Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 1

An chéd-chaibidil de: Biaid sé do regimen na corp atá ullam chum tuitme a n-easláinti

Deinceps determinare volumus de regimine corpurum
8375] que parata sunt caderi in egritudinem .i. ó do luaideamur don taeb thuas dín do na riaglachuib


p.70

infra 246-7
do-gabur ó na neithib nádúrda, labrum ann so do na riaglachaib do-gabur ó na neithib atá a
8380] n-aigid na nádúiri. Agus dob áil linn anois luag do riaglachaib na corp atá ullam chum tuitme a n-easláinti, & ní do résún an tuitme atá ana coimplex, óir do labramur co lór de sin don taeb thuas dín annsa dara pairteagal sa chaibidil
8385] luaidius do regimen an droch-coimplexa nádúrda, et dob áil linn mensión do dénum annsa chaibidil so do na corpuib atá ullam chum tuitme a n-easláinti a ngar ar son cúise aicídidi éigin atá inntu, & aithnemid na cúise sin ó aicídib éigin atá a
8390] n-aigid na nádúiri. Et gairthear neutrum211 desidensia dá leithédib sin do chorpuib, óir bít siat a leithid na sláinti an tan sin.

{MS P page 419} Et as indénta aen-chomrád coitchinn do na corpuib sin uile, óir as inann coiméd dleagur do
8395] thabairt dóib annsan aimsir atá chugainn & leigeas annsan aimsir atá ar láthair; óir is leis na leigeasuib lé leigistear na heasláinti co gnímach leigistear an drong atá ullam chum tuitme a n-easláinti a fogus, & is mur sin do-gabur a
8400] follamnugad co lór ó regimen leigisius iat. Más ead, ná heirgeam tar tórannuib ar toile féin .i. don regimen choimédach & don regimen rém-choimédach . Et céimneóchad co hathchumair


p.71

infra 247-8
d'fhollamnugad chorp na droingi sin & do mod a
8405] furtachta óna n-aicídib óir atáit siat fós a leithid na sláinti. Et gibé lérab áil a leigeas so do thuicsin léighid sé leabra na sean-daínead annsna hinntinnib coitchinna & rannaidhi do-rinneadar don tsláinti.

Ar an adbur sin bíth a fhis agad an drong atá
8410] ullam chum tuitme a n-easláintib co mbít siat ullam chum tuitme a n-easláintib ó repletion na leannann, nó ó anmuine, nó ó mailís éigin bís ana coimideacht. Chum an chéid-neith díb sin is measraigthi caindiacht na leannann. Chum an
8415] dara neith is measruigthi cáilideacht na leannann tré chontrárdacht chum na críche so comad éidir an corp d'oileamain uatha, nó co mbeadais umal don innarbad. Et measraigthear caindiacht na leannann maille ré beacán bíd [H2] 212 & dighi & lé médugh
8420] an tshaothair & lé coimelt & lé fothragad; & mad éidir leó allus do chur díbh ullmuigthear iat chum in alluis uair éigin, & tar és an alluis do chur díbh ná tobharthar biadh dóibh gu spás ceithri n-uairead, acht munbhud eagail lind gluasacht
8425] leanna ruaid chum an ghaile, óir is cóir in drong sin do bhiathad roimh in fothragad. Et dá mothuigid in drong sin dúinti ana taebhaibh, gnáthuigid siad neithe aithinti dílsi dá coimplex


p.72

infra 248-9

8430] oslaigius na dúinti. Gidh eadh, do fhétfadh an mhéidi so do línadh leannaighi beith ann ná budh leor na neithi adubramar romainn acht gumad éigin cuisli nó leigeas lagthach do thabhairt ann. Et dobudh édir in méidi so do pheacughadh do beith a cáilideacht na leannann ná bud lór
8435] neithi contrárda claechluigtheacha, dóib acht gomad éigin dóibh neithi contrárda d'fhagbáil.

[H1] Et an drong atá ullam chum tuitme a n-easláintib, atáit aicídi & comarthaí theagmus dóib do leith na n-easláintid sin do-ní rém-fháisdine
8440] dóib. Agus dob áil lim labairt co hathchumair dá n-aicídib & dá comurthaib annsa chaibidil so, óir is risin leabur labrus d'inntleacht na sláinti beanus tráchtad co speitsialta dóib so. Ar an adbur sin tinnsgnum ó droch-álgus rém-fhoillsigtheach
8445] na heasláinti atá generálta annsna heasláintib eile, & cuirfimid a leigeas ainnséin. Agus as é an droch-álgus sin nó an droch-fhoámugad an saethur toileamail.

