Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 4

An ceathramadh caibidil. Do regimen na coimplex nádúrda nach fuil easlán

infra 149Homines quidam sunt qui a generacionis prinnsipio sunt calidiores quam requirit humane
1030] complexionis temperamentum & cetera, .i. atá drong dona daínib as teó ó thosach a ngeineamna ná mur iarus measurdacht an choimplexa daena; & atáit daíne eile bís nísa fuairi; & mur an cédna tuicthear dona cáilib aenda & dona cáilib
1035] comshuigigthi. Agus ní beac an deichfir atá idir regimen na coimplex sin & regimen na coimplex measurda, dá raib sé 'na regimen choimédach nó threóraigtheach. Et ní hí ar n-inntinn ann so labairt don choimplex tuitius co beac a n-easláinti,
1040] óir is éidir linn regimen na corp sin d'fhagbáil as na ráitib adubramar romainn & as na neithibh adéram dona coimplexaib thuitius co mór. Et smuainmid labairt annsa chaibidil so do na corpaibh thuitius co mór a n-easláinti mur atáit,
1045] lucht fola deirgi, & leanna ruaid, leanna finn, & leanna duib.

Agus ar tús d'fhollamnugad shláinti coimplexa fola deirgi, óir as é an coimplex so is luga théit ó choimplex measurda & is luga is olc; óir adubradur


p.41

infra 149-150
1050] drong an coimplex so do beith measurda, óir adubradar siat an coimplex teasaidi fliuchaidi do beith measurda is coimplex d'fhuil deirg: óir atá sin fírinneach an gach aen-inad a n-aithfhégad measurdachta in meadhuigthi, óir an duine is
1055] measurda a teasaideacht & a flichideacht tuitid sé a n-aithfhégad measurdachta an meaduigthi. Et is mar sin do thuigidur drong dona sean-daínibh coimplex measurda na gnée daena do beith teasaidi fliuchaidi. Gid eadh, an coimplex
1060] teasaidi fliuchaidi a n-aithfhégad an choimplexa measurda do réir chóra, .i.63 a n-aithfhégad an duine ro-measurda, ní fhuil sé measurda acht tuitmeach; & ar an mod so atá coimplex fola deirgi measurda.


1065] Et atá lucht an choimplexa so ullam chum na heasláinti ré n-abur cachecia, .i. droch-aibíc an chuirp maille ré truaigi, & co speitsialta chum gach uile easláinti darub cúis an morgad, & línad leannaigi, & dúinti, & co speitsialta línad fola
1070] deirgi. Et ana leithéid sin do choimplex do gnáthuig fuil dearg imdugad, ar son co ráinig sé a leas gnáthugad minic cuislinni nó fásadairci,64 d'fholmugad fola deirgi. Et as inlicthi an chuisle do réir mar fhuilngius an bríg, & an aís, &
1075] an gnáthugad, & an ealada, & a cusmailius sin dona neithibh rannaide iarrus nó thoirmiscius a ligin.


p.42

infra 151, 154

Labrum dona cuislinnaib as inlicthi & do mod licthi na fola, .i. in méid reagur a leas í a cáil &
1080] a caindiacht, & dona riaglachaib eile as inchoiméda a timcheall a licthi.65 Agus biaid caibidil speitsialta (do grásaib Dia) a ndeireadh an leabuir so laibeórus don chuislinn.

Et ní hí an chuisle amáin rigid66 a leas lucht
1085] an choimplexa so acht an leigeas lagthach leis; & ní d'fholmugad fola deirgi sin acht dá glanad. Et as iat so na leigis atá imchubaid chugi sin .i. na leigis míne beannuigthi, mur atá, agairg atá muinntearda, & manna, & casia67 fistula, pruna, &
1090] uiola, & meadg, bainne gabair, borráitse, buglosa, mirabolani, fumus terre, & mórán dá cusmailib bus éidir d'fhaicsin a clár Salernitane. Gid eadh, biaidh68 caibidil speitsialta don taíb thís dín do mod gnáthuigthe na leigeas so.


