Corpus of Electronic Texts Edition
On the Qualitees, Maners and Kunnynge of a Surgean (Author: Lanfranc of Milan)

p.254

Capitulum 1

23 N 16, fol. 133v.

¶1] {MS folio 133v}Omne quod volumus investigare uno trium modorum investigari potest .i. gach ní bhus ail linn do lorguirecht is ar modh eigin dona tri modhuibh so fédmuid a lorguirecht .i. ona ainm no ona ghniomh no ona deffinition fhirinech eisidha fhoillsighes esse an ráoda. Et fedmuid an tshiruircecht do lenmuin arna tri modhuibh sin agus ar tús do leith in anma, oir is innann cyros agus lamh agus gyos agus oibriughthóir. Is inann sciruirci re radh agus oibriughadh lamh, oir is annsa tshíne laimhe ata crich tharbhtha na hoibri so. Et fedmuid ar in mhodh cedna aithne an raoda dfhaghail do leith an ghnímha, oir is o ghníomh na lamh doniter an toibriughadh so agus adeir Galienus nach i an aithne do ghabur do leith an anma aithne is forfuidh ann. Do reir an úghdurrais so: Qui veritatem rerum perpendere voluirit non eum ex suo nomine sed sui essensia investigare conatum .i. gidh bé lenab áil firinne na ráod do thabuirt da uigh, ni hona ainm do gabur an fhirinne


p.256

sin acht trialltur a lorgairecht a hesse na ráod agus is trid sin adeir Avicenna: Noticia nominis impositi non tollit ignoranciam, quam dat extraneitas rei .i. aithne in anma do curadh ar an ráod ni thógbhann se an tainbhfhios do beir esse rannaighthi in ráoda. Ar in adhbur {MS folio 134r} sin ni maith an aithne do ghabur do leith an anma agus is bec in aithne do leith an ghnímha mar sin. Mas edh fágmuid curob í an aithne fhoillsighes diffinition agus essensia ráoda is ferr ann. Ar in adhbur sin adermuid curob edh is cyrurgia ann .i. egna leighis teaguisgis dúinn oibriughadh le lamhuibh ar an ccorp ndaonna ag sgaoiledh na continnoidighi agus ag treorughadh sgaoili na continóidighi cum na staide a raibhe ar tús ina bheither a treorughadh, agus do scris na niumurcach do reir inntinne theoruice in leighis. Ar an adhbur sin an uair adermuid curob egnuidh in síne laimhe contraramuid don druing adeir curob oibriughadh rannaighthi an sínedh laimhe ata ina ráod nach crichnuighthi sho-truaillighthi, oir ni labrann an egna dhibh sin, agus an uair adermuid leighis, ni co dilios aderar egna leighis, acht co coitchind gabur hí, mar is follus a t- Tegni. Et an uair aderur teagusg is duin oibriughadh .i. da dhechfriughadh on theoruic aderur sin, agus an uair aderar maille re lamuibh is da dhechfriúghadh ó ghneithibh eile na praitici aderur é. Et an uair aderur ar an gcorp ndaonna is da dhechfriúghadh ona marusgaluibh oibrighis le lamhuibh ar na hainmhinntibh bruidemla aderar é. Et is mar sin fedtur tri dechfricha na sciruirgidh, no gach dechfer dhibh ar leith do tharruing cum deiffinitioin na praitici, agus is iad so na dechfricha sin .i. in chointinóidighi do sgaoiledh agus sgaoiledh na cointinóidighi do dhaingniugadh agus in iumarcach d'innarbadh. Et in uair aderur cum na staide ina raibhe ar tús no ina beithear a treorughadh, ni tuicter as sin nach sciruirghid é da tteagmhadh nach cuirfedh se an ball annsa cruth ina raibhe ar tús, oir is lór a cur annsa cruth is ferr ina bfhédfuighter a cur, gion co mbia deaghmhaisech no iomlán do reir mar do bhí ar tús. Et in uair aderar do reir inntinne na teoruicthi, tuicter as sin curob eigin don tshiruirgidh beith ina theoruicthid do reir mar fhoillsigher sin ina ninadaibh fein.

¶2] Et is iad so rainn gheneralta na siruirci, gidh be ni aderid morán dona doctuiriph .i. tri hinntinni na siruirghidh


p.258

do reir mar foillseochamuid ina gcaibidhliughuibh disle fein. Et is iad so suibidhechta foicsi na siruirghid .i. in corp daonna agus na boill comchusmhaile agus na boill oifigecha, oir is orra sin co huilidhi oibrighis an siruircidhi.