Corpus of Electronic Texts Edition
On the Qualitees, Maners and Kunnynge of a Surgean (Author: Lanfranc of Milan)

Capitulum 2

Cap. II.

Necessarium est quod cirurgicus et cetera .i. is eigin don tsiruirci cumachtadh cudruma do bheith ina corp agus coimplex mesurdha do bheith aige. Ar in adhbur sin adeir Raisis gidh be ag nach bía adaigh scothamail na dheaghmhaisech is decair dhó bheith deaghbhésach. Et adeir Avicenna gidh be aga mbia drochcoimplex co ndlighinn sé bheith drochbhesach, agus adeir co ndlighinn lama cruthamhla do bheith aige agus meóir chaola fada agus corp laidir nemhcrithanach agus ball chalma iomlana do crichnuighedh deagh-oibrecha in anma, agus co ndlighinn inntlecht seimh do bheith aige, oir ni heidir gach ní badh eigin cum na noibrighthi so do chomurtughadh le leitrichibh, agus bí sé umul co nadurdha agus bí menma laidir aige agus na raib laidirecht aicidech í agus bí sé egnuidhi agus ni hannsa leighis amáin, acht in gach áonrann don fheallsamh nadurdha, agus bí se ina loicicidhi, innus co ttuigedh {MS folio 134v} [...] na [...] agus na leitreacha agus bí na gramatuidhi, innus co laibheóradh co cert agus bí ina achtaighidh innus co ttuigfedh se na harrguminti do dhénadh do derbadh le resún, agus bí ina raetoirici innus go bfhédfedh in ní do veith ina inntinn dfhoillsiughadh le briathruibh maithi, agus foghlumuighedh sé etheica, innus go ttuigedh tatháir ar na lochtuibh, agus co mbeith féin déaghbhesach, agus na bí se cráosach, na druith, na formadach, na sanntach, agus bí innruic, agus is mar so do beith sé ar bith an otuir, innus nach curfadh sé a nadaigh áonnech teagmhasaidh da tteagmadh etturra co follus obonn, agus na habradh briathradh leighis nach benfadh ris a ttigh in otuir, agus na fecadh sé co morrgánta ar aonmhnaoi da mbia a ttigh in otuir, agus na tabhradh sé comuirle bhenfas re tarbhaidh in otuir no in comuirle iarrfaidhter air, agus na troidedh risin otur no re háoinnech da mhuinntir, acht labhradh co milis riu, agus gealladh sé sláinte in gach éneaslainti dho, gidh edh da mbe


p.260

midhochus aige a sláinti in otuir foillsighedh da gháoltaibh agus da chairdibh mur do cithfidhter dhó. Et na gnathuigedh sé cur cum na leighis ndocumlach, agus na hotuir na bia doigh asdu, na benadh riu, agus gabadh ag na bochtaibh mar bhus eidir leis, agus na coigledh spensa maith do bhein dona daoinibh saidhbri, agus na moladh é féin agus na tabhradh tatháoir ar nech ele (ele), agus tabhradh onoir do gach uile liaigh agus cleirech, agus na tabradh se cúis fhuatha do áon liaigh ele agus is mar sin vhias se subiltach agus clú maith air agus ainm maith a gcoitchinne. Et as í ethica teaguisgis sin dó agus foghluimighed se fisigecht, innus co mbeith fis gach innstruminti dfhoigheonadh cum gach aon oibre dó bhenfadh risin siruirci aige, agus a mbeith arna mberbadh le riaghlachaibh na theoraice, mar derbhas an silogismus so, oir gach uile shiruirci is praitici é agus gach uile praitici is teoruici é; da reir sin gach uile theoruici is teoruici é (sic). Derbhtur an maior mailli re tex Avicenna, adeir go ccoimhliontur ráod an leighis .i. na praitici leis na tri neithibh so no le ní dhibh, mar ata regimen no oileamhuin. An dara ní tabairt na leigheas. An 3 ní oibriughadh laimhe, mar adeir Galienus agus Constantinus agus Hailiabas, oir ní curand sé (sic) acht dá ní dhibh so ann .i. regimen agus leighes, oir adeir curob ní ele an toibriughadh lamh. Derbhtur in minor le diffenicion na theoruice agus na praitici agus iad féin ac fregradh da cheile, oir is edh is teoruic ann, aitne forfuidh na ráod gabur annsa tuicsin amáin ac dénam chuimhne ar oibrightibh in ráoda ata fuithe .i. Do reir uird na mbrigh is túsga ghabur ráod annsa tuicsin na tidhluicter don chuimne é. Ar an adhbur sin is eigin co madh túsga do denadh duine foghluim na teoruice, na badh eidir a tidhlacadh don chuimhne. Et is edh is praitic ann, foillsiughadh na teoruice annsa cedfadh ghabaltaigh, agus a noibriughadh na lamh do reir tuicsina na teoruice tic roimpe. Ar an adhbur sin is follus curob tri shuibidhecht aithne na teoruice oibrighis an praitic, agus is mar sin is follus in silogismus so, oir is eigin co ttuicter an conchlúid so asna hainntisedensaib aderur.

