Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 22

An dara caibidil fhichead: Do chumduigib in chuirp

Indumentorum usus est nisisarius in regimine sanitatis .i. atá gnáthugad an édaigh éigintach a follamnugad na sláinti; ar an adbur sin laibeórmaid
7185] díb, et cuirfimid riadlacha bus inchoiméda {MS P page 409}do na hédaighib & do na cumduigib eile ann so.

An chéd-riagail díb .i. gurab é is cúis do na


p.34

infra 208-9
hédaighib & do na cumduigib eile .i. na baill fhuirimeallacha do dín ó na hurchóidib fuirimeallacha,
7190] mur atá, teas & fuacht. Óir dubthur na baill ó shibal na n-aimsear teasaidi gan édach, & loisgthear an croicinn & téigthear na baill nísa mó ná in chóir. Agus dá siblaigi neach a n-aimsir fhuair maille ré beacán éduig, tromaigid sin in
7195] corp co huilidi, mur fhoillsigius an dearbad.

Et as inchomurthaig co ndítninn in t-édach in corp ón fhuacht ar trí moduib: an céd-mod díb, i. co toirmisginn sé in t-aer fuar ón chorrp innus nach teagmann an fuacht teacmuiseach gan
7200] inmeadón dár corpuib; an dara mod .i. inntaigid & connmuid na hédaighi na deathaige & na leanna teasaidi a fuirimeall in chuirp, & arna n-imdugad mur so a fuirimeall an chuirp téigid siat an corp. Tertio calefaciunt corpus nostrum200
7205] ó theasaideacht do réir spiraidi & do réir bríge; & treóruigthear an teas sin ó theasaideacht & ó spirad an chuirp daena ó chumachtain chum gníma, mur do-ní púdur pibair arna chonnmáil annsa láim an lám do théigead ó theasaideacht do
7210] réir bríge, & treóruigthear an teasaideacht sin ó chumachtain chum gníma ó theasaideacht na láime. Agus as mur sin fhéduid na hédaighi co minic an corp do théigead do theas gnímach &


p.35

infra 209-10 fuirmeamuil, mur atá so: an uair téigthear na
7215] hédaighi ré teinidh & gabus neach uime iat annsa teas gnímach sin, óir is luath tosguigius an teas gnímach sin do théigead an chuirp & mairid do réir bríge & esi annsa chorp arna threórugad mur sin ó chumachtain chum gníma.


7220]

An dara riagail .i. gach fuaire & gach gaethmuire beas an aimsear & gach séime beas in t-aer, as í in méide sin dligmid mórán éduigh do beith againn, & co háirithi an uair beas an corp tearc foámuigtheach & an coimplex fuar. Annsa geimread,
7225] immorra, atá mórán do na héduigib & do na cumdaigib éigintach ann, & nísa mó annsan oidchi ná sa ló, & nísa mó an uair thshéidius in gaeth ná an uair nach sédinn, & nísa mó annsa doininn ná sa soininn, óir is cumachtaigi théidius an
7230] salann201 annsa soininn ná sa doininn. Tuillead: na daíne gá mbít coimplexa tearca, mur atáit, na daíne gá mbít musgailí édlúithi, mur atá, a mbeith póireamail, & ag nach fuil feóil chruaid acht a beith bog, is dóib sin is baedlaigi in fuacht,
7235] & is iat is mó rig a leas ré hédach. Agus mur an cédna do na seandaínib & do lucht leanna finn, is mó reaguid siat a leas ré hédaighib, óir is mór gortaigthear an drong so óna cusmailius & furtachtaigthear óna contrárda; ar an adbur


p.36

infra 210-2

7240] sin as iat lucht leanna ruaid & fola deirgi is luga rig a leas ré hédaighib.

An treas riagail .i. gurab luga rig a leas lucht in tshaethuir édach ná lucht in chomnuide; óir téigthear na boill fhuirimeallacha ón tsaethur &
7245] cnaítear imurcracha fliucha na mball & cruaduidthear na boill méid éigin & do-níthear neam-fhoámuigtheach iat. A lucht in chomnuide, immorra, bít a mboill fhuirimeallacha & a teas a' cumsanad, & is éigin co comfhurtachtaigthear iat
7250] óna clúdad, & treóiruigthear an teas méid éigin ón chlúdad sin ó chumachtain chum gníma.

