Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])
chapter 2
An dara caibidil: Dá thuicsin cad as sláinti ann
Ad sciendum quid sit sanitas, .i. dá thuicsin cad is sláinti ann & cá méid mod a n-abur í, óir ní hurusa an tsláinti do choiméd muna tuicthear cá méid mod ó n-abur í; et ar in dhbur sin
150]
abrum ar dús cad is sláinti ann & an dara huair cá méid modh ó n-abur í.9 Et ní thabramaid {MS P page 355}dár n-aire acht labairt do shláinti an duine amáin,
p.7
infra 110-111
nó na neithead ele tic chum gnáthuigthe an duine. Óir dligid gach aen-duine beith slán chum oibrigthe
155]
gnáith do dénum gan gortugad mothuigtheach; óir is uime adearar an tshúil do beith slán an uair fhédus sí gním gnáthach an fhéghtha do dénam gan gortugad mothuigtheach; & a chusmailius sin as intuicthi dona ballaib eile. Et ar
160]
an adbur sin adearmaid gurab eadh is sláinti ann
aentshuigiugad maith an chuirp daena tré ngnímaiginn & tré fuilnginn an gním nó an fulang do tidlaicead dó do réir nádúire gan gortugad mothuigtheach. Et as é an suigiugad so atá co
165]
bunáiteach & ar tús annsna ballaib homogenia nó annsna ballaib comchusmaile, mur atá an fheóil & in cnáim & a cusmaile. Et gairthear cudrumacht na ceathra céd-cháilead10 de so, mur atá teasaideacht & fuaraideacht, flichideacht & tirmaideacht;
170]
& is ón chudrumacht sin éirgius an
tsláinti chomchusmail & is coimplex í.
Tuillead: an comshuigiugad maith is sláinti do-gabur annsna ballaib étomogenia11 amáin nó oificeacha; & do-gabur é annsa láim, nó annsa
175]
chois, & annsan inchinn, & annsa chraidi. An
tsláinti so ní cudrumacht teasaideachta ná fuaraideachta, flichideachta ná tirmaideachta, amáin í, acht cudrumacht cáilideachta na mball mbeac & na figrach & na suigigthi. Ar an adbur sin
p.8
infra 111-112
180]
ní lór comad éidir leisin cois ná leisin láim a hoibriugad gnáthach do dénum gan gortugad mothuigtheach, an coimplex do beith measurda do réir mur do-gabur ó chudrumacht na teasaideachta & na fuaraideachta, na flichideachta & na tirmaideachta,
185]
acht is éigin don láim faris sin cáil dleístinach do beith aici & figair dleistinach & suigiugad dleistinach, & suigiugad críchnuigthi do méruib; óir cóirigthear na boill orgánta ó na ballaib cusmaile, & ticid siat uatha mur sin, &
190]
tic sláinti na mball orgánta ó shláinti na mball comchusmail. Óir atá an corp uile arna chórugad ó ballaib égsamla comchusmaile & orgánta, & is inta so do-gabar an tsláinti co huilidi fá deóig. Ar an adbur sin gan qunntabairt is ó chomchlaechlód
195]
na n-uile ball, nó óna comaentugad mur atáit na boill phrinncipálta & na boill nach prinncipálta & na mball aenda & na mball orgánta, tic sláinti in chuirp co huilidi. Más ead iarthur chum sláinti an chuirp co huilidi commédugad
200]
na mball comchusmail & cudrumacht na mball orgánta & inannus an gach ní díb. Ar an adbur sin is follus cad is sláinti ann, óir as é a regimen do-bérmaid dár n-úig.
Nunc autem, .i. is cóir dúin anois a innisin cá
205]
méd mod ara n-abur an tsláinti an méid beanus sí rénar n-adbur. Más ead as intuicthi dúin ná bí sláinti an duine annsna neithib do-roinnti; & foillsigmid sin ar tús; óir dá mbeith sláinti
p.9
infra 112
an duine annsna neithib do-roinnti do bud éigin
210]
dúin fuirceadal síraidhi an fhulaing d'fhaghbáil, mur mínidius Galen annsa chéid-leabur do Regimen na Sláinti12 & ag labairt do mórán do ballaib dó nach inann sláinti. Mur is follus co fuil coimplex égsamail & comshuigiugad égsamail ag na ballaib,
215]
do réir chonsiquens13 atá sláinti égsamail acu; & is résúnta sin, tré mur atá oibriugad égsamail acu, óir follsigid an t-oibriugad égsamail an coimplex do beith égsamail. Agus is follus an ní cédna don lucht tuicius égsamlacht na n-aes;
220]
óir ní hinann sláinti na macám annsan aís macánta & annsan aís óig, óir is do réir atharraig na haísi athraigius in coimplex: más ead, do réir chonsiquens, athraigid an tsláinti. Et a chusmailius sin do na ballaib égsamla, co rigid a leas
225]
regimen éxamail, mur is follus anar ndiaig. Agus ar an adbur sin ní hinann sláinti moch-thráth & am easbartain, óir atáit ar cuirp-ne a claechlód chontinóideach agá fuil sláinti nach inann & an chéd-shláinti. Dá réir sin ní fhuil sin do-roinnti.
230]
Agus is follus sin ó égsamlacht na n-égusc; óir {MS P page 356}is sláinti ar leith atá ag an fear & sláinti ar leith ag an mnaí. Et is follus a chusmailius sin ó égsamlacht
p.10
infra 112-113
an régióin; óir atá sláinti ar leith ag Sglaui nach fuil ag na fearaib gorma. Et is follus an
235]
ní cédna ó égsamlacht an choimplexa nádúrda; óir na daíne agá fuil coimplex égsamail atá sláinti éxamail acu: ar an adbur sin as sláinti ar leith atá ag fear leanna ruaid ó shláinti fhir leanna finn14, & sláinti ar leith ag an duine measurda ó
240]
shláinti an duine ainmeasurda. Dá réir sin is mór an leithid atá ag an tshláinti: gid eadh fédtur aén-shláinti do beith ní as fuirfi náid na sláinti eile, mur atá sláinti an chuirp measarda annsa gné daena, & ní15 sheasmuiginn an tshláinti
245]
sin annsa ní do-roinnti.
An dara pairteagal: Do riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó na neithib nádúrda