Electronic edition compiled by Beatrix Färber, Ruth Murphy
Proof corrections by Mícheál Ó Geallabháin, Ruth Murphy and Benjamin Hazard
Funded by University College, Cork
2. Second draft, revised and corrected.
Extent of text: 109000 words
Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G600009D
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.
Copyright for this edition lies with the estate of James Carney. The electronic version has been made available by kind permission of the copyright holder.
CELT: Corpus of Electronic Texts
The present text represents pages 1-101 of volume 1, pages 1-135 of volume 2, and pages 1-161 of volume 3: Footnotes are retained and integrated into the apparatus, except where they do not provide substantial information. The Latin text are available in a separate file. The references to the corresponding pages of the Latin text in the Irish translation have been rendered as supplied text sup resp="JCa" infra 110-111 as there is no one to one correspondance in the structure of the Latin text and Irish translation.
Text has been checked and proofread twice. All corrections and supplied text are tagged. Corrections to the text made by the author from the original text from manuscript P are marked corr sic resp="". The apparatus has been constructed from the variants selected by the editor.
The electronic text represents the edited text. Text supplied by the editor is marked sup resp="JCa"; and where mentioned in the edition, the source for the supplied text is indicated. The hardcopy uses italics to denote expansions; in the digital text ex tags are used instead. As Latin text is printed in italics in the hardcopy, possible expansions used in Latin words remain unmarked.
Quotations from written works are rendered qt. Citations are tagged cit. This element contains bibl and qt elements.
Soft hyphens are silently removed. Words containing a hard or soft hyphen crossing a page-break have been placed on the line on which they start. Notae augentes -sa, -se, -si have been hyphenated off. Instances of nasalisation have been hyphenated off.
div0=the whole document and the Irish text; div1=the part; div2=the chapter. Paragraphs are numbered in line with the printed edition, page-breaks are marked pb n=""; milestones are marked mls unit="MS fol." n="".
Editiorial additions in author's notes, such as 'etc.' are in square brackets. Names of persons are tagged as name type="person" and capitalized. The reg attribute of the name tag contains a regularized form of the name to facilitate searching. Editorial additions in author's notes, such as 'etc.' are in square brackets. Reference to manuscript foliation appears beside each line of text in the hardcopy. The corresponding milestone has been placed at the start of the line. Line numbering on the odd pages has been brought to the left side of each line.
This text uses the DIV2 element to represent the chapter.
Created: The Latin original was written between 1329 and 1334; the translation c. 1469
H1 [main] Donnchad óg Ó hÍceadha
H2 [supplementary] unknown
H3 [supplementary] unknown
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Professor Aoibheann Nic Dhonnchadha (consultancy)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Ruth Murphy (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Mícheál Ó Geallabháin (ed.)
Mícheál Ó Geallabháin (ed.)
Benjamin Hazard (data capture)
In hoc autem opusculo quinque sunt partes prinncipales, .i. tuic co fuilid cúig phairteagail phrinncipálta annsan obair big so do thinnsgnus: an céd-phairteagal díb dona neithib tic roim
5]
riaglachaib regimen na sláinti; an dara pairteagal do riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó na neithib nádúrda; an treas pairteagal do riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó na neithib nach nádúrda; an ceathramad pairteagal do
10]
riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó na neithib atá a n-aigid na nádúire; an cúigead pairteagal d'innstruimintib éigin gnáthuigmid a coiméd na sláinti.
Et connmaíd an céd-phairteagal díb so dá
15]
chaibidil: an chéd-chaibidil d'éigintus regimen na sláinti; an dara caibidil dá innisin cad is sláinti ann.
An dara pairteagal atáit seacht caibidleacha ann: an chéd-chaibidil díb dona riaglachaib
20]
do-gabur ón choimplex nádúrda co huilidi; an dara caibidil dona riaglachaib do-gabur ón égosg; an treas caibidil dona riaglachaib do-gabur ón aís; an ceathramad caibidil dona riaglachaib1
An treas pairteagal atáit sé caibidleacha fichead
30]
ann: an chéd-chaibidil dona riaglachaib do-gabur do leith na ndúl teagmus co fuirimeallach don chorp daena; an dara caibidil do thshaethur; an treas caibidil don choimilt; an ceathramad caibidil don fhothragad; an cúigead caibidil don
35]
choimriachtain; an seisead caibidil do na neithib ithtear & ibthear co generálta; an seachtmad caibidil don chodlad & don neam-chodlad; an t-ochtmad caibidil d'aicídib na hanma; an naemad caibidil do cheathra2 haimsearaib na bliadna; an
40]
deachmad caibidil dona gránaib dá ndéntur in t-arán; an t-aenmad caibidil dég dona potáitsib; an dara caibidil dég dona torthuib; an treas caibidil dég dona praiseachaib; an ceathramad caibidil dég dona prémuib; an cúigead caibidil
45]
dég don fhungus; an seisead caibidil dég do thrufulus; an seachtmad caibidil dég dona feólannuib; an t-ochtmad caibidil dég dona hiasguib; an naemad caibidil dég do na3 himurcachaib na n-ainmintid; an ficheadmad caibidil dona blasaib;
50]
an t-aenmad caibidil fichead dona deochaib; an dara caibidil fichead dona hédaighib; an treas
An ceathramad pairteagal atáit cúig caibidleacha ann: an chéd-chaibidil díb don droing atá ullam chum tuitme a n-easláinti; an dara caibidil dona
60]
neithib choimédus ón phláid sinn; an treas caibidil dona neithibh choimédus ón neim sinn; an ceathramad caibidil don droing bís ag éirgi a heasláinti; an cúigead caibidil don gnáthugad.
An cúigead pairteagal atáit naí caibidleacha
65]
ann: an chéd-chaibidil díb don chuislinn; an dara caibidil don5 fhásadairc; an treas caibidil do shangis sugi; an ceathramad caibidil dona poncaib; an cúigead caibidil don leigeas lagthach; an seisead caibidil don sgeathraig; an seachtmad
70]
caibidil don chlisteri; an t-ochtmad caibidil dona gaeithib meala; an naemad6 caibidil don phisairium.
Quod regimen sanitatis sit nisisarium,. i. is éigin duit dá shligid do beith agad chum dearbtha.
Et ní fhuil an regimen so na sláinti éigintaig7 innus co saerfad sé ó bás sinn. Acht atá se tarbach co speitsialta ar son dá shocomlacht: an chéd-
110]
shocomlacht díb ar eagla cnaíti imaurcaidi na flichideachta prémamla; an dara socamlacht d'eacla morgaid na leannann. Óir dá seachránaidthear annsa regimen fédtur an fhlichideacht nádúrda sin do chnaí, mur theagmus a lucht an tshaethair
115]
móir & do lucht an tréiginuis. Et fétur an teas
ré n-abur innatus do múchad mur theagmus don droing caithius mórán & do-ní comnuide mór. Et fétur morgad & fiuchad do theagmáil isna leannaib mur is follus annsna rédaib rannchuididius
120]
ré teas eachtrannach & ré flichideacht aicídig deathmair, óir atáit na neithe so imchubaid chum morgaid & chum fiuchtha do gabáil chucu; & foillseóchmaid sin ní as fearr annsa proces. Et is mur so as follus an chéid-tshligi do beith tarbach
125]
do leanmuin luirg regimen na sláinti.
