Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 7

122

An seachtmad caibidil: Do riaglachaib follamnuigthi na sláinti do-gabur on égosg bannda

{MS P page 427}Quattuor vel quinque sunt .i. atáit ceathra neithe nó cúig neithe arna ndísliugad don égosg bannda, mur atá, toirrchis & a breith & a oileamain, &
2150] coiméd na cích & folmugad na fola místa & coiméd an maclaic. Agus adéram neithe athchumaire díb sin annsa chaibidil so.

Et ar tús don toirrcheas. Agus atá drong dona mnáib aimrid neam-chumachtach, & ní
2155] déin an chaibidil so mension díbh; & atá drong ele nach fuil aimrid & is deacair do thoirrchiugad. Et laibeóramaid do fhollamhnugad na mban noch as deacair do thoirrchiugad chum na críchi so innus comad usaidi a toirrchiugad. Et laibeóramaid
2160] an dara huair dá reghimen tar éis a mbeith torrach innus gomad usaidi an toirrcheas do theacht chum na críchi dleistinaigi. Agus cuirfimid an treas uair regimen na mban ac breith a


p.82

infra 201-203 toirrcheasa. Agus cuirfimid an ceathramad huair
2165] regimen a oileamna, tar éis a breithi. Agus cuirfimid an cúigead húair riaglacha generálta ó tuicfithear coiméd an maclaic ó fholmugad imchubaid na fola místa, & na neithe ele.

Más ead, as intuicthi ar son an chéid-neith go
2170] mbí drong dona mnáib gan beith torrach ó mailís choimplexa an maclaic maille ré hadbur nó gan adbur, co nádúrda nó co haicídeach, & go gnáthach ar son mailísi na mball prinnsipálda, nó mailísi figrach nó thsuigigthi an maclaic nó a bráigead,
2175] & ar son gnáthuigthe caithmi neithi éigin toirmiscius an toirrchis.

Et dá teagmad an bean gan beith torrach ar son mailísi an choimplexa nádúrda nó aicídidh gan adbur nó maille ré hadbur, gnáthuigthear
2180] an tan sin neithe contrárda don choimplex & neithe fholmuigius an t-adbur cintach. Et teagmaid go mór docomal an toirrchis do gabáil ó droch-coimplex fhuar fhliuch maille ré hadbur nó gan adbur; ar an adbur sin tinnsgnam ón droch-coimplex
2185] sin & óna chusmailib. Et is neithe thirmuigius & téighis an maclac rigid a leas lucht an choimplexa sin & fholmuigius a fhlichideacht imarcrach; más ead atá yerapigra123 'na purgóid imchubaid dóib. Et fédtur comshuigigthi
2190] teasaidi do dénam dona neithibh ibthear annsa chás124 so, mur atá, triacail & metridatum,


p.83

infra 203-204 teodoricon & diacalimentum, maille ré ní ara mbeirbthear buathfallán & sugramunt. Et is cumachtach fual eilfinnti d'ól annsa chúis sin.


2195] Et is iat so na neithe aenda do gnáthuigius annsa chúis sin, mur atá, buathfallán & sugramunt & calenndula & athair talman & dairin beac & mór, & dath squinantum & spicanardi, bisansia, ameos, costus. Et is éidir na neithe so do chur ar fhín
2200] a n-aimsir na pláidi, nó fothragad nó síróip do dénum díb. Agus is mó luaidius an t-inad so do leigeas na cúise so ná do regimen a coiméda, ar an adbur sin laibeórmaid de. Et as iat so na leigis aenda as imchubaid a pisarium na cúise
2205] sin, .i. ola an balsamuis & ola lile & blonac lachon, bisansia & muscus, spicanardi, siper & cnó na sipreach & cardamomum. Agus adeirim gach ní {MS P page 428}atá teasaidi stipeacda125 gurab imchubaid a pisarium na mban agá mbi maclac fuar fliuch é.


