Ar son cathuigthi na ngalar exsamail comsuigigtir an leigheas oir an tan bes aen galar arna denamh o neitibh exsamla do reir naduire agus caile, as eigín a dícar le h-aen leigheas inann beas exsamail do reir naduire agus caile, agus is i so an cuis do reir Constantinus ma comsuigigtir an triacla o leigheasaibh aenda imda ar son go fuil brigh aice do catugadh ris na galaraibh pestilensaca, agus risin neim marbthaigh.
An dara cuingeall [cuis H] dona ceithre cuingeallaibh noch do-gabar o na ballaibh easlana comsuigigtir an leigheas da leith so ar da cuisibh. An cead cuis dibh do leith inaidh na mball. An dara cuis do leith a n-uaisleachta.