An dara sligi d'fhoillsiugad na neithead do-gabur ó égsamlacht na neithead nach nádúrda, óir ni fhuilid éigintach dár corpaib uile, mur atáit so: .i. bíad, & deoch, & aér, folmugad & línad,
130]
codlad & neam-chodlad, cumsanad & cumsgugad, & aicídi na hanma; & as rú so adearar na neithe
Ad sciendum quid sit sanitas, .i. dá thuicsin cad is sláinti ann & cá méid mod a n-abur í, óir ní hurusa an tsláinti do choiméd muna tuicthear cá méid mod ó n-abur í; et ar in dhbur sin
150]
abrum ar dús cad is sláinti ann & an dara huair cá méid modh ó n-abur í.9 Et ní thabramaid {MS P page 355}dár n-aire acht labairt do shláinti an duine amáin,
Tuillead: an comshuigiugad maith is sláinti do-gabur annsna ballaib étomogenia11 amáin nó oificeacha; & do-gabur é annsa láim, nó annsa
175]
chois, & annsan inchinn, & annsa chraidi. An
tsláinti so ní cudrumacht teasaideachta ná fuaraideachta, flichideachta ná tirmaideachta, amáin í, acht cudrumacht cáilideachta na mball mbeac & na figrach & na suigigthi. Ar an adbur sin
Nunc autem, .i. is cóir dúin anois a innisin cá
205]
méd mod ara n-abur an tsláinti an méid beanus sí rénar n-adbur. Más ead as intuicthi dúin ná bí sláinti an duine annsna neithib do-roinnti; & foillsigmid sin ar tús; óir dá mbeith sláinti
Quoniam diuersorum hominum diuerse sunt complexiones totales, .i. na daíne atá égsamail atáit a coimplexa égsamail co huilidi; óir ní hurusa
Et atáit naí coimplexa ann; & is é an céd-choimplex is ro-uaisle & is ro-measurda díb. Agus
270]
teagmaid tuitim ón choimplex measurda sin a n-ocht moduib & atáit a ceathair díb sin aenda & a ceathair comshuigigthi. Na muid aenda immorra, mur atá, teasaideacht, & fuaraideacht, flichideacht, & tirmaideacht. Na muid chomshuigigthi,
275]
mur atá, teasaideacht & tirmaideacht,
Et bíth a fhis agad co mbí an tuitim do gnáth ó measurdacht an meadhaigthi a dá cáilib. Gid eadh is éidir tuitim ó measurdacht do réir
295]
chóra do beith a n-aen-cháil amáin a n-aithfhégad na measurdachta so. Et gach uile ní atá annsa measurdacht sin atá sí tuitmeach a n-aen-cháil gnímaig & a cáil ele fhuilingthig. Más ead an duine agá fuil coimplex nádúrda, co nádúrda is mó
300]
thuitíus sé co comthrom ó measurdacht an meadhuigthi a dá cáilib, mar atá, tuitim a teasaideacht & a flichideacht. Et ar an adbur sin gach
305] An measurdacht do réir chóra immorra is measurdacht dleistinach do ní éigin hí do réir éigintuis na gnee nó an indiuiduum, {MS P page 357}nó rainn na gnee nó rainn an indiuiduum. Uerbi gratia: óir atá aen-choimplex ag an duine do réir gnéé nach
310]
éidir leisin fuirm ndaena beith 'na hégmuis. Et is mur sin do chineadh ré n-abur Sglaui & Inniadaigh20, atá aen-choimplex acu leis nach éidir leó beith 'na n-Inniadachaib21 nó 'na Sglaui 'na égmuis. Et mur an cédna dá gach uile duine
315]
rannaidhi, atá aen-choimplex díleas aigi nach éidir leisin duine sin beith 'na égmuis. Et mur an cédna tuicthear a coimplex rannaidhi in duine.
Agus maille ris an measurdacht so chum na
320]
córa anus an tuitim ó measurdacht an meadhuigthi: óir an tuitim sin atá co héigintach atá sí ó dá cháilib mur adubramar. Gid eadh bíth tuitim ó measurdacht so na córa a cáil aenda, & ar an cor cédna bíd a dá cáilib. Do
325]
réir mur atáit siat ar tuitim mur so nó mur súd, a cáil aenda nó a cáilib comshuigigthi, más ead rigid a leas regimen ar an mod so nó ar mod eile, mur atá, regimen coimédach nó regimen treóraigtheach. Ar an adbur sin rig a leas corp
330]
measurda annsa gné daena ré regimen coimédach
Et cad é in corp sin ré n-abar corp measurda, & cia hiad na neithe adearar do beith cusmail
335]
gu glan don chorp measurda? Agus do-gabur a fhis so a leabur na sean-leagad. Et as in-chuir so sís do-raiglean 22 [...] & co speitsialta óir ní hé ar ngnódhad23 ann so sin do thuicsin acht co coimédtuidi sinn anar sláinti & co rém-choimétfaidi
340]
co dingmála ónar n-easláinti. Más ead tuicim co ndliginn an corp measurda annsa gné daena gnáthugad dona neithib so atá glan amáin do réir bríge ana leithéd sin do chorp in méid bus éidir é: óir atá a fhis againn co maith nach fuil
345]
aen-ní an méide so cusmail don chorp measurda nach claechluiginn é nó nach gluaisinn. Et bu follus mod regimen speitsialta an chuirp so leath-a-tís dín, mur a cuirfim riaglacha speitsialta follamnuigthi na sláinti do-gabur ó na neithibh
350]
nádúrda & ó na neithibh nach nádúrda & ó éxamlacht na mball.
As na ráitib so immorra, is follus co lór na cuirp thuitius co fiadnach do thuitim nádúrda ón measurdacht so nach rigid siat a leas follamnugad
355]
inann, óir dá labram don regimen choimédach, & na cuirp do beith teasaidi measurda annsa gné
365] Dá labram immorra don24 regimen choimédach
& treóraigtheach na corp adubramar romainn is mur sin is mó do-gébam an chúis dár labramur, óir ní rig a leas an corp measurda ré regimen treóraigtheach ná rém-choimédach, acht na cuirp
370]
atá ar tuitim co mór, mur atáit, cuirp lucht leanna ruaid & leanna finn; óir is iat rig a leas an regimen sin; & más iat a leithéidi sin do chorpuib dob áil linn do choiméd ana tuitmib, do thicfaidis mórán d'easláíntib uatha; óir atáit siat imchubaid
375]
óna nádúir dílis chum tuitme.
Óir na cuirp choilearda atá ar tuitim annsa dara céim a teasaideacht, coimédtur iat lé neithibh25 fuara sa chéid-chéim. Más ead treóraigthear iat {MS P page 358}lé neithib atá fuar nísa mó, .i. lé neithibh fuara sa
380]
dara céim; & ní bia a leithéid sin do threórugad leath-amuith do thearmannachaib an choimplexa coilearda, acht leath-astig do thearmannachaib tuitme an choimplexa sin. Agus mar adubramar
Et curthar sís do raidlean cad as céim ann & cinnus gabur desding26 na ceathra céiminn ón liaig.