2210] Tuillead: dligi a fhis do beith agad gurab mór fhurtachtaigid cuisleanna na cos do ligin na mná chum gabála an toirrcheasa, óir glanuid siat an maclac & cúisigid matrix do thuitim a n-inad gabála an toirrcheasa. Gid eadh, bíth a fhis
2215] agad gurab imchubaidi an chuisle annsa chúis teasaidi ná sa chúis fhuair, óir teagmaid nach imchubaid sa chúis fhuair hí ar son na cúise adubramar. Et as imchubaid saethur & sdufa tirim & biad séim & clisteri teasaidi & neithe


p.84

infra 204-207
2220] tirmaigtheacha don droing agá mbí matrix fliuch. Agus is maith fín laidir dóib. Et as imchubaid co minic dona mnáib nach urusa do thoirrchiugad neithe brisis in gaethmuireacht, óir toirmiscid sí gabáil in toirrcheasa, mur atá, cuimin & ainís &
2225] mersi & síl ruibi, angnus126 castus & castorium & a cusmaile, fhédmaid do chur ana ndeochaib & ana pisarium & ana n-uinnemintib.

Agus is follus follamnugad na mban nach urusa do thoirrchiugad ar son mailísi na mball eile as
2230] na neithib adubramar annsa chaibidil so thuas. Et ní gabann mailís fhigrach ná suigigthi an maclaic nó a bráigid leigeas chuci, acht muna teagma a beith ro-ard, & co n-ísligthear é ó ligin na cuislinni ré n-abur sofena, & lé fásadairc do
2235] chur ar na luirgnib; óir cumnaid sin chum gabála an toirrcheasa.

Item, is dona neithib ullmuigius matrix chum gabála an toirrchis deathach neithead teasaidi ndeadh-balaid stipeacda do ligin faí; & ní dligid
2240] siat neithe deadh-balaid do chur fána sróin roim an toirrcheas, & dligid ana diaid.

Tuillead: adeirim an bean tshanntaigius beith torrach co ndliginn sí na neithe thoirmiscius an toirrcheas do sheachna & co háirithi na neithe
2245] méduigius an aimrideacht, mur atá, cnám craidi an fhiada; óir toirmiscid sin gabáil an toirrcheasa do leith a nádúire co huilidi. Tuillead: ná


p.85

infra 207-208 himurcad sí matrix gabair, óir toirmiscid sin gabáil an toirrcheasa. Item na hithid siat caera
2250] eidinn. Tuillead: ná himurcaid siat an chloch ré n-abur gagax, ná smargadus, ná saifír, óir toirmiscid sin gním na coimriachtana. Item do-ní beach d'ithi bean aimrid, gid eadh, is usaidi an toirrcheas127 do breith a caithim. Tuillead: ná
2255] caithead sí slaigeach128 iarainn. Tuillead: seachnad sí gach uile ní thoirrmiscius an choimriachtain noch adubramar don taeb thuas dín.

Et dob áil linn na neithe do-ní furtacht mór chum na geineamna do chur annso. Óir ullmuigidh
2260] deathach cogail & túisi na mná do gabáil an toirrcheasa. Et dá mbia matrix fuar as imchubaid laudanum dóib. Item pisairium arna dénum do theodoricon anacairdi & do sgamonea, & sin do thabairt dóib ana mbandacht & coimriachtain co
2265] hobann ana diaid & cúisigid an toirrcheas.

Tuillead: as maith deathach mellisa do ligin faí an mbanndacht. Tuillead: is maith matrix míl muidi do rósdad & a chaithim chum an neith cédna. Et is maith binid míl d'ól ar an cédna.
2270] Agus is maith an cubar bís ré bél míl an uair {MS P page 429} bís a' gearrad luibinn & a ól don mnaí & don fhear sa chuís sin. Et adearuid drong co n-ullmuiginn suppositorium nó pisairium do-níthear do nigella matrix, óir glanaid sé é do gabáil an toirrcheasa;
2275] gid eadh, connuimthear co gearr ann é, óir atá sé


