3035] Testificatur a sapiente quod & cetera, .i. beirid an t-eagnuid d'fhiadnuise co coimédann an saethur measurda imchubaid roim an mbiad an tshláinti; óir calmuigid an saethur roim an mbiad an teas nádúrda & calmuigid an bríg thochluigtheach
3040] annsa gaile, ar an adbur sin is sanntach gabuid na baill an oileamain chucu, & oslaicthear na póire, ar an adbur sin innarbthur gu toltanach imurcacha an treas díleagad & sgaíltear an oileamain co foirbthi ar na ballaib.
3045] Tuillead, .i. calmuigthear na horgáin ón tshaethur {MS P page 410} & cruadaigthear iat mur an cédna, ar an adbur sin is deacair a ngallrugad & calmuigthear iat chum gach uile oibrigthi. Tuillead, calmuigthear gluasacht an chuirp & na spirad ón tshaethur, &
3050] ón chalmugad sin innarbthur na himurcacha co toileamuil trít na póirib. Et ní liginn an saethur measurda na leanna náid na himurcacha do chruinniugad annsna corpaibh; & an uair imdaigius
Et ní dleagur saethur do rád ach ris an ní
3070] médaigius an anál & luathaigius í. Agus is cúis do médugad an teasa ré n-abur innatus an saethur sin, ó teagmann mórán dona socamluib adubramar romainn. Et an drong lérab áil a sláinti do choiméd ní dligid siat an saethur do mainneachtnugad.
3075] Et bíth a fhis agad co fuil cuid dona corpaibh ana n-imdaiginn mórán do leannaib oma neim-díleagtha co foluigtheach, nó línad na mbiad co himurcach, do nach imchubaid saethur. Óir
3080] dá mbeith na cuirp línta do droch-leannuib & ná bud éidir léis an nádúir a folmugad159 maille
160 Et mur an cédna, ní himchubaid an saethur dona corpaibh gortacha ná dona corpaibh folma. Et ní dliginn aen-neach gortach, dá chalmacht, saethur do dénum, gid eadh, dligid caithim sul
3095] do-níd an saethur gnáthach. Agus is é so dob áil lé hIpocráid an uair adeir sé: Ube indigensia non oportet laborare, .i. an t-inad ana fuil an riachtanus a leas ní héigin an saethur do dénum ann.
3100] Tuillead, ní headh amáin dligmid
an saethur do thoirmeasc do lucht na corp línta, ná na corp truag, ach dligmid a thoirmeasc nó co mbia an díleagad coimlínta, & co háirithi an céid-díleagad & an dara díleagad; óir bít na díleagtha sin
3105] a cumsanad & a codlad an tan sin, & dá mbia gluasacht & neam-chodlad 'na n-inad sin
Et teagmaid an aimsear a mbí an céid-díleagad
3120] & an dara díleagad coimlínta, ó édrumacht an gaile & ó dathugad imchubaid an fhuail gan beith imurcach, & an uair bís an fual arna dathugad co himurcach & gontach annsa ghaili, & mothugad teann na gorta, & na maetháin arna rigid, d'imid
3125] aimsear an tshaethair an tan sin & ní dleagur a dénam ar aen-mod. Agus as í as aimsear don gorta an uair do-níthear inordugad & cusmailiugad & union na hoileamna ris na ballaib; óir tairrngid na boill ó na cuislinnaib beaca & na cuisleanna
3130] beaca ó na cuisleannaib móra & na cuisleanna móra ó na haeib & na hae ón ghaili, & is mur sin cúisigthear mothugad annsa ghaili ré n-abar gorta. Et is mur sin is follus gurab ann dleagur an saethur do thinnsgaint sul inntaigthear an
3135] oileamain atá arna caithim a substaint na mball,
Et ní héidir a chomurthugad do litreachaib críchnaidthi caindiacht ná cálideacht ná mod an
3140] tshaethuir a follamnugad na sláinti, mur nach éidir caindiacht na neitheadh eile do-bearar dár corpaibh; óir is do réir éxamlachta an choimplexa & na haibíci, na haísi & an régióin & na mbríg as indénta an saethur.