Et bíth a fhis agad chum tuicsina an neith
8450] so co fhuilid gnéithe imda ar an saethur nó ar an corthacht .i. saethur créchtach, nó saethar rigtheach , nó saethur tromda, nó saethur neascóideach (nó saethur lastach), nó saethur tirmuigtheach, & gnéithe eile comshuigigthear astu so.
8455] Et gairthear saethur créchtach in uair shaílius


p.73

an duine co ngontur é lé snáthaid, nó lé dealg, nó lé neanntóig; & teacmaid sin ó linn gér gontach, mur atá, linn ruad gonus do leith a géiri, nó linn dub gonus do leith a aigéideacht,
8460] nó linn finn gonus do leith a shaillteachta. Et is mur sin is follus gurab do leith droch-cáile an leanna pheacuidius bís an teinnius sin.

An teinnius sínteach, immorra, nó rigtheach , an uair tuicthear co mbít na lámha & an corp co
8465] huilidi agá rigid amail shreing boga; & is é is cúis dó sin, imad an adbuir arna shúgad ann ag na ballaib mothuigtheacha, mur atáit, na féithi & lacerti & na muscuili. Et ar an adbur sin is ar éigin fhéduid siat a síneadh, nó ménfadach do dénam,
8470] ar son an línta imurcaid bís annsna ballaib mothuigtheacha.

Et is ris adearar teinnius tromda, an uair do-chíthear don duine co mbrúidthear & co tromuidthear a chorp mur do-géntaidi ó eire throm; {MS P page 420}
8475] & is é is adbur dó sin .i. mórán do leannaib reamra rigne ar n-imdugad annsna ballaib.

An teinnius neascóideach, immorra, nó lastach, is amlaid bís sé .i. co mothuiginn an duine é féin tenn lastach innus gurab ar éigin fhuilngius sé
8480] a glacad, & mothuigid sé do gnáth lasad mór ana shlinnénuib; & is ó imdugad leannann agá mbít droch-cáile bís sin. Et bít droch-inorduigthi eile ar na corpuib, mur atá, ménfadach, nó ridi,


p.74

nó síneadh na mball, & horripillacio, & rigur, &
8485] tremar, óir bít fiabrasa a fogus dóib sin.

Agus bíth inordugad eile orro ré n-abur saethur tirmuigtheach; & ní bí teinnius ná corthacht annsa gné shaethuir sin acht an croicinn do beith garb an uair glacthur é, & do-chíthear dó co tirmuigthear
8490] nó co cnaítear a chorp; & teagmaid sin ó aipstinens, nó ó shaethur imurcach, & mur sin do na neithib eile thearcaidius & tirmuigius an corp.

Et teagmuid cúis na saethur sin adubramar
8495] uair ann co fuirimeallach & uair eile co hinmeadónach: co fuirimeallach, mur atá, saethur imurcach, óir leagthur & dísgaíltear na leanna & an geir & an méthrad, & an fheóil do théchtad co nuad ón tsaethur. Et tosguigid so chum na
8500] mball mothuigtheach & cúisigid [H2] muid égsamhla na corthachta do réir mar th eagmaid siad do na ballaib fuirimeallacha nó inmeoghánacha, nó do na ballaib mothuigtheacha nó neam-mothuigtheacha, do réir mar atáit na cúisi so ó droch-cáil
8505] truailligthi nó ó chaindigheacht imarcaigh. Agus do-ní fothragad an ní cédna so, & teas gréini nó tineadh, nó fuacht aéir, nó coimelt, nó coimhriachtain imarcach, & gach uili ní atá leath amuich don chorp noch ghenis iat.