p.86

infra 208-209 méid éigin coiméignigtheach. Tuillead: .i. ullmuigid an t-uisgi ara mbeirbthear cicuta an bean aimrid do gabáil an toirrchis. Item innlad an bean a banndacht d'éis na fola místa. d'fhaicsin
2280] lé fín glan dearg, & ligthear129 deathach fína ara mbeirbthear neift fúithi ainnséin, & curthar basilicon sa banndacht na diaig sin. Item130 leagar deathach rosa marina faí an mbanndacht & is mór ullmaigius í do gabáil an toirrcheasa.
2285] Item is cumachtach chum gabála in toirrcheasa gáirleóg fhliuch arna brisid & arna bearbad maille ré holaid rós nó co cnaítear a flichideacht & a cur annsa banndacht. Item must131 arna chumusc maille ré holaid rós, & a chur isin banndacht &
2290] is mór fhurtachtaidius matrix chum gabála an toirrcheasa. Item ongthar boill gach égoisg acu lé súg saturion, & crotur132 púdur banndachta míl orra, & do-ní sin bean aimrid torrach. Et is follus as na neithib so adubramar romainn regimen
2295] na mná sul beas sí torrach.

Más ead cuirim anois a regimen ar mbeith torrach dí annso. Agus atáit neithe éigin ata díleas dona mnáib torrcha chuirfimíd annso co hathchumair. Ar an adbur sin dligid na mná
2300] torrcha gach uile ní thogairmius an toirrcheas marb do sheachna, & co háirithi arna gabáil, óir is inann atá an toirrcheas a matrix & mur bís


p.87

infra 209-210 bláth ar na crannaib, óir is beac an chúis trascras é. Agus mur an cédna a ndeirid an toirrchis
2305] roim aimsir a breithi an seachtmadh mí nó an t-ochtmad mí; óir atá an toirrcheas a matrix an tan sin mur bís torad anabuid ar crannuib, óir is beac an gluasacht trascras an torad an tan sin. Agus mur an cédna as beac an chúis do-ní
2310] an toirrcheas marb. Ar an adbur sin as éigin dóib gluasacht imurcach do sheachna & léimneach & bualad & tuitim & coimriachtain & replexion bíd, fearg & dobrón & eagla mór.

Tuillead: dligid siat gach uile ní thogairmius
2315] an chosachtach do sheachna, óir is cúis don toirrcheas marb an chosachtach láidir; & tuicthear a chusmailius sin don tsraeduig ainmeasurda. Et is maith deithneas do dénam do choiméd a ceann nach geinfidi réma133 ann. Tuillead: dligid
2320] siat fothragad do sheachna, acht a fogus d'aimsir a toirrchis do breith. Tuillead: dligid siat leigeas lagthach do sheachna thís & tuas acht muna coiméignigi éigintus é; & déntar maille ré hinnillius an tan sin é & lé leigeasaibh míne
2325] beannuigthi. Tuillead: gnáthuigid siat neithe lagus an brú a mod bídh, mur atáit, eanbruithi méithe ara mbeirbthear borráitse & bletus & duilleabar uiola & casia fistula & méid éigin do spica, maille ré huisgi ara mbeirbthear tortha
2330] éigin laccthacha, úair is tarbach na neithe


p.88

infra 210-211 shleamnaidius an brú dona mnáib torrcha. Tuillead: dligid siat an chuisle do sheachna & co háirithi cuisleanna na cos acht an tráth bís dorchadus meanman orra. Tuillead: dligid siat neithe
2335] diuereticacha do sheachna thogairmius an fhuil místa & ullmaigius é chum a breithi & co háirithi a tosach an toirrcheasa. Et bíth a fhis agad an uair bus mó an toirrcheas gurab ann is measa an chuisle.


2340] Tuillead: bíth a fhis agad co ndligid na mná torrcha gorta do sheachna & tart & línad urlaictheach, {MS P page 430}& mur an cédna fuacht ainmeasurda & teas imurcach. Et gnáthuigthear na lictabáiri chomfhurtachtaidius embrio; & is díb diamargariton.
2345] Tuillead: is éigin stuidér imurcach do choiméd gaile na droingi so. Et comfhurtachtaigthear gailidi na droingi so leis an comshuigiugad do-níthear do shúg róis & do lignum aloes & do masdix cona cusmailib, nó lé lictabáire do-níthear
2350] do shiúcra & do spísradaib134 deadh-balaid nach fuil te gu mór, & lé ceirínuib stipeacda deadh-balaid nach fuil te gu mór. Tuillead: dligid an bean torrach gan neithe ro-méithe ná ro-millsi do chaithim & deoch uisgi do sheachna mur an
2355] cédna.

