Corpus of Electronic Texts Edition
An Liagh i n-Eirinn i n-allod. II (Author: [unknown])
part 1
ABSINTHIUM, CENTONICA, PONTICUM.
.i. tri hanmanna an uormont2 & ata in luibh so teasaidhi sa cedceim & tirim sa 2 ceim3. Et adeir Avicenna an luibhsi do bearbadh ar uisge, & a siothlodh go maith, &
deoch dhol de arna mharach & foiridh, gontach na bronn
& teinis an gaile & comhfurtachtuigh an bhrigh thochlaighthech
& an brigh dhileaghtech. Et bristear an luibhsi & cuimilter ar leamhnacht bó, & siothoiltear go maith,
& eabur bog, & marbaid peste an gaile .i. lumbrici. Item
bristear an luibh cetna maille re finegra & faisgter go maith
tre édach lín, & cumuilter don aghaidh, & ni urcoidighid
cuile na mioltoga dhuit an la sin. Item cuirter an luibh cetna
ar uisge & dentur urbhruithe dhe & fóiridh buidhre na ccluas.
Item bristear an luibhsi maille re mil, & faiscter tre bhréid
lín & tabhair dha ól, & fóiridh greim na gcon gconfaidh,
& gac uile ainmhidhe nimhe. Item bristear an luibhsi maille
re mil, & faiscter tre bhréid lín, & cuirter bog isin cluais
enbhraen de, & foiridh siledh & salcur na ccluas, & foghnaidh
an sugh cetna do chumuilt don aghaidh ar a mbí guirme
o bhualadh, no o thuitim, & do bheir dath mhaith uirre.
Item dentur ceirin don luibh cetna & do mhil, & foiridh
squinantia. Item berbhtur an luibhsi ar uisge, &
ionnailter ass an ball ara mbí bruth no gearba, & icidh.
Cumuilter an luibhsi ar fhíon, & eabur re ndol ar fairrge,
& ni sgeithionn, & ni dhén muirghalar olc dho. Cuirter an
luibhsi a n-adhart an easláin, & toghairmidh an codladh.
p.230
Bristear an luibhsi & domblas ae daimh & faiscter tre bhréid
lín, & cuirter enbhainne isin chluais de, & fóiridh buidhre
& torman na gcluas. Item an luibhsi do cur a leaptachuibh
no i n-éduighibh, & ni crutuighter crumha no leomuinn
ionnta.4 Dentur ceirin don luibhsi & do mhil, & cuirter
ar dhruim na seilge, no ar druim an maclaigh & fóiridh
iad ona ccruas & ona tteinis. Da gcumuilter sugh na
luibhesi do phulsadaibh5 na lamh & na gcos, coisgidh
aixis & rigor fiabhrais interpolata. Item gabh sugh na
luibhesi, & sugh endivia, comtrom de gach ni dibh & eabhar
a n-aghaidh na buidheachaire & cruais na n-ae noch tig
o linn ruadh. Gabh sugh na luibhsi & siucra & uisge bog,
& eabar ar cedlongadh, & foiridh suffocatio matricis. Item
bearbhtur an luibhsi ar fhíon, & brister go maith, & cuirter
ceirin de ar druim na n-ae & na seilge, & foiridh a ccruas.
Item gabh sugh na luibhesi & mil, & pudar cuimin, &
cumuiscter trit a cheile, & cuirter amhail ceirin ar in mball
teid a ngurma no a ndrochdhath, & fóiridh é [...] Et
adeir Galen a leabhar na gCepneann6 go bfuil folmugadh
lenna ruaidh go hoiridha, & lenna find go tanaiste innte,
& go hairighe o bhél an gaile & ona haeibh. Item adearar
annsa n-ionadh cetna go bfuilid dha bhrigh contrardha
isin luibhsi .i. brigh fhastaightach, & brigh lactach .i. an
tan theagmus na lenna neamdhileghta annsa gaile o
chaitheamh na luibhesi, folmuighter iad,7 reamhraighter
uair eile, & méduighter an dilegadh on bhrigh stipicdha
ata innte, & folmuighidh linn ruadh ona cuisleannuibh re
n-abur miseraciae uena, & calmuighidh an tochlughadh
ata go heasbadhach o iomurcaigh lenna ruaidh do bheith
annsa gaile. Et as amhlaidh do bearar í .i. sugh na
luibhesi tri ℥ dhi, & ℥ do shiucra gheal, cumuisgter go
maith & tucthur lan leithe8 dha ól dhe ar cedlongadh.