do November

Is é is fioghair don chomhartha so .i. fear bogha ag caitheamh saighde uadh, ag ciallughadh mar do-ghní an comhartha an tan théid an ghrian ann, ag caitheamh fearthanna, cloch-shneachta, tóirnighe agus caortha teintighe uadh. Atá do nádúir na teineadh, te, tirm, feardha, laetheamhail, agus coitcheann don bhfoghmhar agus don gheimhreadh. Is é is tigh lae do Iupiter, agus ullghárdas; agus díoghbháil lae do Mercurius. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Hispania, Arabia Felics, Scalauonia, Dalmacia, Heluecia, agus cuid don Liguria. Ar na cathrachaibh .i. Malta, Auinon, Ierusalem, Asta agus Milan. Insa Spáin, ar Iaen, Calahorra, agus Medina Celi. An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so, bí sé gnúis-náireach, macánta, ionnraic, sona; cialluighidh go mbia claon le dul ar fairge, ar a bhfuighe fortún níosa fhearr. Cialluighidh go bhfuighe díoghbháil taoibh ainmhidhe ceathar-chosach, agus aicídeacha i gcionn a seacht mbliadhna d'aois, agus arís ar a 18, acht má thig uatha ghéabhaidh 67 mbliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi, biaidh tostach, crioth-eaglach, náireach, agus saidhbhir, agus goirfidhthear máthair cloinne dhí;


p.146

acht biaidh an bhean, agus mar an gcéadna an fear, claochlódhach, neamhsheasmhach; gidheadh, biaidh siad trócaireach, coinsiasach. Biaidh aicíd ar an mnaoi i gcionn a ceithre mbliadhain, uair eile ar a 22, agus uair eile i gcionn a 40 bliadhain, agus má thig uatha ghéabhaidh 57 mbliadhna do shaoghal nádúrtha.

Do cháilidheacht an chomhartha Capricornus in a dtéid an ghrian ar a 22 do December.

Is é fioghair tugthar don chomhartha so .i. gabhar bhíos ag dol i n-ionadaibh áirde, ag ciallughadh an tan théid an ghrian ann go mbíonn ag árdughadh chugainn agus na laeithe ag dol i bhfad. Atá do nádúir thalmhaidhe, fuar agus tirm, banda, oidhcheamhail, agus gluasachtach; óir téid an foghmhar thort, agus tosuighidh an geimhreadh. Is é is tigh oidhche do Saturnus, árdughadh do Mars, tuitim do Iupiter, agus díoghbháil do Luna. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Macedonia, Bauaria, Portugal, Romandiola, Albania, Moscouia, Gedrocia, Tracia, Croacia, India, agus cuid don Sclauonia. Ar na cathracha .i. Uerona, Forliuio, Sauoia, Fauencia, agus Constantinopla. Insa Spáin .i. ar Tortosa, Soria, agus Carmona. An fear beirthear faoi, biaidh sé feargach, baoth, bréagach. Cialluighidh go mbiaidh ag comhrádh fris féin: biaidh sé lionndubhach, mór-chroidheach, claon chum cogaidh et gaudebit bonis alienis, et habebit curam de animalibus quadripedibus. Cialluighidh go bhfuighidh buaidhreadh taoibh causa mulierum, biaidh easlán agus ghéabhaidh 77 mbliadhna do shaoghal nádúrtha. An bhean beirthear faoi, biaidh do nádúir shár-chrosta, biaidh ro-chaithmheach: cialluighidh go mbainfidh ainmhidhe ceatharchosach greim eisde, agus contabhairt le tuitim d'árd: biaidh tinn, acht go h-éadtrom, agus do-ghéabhaidh go nádúrtha 69 mbliadhna do shaoghal.


p.148

Riaghail astronomic le n-aitheonthar comhartha na h-uaire in a mbeirthear duine

Chum go n-aitheontar so ní riachtanacht feasta fioghaireacha nó a macasamhla sin chuige, acht amháin aire do thabhairt do trí neithibh .i. an chéad nidh, fios an chomhartha in a mbia an ghrian an lá i mbéarfaidhthear duine; an dara nidh, fios na h-uaire i n-éirgheann an ghrian an lá sin; an treas nidh, .i. fios grinn ar an uair i rugadh é. Tar éis fios na dtrí neithe sin, féachadh ca mhéad na h-uaire do-chuaidh thort ó éirghe gréine gus an uair do rugadh é exclusive, (is é sin re rádh, gan an uair do éirigh grian d'áireamh). Annsin ríomhthar comhartha leat i n-aghaidh gacha dá uair díobh sin, ón gcomhartha in a mbí an ghrian an lá sin gus an gcomhartha na h-uaire in a rugadh é, inclusive; agus ghéabhthar mar sin comhartha nádúrtha gach duine. Agus i gcás go mbia uair chorradh ar na h-uaire ó éirghe gréine go h-uair a bhreith, ríomhthar í ar an gcomhartha eile 'na dhiaidh: agus i gcás nach dtiocfadh chum uaire iomlán, ná déantar scrupal de sin, oir ní lochtach an riaghail de sin. Is urusa gach nidh do thuigsin anuair fhoillsighthear é le h-eisiomláir: mar sin adeirim an duine do rugadh ar a 4 do August ar a h-aon do chlog i ndiaidh an mheadhóin lae, gurab é Scorpio is comhartha dhó (acht deirim an duine do rugadh i Ualencia) do bhrigh go n-éirgheann an ghrian annsin ar a 5 do chlog fón am sin, agus ón 5 go a h-aon i ndiaidh an mheadhón lae atá sin 'na h-ocht n-uaire, chialluigheas ceithre comhartha; agus mar is insa gcomhartha leo do bhí an ghrian an lá sin, áirmhim ceithre comhartha uadh, inclusive, agus is é sin Scorpio.

Eisiomláir eile ar dhuine do rugadh san Eadáile an 10 lá do October ar an t-aonmhadh déag go leith i


p.150

ndiaidh an mheadhón lae, agus do réir na riaghla adeirim gurab é Gemini is comhartha dhó; óir fón am sin bhí an ghrian insa gcomhartha Libra, agus éirgheann sí san Eadáile annsin ar a cúig go leith do chlog, agus ón cúig go leith go h-aon déag go leith i ndiaidh an mheadhóin lae atá ocht n-uaire déag, chialluigheas naoi gcomhartha, agus is é an naomhadh comhartha ón gcomhartha Libra an comhartha Gemini adubhramar, agus is é sin comhartha ceart an duine sin; agus i gcás go bhfiafróchadh an chúiríaltacht; go dá bhfoghnann na comharthaidhe sin, nó créad an nádúir do-bheirid? Is é ar bhfreagra ar sin go bhfuilid coitcheanna agus geinea- rálta do gach duine beirthear insa mí dá bhfóiridheann; agus ar son go dtugaid nádúrthacht mhór don tí beirthear insa mí sin, acht ní bhfuil cuid aige don nádúir do-bheir comhartha na h-uaire in a mbeirthear é, óir le sin is fearr measfaidhthear a cáilidheacht agus a nádúir. Tugtar aire má bheirthear duine roimhe éirghe don ghréin, gurab don lá roimhe bhaineas sin; óir is le h-éirghe gréine thosuighid na h-astrologtha ris an lá.


p.152