Et as éigin an gaili do glanad óir bíth a tochlugad truailligthi co minic; más ead glantur é lé ní ara mbeirbthear polipodium & ainís & carabuaid, & a


p.89

infra 211-212 nglanad lé súg róis; & as imchubaid fholmaigius
2360] sin an linn truailligthi & dúisgius a tochlugad. Et seachnuid siat cáisi tirim gér, & dá teagmad co sainnteóchdais é róstar beacán é dá fhliuchad. Tuillead: as imchubaid saethur measurda dóib. Agus bíd a mbiada sodíleagtha ana mbia oileamain
2365] mór inmolta, óir rigid a leas sin ar a son féin & ar son a toirrcheasa.

Tuillead: as imchubaid oráitse arna róstad a ndiaig bíd dona mnáib torrcha & co háirithi an uair priáiltear púdur crainn aloes innta.135 Agus
2370] mur an cédna as imchubaid ubla gráineacha & coriandrum a ndiaig bíd dóib. Et bíth a fhis agad gurab dona neithib choisgius an sgeathrach fín ana curthar oráitse & bolus armenicus. Et bíth a fhis agad co rig a leas an bean torrach a folmugad
2375] ar son neamglaine a matrix & na mball atá 'na chomursanacht. Agus déntur so on cheathramad mí co n-uig an seachtmad mí; & is fearr sin lé subpositorium ná lé neithib do-bearar anuas.

Agus gnáthuigthear biatus arna bearbad co
2380] maith don mnaí atá a ngaire don toirrcheas do breith, & co háirithi an uair beas si a meadón an naemad mí. Agus ibid mur an cédna eanbruithi aenda nó eanbruithi maille ré buidén ug136 & fín séim uisgeamail. Agus seachnad sí potáitse a
2385] mbia substaint raisi & a cusmaile. Agus dénad saethur & gluasacht nísa mó ná mur do gnáthuig.


p.90

infra 212-213 Et éirgid sí a fothragad imchubaid uisgi milis aenda nó ara mbeirbthear hocus & uiola & branca ursina. Agus ní himchubaid dóib sdufa.


2390] Et an uair beit137 siat a ngaire do breith a toirrcheasa ongthar an brú ón imleacán sís mochthráth & ré laigi lé holaid ruis lín nó lé holaid na n-almont milis nó lé holaid malua uiscus138 & lé luibib bocthacha eile; & gnáthuigthear na neithe
2395] thogairmius an fhuil místa & gach uile ní ullmaigius an toirrcheas chum a breithi. Et do-ní maidnes139 do chonnmáil annsa láim chlí sin. Agus do-ní deathach ingin easail140 nó eich an ní cédna. Et do-ní cruel141 arna cheangal don tshliasuid deis
2400] an toirrcheas d'ullmugad chum a breithi. Et bíth a fhis agad co ngnáthuigid na mná Frangcacha plidhris maille ré must do thogairm an toirrcheasa. Agus is mór chomfhurachtaidius deathach mirra do ligin fútha iat. Item as imchubaid deathach
2405] galbanuim & castorium arna cumusc maille ré mirr & ré domblas ae bó chum an neith chédna. Bíth a fhis agad gach ní marbus na piasta gurab imchubaid é sa chúis so. Item dá n-ibthear coirt casia fistula do-ní an cédna, & do-ní cróch & sinamomum
2410] an ní cédna. Tuillead: is maith fín deadh-balaid & diet séim dona mnáib bís a ngaire {MS P page 431} dá toirrcheas do breith. Tuillead: is maith olann


p.91

infra 213-215 arna tuma a súg ruibi & arna cur sa banndacht. Item buathfallán do bearbad a n-uisgi & ceirín
2415] de ar an imlicán & togairmid an toirrcheas.

Labrum anois do regimen na mban tair és a toirrchis do breith co ceann tri lá nó ceathra lá. Et bíth a fhis agad tair és an toirrchis do breith gurab imchubaid biada gá mbí oileamain shéim
2420] & oilius gu mór & díleagthur co luath, mur atá, uisgi ara mbeirbthear feólanna inmolta & uigi boga & fín séim deadh-balaid gan beith ro-láidir. Item dligid siat gach uile thorad do sheachna & na praiseacha & na potáitse fuara. Agus seachnaid
2425] siat fuacht & aer fuar co ceann trí lá. Agus anuid ana loigi ana leabuig co ceann trí lá nó ceathra lá. Agus caithid siat biad co minic & co beac.

