Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Version of Gualterus de Dosibus (Author: Walter de Agilon/Galterius Agilinus)

paragraph 71

Et mad leanna teo imdaiges is na ballaib ceadna dileagtir iat leis in leigheas le ndileagtir na leanna teo tigirnighes is na ballaib, no is na h-aeibh gidedh curtir ní as mo an a leigheas san do fremhaibh pursile, agus cuigedaigh, agus sparaguis, agus brusguis, agus feineil.

Et da n-imdhaighid leanna fuara ann sa macclog dileagtir iad leisin leigheas le ndileagtir leanna fuara na n-arann, gidhedh curtir ní as mo ann sin do buafallan, agus calmint, agus d'iringi, agus d'ireos, agus do lilii, agus do bitone.

Et mad leanna teo imdaighes ann dileagtir iat leisin leigheas le ndileagtir na leanna te bis is na h-airnib, gideadh curtir ní as mo do buafallan ann.