Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 3

An treas caibidil

[Do] Sangui[s] suigi232


10245]

Sanguis sugacio est extraxcio sangunis cum sangis sugis .i. as ead as sangis sugacio and .i. athtarrang na fola lé sanguis sugi. Et as piasta beaca duba iad a cosmailius earball lochadh ana mbíd líní buidhi ana ndromannaibh &
10250] deirgi éigin ana meadhánuibh . Et as iat as fearr díbh na piasta do-gobar annsna huisgib maithi. Ge edh, seachaintear díbh na piasta ara mbí dath aduathmur & gá mbí ceand reamor & oiltear a ndroch-uisgibh, óir as neimneach iad.


10255]

Et bíth a fhis agat nach inntuctha sanguis sugi a mórán d'inadaibh, acht annsna hinadaibh nach éidir na fásadarca do chur, mar atá, an bél, & an tsrón, & feóil na fiaccal, & na baill tirma bís lomnacht ó fheóil, mur atáid, na méir & na


p.142


10260] hailt. Et as áil lé h-Auicenna a mbeith tarbach a serpigo & annsna droch-cneadaibh, & ní horra dleagar acht 'na timchill. Et ní beacán chuirius iad d'osgailt emoroida. Agus as mó thairrngid siad ó inmeadhón ná do-níd na hadurca. Et
10265] as inntuicthi nach dleagur na folmuigthi rannaidi so do thabairt do na corpaib línta, acht mar folmuigthear co huilidi iad rompa. Et as í so inntinn Auicenna .i. nach dleagur a tabairt an uair gabhthur go nuadh iad, acht coimédtar lá iad
10270] a n-uisgi glan nó go sgéidhid siad an méid bís ana meadónuibh.

Agus coimeltear an ball aindséin, & innaltur nó go ndeargthur é, nó curthar fuil ele faí, nó {MS P page 482} déntar begán fuiligthi innus go silfí méid éigin
10275] fola ass; & curthar ris iad ré lámhuibh .i. a dó nó a trí, do réir mur as éigin chum tarraing an méide so d'fhuil .i. an méd as éigin d'fholmugad di. Et ana diaig sin an uair linfaid siad iad fén d'fhuil, tuitid uatha fén, nó muna thuitid curthar
10280] uinégir fóna ceannaibh, nó salann bruiti, nó aloé, nó tarrangthar iad lé ruaineach, nó léna cosmaile.

Et dobud tarbach ana diaigh sin an t-inad do shúgad nó innlad lé huisgi nó lé haigéid. Et
10285] dá n-imdaigthear fuil annsa ball as maith cerín


p.143

infra 322
do chur ris do bolus Armenicus & do galla & do neithib noch toirmiscius an fhuil, & follamnuidthear an t-easlán mar do-géntaí fear cuislinni. Et dá tucthaí triacail tar ési sin dó, dobud maith
10290] é, ar son neime na piast , mar dearbus Arnalldus.

Agus as leór na neithe so do sangis sugi.