Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Version of Gualterus de Dosibus (Author: Walter de Agilon/Galterius Agilinus)

paragraph 8

Comsuigigtir an leigheas ar son cainndigeachta na ngalar ndroch coimplex amail exsamail mar is follus an tan do-gabar droch complex te, no fuar an cuirp, maille re canndigacht eigín nac eidir do claoclod ó aen legeas aenda; as uime sin as eigin aen leigheas comsuigigthi do denamh o leigheasaibh aenda exsamla sa cainndigeacht ceadna noch fedeas cathugadh re caindigeacht droc complexa an cuirp. Verbi gracia, ma ta an corp arna ainmesrugadh a tesaigheacht sa dara ceim, agus nach fagtar leigheas aenda fuar contrarda sa ceim sin, gabhthar dá leigheas aenda ann .i. leigheas te sa cead ceim agus leigheas fuar sa tres ceim agus ar na comusg agus ar na comsuigiugadh so beid fuar sa dara ceim.