Sicut diuerse complexiones indigent diuerso regimine, .i. mur atáit na coimplexa éxamail
390]
rigid a leas follamnugad éxamail; & is mur sin atáit na hégoisg égsamail, .i. do-ní an t-égusc éxamail an coimplex éxamail. Óir as teó & as tirma na fir, & is fad-shaeglaigi & is mó do réir chainndiachta & as treisi & is glica iat náid na mná
395]
annsa gné daena, gibé innus a mbít siat annsna gnéithib eile ana teagmann an t-écusc bannda nísa mó & nísa treisi & nísa teó ná an t-égusc fearrda, mur as follus annsna hainmintib beirius a cuid ar éigin do nach laibeóram anois. Más ead
400]
tuigim astu so na neithe atá follus a ráitib na ndaíneadh eagnuid, adeir gurab teó & gurab tirma na fir annsa gné daena náid na mná, & gurab fuaire & gurab flichi na mná, & gurab luga a cuirp náid cuirp na fear. Óir is teó & is tirma &
Agus as follus an ní cédna so ó éxamlacht an chomshuigigthi & na n-oibrigthid; óir is comshuigiugad ar leith atá ag na mnáib ó na fearaib ar son co fuilid boill imda annsna mnáib nach
415]
fuil annsna fearaib; óir atá an maclac & an muinél annsna mnáib nach fuil annsna fearaib, & an tslat fhearrda annsna fearaib & ní fhuil annsna mnáib. Ar son geineamna an bainne an chích27, & ní chum na críche sin amáin atá sí annsna fearaib
420]
acht chum maisi, & do choiméd teasa an chraidi, & ar an adbur sin is mó cígi na mban ná cígi na fear. Tuillead, .i. bíth an toirrcheas & an t-inad ré n-abur bartorion & folmugad na fola místa isna mnáib, & ní bí isna fearaib. Tuillead, .i.
425]
bíd oileamain na leanam mbeac isna mnáib.
Et trít sin iarmaid riaglacha speitsialta éxamla ar regimen an égoisg bannda nach iarthur san égusc fhearrda. Et iarmaid fós regimen coimédach an maclaic & a muiníl, & regimen rém-choimédach
430]
a flux ainmeasurda & a fostóg28 ainmeasurda na
fola místa. Et rigid a leas na cígi regimen
Consequenter ponende sunt regule generales
445]
regiminis sanitatis, .i. as inchuir ana diaig so
riaglacha generálta regimen na sláinti do-gabur ó égsamlacht na n-aes. Óir as í an aís naíginda an chéd-aís díb, más ead abram ar tús riaglacha regimen sláinti na naígin atá a crích déiginaigh
450]
na hégcudrumachta.
Más ead abram gurab inchuir an naígin sin
Et dligmid a n-imlicáin do cheangal, & gan a cheangal co ro-fhada innus nach beith sé mór acht beith dead-maiseach, & nach bia sé ro-gearr innus nach beith sé nísa luga ná mur as éigin.
470]
Et ní dliginn an ceangal sin beith ro-chruaid ná
ro-boc, innus ná tuitead sé ní bud luaithi ná ní bud moilli ná an chóir. Et dligid an ceangal sin beith do shnáth olla gan beith ro-chruaid. Agus tair és gearrtha an imlicáin crotur púdur mirra,
475]
nó masdix, nó sangis draconis ar an imlicán, nó
a cusmaile.
Agus adearaid drong dona sean-daínib co
Gid eadh, atá ag an tsalann óna nádúir féin baill na naígin do chréchtnugad36; ar an adbur sin a n-inad an tshalainn annsna hinntinnib
490]
so adubramar romainn, gnáthuigid drong dona heagnuidibh ola an toruid ré n-abur na measóga; óir calmuigthear na baill uaithi sin & tirmuigthear na fliuchada ar mod éigin uaithi, & ní chréchtnaiginn sí na boill. Et as résunta an ola so dona naíginaib
495]
atá te & tearc go mór, mur atá, lucht leanna ruaid & fola deirgi; óir atáit a mbaill sin tearc go mór & fuilingtheach co ro-mór. Agus ní mar sin dona naíginaib atá a crích déiginuid na measurdachta, óir atá tarba mór aigi dá dénam
500]
innta so. Et mad naígin leanna finn iat dligid a salann beith gér, teasaidi, tirim; & mad naígin leanna duib iat dligid a salann beith teasaidi & gan beith tirim gu mór.
infra 125-126
Tuillead, dleagur a lamannán d'fhásgad innus
505]
comad usaidi in fual d'fhágbáil. Et ainnséin
osgailtear a sróna maille ré mér beac ar nach {MS P page 360}bia tosgugad ingin tar an feóil. Agus súigid pearsa dochraid a srón co mín, & glantur puill na cluas lé mér beac ar a mbia inga mael, & síntear
510]
a láma & a méir uile, & filltear a sliasta & a colpuidi,
& tarraingthear co mín mur so & mur súd iat.
Et as indénta fothragad gach lae don naígin fá dó. Agus ná bíth a gaile lán do bainne ac dul chum an fhothraigthi, & oiltear ana diaid sin
515]
a cédóir é; óir mur dligid na daíne láidiri saethur
do dénum roim an mbiad, is mur sin dligid na naígin atá arna ngeineamain co nua, leis nach éidir saethur do dénum, fothragad do dénam roim an lachtugad; óir dá mbia a ngaile lán do
520]
bainne truailltear a ndíleagad ón fhothragad, &
geintir dúinti ana taebuib.
Agus mar an cédna fáisgthear a sgairt chléib innta, & geintear cosachtach & sgeathrach gnáith.
Más ead na neithe atá urchóideach cusmail rú
525]
sin as intseachanta iat isna daínib geintear37 gu
nua. Agus ní dleagur fothragad do dénum dóib a huisgi a mbí nádúir mianamail mur atáit so .i. uisgi ailime & uisgi raibi38 & uisgi saillti, acht dligid sé beith d'uisgi tobair glain, & é ag rith chum
530]
na hairdi soir ar talam gainmeach gan beith
Agus connuimthear annsa fothragad iat nó co tinnsgna a feóil deargad; & déntur a ceangal co deag-maiseach; & ní dliginn an ceangal beith ro-chruaid d'eagla an fhásta do thoirmeasc ná
540]
ro-bog ar eagla co mbeith suigiugad a mball co neim-dleistinach. Agus ni dligid na héduighi ana ceangailtear iat beith fuar. Agus mad follus peacugad comsuigigthi a n-aen-ball acu do leith na figrach nó an tshuigigthi nó na cáilideachta
545]
nó na caindiachta, ceartaigthear sin an méid bus éidir agá ceangal a ndiaig an fhothraigthi.
Ana diaig sin taburthar bainne dó nó co codla sé; & dá teagmad ná bud áil leis codlad lena cíg siublaigthear maille ré canntaireacht binn; &
550]
muna codla sé lé ceachtar díb sin sgaíltear an cris ceangail dá gach taíb. Agus sduidérad39 a banaltra roim gach uile ní nach beith a édaighi salach; Et as í in méide so dleagur a sgaílead an gach lá nádúrda, .i. in méid do-gabur a édaighi
555]
salach faí.
Agus dleagur bainne do thabairt dó a ndiaig a fhothraigthi do gnáth, & ana diaig sin a édaighi do chlaechlód. Et dá faicim gu súiginn sé an
Agus ní reaguid a leas co hóg biad eile acht bainne, óir do-ní sé inad bíd & digi dóib. Agus as é bainne a máthar bainne as imchubaidi dona naíginuib; óir bíth an bainne sin arna geineamain
570]
ó fhuil ro-chusmail risin fuil dob adbur geineamna
& oileamna don naídin. Más ead, as fír a rád gurab ro-maith an oileamain dóib bainne a máthar; & is amlaid tuicthear sin & an máthair do beith slán & regimen imchubaid do réir mur iarus
575]
gním na hoileamna & an tí oiltear.