¶1] Et bi a fis agad[...] {MS folio 135r} agad co tteaguisginn innstrumint na siruircecht [...] gi na siruircecht, as eigin dó sin do tuicsin agus [...] ainbhfhis ar an liaigh ar an egna labrus dona duilibh [...] neithibh nadurdha agus dona gallraibh, bíadh


p.262

ainbfhis uilidhi air agus is eigin [...] bheith follus do reir mar fhoillseochamuid in ar ndiaigh. Et bí a fhis ag an tsiruirci co ngeinter gach uile corp cumusgtha da bfuil fan cercaill lunardha a 4 corpaibh áonda brisis a foirminnibh a [...] cheile, mar ata teine agus aer, uisgi agus talamh, gidh edh do suigighedh(?) iad a bfhad ona corpaibh a bfuil [...] ar son adultrais agus contrardhachta na ndúl do leith a gcaile, gidh edh tigid siad maille re na gcailibh annsa comshuigiughadh, innus co ttéíd rann robec dúla aca a rann robec dula ele, ar chor co mbrisinn an comcumasg sin contrardhacht a foirminn, agus co ttic foirm ele o comcumasg na substainti sin agus co ttic coimplex nuadh mur in cedna o comcumasg na caile agus gach fad da mbe an comcumasg o contrardhacht na ndúl, agus bhes sé a bfhogus do coimplex inmedonach as í an méide sin bhes an ni cumuscthed(?) ullamh do ghabail foirme uaisle na betha, agus as i in foirm sin áonní is uaisle do ghabur idir na corpaibh cumusgtha annsa spirid daonna, gidh edh na caile thic le corpaibh na ndúl annsa comcumasg, is ní nach eidir dealughadh ris na corpaibh cumusgtha sin agus na cuirp do bheith ar marthuin, agus atáid a ceathrur dhibh ann .i. teasaidhi agus fuar, fliuch agus tirim agus is uatha sin cruthuigter an coimplex. Ar in adhbur sin dob eigin 4 coimplex dfhagail isna corpaibh cumasgdha ata innuinn co huilidhi do ghabur o ghniom agus o fulang na caile contrardha tic ona duilibh, mar ata rann ro-bec dúla aca do dul a rann ro-bec dúla ele agus techt mar sin annsa cumasg. Et uair ele coirighter na 4 coimplex so .i. te agus fuar, fliuch agus tirim innus co gcruthadh 4 coimplex ele uatha mar ata teasaidhi agus tirim, teasaidhi agus fliuch, fuar agus fliuch, fuar agus tirim, agus is mar sin ata a hocht dibh ann .i. a 4 áonda agus a 4 comsuigighti. Et bí an tochtur sin uair ann co adhburdha agus uair ele co nemhadhpurdha agus ataid siad a 16 mar sin ann agus ataid in 16 sin do reir tuicsina druinge ele nadurtha do druing eigin agus minadurtha do druing ele, agus ataid sin a 12 ar 20 dibh mar sin. Et is eigin éncoimplex cudruma dfagail idir na corpaibh cumasgdha cum a ndéntur na coimplex ele do compraid, agus do frith in coimplex cudruma sin a nduine eigin, gidh edh is da compraid ris na corpaibh cumasgdha ele do ghabur é, agus ni cudrumacht do reir truime no etroimi na ndúl sin, na cudrumacht do reir thomais, acht cudrumacht

