Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Version of Gualterus de Dosibus (Author: Walter de Agilon/Galterius Agilinus)

paragraph 95

Uair an dileagta, iomorra, oir is ar ndileagadh an adbair dleagar an leigheas do tobairt d'folmugad an leanna cinntegh mar adeir Ipocrates, ‘Digesdio medicaire et cetera.’ (.i.e. ‘Digesta medicare’.) agus is uime sin adeir Avicenna co fuil da ní forfidhes oibriugadh an leighis .i. dileagadh an adbair agus fairsingí na sligteadh. A n-aimsir na bliadna, iomorro, dlegar a fecain mar adeir Avicenna cum an folmuighthi oir an aimsir an a n-eirginn an relta re n-abrar cánís mar is follus isin tsamhradh no a n-aimsir an fuachta laidir mar ata an geimreadh agus ni h-ingabhta leigheas lagacta ann agus uime sin adeir Ipocras ‘Sub cane agus ante canem, et cetera.’ Gidedh as imcubaid an leigheas do gabail san errach agus sa fogmar, gideadh do mbia an folmugadh eigintach agus an brig laidir ni fecthar do toirmesg én neth, agus uime sin is eider an folmugadh do denam sa samrad agus sa geimred. Gidhed is leigheasaibhe ailginaca dleagar sin, mar ata casia fistula, agus manna, agus tamarendi.