1095] Et gnáthuigid lucht an choimplexa so mórán {MS P page 368}imurcach do beith acu, & co háirithi imurcacha an treas díleagad: rig69 a leas saethur láidir luath do chnaí na n-imurcach sin adubramar; óir do bud éidir dúinti do geineamain uatha sin; más
1100] ead, do bad éidir morgad do beith ana corpaibh.

Et ar an adbur cédna rigid a leas mórán coimilta & a beith láidir, & déntur fothragad dóib & an gaile folam uair sa seachtmain an méid is luga.


p.43

infra 154-155 Et is éigin gailidi na droingi so do choiméd co
1105] maith, óir dá mbia droch-coimplex annsa ghaili as cusmail a beith sa chorp co huilidi, & claenad chum uilc, óir an seachrán follus do-níthear sa chéid-díleagad, ní ceartaigthear annsna díleagthaib eile é.


1110] Tuillead: .i. atá an coimplex so ullam chum morgaid na leannann; más ead, is maith gnáthugad dona neithibh chathuigius a n-aigid an morgaid, mar atáit, na neithe fuara tirma gan beith olamail ná méith, ná milis, ná deathmur & ag nach bia
1115] substaint fhuilingtheach rannchuidigius ré flichideacht aicídig eachtrannaigh, mar atáit so: .i. tortha glasa nuada, mur atáit, fígeadha, & caera fíneamna, & almoint; & go háirithi gnéithe an bainne atá nua dleagur a seachna, & fínta millsi, &
1120] feólanna teasaidi fliuchaidi olamla, mur atá, feóil muilt.

Agus as iat na coimplexa so is luga gortaigthear ón tréiginus, óir teagmaid comad lór dóib caithim fa thrí sa dá lá.


1125] Agus is cumachtaigi na coimplexa so a ngním na coimriachtana náid na coimplexa eile.

Item is luga gortaigthear na coimplexa so ón neam-chodlad náid na coimplexa eile, & is mór tromuidthear ó chodlad mí-measurda iat; & ar
1130] an adbur sin dligid beith neam-chodaltach a n-aithfhégad na coimplex ele.

Item as imchubaid dóib fearg do dénam co


p.44

infra 155-156 gnáthach & beacán gairdeachuis, & as imchubaidi dobrón dóib ná don choimplex eile.


1135] Et70 ní himchubaid biada oilius go mór dóib, acht biada gá mbí beacán d'oileamain maith.

Et ó atá an coimplex so go lór ullam chum dúintid na cuisleann, as maith aibstinens do dénum ó na biadaibh & ó na deochaib chúisigius
1140] na dúinti. Más ead, seachnaid siat na biada reamra, rigne millsi méithe olamla & mur sin dona deochaib buaideartha reamra millsi. Agus seachnaid siat fothragad tair éis bíd & saethuir, & fín reamur láidir, & coimriachtain & mórán
1145] digi; & is cúis d'innarbad an bíd ón gaile gan díleagad fuirfe na neithe sin; & an uair roithid na biada mur sin chum na cuisleann do-nít71 dúinti inntu.

Et is lór ar labramur do choimplex fhola deirgi.


1150] Más ead, labrum do choimplex leanna ruaid, atá teasaidi tirim, & adeirim an drong agá fuil an coimplex sin co fuilid ullam chum fiabrais lasamhuin & co háirithi annsna haimsearaib teasaidi. Más ead, moluim gurab imchubaid oxisacra aenda &
1155] síróip uiole & nenufair72 dóib. Et as résúnta na síróipi adubramar do beith deadh-balaid maille ré méid éigin do spicanardi & do chainél, óir anfainnigid na síróipi sin an gaili do méid73 éigin.


p.45

infra 156-157 Item as imchubaid uisgi eórna isna haimsearaib
1160] teasaidi dóib; & moluim sílta osglus na dúinti do bearbad ar na síróipib sin, mur atáit so, .i. síl melones & cucurbita & sitruilli & sgairiola & mersi & a cusmaile.