p.264

eigin do reir chora, oir teaguid na duile a nduine eigin cum in mhedhoin ata a bfad o contrardhacht, ar chor nach eidir leo techt cum cuirp ele agus is mar sin ainmnighter gach ní ele do beith te no fuar, no fliuch no tirim a naithfhégadh in coimplexa daonna, agus fédadh an ní sin bheith mesurdha, masa ní leighes amain é, no mas biadh a naithfhégadh in cuirp daonna, oir bí an ní sin fuilingtach on tes nadurtha ata innainn, gidh edh ní théiginn agus ni {MS folio 135v} [...] agus e so curob tégadh amáin doní no curob fuaradh amáin [...] cailibh ele agus adermuid an ní sin do beith teasaidhi sa cedceim [...] ata innainne agus é ag tégadh ar gcuirp, gidh edh ni theighinn [...] urcoid duinn, agus ata an ní sin teasaidhi sa dara ceim agus ata tes ele téi [...] co huilidhi agus ni fhédann ar ttégadh gan urcóid do dhenamh dhúinn, agus adermuid curob i sin [...] ata in tes sin. Et an uair téighter sinn agus urcóid fhollus do dhénam dhúinn, adermuid co bfuil [...] é sa 4 ceim oirinn doní scris follus agus is inann ferc agus al doibh sin agus dona tri coimplexuibh ele.

¶4] Et bí a fhis agad curob eigintech don tshiruirci aithne coimplex na mball agus na ccorp agus na leighes do bheith aige, agus derbhtur so co follus mar so .i. coirighim co bfuilid cneadha ar dhís ata a naonáois agus a ttabairt orra a náonuair agus a naoininadh o chloidemh cona chosmbaile, gidh edh teagmhaidh co bfuil nech aca aga bfuil coimplex teasuidhi fliuchaidhi agus nech aga bfuil coimplex fuaraidhi tirim agus as í baramail na ttuathadha ar na fhaicsin, curob leighes inann fhodhnus doibh, gidh edh teaguisgidh aignedh in coimplexa ata ar na derbadh le resún nach cóir áonleighes doibh ar áon, oir is cóir dhuinn egla do vheith oruinn co ngeinfidhi neasgoid ón chneadh ata annsa coimplex teasuidhi fhliuchaidhi no fiabhras, oir adeir Galienus na baill teasaidhi ina teagmaid neasgoidi co bfuilid siad ina mbunait ag an fiabhras, mar ata in uamha cum in arain do berbadh. Et adeir Galienus agus Ysac agus Avicenna nach fuil dona coimplexuibh coimplex is ullmha cum na bfiabhrasadh do ghabail na an coimplex teasaidhi fliuchaidhi, mas edh da tteagmad cneadha inntu coimédtur iad co maith. Ni ele teagmhas doibh .i. fliche fola, agus legur cuisle a laimh contrardha an táoibh sin no a cois an táoibh crechdnuighthi da bfhuilingedh an bhrigh agus an


p.266

áois agus na neithe rannuighthi ele agus da mbia an bhrigh anbfhonn curtur fásadharc ar agaidh in da shliasad agus folmuighter uair sa ló le supositorium no le clisdiri muna bfuigha se fein folmughadh nadurdha, agus dluitighter buird na cnedhi re cheile re fuigil no le hadhartanaibh no le ceangal ele munba heigin a fuagáil, agus leighester na cneadha mar aderam don táoibh shis dínn.

