Go nuige so thráchtamar ar an réigiún eilemeinteach chomh h-aithghearr agus b'fhéidir: anois is iomchubhaidh trácht ar an réigiún fhlaitheasach ris an aithghearra céadna, dá ngoireann Aristotill Lib. 1. De Caelo, C. 8. quinta essentia; do bhrigh go bhfuil eadardhealughadh eidir í féin agus na ceithre h-eilemeintidhe eile. Ranntar an réigiún flaitheasach (nó mar ainm eile an réigiún spéireamhail) ann a n-aon fhlaitheas déag, do réir an opinion is dearbhtha ag an uile astronomic. An chéad spéir, nó an chéad fhlaitheas do réir orduighthe nádúrtha, agus an t-aonmhadh déag uainne mar adeir an diadhairidhe; is é is áit cómhnuidhe do Dhia, do na h-ainglibh, agus do na h-anmannaibh naomhtha; agus níl an flaitheas so faoi ghluasacht mar atá na flaithis eile. I ndiaidh so atá an deachmhadh spéir, nó an deachmhadh flaitheas do réir sinne, agus an dara flaitheas do réir orduighthe nádúrtha, dá ngoirthear primum mobile .i. an chéad-ghluasacht (amhail fuair amach an righ Alfonsus) agus re na shiubhal agus re na ghluasacht gluaistear na flaithis uile uadh anuas i dtimcheall an talaimh ann a spás 24 n-uaire. I ndiaidh so atá an naomhadh spéir, do fuair amach Ptolomeus, dá ngoirthear christalinum; áit in a raibh (mar adeir daoine foghlumtha) na h-uisceacha a ndéan an leabhar Genesis iomrádh orra; agus adeir Beda C. 1, De Natura Rerum C.4 gur congbhadh mar sin iad chum báthughadh an domhain, amhail agus mar rinneadh i n-aimsir na díleann. I ndiaidh so atá an t-ochtmadh spéir, dá ngoirthear an spéir réaltógach, in a bhfuil na réalta uile greamuighthe. Na réalta, iomorro, dá ngoirthear plainéididhe, atáid insna flaithisibh eile íochtracha uadh sin anuas. Goirthear plainéididhe, nó réalta seachránacha díobh, do bhrigh nach mbíonn siad man ionann dá chéile, nó ó chéile, amhail agus mar bhíos na réalta eile, orra so tráchtfamaoid in a n-áitibh féin, agus ar gach plainéid díobh fó seach.
Is í is réalt thuaidh ann .i. réalt atá san t-ochtmhadh spéir agus i bhfogas don bponc ós cionn a ngluaistear na flaithis uile. Atá an réalt so san áird thuaidh. Aithnighthear í ag tabhairt do neach a aighthe san áird soir agus ag féachain ós comhair a ghualann clí; is í an réalt thuaidh is soillsighe do-chidhfidh annsin; léi fós a stiúrann agus a sheolann píolótaidhthe agus an lucht fairrge; mar aon léi féin agus le dhá réaltainn eile atá i bhfogus dá chéile, agus atáid ag rinn Ceann na Bócina .i. béal na h-adhairce, nó réalta goirthear mar sin, agus ar an réalt is soillsighe díobh sin, dá ngoirthear horologialis, aithnighthear an uair do oidhche gach am sa mbliadhain.