8510]

Na cúisi inmeoghánacha, immorra, ó ngentear


p.75

corthacht as iad so iad .i. na leanna chuirius in nádúir chum na mball, & genidh sí na leanna sin uair and do leith na droch-cáile, & uair eli ó chainndieacht imarcaidh, & uair eli uatha araon.
8515] Agus mad ó na leannaib bheas an tenneas tuicthear ar an modh so é: óir dá n-inntaighi in croiceann chum gili, dearbaid sin adbhar leanna finn do beith ann & an chorthacht do chúisiugad uadha; & dá n-indtaighi chum datha in luaighi, is é linn
8520] dub bhus cúis do; & mad chum buigheacht inntaighius, is é linn ruad; & mad chum deirgi is í fuil dearg; óir foillsigid dath in chroicinn tigearnus na leannonn, & is fíor so acht muna biad sé foluigtheach a ndoimhni in chuirp. Et
8525] uair eli athantar in linn cindtach ó na haicídibh do-gabur ón regimen & ón diet & ó aimsearaibh na bliadna. Ar in adbar sin dá mbia sé 'na fhir leanna ruaid, & aimsear the do bheith and, & gur gnáthuig sé saothar & biadha teasaidi, &
8530] corthacht do theagmáil dó 'na diaigh, conclúidigthear co résúnta gurob é linn ruad is adbar don chorthacht sin. Et mad fear leanna duib hé , & aimsear fhoghmair do beith ann, & biadha melangcolica do chaitheam, signigid sin corob
8535] é linn dub is adbar don chorthacht sin. Et mad fear leanna finn é, & aimsear ghemhridh do beith ann, & comhnuidi mór do dénamh dó, & biadha

p.76

flegmaticacha do chatham , & corthacht do theagmáil dó ana diaigh sin, tuicthear gurob é linn
8540] finn is adbar dó; & dá caitear biadha saillti an tan sin, nó géra, & corthacht maille ré tochus do theagmáil ana diaigh sin, signigid sin linn finn saillti. Agus madh fear fhola deirgi é, & aimsear erraigh do beith ann, & biada teasaidi fliuchaidhi
8545] do chathamh , foillsigi sin fuil dearg do beith 'na cúis ag an chorthacht . Agus dá mbia in fual ísil sémh, as linn omh bus cúis and. Agus dá mbia sé dathaighthi solus, as linn ruad shignigius . Et dá mbia dubh nó temhelti nó
8550] uaine, is linn dub shignigius , nóid leanna loisgthi.[H1] {MS P page 421} Et dá ndeacha duine a fothragad & co moitheócha sé é féin rigthi, signigid sin leanna oma do beith annsna cuisleannaib. Agus as mur sin gibé lérab áil tuicsin deithideach na neithead nádúrda &
8555] nach nádúrda, & na neithe théid ón chorp, & datha an chroicinn, & muid na corthachta do beith aigi, ná seachnad sé an chúis ó ndéntar an chorthacht & an mod ara ndéntar í do beith aigi.

Et an uair theagmuid gnéithe na corthachta ó
8560] na cúisib fuirimeallacha, ní mór as ineagluigthi iat an tan sin, óir is urusa leó dul ar cúl ó chumsanad & ó fhurtacht an leaga; óir ní dénuid na cúise fuirimeallacha urchóid mur do-níd na cúise


p.77

inmeadónacha, acht muna bia an chúis fhuirimeallach
8565] láidir co mór, & an corp do beith ullam arna inordugad chum easláinti ó imdugad na leannann. Et dá teagmad na suigigthi saethracha so ó na cúisib inmeadónacha, gan cunntabairt, foillsigid siat easláinti annsan aimsir atá chugainn
8570] dá ngnáthuigthear iat, acht muna tucthur leigeas ana n-aigid. Et is maith do-chonnaic Ipocráid so annsa dara pairteagal d'Aforismorum an uair adubairt sé: ‘labores spontanei narrant morbos’

Liber Aphorismorum Cap. 2

.i. foillsigid na saethair thoileamla na
8575] galair. Más ead, an uair theagmaid na saethuir sin gan cúis fhuirimeallaig fholluis, do-chíthear an tan sin co fuilid droch-leanna annsa chorp threóruigius an suigiugad sin. Et gibé do-bérad sin dá aire co maith, dobud éidir leis a choiméd
8580] ó easláintib, óir do réir Galen, annsa leabar do-rinne don fhaethugad, Nulla est egritudo que veniat subito sicut fulgur .i. ní tic aen-easláinti co hobann mur tic fulgur. Ar an adbur sin tic suigiugad éigin, nó corthacht, nó saethur, nó
8585] sdupáil, nóid na neithe nádúrda do dul asa céimeannuib féin, roim gach uile easláinti tic ó chúis inmeadónaid. Agus gach uile comartha tic mur sin foillsigid sé an easláinti ag tinnsgaint; más ead, teagmuigthear ria ana tosach, & is mur
8590] sin coimédfuidthear na cuirp ó na heasláintib atá ag teacht.