Et dá teagmad ná bud tualaing nó ná bud áil lena máthair a oileamain, togthar banaltra thslán ele chugi agá mbia coimplex maith & aís fhoirbthi, & a beith daid-bésach, & a dath a' claenad chum
580]
duibe, & cuisleanna fairsingi aici & muinél reamur, {MS P page 361}
& ucht leathan, & cígi gan beith feólmur gu mór & gan mórán do chuisleannaib laga orra; & ná bíth a mbainne roi-reamur ná ro-shéim, & corp geal do beith aici, & bainne deag-blasta dead-balaid do
585]
beith aici, & gan beith ro-gar d'aimsir an toirrchis40 ná ro-fhada uaid. Agus mad éidir banaltra
Et bud follus don taíb thís dín regimen maith na banaltrann & a cích, & cinnus coimédtur &
ceartaigthear & méduigthear an bainne innta; & do-gébthur sin mur a curthar regimen coiméda
595]
na sláinti do-gabur ón égusc bannda do réir mur deiligius sé ón égusc fhearrda.
Agus na céd-laeithi a ndiaid in leinm do breith ní hinmolta a máthair dá oileamain ar dá adbur: an céd-adbur díb, óir atá an máthair arna claechlód
600]
co mór ón toirrcheas; an dara hadbur, tré fhad in chomnuide atá ag an bainne annsna cígib, óir teagmaid co mbeith sé truailligthi; & tuicthear sin ar a dath & ar a shubstaint. Et ar an adbur sin do-níd na mná Frangcacha, ar mbeith mí-dóchus
605]
acu as an bainne sin, bean uirísil do shúg an bainne as a cígib.
Et ní hingluaisti a cliabáin co fuiréigneach do thogairm in chodalta acht co mín innus nach gluaistear an bainne ana ngaileadaib, & nach
610]
truailltear an díleagad. Agus do budh fearr comad leisin cích do-géntaidi in codlad do thogairm.
Et as imchubaid caoi measurda roim an mbainne dóib & co speitsialta do leathnugad na mball spiradálta, & d'fholmugad rainn éigin do fhlichideacht
615]
an chuirp & an chinn, & do thogairm & do
Et dá teagmad an bainne do thruailliugad ana
620]
ngaileaduib ó imurcaid & ó ainmeasurdacht a óla, teagmaid uaid sin at, ruidheadh,41 & gaedmuireacht imda, & gile an fhuail. Leagar dóib an tan sin aimsear fhada gan biad, & déntur inntleacht chum codalta fada do dénum dóib; nó as innill
625]
beacán bainne do thabairt dóib & a thabairt co
minic. Óir is cusmail iat ré corpaibh na ndaíneadh bís ag éirgi a heasláinti, & is mur sin dleagur a n-oileamain mur bus follus don taíb thís dín.
Et is maith, roim an mbainne do thabairt,
630]
beacán meala arna glanad maille ré beacán fína gil uisgeamail, do glanad & do chomfhurtacht an gaile, innus nach morga an bainne ana ngaileadaib. Et is éigin roim bainne do thabairt dóib (& ar tús co speitsialta) méid éigin bainne do chrúth ana
635]
mbéluib innus coma lugaidi do shaethróchad meiri
ac dénum an atarraing; más ead teagmaid gortugad co minic ó atarrang meiri & na n-innstruimintid eile dóib.
Et is é so regimen na naídin nó coma follus
640]
na cláirfhiacla. Agus an uair thinnsgnaid na cláir-fhiacla as intuctha dona banaltrannaib co gnáthach biad eile dóib; & bíth a mbiad cusmail risin mbainne a substaint & a mbríg, & bíth nísa
Et an uair thinnsgnaid siat siubal leó féin
655]
dligid an banaltra beith deithideach nach gluaisti an naígi co hanorduigthi air eagla co ndísgaílfidi nó gu ceangóltaidi a boill co hainmeasurda. Et ná coiméignigthear é chum suigi nó chum siubail nó co tí a n-álgus chugi féin do réir nádúire. Et
660]
an t-inad ana suiginn sé ní dliginn sé beith cruaid ná garb, & ní dliginn aen-ní gér ná gearrthach beith láim ris.
An uair thinnsgnaid na fiacla ré n-abur canini fás dénaid aipstinens ó gach uile ní chruaid do-choganta,
665]
air eagla co sgrisfaidi nó go laigdeóchaidi adbur na fiacal sin adubramar ó chogaint na neithead cruaid, mur do-níthear co minic. Et is maith annsan aimsir sin feóil na fiacal do choimilt lé blonuig circi42 & lé him nua, & lé hinchinn
670]
míl, óir togairmid sin a fás & calmuigid iat féin. Óir a n-aimsir fhásta na fiacal sin adubramar
Et an méid tiaguid siat ó oileamain na cích, as í an méide sin dligid siat biada reamra do gnáthugad.
Et as í so aimsear a mbuana dá cígib .i. an uair fhásaid a fiacla uile & bus éidir leó biada
690]
eile do chogaint co fuirfe, & is í an aimsear sin aimsear dá bliadan co coitchinn.
Agus dá teagmad co n-iarfad an naígi na cígi co hanorduigthi tair éis aimsiri an tsequestair44 & co caoighfig sé, curthar neithe faí an cíg do-béra45
695]
aduathmuireacht ar an naídin a mblas & a radarc, mur atá súg uormóint & a chusmaile. Agus
Et d'éis a buana dá cígib dligid a chairdi beith
700]
deithideach agá chur deid-bésach, óir atáit dá tharba tic de sin: an céd-tarba díb, co fásfad sé co maith & co mbeith aibíc maith aigi & suigiugad maith ana ealadain; & ní hí metafisica an ealada sin acht an fheallsamnacht morálta: an dara
705]
tarba beanaid sí risin corp; óir is éidir mailís do geineamain isin coimplex ó mailís na mbés & ó fhoámugad an chuirp. Ar an adbur sin leanuid na droch-bésa mailís in choimplexa & is mur sin is éidir mailís an choimplexa do geineamain ó
710]
na drochbésaib. Et ar an adbur cédna geintear linn dub ón eagla & ón meatacht, &46 dá robuid aimsear fhada ar neach. Agus ní hinlicthi dobrón ná fearg ná caí ná gairdeachus orra, acht a toga a mod inmeadónach. Et mad follus dúin a
715]
nádúir a' claenad co hanorduigthi chum teadma éigin as intreóraigthi iat chum a chontrárda. Dá réir sin tuicmid co coimédtur an corp & an t-anum ó choiméd na mbés. Óir bít a mboill anfhann co mór roim a seacht mbliadnaib & a mod ainimchubaid
720]
don résún & don gluasacht.
Agus is fearr an fothragad do chalmugad na mball & d'innarbad imurcach an treas díleagad ná an saethar. Et ní dligid na daíne eagnuidi {MS P page 363}fothragad agá mbí bríg thirmaigtheach do thabairt
Agus ní dleagur fín do thabairt dóib ar aen-mod, óir atá sé gortaigtheach urchóideach dóib; óir is
730]
follus dúin gurab tene a ceann teneadh fín do thabairt dona macámaib, óir atáit féithe & inchinn anfann acu dá ndéin an fín urchóid & gortugad mór. Óir is follus dúin a féithi do beith fuilingtheach go mór & so-thollta ón fín, óir atá
735]
bríg tholltach ann óna shubstaint & óna gním do leith a shéime; óir ní reagaid a leas fín do thogairm an fhuail ná do glanad leanna ruaid, ná do fhliuchad an chuirp ná do thséimiugad leanna duib48 ná do chalmugad an díleagtha, ná an teasa ré n-abur
740]
innatus, mur is follus dúin. Et ón aimsir sin amach fédtur fín finn uisgeamail do thabairt a n-inad digi dóib, & an méid bís coimplex teasaidi acu is lugaidi dligid fín d'ól, & a chontrárda sin don choimplex fhuar.
745] Et is é sin regimen na macám nó co curthar chum maigistreach iat a cinn a sé mbliadan. Agus is mór an tshligi dóib chum na haimsiri bís rompu beith umal subáltach.