Ag tabhairt aithne mar sin ar an réalt thuaidh, tugadh neach a aghaidh uirri ar mhodh go mbiaidh a ghuala chlí chum na h-áirde siar agus a ghuala dheas chum na h-áirde shoir go díreach. Ar mbeith amhlaidh sin, measadh féin cros san aer ós a chomhair agus gurab é is lár nó meadhón dí an réalt thuaidh; agus ceann do cheithre ceannaibh na croise chum a chinn féin agus ceann eile don chrois (contrárdha dó sin) chum a chosa; agus an dá cheann eile na croise do-ghní an líne láir, ceann díobh chum na h-áirde siar réir a ghualann clí, agus an ceann eile chum na h-áirde soir réir a ghualann deise. 'Na dhiadh so measadh mar an gcéadna fáinne cruinn i dtimcheall na croise, amhail agus mar chidh insa taoibh ar ndiaidh; agus tugadh dá aire go siubhlann an réalta horologialis (do-chidh tairngthe insa gclár) i dtimcheall na réilte tuaidh le spás ceithre n-uaire fichead, ionnus go siubhlann gach ceathramhadh don chrois fó seach ann a sé h-uaire; agus do bhrigh go bhfuil gach ceathramhadh rannta 'na sé codchaibh, cialluigidh gach cuid díobh uair, amhail agus atá ar an gclár. Ar dtuigsin an méid adubhramar, tugadh dá aire an aimsir don bhliadhain i mbiadh, nó an aimsir in ar mian leis fios na h-uaire don oidhche d'fhagháil, do bhrigh go mbíonn an réalt horologialis (réir a siubhail) ag ceann uachtarach na croise an chéad lá do mhí May san meadhón oidhche, agus go mbíonn an chéad lá do August ag ceann na croise atá chum na h-áirde siar agus chum na gualann clí insa meadhón oidhche. Mar an céadna bidh 'na meadhón oidhche an tan bhíos an réalt chéadna ag ceann íochtarach na croise, agus teagmhaidh sin an chéad lá do October; agus bidh an chéad lá do Februarius 'na mheadhón oidhche an tan theagmhas an réalt sin ag an ceann eile don chrois atá chum na h-áirde soir agus chum na gualann deise. Tairis so tugtar aire go n-athruigheann na poinc so an mheadhon
Amhail agus mar tugtar riaghail le n-aithnighthear gach uair don oidhche gan clog uaire, tugtar mar an gcéadna riaghail le n-aitheontar an uair do ló leis an láimh; mar sin gur féidir le gach duine uaireadóir a bheith ris féin do ghnáth. Adeirim mar sin an té ler mian leis fios na h-uaire do ló tugadh sé a chúl féin
Ó theacht gealaighe na míosa so is cóir do na fearaibh tighe na crainn ar a dtig bláth go luath a mbeangáin do scathadh, mar atá crann almonds, plumaidhe, agus a macsamhla sin. Is cóir scealláin ghéara na n-oráistidhe, na liomóin, agus na mbaláistidhe agus na gcnó franncach do chur san am so i dtalamh te. Ó lán na gealaighe so amach go teacht arís is ann is fearr gach adhmad do bhaint chum go mairidh níosa bhuaine, acht is iad crainn is fearr chuige sin na crainn do chaill a nduilleabhar. Is maith annso an t-aoileach do chur ar an talamh agus a leasughadh fris, agus gáirleog agus uinniúin do chur. Adeir Plinius gurab é am buana gacha neithe chum go mairidh a bhfad .i. i ndiaidh lán gacha gealaighe, agus fós chum cailltéoracht agus grafála, lib. 18. Más insa mí so
Ó theacht gealaighe na míosa so go raibh lán is maith an chnáib agus an líon do chur, agus an mustard agus na milloin chum go mbia luath. Ó lán na gealaighe so go teacht, is maith na slatacha chum cliabh agus neithe mar sin do bhuaint (acht adeir Paladius gur fearr a mbuaint fón am so don ghealaigh i mí Ianuarius). Is féidir grafáil na fíneamhna do dhéanamh. Is guasachtach tinneas na gcos san am so. Más san mí so chluinfidhthear an chéad tóirneach cialluighidh sin bás daoine comhachtacha, aicídeacha cinn, pian insna cluasaibh, sioc mór agus beagán tortha do réir Leopoldus.