p.78

Annsa tsaethur chríchnuigtheach, immorra, & co háirithi an uair tic sé ó chúis fhuirimeallaig, ceangailtear cumsanad ar an droing ara mbí sé,
8595] & coimiltear co mín iat ainnséin, innus co n-innarbthur an t-adbur atá faí an croicinn a ndeathaigib. Et ongthar iat ainnséin lé holaid oliua anaipchi, nó maille ré holaid na n-almont milis; & muna mínidi sin in teinnis, déntur an
8600] choimilt nísa láidiri, & furáiltear air saethur measurda do dénam, & curthar a fothragad measurda é, & taburthar diet séim dó; & muna mínidtear an teinnius mur sin, & co faicfear an corp do beith línta, folmuigthear é an tan sin fá
8605] iniaratus an leanna.

Et dá mbia an teinnius rigtheach, is comartha sin co fuil droch-cáil annsna leannuib & caindiacht imurcach; & déntar na neithe so adubramar romainn do réir uird, acht a mbeith nísa láidiri
8610] .i. an choimilt do beith fada láidir, & aipsdinens mór, & fothragad athamalta d'fhad; & curthar ola camamill 213 a ceann na n-olad adubramar romainn. Et dá mbia an teinnius ré fead 214 trí lá co continóideach, & nach fédtur a chosg, tuicthear
8615] as sin co fuil an t-adbur annsna cuisleannaib, & folmuigthear é an tan sin fá iniaratus an leanna cintaig.


p.79

Et dá mbia an saethur tromda déntar gach aen-ní dá ndubramair romainn nísa mó &
8620] nísa láidiri an tan sin, óir atá an t-adbur co domuin arna shuigiugad annsna ballaib mothuigtheacha. Ar an adbur sin calmuigthear & arduigthear na neithe adubramar romainn, & curthar ola lile & ola lauruis a ceann na n-olad
8625] adubramar romainn; & muna dearnuid so furtacht, folmuigthear mur is éigin, óir atá an t-adbur pheacuidius co himda.

Et dá mbia an teinnius neascóideach, nó lastach, is luath chuirius sé neach a fiabras. Agus
8630] leagar cuisle a caindiacht móir dóib an tan sin, {MS P page 422}& is baegal an fiabras dá mainneachtnaidthear ligin na cuislinni.

Et dá mbia suigiugad tirmuigtheach a corp an duine, ceangailtear cumsanad air an tan sin, &
8635] taburthar biada oilius co maith dó, & déntar fothragad uisgi buig dó an tan sin, & fothragad uisgi fhuair nó a ngar do beith fuar ana diaid sin. Et as intuicthi ana diaid sin, dá mbeid na leanna oma annsna cuisleannuib, nach dleagur an
8640] chuisle do ligin ar aen-mod do réir Galen, óir do tarróngtaigi na leanna oma chum na mball ó ligin na cuislinni. Agus ná dénuid saethur & ná coimiltear iat, & ná déntur fothragad dóib, óir disgaíltear & gluaistear na leanna uatha so, &
8645] dobudh eagal fiabrus do theacht; & ná taburthar


p.80

leigeas lagthach dóib, óir do chúiseóchad sé cuirrineach & uertigo. Et ná tobuir neithe fuara dóib, óir do médóchdais oime an adbuir; & ní dleagur neithe teasaidi co mór do thabairt dóib
8650] ar eagla an fhiabrais .

