Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Version of Gualterus de Dosibus (Author: Walter de Agilon/Galterius Agilinus)

paragraph 97

Et is re cainndigacht an medaighthi adeir Galen a Meoteigne; (Megategni) ‘Canditas eorum que oferuntur letiris non est determinata:’ (‘Quantitas eorum qui offertuntur letteris non est determinata’ .i. ni fuil caindighacht na neithe do-berar criocnuighti o leitreacaibh .i. o céadfaid, oir ni so-athanta o ceadfaid cainndiacht medaighthi in leanna na caindigacht brighi an leighis acht do reir breitheamhnais no baramla an leagha bis a ngar d'firinne agus is uime sin adeir Hali, ‘Oportet quod medicus sit bone rememoracionnis, velocis solercie, sani intellectus, et cetera:’ .i. is eigin don liagh cuimhne maith do beit aigi, agus glicas luath, agus tuicsin tshlan, agus radarc maith, agus moran stuideir. Gidhedh adeir Avicenna co n-aithintir tomas na caindighachta meide o da ní do reir muidh tomuis na h-ealadna .i. o naduir an boill agus o caindiacht na h-eslinni, agus o imcuibhdeacht na neithe rannaighi, mar ata cinel, agus áis, agus gnatha agus aimsir, agus fonn, agus ealada agus briogh agus fuirm.