Et ná dénuid fothragad co ceann ceathra lá nó cúig lá. Agus bíth a fín séim dead-balaid gan
2430] beith deathmur ná láidir ná buaideartha. Agus tair és cúig lá déntur fothragad fá thrí sa tseachtmain. Agus an méid druidius sé risin treas lá dég nó risin ceathramad lá dég as í an méide sin dligid diet reamur do chaithim & a sláinti do choiméd.


2435] Agus teagmaid co minic flux mór fola dona mnáib, tair és a toirrchis do breith, ó cúisigthear bás; más ead, ceangailtear na láma co cruaid & curthar fásadurc arna cígib gan fuiliugad. Et curthar bréid arna tuma a uinégra ana mbí rós
2440] & bláth an ubaill gráinig ar in meadón & a cusmaile. Et is dona neithib agá fuil dísleacht mór


p.92

infra 215-216 sa chúis sin cac muc do chur a n-oluinn & a cheangal dá sliasaid.

Et teagmaid co minic teinneas cígh & neascóid
2445] dona mnáib tair és a toirrchis do breith ó imdugad an bainne 'na cígib; & is maith an leigeas an tan sin bean eile do chur dá n-ól. Agus is ainimchubaid an bainne dona leanbaib an bainne sin, mur adubrumar don taeb thuas dín sa chaibidil ar
2450] luaigimar142 & do regimen na naídin. Et is maith chum an ait sin do chur ar cúl epitima do-níthear don uisgi ara mbeirbthear pónaire & orobus & coriandrum. Tuillead: bíth a fhis agad co fuil dísleacht ag partánuib srotha nó mara arna
2455] mbrisid & arna cur mur cheirín do laigdiugad an bainne. Agus is maith epitima do shúg ruibi sa chás chédna.

Et ná glantur an bean co minic tair és a toirrchis air eagla fosdóig na fola truailligthi; acht as
2460] imchubaidi dóib a folmugad, óir cúisigthear mórán d'easláintib ón fhosdógh sin, mur atáit, fiabrus & neascóidi & teinneas a matrix. Agus is mór fhurtachtaidius sraedach na mná sin. Tuillead: is maith chum an neith chédna deathach ceann
2465] sgadáin shaillti nó ingin eich143 nó easail. Agus is maith na cuisleanna ré n-abur sofena do ligin do thogairm na fola místa, óir toirmisgid sin urchóid na neascóidi & a línta & an fhiabruis. Et dá teagma fiabras orra san aimsir sin as imchubaid uisgi


p.93

infra 216-217
2470] eórna dóib & ubla gráineacha millsi; óir is ó chonnmáil na fola místa geintear na fiabruis, más ead togairmthear hí. Tuillead: óir gnáthuigid brú na droingi sin at, más ead as imchubaid diacalmentum & diasiminum & na neithe aenda &
2475] comshuigigthi brisis in gaethmuireacht. Tuillead: as imchubaid dóib origanum & masdix do chaithim, comthrom do gach ní díb.

Item is minic theagmus teinneas annsa maclac, & is leigeas imchubaid dó suigi a n-uisgi ana144
2480] mbeirbthear ainís & camamilla & íchtar na bronn & na145 leasa d'ongad lé holaid uiola. Et dá teagmuid {MS P page 432}cneada a matrix leigistear é lé huinnemint gil Raisis, & a cusmailius sin as imchubaid a cneaduib na mball féitheach. Agus is lór linn a ndubramar
2485] do regimen na mban beirius a toirrcheas.

Labrum anois do regimen na mbanaltrann & adéram neithe athchumaire de. Et adéram ar tús cuingill na banaltrann. Agus do-gabur an céd-chumgill díb do leith a haísi. Et as í as aís
2490] imchubaid dí an aís óg arna críchnugad. Et is é spás na haísi óigi ó chúig bliadnuib fithid co ceann cúig mbliadan dég ar fhichid; óir dligid an bainne beith fuirfe an tan sin ar son co mbít na boill is tosach dó fuirfe.