Et mar adubramar don tshaethur is mur sin
760]
tuicmid dona biaduib. Óir ni héidir leó na biada láidiri do díleagad atá cruaid do-díleagtha mur as éidir lé lucht adolisensia.
Agus mar an cédna ní héidir leó gním na drúisi do choimlínad mur is éidir leisin droing atá a
765]
termin na haísi ré n-abur adolisensia. Óir tic gortugad mór ó choimriachtain anorduigthi & toirmiscthear médugad an chuirp uaithi. Agus ní tarbach a sperma chum na geineamna nó gu roithid na boill a médugad fuirfe; & roithid an
770]
foirfiugad sin co coitchinn a cinn cúig mbliadan fithid, & is annsin atá an tsláinti foirfi & mairid sí co ceann 35 mbliadan & gairthear aís an nirt & na sgothamlachta don aís sin, óir is annsan aís sin as sgothamla & is láidiri na cuirp & is annsan
775]
aís sin is treisi oibrigthi na beathad uile. Agus
annsan aís chédna fédmaid saethur do dénam
Agus is luga rig a leas an aís sin fothragad uisgi
780]
the ná an aís atá roimpi. Et as don aís so amáin as imchubaid fothragad uisgi fhuair do chalmugad na mball chum a ngluasachta imchubaid láidir do dénum; & ní hanfhainnigthear an teas ré n-abur innatus ón fhothragad sin adubramar, acht is mó
785]
furtachtaigthear é, & ní toirmiscthear médugad na mball uada. Agus ní dleagur an fothragad so do beith d'uisgi atá ro-ard a fhuaraideacht, ná a n-uair ná a n-aimsir atá ro-ard a fhuaraideacht, acht a n-aimsir & a n-uair the.
790] Et dligid biad lucht na haísi so beith nísa reime do cháilideacht & nísa mó do chaindiacht ná biad na haísi roimpe & 'na diaig. Agus dligid mórán do biad reamur do chaithim; & bud follus anar ndiaid na biada atá imchubaid & animchubaid
795]
dóib.
{MS P page 364}Et bíth a ndeoch d'fhín shéim fhinn is luga as uisgeamail ná fín na céd-aísi, ar son togairmthi in fhuail & glanta an chuirp & togairmthi an alluis & fliuchaid na mball. Agus ní dligid a fínta beith
800]
ro-theasaidi ná ró-gér, innus nach tuitfidis a fiabras, ná a n-ainteas ae, ná a loscad leannann. Agus ar an cúis cédna dligid na neithe atá ro-ard a teasaideacht & a tirmaideacht do sheachna mur atá, pibur & musdard, gairleóg & a cusmaile.
805] Et as gearr an codlad rigid a leas lucht na
Do leith aicídi na hanma immorra, is intsheachanta go mór fearg & dobrón, óir cuirid siat an fhuil a n-ainteas. Et as í an aís so as mó atá imchubaid sin,
815]
do gnímarthaib na drúisi; óir atáit na boill co foirbthi innti, & an teas & na spiraid co láidir, & an sperma co himda. Et bud follus don taíb thís dín riaglacha speitsialta do-gabur ó égsamlacht na neithead nach nádúrda.
820] Et a ndiaig na haísi so tic an aís arsaid dá cuirfim regimen speitsialta. Agus bíth a fhis agad gurab í as inntinn ag follamnugad na sean-daíneadh co huilidi gach oileamain, & gach fothragad, & gach deoch ó fliuchaidthear & ó téigthear
825]
iat; & mur an cédna d'aimsir fhada in chodalta & an chumsanaidh.
Et gnáthuigthear linn finn d'imdugad a ngailib na sean-daíneadh ar son anfainne na bríge díleagthaigi. Ar an adbur sin leigisim linn finn
830]
atá arna imdugad ar shligid na n-inneadh, agá díleagad ar tús maille ré dig ar a mbeirbthear ysóip, & lé hoximel diureticach. Et folmuigthear ainnséin maille ré
iarapigra49 & lé ní ar a mbeirbthear
Item, adearmaid co ndliginn oileamain na
845]
sean-daíneadh beith so-díleagtha & oileamnach gu maith, & beith nísa luga a caindiacht & a nuimir ná annsna haesaib so is foicsidi roimpe. Óir ní bí dísgaílead imurcach ana corpaibh trí chruaidi a mball & trí anfainne a teasa; & is trít sin nach
850]
dligid siat mórán bíd ná proinneachad52 minic, óir is lór dóib beacán a n-aithfhégad na céd-aes, trí anfhainne na bríge díleagthaigi inntu. Más ead dleagur a n-oileamain do beith a caindiacht bic; óir is urusa lé corpaibh na sean-daíneadh an
855]
oileamain beac do chur ana cusmailius acht gé mall díleagaid an oileamain. Ar an adbur sin ní rigid a leas a n-oileamain go minic, óir teagmaid coma lór dóib caithim aen-uair annsa lá nádúrda, óir is urusa leis na sean-daínib an tréiginus
860]
d'fhulang.
Et is fír sin ag labairt do shean-daínib na
865] Et dligid na seanóiri proinneachad minic, óir múchthur a teas ó mórán bíd do chaithim a n-aen-fheacht, óir múchthur an tene beac ó mórán an chonnaid; & muna hoilti co minic iat do {MS P page 365}díbochthaidi an teas nádúrda & an fhlichideacht
870]
phrémamail a n-aenfheacht. Más ead, saílim gurab maith a n-oileamain fá thrí sa ló nádúrda mur so, innus co mbeith spás sé n-uaireadh idir in céd-chaithim & an dara caithim & ocht n-uaire idir an dara caithim & an treas caithim, innus co
875]
mbeith spás deich n-uaireadh nó aen-uair dég idir an céd-chaithim & an caithim déiginach. Agus is mur so beas an treas caithim, nísa mó ná an dara caithim, & an dara caithim nísa mó do méid53 éigin ná an céd-chaithim.
880] Et dligid siat gach uile biad ó ngeintear linn finn & linn dub & dúnus bél na cuisleann do sheachna do chaithim, mur atá, gach uile biad reamur rigin saillti bís anumal don díleagad, mur atáit, gnéithi na potáitsi, & éisg shaillti nó
885]
gan saillead54 & éisg phiastamla muiridi & co coitchinn na héisg ar nach bít lanna, & feólanna saillti, & én shnaídis a n-uisgib, & pasdae & arán slim & cinél na torthad fuar, mur atáit, ubla &
Agus as imchubaidi dona sean-daínib a sabsa55 do beith d'fhín ná d'fhinégra; óir atá an aigéid ro-animchubaid dona sean-daínib tréna beith fuar tirim, & hí ag luathad na harsaideachta.
895]
Agus idir chinél na spísrad as é an cainél & an sinnsér as imchubaidi dona sean-daínib, & co háirithi gach uile spísrad rannchuidigius ré teasaideacht & ré flichideacht.
Item, as imchubaid co mór mil dona sean-daínibh,
900]
& dligid an mil sin beith geal trom, nó cruaid so-gearrtha deadh-balaid. Et as imchubaid dona sean-daínibh feóil na n-ainmintid óg as a mbeantur, & gall-choileach, & mur an cédna feóil phetraisi & fhuiseóg & fheadóg, & uigi nuada
905]
boga, óir as urusa a ndíleagad & is maith oilid.
Et as iat so na héisg as imchubaid dóib, .i. éisg muiridi, & as a fhín bud fearr a mbearbad maille ré finél & ré hainéid nó ré psille; óir measraigid so a fuaraideacht & innarbaid a rigneacht
910]
imurcach.