Más ead, déntur coiméd deithideach orra. Ar an adbur sin ceangailtear ar tús cumsanad & uaingius orra, & codlad fada, & beacán bíd & digi, mur atáit, petraisi & arán glan & beacán d'fhín
8655] glan. Et tair éis chumsanuid trí lá do dénam dó, taburthar diatreonpipereon dó, dá mbia an régión & an aimsear fuar; & tabarthar diaaradon abatis & siúcra róis dó; & dá mbia an régión fuar taburthar .2. de sin dó, & dá mbia te taburthar
8660] .3. nó dá .3. . Agus seachaintir na neithe ro-theasaidi, óir dá tucthar diatrion nó diacalamentum dó, bud eagal fiabras do theacht, do réir fhiadnuise Aueroes a Coilliged.

Ar an adbur sin is follus co lór cinnus as
8665] inteagmála don tshaethur ré n-abair Ipocráid labor spontaneus, & dá gnéithib, fhédmaid do thuicsin a mórán do moduib; & fédmaid rem-fháistine do dénum do mórán d'easláintib éxamla fhédus teacht ón tsaethur sin annsan aimsir atá
8670] chugainn.

Agus atáit droch-áilgis ele mí-nádúrda fhoillsigius


p.81

infra 254
easláinti éigin speitsialta a n-inad d'áirithi & áirmeóchmaid iat maille réna leigeasaibh don taeb this dín. Más ead, labrum ar tús do theinnius
8675] an chinn & na slinnén & ball eile an chuirp fhoillsigius na heasláinti atá chum teacht; & leigistear iat maille ré cuislinn dá mbia an corp línta ó fhuil deirg, & taburthar leigeas lagthach mad iat na leanna eile pheacuighius ann. Et dá
8680] mbia teinnius cinn ar neach & tromdacht, maille ré dobrón & ré docomlacht anála, signigid sin mania; & leigistear hí lé bláth time & lé iara pigra & lé iara rufini & lé gairdeachus & lé hinnsdruimintib ciúil.


8685]

Teinnius cinn, maille ré cuilib & ré finnfad d'fhaicsin, signigid sin cataracta ; & seachnuid siat iasg an tan sin & gach uile photáitse, & gach uile thorad, & gach uile ní deathmur, & déntar aipstinens an tan sin, & folmuigthear lé iara pigra & lé pille
8690] auria iat. Et dá mbia teinnius cinn a fiabras air neach, maille ré deirgi na súl & na haidthi, & ré foillsiugad lóchrann d'fhaicsin ar lasad, & neam-chodlad do beith ar neach, & an fual do beith ísil, signigid frenisis, & leigistear an tan
8695] sin í maille ré cuislinn & lé haipstinens & lé clisteri & lé neithib frithbuailteacha.

Tromdacht an radairc & an ésteachta, & na


p.82

infra 254-6
cédfad eile, maille ré sgotomia & ré uertigo & ré hingopus, fhoillsigid sin epilepsia nó apoplexia
8700] nó bás obann. Agus déntur clisteri gan inmeadón an tan sin, & furáiltear aipstinens do dénum an méid is mó fhétur an tan sin; & folmuigthear é lé iara pigra, & déntar coimilta éigintacha air.

Iectigacio do beith annsan aigid, maille ré
8705] stupur, signigid sin spasmus nó pairilis nó litairgia. Agus déntur clisteri imda an tan sin, & folmuigthear é lé iera pigra & lé haipstinens & lé coimeltaib & léna cusmailib.

Agus dá mbia an aigid dearg, & hí a' claenad
8710] chum beith riabach & chum morfia, & an guth do beith cíchánach, & docomlacht na hanála, {MS P page 423} signigid sin gan cunntabairt lubra ac teacht, & dleagur sin d'fhurtacht co ro-luath lé mórán cuisleann, & lé iera rufini do thabairt dóib co
8715] meinic, & maille ré haipstinens do dénum ó na biaduib geinius linn dub & ó na biadaibh teasaidi is urusa do thruailliugad & is deacair do díleagad.

