In hoc autem opusculo quinque sunt partes prinncipales, .i. tuic co fuilid cúig phairteagail phrinncipálta annsan obair big so do thinnsgnus: an céd-phairteagal díb dona neithib tic roim
5]
riaglachaib regimen na sláinti; an dara pairteagal do riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó na neithib nádúrda; an treas pairteagal do riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó na neithib nach nádúrda; an ceathramad pairteagal do
10]
riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó na neithib atá a n-aigid na nádúire; an cúigead pairteagal d'innstruimintib éigin gnáthuigmid a coiméd na sláinti.
Et connmaíd an céd-phairteagal díb so dá
15]
chaibidil: an chéd-chaibidil d'éigintus regimen na sláinti; an dara caibidil dá innisin cad is sláinti ann.
An dara pairteagal atáit seacht caibidleacha ann: an chéd-chaibidil díb dona riaglachaib
20]
do-gabur ón choimplex nádúrda co huilidi; an dara caibidil dona riaglachaib do-gabur ón égosg; an treas caibidil dona riaglachaib do-gabur ón aís; an ceathramad caibidil dona riaglachaib1
An treas pairteagal atáit sé caibidleacha fichead
30]
ann: an chéd-chaibidil dona riaglachaib do-gabur do leith na ndúl teagmus co fuirimeallach don chorp daena; an dara caibidil do thshaethur; an treas caibidil don choimilt; an ceathramad caibidil don fhothragad; an cúigead caibidil don
35]
choimriachtain; an seisead caibidil do na neithib ithtear & ibthear co generálta; an seachtmad caibidil don chodlad & don neam-chodlad; an t-ochtmad caibidil d'aicídib na hanma; an naemad caibidil do cheathra2 haimsearaib na bliadna; an
40]
deachmad caibidil dona gránaib dá ndéntur in t-arán; an t-aenmad caibidil dég dona potáitsib; an dara caibidil dég dona torthuib; an treas caibidil dég dona praiseachaib; an ceathramad caibidil dég dona prémuib; an cúigead caibidil
45]
dég don fhungus; an seisead caibidil dég do thrufulus; an seachtmad caibidil dég dona feólannuib; an t-ochtmad caibidil dég dona hiasguib; an naemad caibidil dég do na3 himurcachaib na n-ainmintid; an ficheadmad caibidil dona blasaib;
50]
an t-aenmad caibidil fichead dona deochaib; an dara caibidil fichead dona hédaighib; an treas
An ceathramad pairteagal atáit cúig caibidleacha ann: an chéd-chaibidil díb don droing atá ullam chum tuitme a n-easláinti; an dara caibidil dona
60]
neithib choimédus ón phláid sinn; an treas caibidil dona neithibh choimédus ón neim sinn; an ceathramad caibidil don droing bís ag éirgi a heasláinti; an cúigead caibidil don gnáthugad.
An cúigead pairteagal atáit naí caibidleacha
65]
ann: an chéd-chaibidil díb don chuislinn; an dara caibidil don5 fhásadairc; an treas caibidil do shangis sugi; an ceathramad caibidil dona poncaib; an cúigead caibidil don leigeas lagthach; an seisead caibidil don sgeathraig; an seachtmad
70]
caibidil don chlisteri; an t-ochtmad caibidil dona gaeithib meala; an naemad6 caibidil don phisairium.