Et as imchubaid an bainne do droing dona sean-daínib, ar son co n-oilinn sé co luath & co fliuchann na cuirp; & atá drong eile dá56 nach imchubaid, ar son gu ngeineann sé dúinti. Et
915]
do gnáthuigidur drong eile d'és bainne d'ól teinneas & rigad do beith fána cliathánuib deasa
An t-im, immorra, as imchubaid dona sean-daínibh é, óir fliuchaid & téigid & mínigid boill an ochta.
Na praiseacha, immorra, as imchubaid dona
930]
sean-daínibh iat, mur atá, biatus & finél & persille & borráitsi, sáitsi & minntus & a cusmaile chlaenus chum teasaideachta & chum flichideachta.
Na tortha immorra, as imchubaid dona sean-daínib iat, mur atáit, fígeadha tirma, & caera
935]
fíneamna, & almoint & pini.
Item, as imchubaid sinnsér mur shabsa dóib & diacalimintum co speitsialta d'oslugad dúintid na taeb theagmus dóib co minic.
Item as í an lictabáire do-níthear do thrí gnéithib
940]
an phibair as triacail dona sean-daínibh, óir
comfhurtachtaigid a mbríg díleagthach & osluigid a ndúinti. Et do-ní an comshuigiugad ré n-abur {MS P page 366}athanasia an cédna, & do-gébam a tuaruscbáil sin a n-Ainntidair.
infra 144-145
945] Et ní himchubaid fín nua geal uisgeamail dóib acht muna teagma tart ainmeasurda orra a ndiaig fhothraigthi. Agus dligid fín na seandaíneadh beith dearg séim deadh-balaid arsaig, óir téigid & oilid an fín sin co lór, & ceartaigid
950]
linn dub, & togairmid an fual, & fliuchaid na hailt, & calmuigid an bríg & an teas nádúrda; óir rigid a leas na sean-daíne uile ris sin57.
Et as iat so na potáitsi as imchubaid dona sean-daínib, .i. potáitsi do-níthear do choirci &
955]
d'éorna maille ré huisgi ar a mbeirbthear feóil inmolta.
Item, as imchubaid an deoch ré n-abur idromel dona sean-daínibh, óir osluigid sí na dúinti. Et dá mbeid dúinti a sligthib in fhuail beirbthear
960]
persille, & mersi, & fenél ar ydromel, & osglaid na dúinti.58 Et dá mbeid dúinti isna ballaib spiradálta, beirbthear dub-chosach & ísóip & casialinia maille ris na neithibh adubramar & oslaigid iat.
965] Et as imchubaid coimilt measurda dóib a cáilideacht & a caindiacht; & lé héduigib garba & lé lámuib garba dleagur an choimilt sin do dénum & aimsear do beith aturra. Et ní dliginn an choimilt sin beith an méide so, a cáilideacht ná
970]
a caindiacht, co treóróchad sé fuaraideacht & tirmaideacht a mballaib na sean-daíneadh, tré shligid dísgaílti na fliuchatan nádurda & an teasa
985] Et as í aimsear a ndleagur sgur do choimilt na sean-daíneadh, an uair thinnsgnait siat deargad & gné teinnis do gabáil chucu; & ní holc ar deireadh na coimilta a n-ongad lé holaid na holiua millsi nó na n-almont milis, innus comad feirrdi do
990]
coimédfaidi 3tirmaideacht nádúrda &61 teas nádúrda ball na sean-daíneadh an t-ongad sin.
Et moluim an choimilt so do dénum & an gaili folam, & roim biad & saethur do dénum mur an cédna. Et togthur inad measurda & aimsear
995]
measurda co nádúrda nó co healadnach chum an tshaethair nó chum na coimilta. Et an drong leis nach éidir saethur do dénum ar son anfhainne a mball nó ó chúis éigin eile, coimlínaid inad an tshaethair lé fothraigthib & lé coimiltaib. Et
Et déntur fothragad dó fá cheathair sa mí d'fhothragad ó comfhurtaigthear a fhliuchada &
1005]
a theas nádúrda, & measraigius tearcacht a ball. Et dligid an fothragad so beith d'uisgi milis; & moluim na neithe so do chur ann, mar atá, camamilla, & dá gné an sdicadois, hocus & holihoc: .i. curthar an hocus ann do measrugad tirmaideachta
1010]
na mball, & an sdicados & an camamilla ar son co calmuigid siat na boill, & co n-innarbaid a corthacht, & co togairmid an t-allus.
Et is maith moluim a ndeireadh an fhothraicthi a mboill do choimilt d'innarbad an tsalchuir atá
1015]
orra; & coimiltear ana diaig sin lé lámuib arna tuma a n-olaid na holiua, innus co mbeidis na boill fliuch a ndiaig an fhothraigthi. Et as é so comartha & termin a62 ndleagur an fothragad d'fhágbáil, an uair thinnsgónaid aigthi na mér
1020]
garbugad. Agus dleagmaid gu mór a thabairt dár n-úig gairdeachus an duine annsa fothragad; óir {MS P page 367}atá drong ann fhuilngius beith ann co fada & drong eile co gearr. Et na neithe eile bud inráid ar an coimilt & ar an fothragad fúicfid iat, óir
1025]
laibeórad díb sa cheathramad pairteagal don leabur so; & is lór a ndubramar ar na neithibh so do leith an regimen do-gabur ó deifriugad na n-aes.
infra 149Homines quidam sunt qui a generacionis prinnsipio sunt calidiores quam requirit humane
1030]
complexionis temperamentum & cetera, .i. atá drong dona daínib as teó ó thosach a ngeineamna ná mur iarus measurdacht an choimplexa daena; & atáit daíne eile bís nísa fuairi; & mur an cédna tuicthear dona cáilib aenda & dona cáilib
1035]
comshuigigthi. Agus ní beac an deichfir atá idir regimen na coimplex sin & regimen na coimplex measurda, dá raib sé 'na regimen choimédach nó threóraigtheach. Et ní hí ar n-inntinn ann so labairt don choimplex tuitius co beac a n-easláinti,
1040]
óir is éidir linn regimen na corp sin d'fhagbáil as na ráitib adubramar romainn & as na neithibh adéram dona coimplexaib thuitius co mór. Et smuainmid labairt annsa chaibidil so do na corpaibh thuitius co mór a n-easláinti mur atáit,
1045]
lucht fola deirgi, & leanna ruaid, leanna finn, & leanna duib.
Agus ar tús d'fhollamnugad shláinti coimplexa fola deirgi, óir as é an coimplex so is luga théit ó choimplex measurda & is luga is olc; óir adubradur
1065] Et atá lucht an choimplexa so ullam chum na
heasláinti ré n-abur cachecia, .i. droch-aibíc an chuirp maille ré truaigi, & co speitsialta chum gach uile easláinti darub cúis an morgad, & línad leannaigi, & dúinti, & co speitsialta línad fola
1070]
deirgi. Et ana leithéid sin do choimplex do gnáthuig fuil dearg imdugad, ar son co ráinig sé a leas gnáthugad minic cuislinni nó fásadairci,64 d'fholmugad fola deirgi. Et as inlicthi an chuisle do réir mar fhuilngius an bríg, & an aís, &
1075]
an gnáthugad, & an ealada, & a cusmailius sin dona neithibh rannaide iarrus nó thoirmiscius a ligin.
infra 151, 154
Labrum dona cuislinnaib as inlicthi & do mod licthi na fola, .i. in méid reagur a leas í a cáil &
1080]
a caindiacht, & dona riaglachaib eile as inchoiméda a timcheall a licthi.65 Agus biaid caibidil speitsialta (do grásaib Dia) a ndeireadh an leabuir so laibeórus don chuislinn.