3145] Et atá drong rig a leas saethur láidir do dénam, mur atá, an drong gnáthuigius mórán bíd do chaithim, & agá mbí bríg ainmidhi gluaisteach láidir, & gá mbít laserti & féithe láidiri, & gá mbít ailt imchubaidi chum an
gluasachta, & ag nach
3150] fuil teas nádúrda cnaíteach ná ro-láidir, óir is dóib sin as imchubaid saethur mór láidir.
Et ní himchubaid an saethur láidir don droing atá easbadach a cuid dona cuingillaib sin adubramar: verbi gratia, cóirigim co teastaiginn an cuingill déiginach díb sin & co fuil teas láidir
3155] cnaíteach acu, gid eadh, atáit na cuingill eile adubramar romainn acu, & ní rigid a leas an drong sin saethur mór láidir do gnáthugad mur rigid a leas an drong adubramar romainn. Agus tuicthear mur sin dona cuingillaib eile. Et mur so dá fadthur
3160] aen-neach ó teastaigid na cuingill sin adubramar & agá fadthur cuingill chontrárda, .i. neach ithius beacán & agá mbí bríg ainmidhi mothuigtheach
Et as éidir leat a breathnugad trít na neithibh fuirimeallacha so cad as indénta dona neithibh inmeadónacha.
3170] Agus is ro-deacair caindiacht an tshaethuir indénta do thuicsin, & mur an cédna a cháilideacht, lé résún amáin ar ligin an dearbtha thort. Más ead, bíth ar ndóchus as in dearbad amáin, agá smuaineadh cinnus atá fear an tshaethuir ann
3175] féin an céd-lá, & an dara lá, & mur sin ó shoin amach, óir measmaid an nádúir do beith maith an uair atá sí imchubaid chum gabála gach neith ingabála; óir is í an méide so & ar an mod so thsanntaigius an nádúir an saethur, an méid & an
3180] mod atá sé imchubaid dí; & mur an cédna, tuicthear dona biaduib & don chodlad & dona neithibh eile theagmus dár corpaibh tré fhollamnugad na sláinti.
Agus atá sin fírinneach ar tuicsin maitheasa
3185] na mbés, óir fédaidh an nádúir measurda tochlugad, ar son mailísi an droch-gnáthuigthe, do leith shubstainti & cáilideachta & caindiachta nach {MS P page 442} fuil imchubaid dí. Óir atáit drong imchubaid co nádúrda chum tuitme ó beacán an tshaethuir, &
3190] drong eile thochluigius an saethur nísa mó ná mur reagar a leas, & drong eile nísa luga. Et atáit drong eile 'na lucht leanna finn co nádúrda
Caindiacht an tshaethuir, immorra, fhédmaid do sgríbad lé litreachaib cinnti is mur so dligmid a tuicsin, .i. an saethur do dénam nó co tinnsgna an duine allus do chur de, & an anál médugad
3210] & luathugad, & dath an chuirp do deargad, & na cuisleanna do reamrugad, & línad na mball do laigdiugad nó gu tinnsgnaid na boill lagad. Agus an uair bus follus so dleagur sgur don tshaethur
3215] & na boill do choimilt co coitchinn.
Agus dligid an choimilt sin beith co láidir & claenad chum gairbi ar dá chúisib: an chéd-chúis díb ar son co
nglantar na himurcacha do cuirid ón tsaethur faí an croicinn; an dara cúis ar son
3220] co ndaingnigthear an corp & co n-indarbthar na deathaige atá co hinmeadónach innus nach
Et is mur so as imchubaid an choimilt d'éis an tshaethuir ó na cúisib adubramar romainn, is
3230] mur sin as imchubaid an choimilt roim an saethur, óir ullmaigid an choimilt na cuirp chum an tsaethuir & osglaid na póire co mín áilginach. Agus is mór fhurtachtaidius an choimilt roim an saethur don droing lérb áil gnáthugad saethuir móir.