Agus dá raib an aigid atmur maille ré [H2] hatt an fhabra iachtair & ré tromdacht do beith andsa
8720] taeb deas, foillsigid sin ydrópis. Agus is imchubaid absdinens go mór an tan sin, & dighi go háirithi; & seachnadh sé gach uile ní fuar fliuch. Agus gnáthuigthear an tan sin feóil én do-ní edtillach arna róstadh.


p.83

infra 254

8725] Et gibé ara mbí cattarrus go gnáthach, & agá mbí corp truagh, & ucht cumang anbann do beith acu do gnáth, as comurtha sin air perplimonia nó ar tisis do beith ag teacht. Más ead, fostuigthear an reuma ar dús, & folmuigthir an ceann ainnsén
8730] lé hyera pigra; & curthar púitsi teasaidi fán ceann do millium & do shalann arna mbrisidh & déntar puinc ar fhuighelaibh an chinn. Agus dá mbia an chúis teasaidi gnáthuigthear dyapapauer, & dá mbia fuar gnáthuigthear dyanisum & diaisopus,
8735] & dénad [H1] neam-chodlad & aipstinens mór. Tremor cordis & léimneach, signigid sin singcoipis nó bás obann; gnáthuigthear an tan sin neithe chomfhurtachtaidius an craidi, mur atá, diacameron & diamargariton, & curthar púitsi ar an ucht do
8740] bláth borráitse & bugulusa & do mellisa & do neithib eile atá díleas annsa chúis so.

Tromdacht & teinnius & pulsamlacht annsa taeb deas, maille ré fiabras, signigid sin neascóid na n-ae, & leigistear hí lé cuislinn do ligin d'epatica,
8745] & lé casia fistula & lé rós & lé sandaili & lé campora & lé huisgi róis do chur ar na haeib. Agus dá mbeid na comartha sin gan fiabras, signigid sin cruas & dúinteacht isna haeib; más ead, ibit siat uormónt & persille & mersi & fenél, & beacán
8750] spicanardi & a ól maille ré hoximel sgilleticum; & gnáthuigthear na neithe so maille ré heanbruithi siser, & ongthar régión na n-ae uile lé harragon


p.84

infra 256
& lé marsiaton & lé diaaltea. Et an uair bís teinnius continóideach a timcheall an imleacáin signigid sin
8755] tempanites .

Et dá mbia fasdidium nó aduathmuireacht ar neach, & gaethmuireacht nó línad do beith annsna taebuib & fá na maethánuib, signigid sín coilica passio. Agus déntur clisteri dóib ar tús an tan
8760] sin ana curthar ainís & cuimín & síl ruibe & iara pigra, & gnáthuigthear a folmugad lé iara pigra, & ongthar iat lé holaid ruibi, & dénuid aipstinens mór, & gnáthuigid biada róstaigthi & fín glan, & déntar púitsi dó do shalann & do chuimín
8765] & d'ainís & do shíl ruibe.

Dá mbia teinnius bronn ar neach maille ré gontaig & ré cnám na n-inneadh & ré flux bronn, signigid sin disinteria. Más ead, taburthar lus na frangc maille ré bolus armenicus dó.


8770]

Tochus do beith annsa timthearacht, & teinnius, & tromdacht, signigid sin tenesmon nó emaroides acht muna beid na piasta ré n-abur cucurbitini ann. Agus leigistear tenesmon mur so .i. gab sgeartáin & crúbacha do-gabur fá na clochuib
8775] bís fá na tunnaduib bís annsna táibirnib, & bristir co min iat maille ré geir bocáin, & déntur ceirín díb & curthar ar an timthearacht.

Dá mbia teinnius a n-altaib déiginacha an droma & a comursanacht na sliasat, maille ré
8780] fiabras, signigid neascóid na n-árann. Et leagar


p.85

infra 259
cuisle an tan sin, ar tús do basilica & ainnséin do shofena, & co háirigthi don taeb ana fuil an teinnius; & folmuigthear ainnséin iat lé casia fistula, & déntur ceiríneacha dóib do neithibh
8785] fuara, mur atá, rós & sandaile & a cusmaile.

Agus mad follus gaineam ré haimsir fada, & a chosg co hobann, signigid sin an chloch ar leagad. Agus dá mbia an gaineam sin dearg, signigid an chloch do beith annsna háirnib. {MS P page 424}Agus dá
8790] mbia geal signigid an chloch do beith annsa lés. Agus gibé lérab áil a choiméd ó chloich gnáthuigead sé sgeathrach & diet séim, & gnáthuigthear neithe diuereticacha míne, mur atáit, sílta fuara.

Et dá mbia sgris ar neach léna fhual, signigid
8795] sin cruas do beith annsa slait nó annsa lés; más ead, gnáthuigthear biamlacht psillium maille ré síltuib fuara glana & ré bainne gobuir.