Et ní hí an chuisle amáin rigid66 a leas lucht
1085]
an choimplexa so acht an leigeas lagthach leis; & ní d'fholmugad fola deirgi sin acht dá glanad. Et as iat so na leigis atá imchubaid chugi sin .i. na leigis míne beannuigthi, mur atá, agairg atá muinntearda, & manna, & casia67 fistula, pruna, &
1090]
uiola, & meadg, bainne gabair, borráitse, buglosa, mirabolani, fumus terre, & mórán dá cusmailib bus éidir d'fhaicsin a clár Salernitane. Gid eadh, biaidh68 caibidil speitsialta don taíb thís dín do mod gnáthuigthe na leigeas so.
1095] Et gnáthuigid lucht an choimplexa so mórán {MS P page 368}imurcach do beith acu, & co háirithi imurcacha an treas díleagad: rig69 a leas saethur láidir luath do chnaí na n-imurcach sin adubramar; óir do bud éidir dúinti do geineamain uatha sin; más
1100]
ead, do bad éidir morgad do beith ana corpaibh.
Et ar an adbur cédna rigid a leas mórán coimilta & a beith láidir, & déntur fothragad dóib & an gaile folam uair sa seachtmain an méid is luga.
1110] Tuillead: .i. atá an coimplex so ullam chum morgaid na leannann; más ead, is maith gnáthugad dona neithibh chathuigius a n-aigid an morgaid, mar atáit, na neithe fuara tirma gan beith olamail ná méith, ná milis, ná deathmur & ag nach bia
1115]
substaint fhuilingtheach rannchuidigius ré flichideacht aicídig eachtrannaigh, mar atáit so: .i. tortha glasa nuada, mur atáit, fígeadha, & caera fíneamna, & almoint; & go háirithi gnéithe an bainne atá nua dleagur a seachna, & fínta millsi, &
1120]
feólanna teasaidi fliuchaidi olamla, mur atá, feóil muilt.
Agus as iat na coimplexa so is luga gortaigthear ón tréiginus, óir teagmaid comad lór dóib caithim fa thrí sa dá lá.
1125] Agus is cumachtaigi na coimplexa so a ngním na coimriachtana náid na coimplexa eile.
Item is luga gortaigthear na coimplexa so ón neam-chodlad náid na coimplexa eile, & is mór tromuidthear ó chodlad mí-measurda iat; & ar
1130]
an adbur sin dligid beith neam-chodaltach a n-aithfhégad na coimplex ele.
Item as imchubaid dóib fearg do dénam co
1135] Et70 ní himchubaid biada oilius go mór dóib, acht biada gá mbí beacán d'oileamain maith.
Et ó atá an coimplex so go lór ullam chum dúintid na cuisleann, as maith aibstinens do dénum ó na biadaibh & ó na deochaib chúisigius
1140]
na dúinti. Más ead, seachnaid siat na biada reamra, rigne millsi méithe olamla & mur sin dona deochaib buaideartha reamra millsi. Agus seachnaid siat fothragad tair éis bíd & saethuir, & fín reamur láidir, & coimriachtain & mórán
1145]
digi; & is cúis d'innarbad an bíd ón gaile gan díleagad fuirfe na neithe sin; & an uair roithid na biada mur sin chum na cuisleann do-nít71 dúinti inntu.
Et is lór ar labramur do choimplex fhola deirgi.
1150] Más ead, labrum do choimplex leanna ruaid, atá teasaidi tirim, & adeirim an drong agá fuil an coimplex sin co fuilid ullam chum fiabrais lasamhuin & co háirithi annsna haimsearaib teasaidi. Más ead, moluim gurab imchubaid oxisacra aenda &
1155]
síróip uiole & nenufair72 dóib. Et as résúnta na síróipi adubramar do beith deadh-balaid maille ré méid éigin do spicanardi & do chainél, óir anfainnigid na síróipi sin an gaili do méid73 éigin.
Óir gnáthuigid na complexa sin linn ruaid d'imdugad inntu, & co háirithi isna haimsearaib
1165]
teasaidi, & as imchubaid dóib neithe fholmuigius linn ruaid co rannaidhi, mur atá, reubarbarum, & sgamonea arna bearbad, & mirabolani siterini, & casia fistula, & a cusmaile.
1170] Agus dligid regimen na droingi so beith a' claenad chum fuaraideachta & chum flichideachta, óir atáit siat ullam chum tuitme a n-easláintib coilearda teasaidi tirma. Agus atá in coimplex sin ullam chum na haísi arsaigi, & ar an adbur
1175]
sin rigid a leas neithe fhliuchus a coimplex & chathuigius a n-aigid na harsaideachta, mur atáit, na biada inmolta so, .i. éin chearc & choileach óga, & boill fhuirimeallacha na muc, & feóil laeg, & fínta inmolta deadh-balaid gan beith deathmur
1180]
ná ro-gér; óir idir na huile ní as é an fín is luaithi oilius.
Agus is imchubaid fothragad uisgi milis dóib. Agus dligid codlad do dénum, & neam-chodlad & {MS P page 369}saethur anordaigthi meanman & cuirp do sheachna,
1185]
óir is beac do shaethur láidir rigid a leas an drong so.
infra 157-158
Agus is mór gortaigthear iat ó thréiginus, & trít sin oiltear fá dó sa ló nádúrda lucht an coimplexa sin. Agus ní dligid a mbiada beith
1190]
ro-shéim ná fuilingtheach, óir, dá mbeidis, do hinntóchaide a n-aignead leanna ruaid iat, tré géiri a teasa. Más ead dligid siat a mbiada do beith láidir chum a ndíleagtha.
Et gortaigthear lucht an choimplexa so co
1195]
mór on choimriachtain anordaigthi; dá réir sin is beac rigid a leas ria, acht gé atáit siad a' claenad chum an gníma sin ar son a teasaideachta.
Item, is beac rigid a leas lucht an choimplexa so cuisle, do ligin, ar son gurab í fuil dearg
1200]
folmuigthear innti, acht an méid innfhuarus an corp & innarbus na deathaige.
Ó do labrumur do regimen coimplexa fola deirgi & leanna ruaid, labrum anois do regimen coimplexa leanna finn, atá fuar fliuch; & ar an
1205]
adbur sin dligid a regimen beith a' claenad chum teasaideachta & chum tirmaideachta. Más ead gnáthuigid siat biada & deocha chlaenus chum teasaideachta & chum tirmaideachta, mur atá, arán cruithneachta fá curthar salann & lauén a
1210]
caindiacht inmolta; & dá curthar síl finéil & ainísi & a cusmaile ar an arán, is móidi a dísleacht.
As iat so na feóla as imchubaid dóib .i. feóil én mbeac do-ní eitillach, & petraisi, & turtar, & culúr74 óg, & coiníneadh óg; & ní himchubaid
Na héisg immorra, as imchubaid75 dóib as iat so
1220]
iat, mur atáit, na héisg oiltear a n-uisgi milis, leanaid siat an coimplex so. Na héisg lannacha muiridi as iat is luga do-ní urchóid dóib; & moluim iat dá mbeirbthear a fín iat maille ré síltaib teasaidi diuereticacha.
1225] Agus is mór rig a leas in coimplex so ré saethur. Agus is beac gortaigthear ó thréiginus iat; ar an adbur sin teagmuid comad lór dóib caithim aen-uair sa ló. Et ní dleagur a mbiad do beith do-díleagtha; & ní dleagur an deoch do beith
1230]
d'uisgi ná do linn, acht a beith d'fhín láidir deadh-balaid & beith séim do shubstaint & do gním.