¶5] Et curem leighes coimédach arna cneadhaibh toirmisges rith na leanna, mar ata bolus arminicus agus ola roisicda agus becán finegra. Et na tabhradh fín da ól doibh na feoil na uighe na énbhiadh ghinfis morán fola agus is lór mar bhiadh doibh sugh coirci no eórna maille re sugh almont agus is riagail gheneralta gan acht becán do bhiadhaibh seimhe do thabairt dóibh, no co mbeit siad innill o nesgoid agus ó fiabhras agus leighestur ainnsein iad mar is luaithi fhedfuighter. Et madh fuar tirim vias an coimplex na legur cuisle doibh agus na curtur fasadharc orra, oir is innmhas in coiméd a fuil derg innsa coimplex fuar tirim agus taburtur fín agus feóil doibh ar son nach fuilnginn an gaile na a mbrigh dhileghach diét séimh, oir is eigin diét o ngeintur moran fola do thabairt do leighes na gcoimplex fuar tirim ara mbid cneadha, oir ni egail linn fiabhras doibh ar son nach fuil a gcoimplex ollamh cum a ghabhala. Praeterea fédmuid áonleighes inann ata arna ullmhugadh a náonmodh do tabart {MS folio 136r} a gcneadhaibh ata a gcoimplexuibh examhla, gidh edh n[...] vitriolum romhanach re nabruid na Francaigh co c[...] il innta agus ni fliuchaidhecht amáin gheinis acht cnaidedh, gidh edh ni bfuil acht [...] ataid eifechta examhla aigi, do reir examhlacht na gcoimplex ai[...] ata gnimh na greine examuil agus ni har son na greine sin, acht ar son exa[...] noibrighinn, oir tirmuighi an vitreolum co mór annsna corpaibh tirma agus calmuightur na sesmuighidh ag connmail a nert fein innta. Da reir sin ni fhédann sé acht an fed do g[...] se annsa chneadh da tirmughadh agus is feoil ghinis. Annsna cneadhaibh fliucha, imorro, bí coimplex anbfonn aca agus ni heidir leo sesmhugadh do dhénam le nert an vitriolum, innus co ngabadh [...] vatha le ndentur a legadh, innus co méduighter siledh, no mar annsna cneadhaibh on vitreolum, mar adubrumar romuinn annsna coimplexuibh examhla.


p.268

¶6] Et adeir Galienus da mbia inannus silidh a da ccneadhaibh, agus cneadh dhibh a mball teasaidhi agus cneadh ele a mball fhliuchaidhi curob tirma in leighes dleghtur do thabairt annsa chneadh vhís annsa ball teasaidhi na annsa chneadh vhís annsa ball fliuchaidhi. Et da mbeith cneadha a dha mballaibh agus coimplex inann aca agus moran siledh ag cneadh dhiph agus becan ag cneadh ele, curob don chneadh ina mbia morán silidh dlegtur an leighes as tirma do thabairt, do reir fhiadhnise Iohannes Damasenus, oir adeir: Medicamina et emplastra debent esse homogenia membris quibus aponuntur, oir adeir co ndlighid na leighes agus na ceirinecha bheith homogenia dona ballaibh re gcurtur iad. Et adeir co ndleghtur na neithe nadurdha do coiméd ona gcosmuiles agus co ndleghtur na neithe ata a nadhaidh na nadura do scris ona contrarda. Da reir sin da mbia an liaigh ainbfhisach a gcoimplex na mball, cinnus bhus eidir leis leighis examhla do thabairt a gcoimplexuibh examhla, mar dleghur a ttabairt agus co ro-mór da mbia se ainbfhisach a gcoimplexuibh agus a gceimenduibh na leighes. Et is eigin dona legaibh a fhis do bheith aca cinnus gintur na lenna is rann dona neithibh nadurdha masa eigin dó scians agus leighes na nesgoidi do tuicsin, mar foillsighter a ttrachtaidh na nesgoidi in ar ndiaigh. Et dlighid a fhis do bheith aige ce hiad na baill ata examuil annsna corpaibh, agus cad hí an tarbhaidh agus an oiffic ata aca, innus co mbeith a fhis aige cia hiad na baill aga bfuil brigh mor sa corp, agus cia na boill ina bfuil mothughadh mor leis nach eidir leighes laidir dfulang. Et is eigin dó aithne na mbrigh do bheith aige innus co bfeicfedh sé an bhrigh arna hanbhfhuinniugadh isna ballalbh, oir dleghur furtacht do thabairt don ball ata arna ghortughadh do calmughadh a oiffigi agus a ghnimha nadurdha, agus madh aithne dho egna na mbrigh agus na noibrighthed agus na spirad, badh aithne dhó an ní do dhénadh díth doibh. Et ataid na neithe so adubrumar romhuind nadurdha agus is iad cedboill na cedfoghla do berar lesin retoiric a nealadhain leighis iad.