2495] An dara cuingill do-gabur é do leith na figrach & na haibíci146; óir dligid an bean oilius leanam corp maith do beith aici & muinél reamur & ucht


p.94

infra 217-218 leathan & musguili inmolta. Et ní dliginn sí beith ro-thruag ná ro-reamur acht a mod
2500] inmeadónach.

An treas cuingill do-gabur é do leith na cích; óir is éigin na cígi do beith mór deadh-maiseach daingin, & ní dligid siad méid eachtrannach do beith innta, ná beith bog ná lag. Agus dligid
2505] cinn na cích gan beith ro-beac air eagla na naídin do shaethrugad co mór dá nglacad.

An ceathramad cuingill do-gabur ó bésaib na banaltrann é; óir dligid sí beith deidh-bésach inmolta innus nach beith sí so-chlaechluigthi ó
2510] aicídib na hanma, mur atá, eagla & dobrón & fearg & a cusmaile, óir truaillid na neithe so coimplex an bainne. Más ead dá mbia sí arna claechlód ná hoilead sí an naídi, óir is beac in deithneas tuicthear do beith aici fán naídin an
2515] tan sin. Tuillead: ní dliginn sí beith suirgeach ná measgamail, óir truaillid sin coimplex an bainne.

An cúigead cuingill do-gabur é ó shubstaint & ó cháil & ó chaindiacht an bainne; ar an adbur
2520] sin dligid an bainni beith a substaint meadónaid gan beith silteach ná reamur & gan rainn éxamla do beith ann ná gan a beith cubrach. Óir dá curthar braen de ar an ingin & a sgaílead is comartha ar substaint séim do beith aigi sin, & muna
2525] sgaíle is comartha ar substaint reamuir. Et bíth a fhis agad co mbít rainn cháisimla & rainn


p.95

infra 218-219 uisgeamla an bainne measurda comthrom; & dearbthur sin an uair curthar braen don bainne & braen fuail do chur ana cheann & a cumusc
2530] trít a chéile,147 & bud follus ann sin uisgeamlacht & cáisimlacht an bainne inmolta. Et dligid dath an bainne claenad chum gile & a blas chum millsi. Et ní dliginn saillteacht ná géiri ná dath buidi ná dearg beith ar an mbainne.


2535] Tuillead: ní dliginn an banaltra beith aislingtheach ná codlad trom do beith aici; óir is minic ligid na banaltranna na leinim d'ég148 do gorta trí thruime a codalta, & múchaid iat uair eile a' collad orra.


2540] Et is mór as intuicthi gan an bainne do beith ro-arsaid ná ro-gar d'aimsir an toirrchis. Más ead, bíd se a n-aís dá mí nó mís co leith. Et bíth a toirrcheas nádúrda .i. gan in bean do breith leinm mairb.


2545] Tuillead: is mór dleagmaid a thabairt dár n-úig coimplex inann do beith ag an naídin & ag an banaltrainn. Gid eadh, ní bud olc, dá mbeith an naídi coilearda, an banaltra do beith flegmatica nó a regimen do beith a' claenad
2550] chugi. Et dá teagmad co mbeith an bainne roi-reamur droch-balaid, leagur comnuide dó fá aer tamall d'éis a bligthi gan a thabairt dá ól don naídin. Tuillead: dá mbia an bainne reamur as imchubaid neithe shéimigius é do thabairt,


p.96

infra 219-220
2555] mur atá, oximel diuereticach nó ní ara mbeirbthear ísóip nó origanum nó bláth na tíme & a chusmaile.{MS P page 433} Agus gnáthuigthear cróch ana diaid & saethur measurda. Agus dá mbia coimplex te ag an mnaí tabuir oximel aenda dí maille ré fín séim
2560] anfann ar aen-shligi ris. Et dá mbia an bainne séim seachnad sí saethur, & gnáthuigead neithe reamraidius an fhuil & furáiltear uirre codlad fada do dénum. Agus gnáthuigead fín reamur milis.