An ceathramad riagail .i. na daíne gnáthuigius stufaidi, in uair theagmus aer fuar dóib, ana diaid sin is mór rigid a leas ré clúdad ar son co
7255] ngortaigthear iat co hurusa ón fhuacht, óir do gnáthuigeadur co mór teas roime sin; óir mur nach bí fulang ón gnáthugad, as trít sin an uair theagmus ní contrárda neam-gnáthuigtheach dár corpuib bít foámuigtheach air gu mór. Agus
7260] teagmaid sin don droing gnáthuigius fothragad tirim, óir atáit póire osgailti tearca acu, & do réir chonsiquens an fuacht teacmuiseach beanus {MS P page 410} rú , téid co luath & co fuirfi ana mballaib & gortaigthear iat. Ar an adbur sin reagur a leas
7265] mórán éduigh annsa chéd-fhuacht teagmus tar és an fhothraigthi, ar son co mbí claechlód obann chum an fhuachta acu.


p.37

infra 212

An cúigead riagail .i. gurab mó reagur a leas clúdad annsa chodlad ná annsa neam-chodlad.
7270] Óir tarraingthear an teas chum na mball inmeadónach a n-inad an díleagtha, & mairit na boill fhuirimeallacha lomnacht ó theas & ó spiraduib a n-aithfhégad mur bít ana ndúsacht, & mur sin atáit siat ullum chum a ngortaigthi ó fhuacht
7275] an aéir theagmus dóib. Agus an ball atá ro-fhuar as ro-mór rig sé a leas a chlúdad, & as í sin an inchinn. Ar an adbur sin is mór rig a leas an ceann a chlúdad, & co háirithi a n-aimsir in chodalta, óir éirgit deathaige chum na hinchinne
7280] a n-aimsir in chodalta fhuarus in ceann; óir inntaigthear na deathaighi sin a nádúir uisgi; ar an adbur sin as í mo thuicsin gurab mó dleagur an ceann do chlúdad a n-aimsir in chodalta náid na baill eile. Gid eadh, is córa na baill eile do
7285] chlúdad a n-aimsir in neam-chodalta, óir curthar mórán do theas & do spiraduib chum na hinchinne ar son na mbríg ainmidhi inmeadónach, óir is annsan inchinn beóaigthear na bríga sin, & is trít sin is lór a teas a n-aimsir an neam-chodalta;
7290] & a chontrárda sin a n-aimsir in chodalta, mur adubramar romainn.

Rainn an ochta, immorra, is mór dleagur a chlúdad & ní hannsa chodlad amáin sin acht annsa neam-chodlad; óir is deacair rainn an ochta do
7295] 202dín ón fhuacht, óir atairrngid aér fuar do gnáth & tuitid reuma do gnáth ón inchinn chum rann


p.38

infra 213
an ochta & chum an sgamáin. Agus is mór in chaindiacht chnám atá annsna rannaibh sin, & is fuar iat; más ead, dleagur baill an ochta do chlúdad co mór ar son na cúisid adubramar, acht
7540] gé atá in craidi te.

Na boill fhuirimeallacha, immorra, is beac rigit a leas a clúdad, mur atáit, na láma & co háirithi a n-aimsir an neam-chodalta; óir is beac nach fuilid siat a cumsgugad do shír, óir is orgáin atá
7545] arna n-ullmugad chum gluasachta iat. Agus is luga rigid a leas na lámha clúdad náid na cosa ar son co toirmiscthear a n-oibriugad (nó cuid de) ón édach, & ar son a mbeith a ngar do thobar an teasa. Tuillead: atáit mórán d'airtirib a fogus
7550] do na lámuib ana fhadur puls láidir & mórán do theas an chraidi. Ar an adbur sin na hoibrigthi chum ar horduideadh na láma ón nádúir, mur atá, saethur mór, cúisigthear teas & spirad inntu ón tsaethur sin & ó bríg fhollamnuigthi an chuirp;
7555] ar an adbur sin ní rigid a leas clúdad mur rigid a leas na boill eile.

Na cosa, immorra, atáit siat arna n-ordugad chum gluasachta & chum oibrigthi, & an uair bít arna cumdach co ro-mór ó édach ní fhéduid na
7560] hoibrigthi sin d'fhoirfiugad co maith ; ar an adbur sin ní rigid a leas mórán clúdaid acht cé mó rigid a leas ré cludad náid na láma.


p.39

infra 213-4
An bél & an aduid , immorra, ní rigid a leas cumdach acht muna tí éigintus mór, óir cuirid
7565] an nádúir mórán teasa chum na haigthi ar son oibrigthi na cédfad, atá a rannuib na haithi co mór; óir ní héidir na hoibrigthi sin d'fhoirfiugad co himchubaid & cumdach im an aduid.

An sémad riagail do-gabur í ón aibíc . Óir
7570] an drong gá mbít boill fhuirmeallacha fheólmura is beac do chlúdad rigid a leas a n-aithfhégad na droingi gá mbít a mbaill lomnacht ó fheóil; óir is luga gortaigthear an drong sin ó fuacht ná gortaigthear an drong ara mbí beacán feóla.