Ré fás na gealaighe so is cóir na milloin, na pepinidhe agus na calabásaidhe do chur: agus an chnáib agus an líon i dtalamh te; agus is fearr a gcur anois iná i mí Feb. agus mar an gcéadna na garabhansaidhe agus gacha scealláin ghéara, agus crainn óga na bhfigineach i dtalamh measardha. Re lán na gealaighe so is maith na gar-ruidheanna agus an cruithneachta do ghort-ghlanadh agus na campaidhe do threabhadh chum nach bhfásaidh an luibhreach agus
Ó theacht gealaighe na míosa so go raibh lán, is maith an uile luibhgháirdín do phlantáil, giodh gur maith an sórt sin do dhéanamh mar an gcéadna i mí ó Ianuarius go h-August. Ó lán na gealaighe so go teacht arís, is maith an t-uisce leigean chum na gcampaidhe curtha bhíos tirm te. Is maith an mhí so chum go nglanfaidhe curcóga na mbeach ón dubhán alla agus piastaibh eile geintear ionnta. Is ró-fholláin an t-am so chum purgóid do ghlacadh, agus aicídeacha an mhuinéil agus na brághad atáid guasachtach. Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh an bhliadhain do bheith deaghthorthach; iomadamhlacht don fhíon agus don chruithneachta agus don áirnéis, go spesialta don chruithneachta insna talta tiorma clochacha; acht go gcialluigheann mar an gcéadna contabhartacha for an bhfairge insna ríoghachtaibh in a gcluintear í, do réir Leopoldus.
Ó theacht na gealaighe so go raibh lán is maith an cróach do bhearradh, agus na boic do leigean chum na ngabhar. Is féidir fon am so gach sórt lubhghort do
Ó theacht na gealaighe so go a lán is maith scothadh do dhéanamh ar na crainn ar a mbíonn coirt reamhar; mar atá crainn oráistidhe, figineach agus ola, agus crainn eile mar sin; agus an gabáiste agus gach lubhghort eile chum go mbia luath. Ó lán na gealaighe so go teacht is maith an phónair do bhuaint agus a bhualadh agus gach sórt pise eile más tirm iad. Adeir Paladius má leigthear uisce fo bhun crann na bhfigin san am so gur luaithide bhias a dtortha apaigh é, agus uadh sin biaidh siad níosa fhearr agus níosa bhlasta. An olann bhuaintear do na caoirchibh san am so, is fearr uadh sin í iná i n-uair eile, do bhrigh go mbíonn níosa aillsighe. Insa mí so is guasachtaigh aicíd an uchta, an ghoile, agus na scamhógaidhe. Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh iomadamhlacht don arán agus don iasc, díoghbháil tortha, mí-shuiamhneas insna puiblidheachaibh, doirt-bhrúchtadh aibhneach insa talamh i gcluintear í, do réir Leopoldus.
Ó theacht na gealaighe so go a lán, is gnáth an chóilis fhionnfadhach, na tornapaidhe, na h-inniúin, an meacan dearg agus an mustard do phlandughadh; agus an scairt do bhuaint don talamh chum nach bhfásfadh. Ó lán na gealaighe so go teacht, is tarbhach an chruithneachta do bhuaint, chum go mbia maith agus go mairfadh níosa bhuaine. Atá tinneas an chroidhe urchóideach san mí so. Atá fós na purgóididhe, an foladóiracht, an snámh, agus an fothragadh, agus suan an mheadhón lae urchóideach san mí so. Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh buaidhreadh mór insna ríoghachtaibh, comhghluasacht buartha insna puiblidheachaibh, gainne don arán, acht na tortha líonmhar, insa talamh i gcluintear í, amhail adeir Leopoldus.
Ó theacht na gealaighe so go lán, is maith an t-aoileach do chur ar na campaidhibh chum na cruithneachta; na h-inniúin do bhuaint chum a dtaiscthe, agus tar éis fearthanna, na rabúin, na tornapaidhe, agus an chóilis mhall do chur. Ó lán na gealaighe so go teacht, is gnáth na grápaidhe, na baláistidhe, agus na figinidhe do thiormughadh, chum úsáid do dhéanamh díobh uair eile; agus pór gabáiste agus pónair do chur. Insa mí so is ro-chontabhartach cuideachta na mban, suan an mheadhóin lae, agus an fothragadh; agus ní maith purgóid, nó fuil do scaoileadh acht re riachtanas mór. Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh sin bás d'iascaibh na fairge, agus do na h-ainmhíntibh ceatharchosacha, suaimhneas do na puibleachaibh, agus iomad aicídidhe insna ríoghachtaibh i gcluinfidhthear í, do réir Leopoldus de Austria.