Et teagmaid co mbí imurcaid bainne co minic
2565] annsna cígib, & a thruailliugad ón imurcaid sin. Et leigistear an aicíd sin lé gnáthugad na neitheadh oilius co beac & lé tréidinus & lé saethur & lé fothragad & lé neam-chodlad cona cusmailib; & curthar ceirín ar an ucht & arna cígib do chuimin &
2570] d'aigéid & do lentes arna mbearbad a n-aigéid, nó do phónuire & do terra sigillata & a cumusc ré haigéid. Agus is maith biamlacht149 psillium & aigéid ar ndénum epitima díb chum an neith chédna; & is maith ruib chum an neith chédna
2575] maille ré clóbus,150 óir laigdigid an t-epitima do-níthear díb an bainne. Agus do-ní an t-epitima do-níthear do bolus armenicus & d'fhín an cédna. Tuillead: bíth a fhis agad co fuil dísleacht ag partánuib an tsrotha & na fairgi arna mbrisid &
2580] ar ndénum epithima díb chum laigdigthi an bainne.

Et dá mbia eagla oruinn an bainne do théchtad


p.97

infra 220-221 annsna cígib ongthar iat lé holaid minntuis. Agus an uair chlaenus coimplex na cích chum
2585] teasaideachta aithintear sin co hurusa óna tagall,151 & curthur epithima orra an tan sin do biamlacht luibead fuar, nó olad fuar, nó shúg fuar atá follus dúin. Agus bíth a fhis agad gurab dona neithib dísgaílius an cháisimlacht teasaidi theagmus annsna
2590] cígib, .i. epithima do-níthear d'aigéid & do rós. Et is dona neithib dísgaílius an cháisimlacht fhuar theagmus innta epithima do-níthear d'uisgi ara mbeirbthear fenél & balsam & ainéd & fenugrecum. Et is maith chum an neith chédna epithima
2595] do-níthear d'olaid lile & do phibur chas & do chamamilla & do ruib.

Et teagmaid co minic nach bí a díl bainne ag an banaltrainn d'oileamain an leinm; & féduid so beith 'na cúisib aigi sin, mur atá, truaigi &
2600] tearcacht na hoileamna nó droch-coimplex an chuirp co huilidi nó na cích. Dá teagma sé ó thruaigi nó ó thearcacht na hoileamna, gnáthuigthear arán geal cruithneachta ara curthar púdur ainísi & fenél. Agus gnáthuigthear fín
2605] abaid & uisgi eórna maille ré bainne, nó uisgi seaguil maille ré siúcra; nó gnáthuigthear liti eórna maille ré fuil cearc & ré síl fenéil, nó liti chruithneachta maille ris an fuil chédna & ré heanbruithi siser; & gnáthuigthear liti choirci
2610] do-níthear d'uisgi ana mbáitear iarann & as


p.98

infra 221-222 imchubaid chum an neith chédna.; item152 biad méduigius an bainne, .i. feóil beirbthear a n-uisgi maille ré huinneaman & ré hainnéid & ré fenél. Agus taburthar an comshuigiugad do-níthear do
2615] shiúcra dóib. Agus is maith buidén ogh do chaithim ar an cédna. Item úith gobar & chaerach do chaithim maille ré bainne, & a ngnáthugad, & is mór an furtacht do-níd ar son na dísleachta & an chusmailis atá acu ris na cígib.


2620] Et dligid siat na neithe thirmaigius an sperma do sheachna, mur atá, arán brain & aiccéid, lentes, ruib & coriandrum tirim, & gnáthugad biad ara mbí mórán saluinn. Et seachnuid siat gach uile oileamain atá saillti gu mór.


2625] Tuillead: is maith cac fáinnle & bainne easail do choimilt dona cígib do thogairm an bainne. {MS P page 434} Tuillead: na cígi do choimilt le lámuib & togairmid an bainne.

Et dá faicthear co fuilid na cígi te, gnáthuigthear
2630] ordenatum & biatus & a cusmaile chlaenus chum fuaraideachta. Et dá faicthear fuaraideacht ar tigearnugad inntu méduigthear an oileamain shéim chlaenus chum teasaideachta. Et bíth a fhis agad co méduidinn fásadurc, gan fuiliugad, gan brúg
2635] mór, teasaideacht na cích, & tairrngid adbur an bainne chum na cích.