7575]

An seachtmad riagail do-gabur í ó éxamlacht imda in chlúdaid & an édaigh. Óir atá cuid do na héduigib te co mór, & cuid te co beac, & cuid eile co hinmeadónach. Na hédaighi do-níthear do na croicnib is mó théigid siat co coitchinn ná do-níd
7580] na hédaighi eile; & ana diaig sin na cumdaigi do-níthear do na héduidib olla bís cael bog dlúith; ana diaid sin na hédaighi do-níthear do bombax; {MS P page 411}& ana diaid sin na hédaighi do-níthear do shída; & fá deóig na hédaighi do-níthear do lín, & is iad
7585] so is luga is te co nádúrda díb. Et éxamailtear méid nó loigid teasa an éduid do leith an ealadhnóra: óir do-níthear in t-édach d'fhinnfad chael nó reamur, nó fidthear é co dlúith nó co tana, nó bíth in t-édach dúbluigthi nó aenda,


p.40

infra 214-5

7590] nó nua nó arsaid. Et égsamluigid so cumachta claechluigthi an éduig; óir an cumdach do-níthear don fhinnfad chael & fhidthear co tana & beas nua, is luga théigius ná an tan bís a mod chontrárda dó so. Agus mur an cédna, tidluicid
7595] na croicinn teas beac nó mór dár corpuib-ne do réir mur ullmuigthear iat, óir dá n-ullmuigthear maille ré bran & lé methrad nua is luga théigid ná an uair ullmuigthear iat maille ré hael & lé méthrad arsaid saillti. Tuillead: na croicinn bís
7600] arna folach d'fhinnfad tidluicius teas do na corpuib, éxamailtear iat co mór, óir gach dlúithi & gach caíle dá mbia an finna as í an méide sin is teó iat. Et éxamailtear co mór na croicinn fá éxamlacht na n-ainmintid dá mbeantur iat. Et ar tuicsin
7605] na cuingill adubramar romainn & náduire na n-ainmintid, tuicmid gurab iat croicinn na ngabur is luga is te díb. Croicinn na sinnach, is teasaide tirim iat co mór, & is mór chomfhurtachtaigid na féithe; ar an adbur sin is mór as imchubaid iat
7610] do lucht na pairilisi & arteitica, & as imchubaid iat do lucht easláinti na féithead co huilidi. Agus co háirithi as imchubaid iat co mór don droing atá méith, lérb áil a cuirp do thruagugad & do thirmugad. Croicinn na coiníneadh & na míltad,
7615] as cusmail iat ré croicnib na sinnach ach nach com-mór thirmuigid. Ar an adbur sin as í mu thuicsin gurab iat is mó as imchubaid a coiméd na sláinti croicinn na caerach; as teasaidi fliuchaidi

p.41

infra 216
iat, óir leanuid coimplex an ainmidhi, ar an adbur
7620] sin is mór chomfhurtachtaigid siat an corp & an teas nádúrda, & méithighid in corp; ar an adbur sin as imchubaid iat co mór do lucht leanna duib & do na daínib truaga tirma, gid eadh, geinit míla co mór. Ar an adbur sin adearar so amáin,
7625] co leanann gach uile croicinn nádúir an ainmidhi darub croicinn é. Óir an uair bít siat ana croicnib tiuga dlúithi & mórán finnfaid orra as mór théigid, & dá mbia finnfad garb cruaid orra tirmuigid, & dá mbia finnfad mín orra méithigid & fliuchaid;
7630] & is fírinneach so uile ag labairt dá gach uile édach.

Et fédtur a chonclúidiugad as na ráitib sin gurab éduigi nóid furraidi séime ara mbí beacán d'fhinnfad tearc rigid a leas na daíne gá mbí
7635] coimplex teasaidi, & a mbeith a n-aís óig & a réigión teasaidi. Et a chontrárda sin do na daínib gá mbí coimplex fuar, & bís a n-aís arsaid, & a n-aimsir fhuair, & a régión fhuar, & gá mbít cuirp thruaga thearca, as furraidi tiuga ara mbí mórán d'
7640] fhinnfad dlúith
rigid a leas. Agus mad áil linn an corp do thirmugad & imurcacha na mball do chnaí is maith cumdaigi cruaidi garba bís tearc co mór & a mbeith a ngaire don fheóil co háirithi. Ar an adbur sin gibé lérab áil a chorp do


p.42

infra 217

7645] thruagugad & imurcacha na mball do thirmugad dligid siat éduigi garba dlúithi reamra lín do gabáil impu & a claechlód go minic. Et a chontrárda sin don droing gá mbít baill truaga ana mbí beacán imurcach. Et gibé lérab áil a
7650] chorp do reamrugad dligid siat édaighi boga tiuga lín do gnáthugad. Agus is lór linn sin do na héduidib.