3235] Moda an tsaethuir, immorra, ní héigin a n-innisin ann so ar a n-imad; gidh eadh, adéram moda coitchinna an tshaethuir ann so. Más ead, adeirmid ag labairt do nuimir an tshaethuir co fuil cuid díb ana saethur amáin & cuid ana saethur & ana
3240] n-obair: sompla don chéid-ní díb so, mur atá, cluithi liathróidi bigi; sompla don dara ní, mur atá, romur nó treabad. Tuillead, atá cuid don tshaethur thachmuigius an corp co huilidi & cuid tachmuigius rann de: sompla don chéid-ní, mur atá, coisideacht
3245] & a cusmaile; sompla don dara ní, mur atá, an guth ana shaethur don sgamán amáin & an sgríbneoireacht ana saethur don láim amáin & a cusmaile. Et dá ndearna duine an saethur
Et dá teagmad co ndingnad duine saethur ar mod eile a n-égmuis chluithi liathróidi, mur
3255] atá, marcaideacht nó coisideacht nó rámuideacht, {MS P page 443} gluaisid a chorp co huilidi ar son co fuilid imurcacha an treas díleagad dleagur d'innarbad an gach aen-ball don chorp. Et mad coisigeacht bus saethur ann is maith clocha do thógbáil co minic
3260] annsna lámuib & a caithim, & an ceann do thógbáil co minic & féchain tar t'ais, & na boill do shíneadh, & an anál do chonnmáil, & musguile na bronn do rigid méid éigin; óir comfhurtachtaigthear an teas nádúrda ó chonnmáil na hanála, & osgailtear
3265] na póire, & innarbthur na himurcacha trít na póirib an tan sin. Agus dleagur musguile an ochta do rigid & musguile na bronn nísa luga, óir innarbthur imurcacha an ochta & an sgamáin chum na mball oileamnach ón rigid sin, & innarbthur
3270] ó na ballaib oileamnacha ainnséin iat. Et an drong agá mbí sgairt chléib anfhann ní dligid an anál do chonnmáil air eagla co n-innarbfaidi imurcacha chuci ón inchinn, mur is follus annsa droing do-ní saethur mór ag séideadh a n-anála
3275] a poll an stuic ó
líntur na cuisleanna & ó ndeargthur an aigid.
infra 162-3
Tuillead, atá cuid don tshaethur mór & cuid beac & cuid
inmeadónach: sompla don chéid-ní, mur atá, siubal mór ré haimsir fada; sompla
3280] don dara ní, mur atá, sibal beac ré haimsir girr ; sompla don treas ní .i. sibal measurda. Agus cúisigid an saethur mór in truaigi, & an saethur inmeadónach an reime measurda. An saethur beac, immorru, médaigid sé an teas ar mod éigin.
3285] Tuillead, atá cuid don gluasacht luath & cuid mall & cuid inmeadónach: an chuid atá luath, mur atá, rith láidir; an chuid atá mall, mur atá, gluasacht mín; an chuid atá inmeadónach mur atá, gluasacht inmeadónach. An gluasacht luath,
3290] immorra, téigid sé na cuirp ar tús & téchtaid & cruadaigid ainnséin. An gluasacht mall, boguid na cuirp & osglaid na póire. An gluasacht inmeadónach, immorra, coimédaidh sé na cuirp ana nádúir féin.
3295] Tuillead, atá cuid don tshaethur láidir & cuid anfhann & cuid inmeadónach. Et adearar an gluasacht láidir a dá modaibh: an céd-mod díb, an uair ceangailtear an gluasacht luath & an gluasacht láidir ré chéile, mur atá so, .i. rith
3300] mór do dénam a spás fhada & is ris sin is cóir
saethur láidir do rád . Agus tuicthear an saethur beac & an saethur measurda as sin. Et is follus as na ráitib sin oibriugad an tsaethuir láidir & an tshaethuir inmeadónaid. An dara mod ara