Dá teagmad an bainne do-balaid, tabrum fín maith deadh-balaid. Agus caithead153 an banaltra


p.99

infra 223-224 biada deadh-blasda deadh-balaid. Et dligid an
2640] banaltra gach ní chumuscus an fhuil & mensdrua do sheachna, óir truaillid an cumusc sin balad an bainne & laigdigid a chaindiacht. Más ead seachnuid coimriachtain & meisgi & sgeathrach & sáith mór & saethur anmeasurda, fearg & dobrón
2645] & neam-chodlad, & gu coitchinn gach uile ní buaidris & chnaíus an fhuil & gach ní geinius droch-leanna.

Et an mod ara fhédmaid cainndiacht imurcach na cích do thoirmeasc & a coiméd ana caindiacht díleas do-gébthur sin gu lór leath-a-tuas dín annsa
2650] chaibidil labras do riaglachaib an regimen do-gabur do leith na haibíci.154

Labrum anois do choiméd matrix ó fholmugad imchubaid na fola místa. Acht gé adubrumar mórán sa chaibidil so don taeb thuas dín, ar an
2655] adbur sin adéram beacán annso air.

Et bíth a fhis agad gurab cúis choiméda sláinti don maclac & don mnaí faicsin na fola místa a cáilideacht & a caindiacht & a n-aimsir imchubaid do réir gnáthuigthe an gach uile aimsir, & gurab
2660] cúis choiméda ó gach uile urchóid; & do-ní sí iat geanmnaid maille ré beacán áilgis coimriachtana. Et as í as meadh chomthrom do fhlux na fola místa, .i. a beith úair an gach aen-mí. Agus ní héigin a beith commór nó coimbeac an gach
2665] aen-mnaí. Et rithid sí annsa chéd-chadrans don ré annsna maigdinuib, & dona mnáib óga sa dara


p.100

infra 224-225 cadrans, & dona mnáib as fuirfe ná sin annsa treas cadrans, & dona sean-mnáib sa cheathramad cadrans. Et tinnsgnaid an fhuil místa silead co
2670] coitchinn annsna mnáib a ndiaig a ceathramad mbliadain dég, acht gé theagmus155 co silinn nísa luaithi nó nísa moille do réir éxamlacht coimplexa, & aibíci, regimen, & régióin, & a cusmaile. Et is mur sin críchnuigthear flux na fola místa a
2675] ndroing dona mnáib co luath & a ndroing eile gu mall, do réir éxamlacht na cúisid rannaidhi adubramar ar tús.

Item mur claechluigthear an fhuil místa, óna suigiugad nádúrda féin as cúis anfhainne & claechluigthi
2680] na fuirme dona mnáib sin, & as cúis tearcacht don geineamain & toirrchis mairb sin. Más ead déntur deithneas innus nach claechluigi an fhuil místa óna hord nádúrda. Agus tuicthear suigiugad nádúrda na fola místa óna dath & óna substaint
2685] éxamailtear fá éxamlacht an choimplexa, & na haibíci, an regimen, & na haísi, & an régióin. Et ní beanann so risin obair so ar láthair; ar an adbur sin ligmid torainn hí, óir is lór linn a fhis do beith againn ann so gibé cúis ó claechluigthear
2690] an fhuil místa óna suigiugad nádúrda féin gurab cúis dona hurchóidib adubramar romainn hí. Ar an adbur sin dá mbia sí 'na suigiugad nádúrda féin, as cúis choiméda sláinti hí; & muna bia, treóraigthear chum an tsuigigthi sin hí an méid


p.101

infra 225
2695] bus éidir; & bud follus sin a caibidleachaib follamnuigthi na sláinti do-gabur ó égsamlacht {MS P page 435} an choimplexa & na haísi & na haibíci, & as na neithib adubramar annsa chaibidil so don taeb thuas dín.


2700] Agus is annsin críchnuigthear regimen na sláinti atá díleas don égusc bannda & tinnsgnus an dara pairteagal don tráchtad so do riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó éxamlacht na neithead nádúrda; & connmuid seacht caibidleacha.


p.1

Volume 2