Óir gnáthuigid na complexa sin linn ruaid d'imdugad inntu, & co háirithi isna haimsearaib
1165] teasaidi, & as imchubaid dóib neithe fholmuigius linn ruaid co rannaidhi, mur atá, reubarbarum, & sgamonea arna bearbad, & mirabolani siterini, & casia fistula, & a cusmaile.


1170] Agus dligid regimen na droingi so beith a' claenad chum fuaraideachta & chum flichideachta, óir atáit siat ullam chum tuitme a n-easláintib coilearda teasaidi tirma. Agus atá in coimplex sin ullam chum na haísi arsaigi, & ar an adbur
1175] sin rigid a leas neithe fhliuchus a coimplex & chathuigius a n-aigid na harsaideachta, mur atáit, na biada inmolta so, .i. éin chearc & choileach óga, & boill fhuirimeallacha na muc, & feóil laeg, & fínta inmolta deadh-balaid gan beith deathmur
1180] ná ro-gér; óir idir na huile ní as é an fín is luaithi oilius.

Agus is imchubaid fothragad uisgi milis dóib. Agus dligid codlad do dénum, & neam-chodlad & {MS P page 369}saethur anordaigthi meanman & cuirp do sheachna,
1185] óir is beac do shaethur láidir rigid a leas an drong so.


p.46

infra 157-158

Agus is mór gortaigthear iat ó thréiginus, & trít sin oiltear fá dó sa ló nádúrda lucht an coimplexa sin. Agus ní dligid a mbiada beith
1190] ro-shéim ná fuilingtheach, óir, dá mbeidis, do hinntóchaide a n-aignead leanna ruaid iat, tré géiri a teasa. Más ead dligid siat a mbiada do beith láidir chum a ndíleagtha.

Et gortaigthear lucht an choimplexa so co
1195] mór on choimriachtain anordaigthi; dá réir sin is beac rigid a leas ria, acht gé atáit siad a' claenad chum an gníma sin ar son a teasaideachta.

Item, is beac rigid a leas lucht an choimplexa so cuisle, do ligin, ar son gurab í fuil dearg
1200] folmuigthear innti, acht an méid innfhuarus an corp & innarbus na deathaige.

Ó do labrumur do regimen coimplexa fola deirgi & leanna ruaid, labrum anois do regimen coimplexa leanna finn, atá fuar fliuch; & ar an
1205] adbur sin dligid a regimen beith a' claenad chum teasaideachta & chum tirmaideachta. Más ead gnáthuigid siat biada & deocha chlaenus chum teasaideachta & chum tirmaideachta, mur atá, arán cruithneachta fá curthar salann & lauén a
1210] caindiacht inmolta; & dá curthar síl finéil & ainísi & a cusmaile ar an arán, is móidi a dísleacht.

As iat so na feóla as imchubaid dóib .i. feóil én mbeac do-ní eitillach, & petraisi, & turtar, & culúr74 óg, & coiníneadh óg; & ní himchubaid


p.47

infra 158-159
1215] feóil laígh ná muici dóib; & is imchubaid dóib feóil choileach óg, & go generálta gach uile fheóil so-díleagtha chlaenus chum teasaideachta & chum tirmaideachta, & co háirithi annsan aimsir fhuair.

Na héisg immorra, as imchubaid75 dóib as iat so
1220] iat, mur atáit, na héisg oiltear a n-uisgi milis, leanaid siat an coimplex so. Na héisg lannacha muiridi as iat is luga do-ní urchóid dóib; & moluim iat dá mbeirbthear a fín iat maille ré síltaib teasaidi diuereticacha.