Ó theacht na gealaighe so go lán, is maith an seagal, an eorna, agus an phónair a chur i dtalamh te; óir is i dtalamh fuar is fearr a gcur roimhe so. Is ró-mhaith an t-am so chum an líon do chur. Ó lán na gealaighe go teacht is aimsir nádúrtha chum na grápaidhe do bhuaint agus an fíon do dhéanamh. Is maith inso an talamh do threabhadh agus do rómhar, agus a leasughadh le h-aoileach chum gach lubhghort do chur ann. Ar feadh na míosa so is maith an fhuil re scaoileadh, agus an uile aicíd insna dubháin agus insna másaibh atá ro-urchóideach. Más insa mí so cluintear an chéad tóirneach, cialluighidh tiormlach i dtosach na bliadhna, agus fliuchlach in a deireadh; iomadamhlacht don arán, acht go daor; agus ro-bhagar báis don droing phuiblidhe insa talamh i gcluintear í, do réir Leopoldus.
Ó thosach na míosa so go deireadh, is cóir an ola do dhéanamh agus an fíon ann i dtalamh mhall, agus is maith annso an uile sórt gráin do chur; mar atá cruithneachta, seagal, eorna, agus a macasamhla sin. Agus na cnódha, na castáinidhe, na gránádaidhe, agus na cnodha Francacha do bhuaint, agus na tortha malla mar an gcéadna; agus na crainn ar a dtig na silínidhe, na piorraidhe, agus na h-ubhla do phlandughadh. Atá an uile chneadh do-leighis insa mí so, agus atá tinneas na mball príobháideach guasachtach. Más insa mí so cluintear an chéad tóirneach, cialluighidh stoirm gaoithe agus comhghluasacht na n-aer, gainne aráin agus tortha agus fíona; bás áirnéise agus éisc insa talamh i gcluintear í, do réir Leopoldus.
Ó thosach na míosa so is maith na campaidhe do threabhadh, agus an talamh in a mbíonn droch-luibheanna, chum nach bhfásfadh; agus an críonach do bhaint do na crannaibh, agus a leasughadh re h-aoileach. I lán na gealaighe so, agus i lán na gealaighe 'na diaidh, is maith an fheoil le sailleadh, agus crainn do ghearradh chum oibre. Is maith an mhí so chum fola do scaoileadh, agus chum fothraicthe, agus chum gach sórt aicíd do leigheas; agus atá aicídidhe insna luirgnibh guasachtach. Más insa mí so cluinfidh- thear an chéad tóirneach, cialluighidh díoghbháil do na caoirchibh, iomadamhlacht don chruithneachta, iolgháirdeas insna daoinibh. Tiocfaidh an aimsir isteach go maith. Ní dhéana fearthainn acht ro-tharbhach; gidheadh, tuitfidh na tortha do na crannaibh níosa luaithe iná is cóir insa talamh in a gcluintear í, do réir Leopoldus.
Ar son gur beag oibreacha an champa insa mí so; gidheadh, is féidir an lubhghort do chur fá chómhair an earraigh, agus an t-adhmad bhuaintear san am so bíonn sé ro-bhuan; agus ní theasdeocha ón fhear-tighe dúthrachtach agus cúirialta nidh le déanamh san am so féin (amhail agus mar adeir Paladius); mar atá, an t-aoileach do chruinniughadh i gcarnaibh, rópaidhe agus córdaidhe do dhéanamh fá chomhair na h-aimsire chuige, na soiléir do ghlanadh, agus gach saothar eile nach mbaineann do cháilidheacht na h-aimsire. Is iomdha neithe eile do b'fhéidir a rádh gach mí nach ndubhramar, do bhrigh nach áil linn a bheith fadálach. Is annso is guasachtach tinneas na nglún. Más inso cluintear an chéad tóirneach cialluighidh bliadhain mhaith, folláineacht, síth insna cinidheachaibh insa talamh in a gcluintear í, do réir Leopoldus de Austria.