Corpus of Electronic Texts Edition
An Liagh i n-Eirinn i n-allod. II (Author: [unknown])

part 4

{ms page 371}

BARDANA

.i. meacain tua, & adeir Avicenna gurub mor fhoghnus freamh na luibhesi a n-aghaidh na neimhe & go marbhann na h-aitreacha neimhe; & adeir fós gibe choimlius sugh na luibhesi dhe, ni choilgid beacha naid aithreacha nimhe an la sin é. Sugh na luibhesi do congbáil annsa bhél, & daingnighidh na fiacla. Freamh na luibhesi do bearbadh ar fhíon, & foiridh disinteria. Freamh na luibhesi do chaitheamh & coisgidh an seile fola. Siol na luibhesi do bearbadh ar fhion, & brisidh na clocha fuail. An luibh {ms page 372} idir freimh & dhuilleabur do bhriseadh, & blonuc do chur trithe, & brisidh & aipidhidh na nescoidi.