¶7] Et is eigin dó ar an modh cedna aithne na neithe nach nadurdha do bheith {MS folio 136v} [...] cneadh no nesgoid, oir ni tirmuighter na cneadha annsa [...] naiterrach on aer tirim soluis ghlain deaghbalaidh [...] annsa geimhredh, oir ni


p.270

urcóidighinn áonni do lucht na ccneadh agus dona [...] doni an fuacht. Annsa tshamhradh, imorro, ni heigin an taer do mhesrughadh [...] sa geimhredh, gidh edh is eigin do an diét imcubhaidh do thabairt ann. Item is eigin dó [...] anadh imcubaidh dordughadh dho, oir da mbia cneadh annsa cend no goin annsa bfeith is eigin do [...] agus silens do thabairt don othur agus leabaidh bhog shocur innus nach gluaisaid agus nach gortuighthi an ball tinn, agus gidh edh da mbeith seinchneadha gan teinnes annsa laimh, is maith don eslán siubal do dénam [...] a lamh ar iomchur fana braghid. Et da mbeith na cneadha annsna luirgnibh no annsna troighthibh is na luighi is coir doibh bheith agus saotur do dhenam lena lamaibh. Item dlighid an shiruircidhi codladh mesurdha do thógairm an meid fhédfus, oir doni an codladh imurcach in eslainti do mhédughadh agus anbhfhuinnighidh na brigha. In nemhcodladh, imorro, dísgaoilidh agus cnaoididh na spirid agus gérighi na lenna agus treoruighidh na cneadha cum tirmuighachta minadurdha agus is cuis teinis é. Item is deghmhaisech dó an linadh dfolmughadh agus in riachtanus a les do coimlionadh, innus co ttreorocadh sé in teslán cum fliuchuidheachta mesurdha agus muna derntur sin ni cnesuighter an chneadh ar áonmodh. Et is eigin na tedhmanna ainmighid do mhesrughadh, oir ritidh an spired co himurcach cum na mball bforimillech on ferg. Ar an adhbur sin lasaidh an ball crechdnuighthi co minic. An egla agus in dobrón, imorro, agus midhochus as a shlainti toghairmid siad an spired an in medhon agus anbfhuinniughter na brigha uatha sin, innus nach eidir leó adhbur in athnuaigighthi do gheinmuin isna cneadhaibh. Et is iad so na .6. neithe nach nadurdha is dara rann do theoric an leighis.

¶8] In galur, imorro, agus na neithe bhenus ris, mar ata cneadh agus crecht agus fistula agus cancer agus nesgoid agus moran do neithibh ele, is eigin don liaigh fis do bheith aige, innus co mbeith a fhis aige cia ara ndingnedh sáothur, no a nagaidh a ndingnedh no créd cum a ndingnedh, oir ataid so uile examail agus is so an examhlacht so examhluighter an ní furtachtuighis iad. Cuis an galuir agus ma cneidi dleghur a aithne verbi gratia, oir ni hinann an leighes is cóir do


p.272

dhénam don chneadh do ghéntur le cloigemh agus don chneadh do géntur le bualadh cloichi, no o tuitim, agus ni hinann modh ara leighister gerradh in mhadra áonda agus gerradh in mhadra gháoithe, agus do gébhtur so annsna hinadaibh bhenus riu fein. Et is eigin doibh aithne na naicidi vhis a ndiaigh na cneidi do bheith aca, oir muna hinnarbtur na haicidi, ni leighester na cneadha, agus do gébhtur sin ina gcaibidliughuiph dísle fein. Et crichnuighter teoric an leighis co huilidhi annsa tri neithibh so .i. annsa galur agus annsa chúis agus annsa naicid, agus mar adubrumar romhuinn, annsna .7. neithibh nadurdha agus isna .6. neithibh nach nadurdha. Et ni heigin don tshiruirci innstrumint echtrannach dfhagail a negmuis an dara innstrumint adubrumar romhuinn, gidh edh is eigin in diét dordughadh {MS folio 137r} innus co [...] do a fis do bheith aigi [...] aige cinnus do béredh sé purgoid agus scethrach don druing [...] in adhbur ona cneadhaibh an uair folmuighter na droclenna on corp, agus i [...] adhbur sin, gidh be thuigis agus smuainis gach uile rann don leighes [...] don tshiruirci dfoghluim don ealadhain leighis agus is an [...] maithe ele thosguighes on naduir crichnuighter an prohemium so etc.