.i. ubhla10 dhuilleabhuir na darach & ataid fuar sa .ii. ceim & tirim sa .iii. ceim. Et as amhlaidh as maith iad, a mbeith trom reamur gan puill ionnta; & ata gne eile dibh noch do gabar annsa n-Asia, & ann sa n-Affraic, & as beg an ghne sin, & ni bhid puill ionnta. Et ata brigh fhostuightech, choirtightech ionnta ar áon. Et adeir Platearius pudar do ghenamh dhibh so & a cumusc maille re finegra, & re gealan ugh cerc, & a cur ara n-imliocan, & ar na dubhanaibh, & fóiridh flux na bronn & fliuchaidecht an fuail & na n-aronn. A11 mbearbadh ar uisge fearthanna, & urbruith do ghénamh dhibh [...] & foiridh flux dissinteria & emoroydes. A mbriseadh & a mbearbadh ar shiosan eorna & clistir do dhéunamh dhibh, & fóiridh stranguria. Item bearbhtur na hubhla cetna ar fhinegra & ar uisge fairrge, & an tan bhias ag fiuchadh cuirter farcan ann & cuirter ar bhél an gaile & fóiridh gac uile sgeathrach tig o anbfhainne na brighe. [...] Item {ms page 342} pudar do ghéunamh dhibh, & a chumusc le gealan uighi circi, & a cur amhail ceirin ar na hairgibh & fóiridh an flux12 cetna.