1225] Agus is mór rig a leas in coimplex so ré saethur. Agus is beac gortaigthear ó thréiginus iat; ar an adbur sin teagmuid comad lór dóib caithim aen-uair sa ló. Et ní dleagur a mbiad do beith do-díleagtha; & ní dleagur an deoch do beith
1230] d'uisgi ná do linn, acht a beith d'fhín láidir deadh-balaid & beith séim do shubstaint & do gním.

Agus is beac rigid a leas lucht an choimplexa so ré cuislinn, acht is mó rigid a leas leigeas lagthach fholmuigius linn finn; óir do gnáthuig
1235] an coimplex so linn finn d'imdugad ann, & co speitsialta annsa geimrid. Agus as imchubaid linn finn d'fholmugad a tosach an earraig an tan sin. Et díleagthur an t-adbur ar tús maille ré hoximel aenda nó diuereticach nó sgilleticum,
1240] maille ré huisgi ar a mbeirbthear ísóip & minntus. Et ana diaig sin folmuigthear é lé diaturbit, nó lé huisgi ar a mbeirbthear polipodium & mirabolani


p.48

infra 159 Kebuli, síl cartamuis ana timpearáiltear turbit, & agairg & sinnsér.


1245] Agus as beac gortaigthear an coimplex so ó choimriachtain; & atáit gu lór a cumachtaigi chum na coimriachtana ginco mór a n-áilgeas76 tré uireasbaid an teasa, & urchóidigid dóib gan aen-réd do dénum di.


1250] Agus as imchubaidi sdufa dóib ná fothragad uisgi milis; & as imchubaidi fothragad raibi, co nádúrda nó co healadnach, dóib. Agus as imchubaid neamchodlad co gnáthach dóib; & is orchóideach codlad imurcach fada do lucht an
1255] choimplexa so. Coimplex leanna duib immorra, as fuar tirim é; & is é as measa dona coimplexuib & is ullma chum na harsaideachta. Et rigid a leas lucht an choimplexa so regimen téigius & fhliuchus ana mbiaduib & ana ndeochaib & an
1260] gach ní ele.

Et bíth arán na droingi sin do chruithneacht glain gan salann maille ré caindiacht bic laibín; & bíth a n-arán bog. Et bíth a feolanna teasaidi fliuchaidi mur atáit so, .i. feóil chabún arsaig &
1265] óg & a cusmaile. Agus bíth a fín deadh-balaid séim; & is dona neithib is mo as imchubaid do {MS P page 370}choimplex leanna duib sin.

Agus as imchubaid coimilt measurda & saethur measurda & fothragad uisgi milis. Agus rigit a
1270] leas codlad fada. Agus is animchubaid coimriachtain do lucht an choimplexa so, óir fuaraid


p.49

infra 159-160 & tirmuigid in choimriachtain a coimplex. Et an drong agá mbí in coimplex so is mór gortaigthear iat ó dobrón & ó fheirg.


1275] Agus ní himchubaid tréiginus dóib. Agus rigit a leas biada so-díleagtha ar son co fuil an teas ré n-abur innatus anfann acu; & mur an cédna ní fhuilngid siat caindiacht imurcach an bíd.


1280] Et ní himchubaid cuisle do lucht na coimplex so, acht is mó dleagur leigeas lagthach do thabairt d'fholmugad leanna duib. Et as iat so na leigis fhodnus chugi sin, .i. mirabolani Inndi & pólipodium & lapis lazuli & duilleóga sene & clamán
1285] lín & a cusmaile; & dleagur na leigis díleagthacha do thabairt roim na neithib so. Et as iat so na leigis díleagthacha sin .i. borráitsi & buglosa, tím & crim muice fiada, origanum & calimint, fumus terra & a cusmaile; & déntur na neithe so
1290] roim an purgóid & taburthar an phurgóid a tosach an earraig & a ndeireadh an tshamraid.

Agus is lór an beacán so adubramar do regimen an tuitme big theagmus annsa gné daena, & bu follus regimen an tuitme theagmus an gach aen-ball
1295] don taíb thís dín.