Radices quibus communiter homines sani
5730] utuntur hiis temporibus .i. do na prémuib gnáthuigid na daíne slána. annsna haimsearaib so, mur atá, lus & gairleóg & uinneamain & meacain rí & raphanus & napiones & rapa. Agus laibeórmaid don lus & don gairleóig & do na huinneamnaib co hathchumair,
5735] óir ní mór as imchubaid iat do na corpaibh measurda ná teasaidi mur biad, & co háirithi an uair bít siat omh. Et is beac oilid siat & geinit droch-fhuil gér gontach; gid eadh, séimigit siat na leanna reamra & gearruid na leanna rigni. Agus an uair
5740] beirbthear iat, ligid uatha in cháil gontach bís inntu & mairidh an bríg gearrthach shéimigtheach inntu; ar an adbur sin as imchubaidi iat beirbthi ná om.
An lus, immorra, atá sé teasaidi tirim, & is dimolta
5745] an oileamain do-beir sé don chorp & urchóidigid do na súilib & geinidh fuil dub melangcolica . Et geinidh aislingthi aduathmura & gortaigid na féithe ar son na gontaigi chúisigius
inntu; & urchóidigid do na fiaclaib & dá feóil. Et ní dliginn fear leanna
5750] ruaid ná leanna duib a gnáthugad & co háirithi an uair bís sé om.
infra 258-9
Na huinneamain, immorra, atáit siat teasaidi & atá flichideacht talmaide acu maille ré flichideacht tshéim uisgeamail neim-díleagtha. Agus geinid
5755] siat droch-aislingthi & teinneas cinn; ar an adbur sin ullmuigid a ngnáthugad gu mór neach chum míchéile. Agus dá caitear omh iat geinid leanna morguigthi annsa gaile, & buaidrid siat an résún {MS P page 391} & in chuimne. Gid eadh, dá caitear iat beirbthi
5760] maille ré heanbruithi feóla inmolta, comfhurtachtaigid in díleagad & laigdigit na hurchóidi do-níthear uatha & measraigid na biada fuara ara mbeirbthear iat; gid eadh, is fearr gan a ngnáthugad.
5765] An gairleóg, immorra, atá sí teasaidi & claenuid sí chum flichideachta éigin. Agus is luga fhodnus sí a n-aigid na gaethmuireachta ná fhodnus in t-uinneaman, & is maith a n-aigid na cosachtaigi hí, & innarbaid an seile co maith. Gid eadh,
5770] urchóidigid don radarc & cúisigid teinneas cinn. Agus is ria adearar triacla na mbodach. Et is don droing agá mbeid leanna fleumaticacha reamra rigne is imchubaid an gairleóg; & is mór dligid lucht leanna ruaid a seachna.
5775] Raphanus (.i. ragam)186, immorra, ní mór is imchubaid mur biad é, & co háirithi do lucht leanna ruaid; óir geinid fuil gér gontach. Et is olc don
5795] De napionibus & rapis .i. bíth a fhis agad gurab iat préma is imchubaidi d'oileamain an chuirp iat; & foillsigthear sin co lór ó chairdeamlacht a mblasa, óir is coitchinn an gach uile oileamain gurab iat na neithe searba & gontacha is luga oilius & gurab
5800] iat na neithe millsi is mó oilius. Agus as iat na rapai & napiones is millsi do na prémaibh; ar an adbur sin is iat is imchubaidi mur biad díb, gid eadh, geinid leanna reamra, & is deacair a ndíleagad, & geinit siat gaethmuireacht & leanna
5805] oma dá mbia an bríg díleagthach anfhann. Agus
5815] Bíth a fhis agad an uair bít siat geal co fédtur a caithim beirbthi maille ré feóil nó gan feóil, óir furtachtaigid na háirne & an brú mur do-ní rapa & is luga oilid siat ná do-ní rapa. Et is do-díleagtha iat mur as ead na préma eile; & na leanna
5820] geintear uada atáit inmeadónach idir maith & olc, & co háirithi dá mbia an bríg díleagthach anfann. Agus as mór thogairmius sé in choimriachtain.