Agus is beac rigid a leas lucht an choimplexa so ré cuislinn, acht is mó rigid a leas leigeas lagthach fholmuigius linn finn; óir do gnáthuig
1235]
an coimplex so linn finn d'imdugad ann, & co speitsialta annsa geimrid. Agus as imchubaid linn finn d'fholmugad a tosach an earraig an tan sin. Et díleagthur an t-adbur ar tús maille ré hoximel aenda nó diuereticach nó sgilleticum,
1240]
maille ré huisgi ar a mbeirbthear ísóip & minntus. Et ana diaig sin folmuigthear é lé diaturbit, nó lé huisgi ar a mbeirbthear polipodium & mirabolani
1245] Agus as beac gortaigthear an coimplex so ó choimriachtain; & atáit gu lór a cumachtaigi chum na coimriachtana ginco mór a n-áilgeas76 tré uireasbaid an teasa, & urchóidigid dóib gan aen-réd do dénum di.
1250] Agus as imchubaidi sdufa dóib ná fothragad uisgi milis; & as imchubaidi fothragad raibi, co nádúrda nó co healadnach, dóib. Agus as imchubaid neamchodlad co gnáthach dóib; & is orchóideach codlad imurcach fada do lucht an
1255]
choimplexa so. Coimplex leanna duib immorra, as fuar tirim é; & is é as measa dona coimplexuib & is ullma chum na harsaideachta. Et rigid a leas lucht an choimplexa so regimen téigius & fhliuchus ana mbiaduib & ana ndeochaib & an
1260]
gach ní ele.
Et bíth arán na droingi sin do chruithneacht glain gan salann maille ré caindiacht bic laibín; & bíth a n-arán bog. Et bíth a feolanna teasaidi fliuchaidi mur atáit so, .i. feóil chabún arsaig &
1265]
óg & a cusmaile. Agus bíth a fín deadh-balaid séim; & is dona neithib is mo as imchubaid do {MS P page 370}choimplex leanna duib sin.
Agus as imchubaid coimilt measurda & saethur measurda & fothragad uisgi milis. Agus rigit a
1270]
leas codlad fada. Agus is animchubaid coimriachtain do lucht an choimplexa so, óir fuaraid
1275] Agus ní himchubaid tréiginus dóib. Agus rigit a leas biada so-díleagtha ar son co fuil an teas ré n-abur innatus anfann acu; & mur an cédna ní fhuilngid siat caindiacht imurcach an bíd.
1280] Et ní himchubaid cuisle do lucht na coimplex so, acht is mó dleagur leigeas lagthach do thabairt d'fholmugad leanna duib. Et as iat so na leigis fhodnus chugi sin, .i. mirabolani Inndi & pólipodium & lapis lazuli & duilleóga sene & clamán
1285]
lín & a cusmaile; & dleagur na leigis díleagthacha do thabairt roim na neithib so. Et as iat so na leigis díleagthacha sin .i. borráitsi & buglosa, tím & crim muice fiada, origanum & calimint, fumus terra & a cusmaile; & déntur na neithe so
1290]
roim an purgóid & taburthar an phurgóid a tosach
an earraig & a ndeireadh an tshamraid.
Agus is lór an beacán so adubramar do regimen an tuitme big theagmus annsa gné daena, & bu follus regimen an tuitme theagmus an gach aen-ball
1295]
don taíb thís dín.
Non eodem regimine indigent pingues naturaliter, & cetera, .i. ní hinann regimen dligid na daíne
Agus dá teagma an anfainne sin do leith an
1305]
choimplexa bíth 'na cúis don truaigi mur so, .i. nach éidir leis na ballaib an oileamain do tharrang chucu, nó arna tarrang nach éidir leó a díleagad, & tic truaigi na mball uaid sin. Et teagmaid do droing éigin a mbaill do beith láidir ag dénum an
1310]
atarraing sin, & gan a mbeith reamur acht a mbeith truag co nádúrda; & as ó láidireacht an teasa ag dísgaílead teagmus sin & ó anbainne bríge claechluigthi na mball & ó anumlacht athnuaigthi na mball. Et teagmaid cló na ballaib
1315]
beith anumal chum a n-athnuaigthi ar son a cruaidi & a tirmacht, mur is follus a lucht leanna duib, nó ar son láidireacht na78 cnaí, mur is follus a lucht leanna ruaid. Óir atá teas gér cnaíteach acu innus co cnaídinn an teas sin an ní do dligfid
1320]
inntóg79 a substaint na mball ón80 chlaechlódh.
Et as éidir a thuicsin as na neithib sin cúise na reime imurcaidi tic ó náduir.
Nam oppositorum opposite sunt cause81, .i. is cúise contrárda bís ag na neithibh contrárda:
1330] Et ar an adbur sin dá teagmad co mbeith duine éigin truag ar son dígbaidthi na feóla & in méthraid dligid sé gnáthrugad dona neithib do-ní téigid & fliuchad, & do biaduib oilius co mór & is urusa do díleagad & d'inntóg a cusmailius na mball.
1335]
Agus dleagur boill an treas díleagad do chomfhurtacht innus coma móidi do tarróngthaidi an oileamain & do díleagfaidi & do coinneóchaidi & do hinntóchaide. Agus dligid sé gnáthugad dona neithibh chathuigius a n-aigid na tirmaideachta
1340]
& an dísgaílti. Et as imchubaid don droing lérb áil a cuirp do reamrugad aipstinens do dénam ó na neithibh saillti & géra & aigéidigthi, acht muna gnáthuigthear iat mur shabsa82 innus coma feirrdi in tochlugad.
1345] Ar an adbur sin is maith do reamrugad na corp cruithneacht beirbthi & uigi boga, & liti do {MS P page 371}min chruithneachta, & mur an cédna rais, & pónuire bristi ar mbuain a croicinn di, bainne & cáisi nuad, & almoint millsi & cnó nuada aipchi, cearca
1350]
& éin méithe, colum arna rósdad & fín maith mur an cédna, & gnáthugad do chluithib & do gairdeachus co minic, & gan cuisle ná purgóid do gnáthugad
1360] Et gibé shanntaigius na bríga so do chalmugad, .i. bríg an treas díleagad, & co speitsialta an bríg atarraingtheach & an bríg díleagthach, as ro-maith dóib roim dul a fothragad a mboill do choimilt co measurda, & ana diaid sin ceirín do phic do
1365]
chur orra, & saethar measurda ainnséin, & fothragad 'na diaid sin, & a tirmugad ainnséin lé héduigib tirma, & a n-ongad ainnséin maille ré beacán d'olaid na holiua nó do chamamilla, & a oileamain co gnáthach leis na biaduib do gnáthuig sé.
1370] Agus is follus as na neithib sin adubramar regimen na ndaíneadh reamur tair éis a chéile. Óir as imchubaid dona daínibh reamra, do choiméd83 a sláinti, diet oilius co beac & a beith a caindiacht móir, & gach uile ní do-bearar dóib
1375]
a beith ac toirmeasc na reime do méid éigin.
Más ead, gnáthuigid siat fothragad roim a cuid, & méduigthear a saethur, & ongthur lé holadaib dísgaílteacha iat, & gnáthuigid siat trifeara beac & lictabáire do-níthear do lactuca84 & triacail co
Et is follus as na ráitib sin cinnus reamraigthear na baill truaga, & cinnus truagaigthear na boill reamra.
Et is do leith atarraing na hoileamna chum
1395]
na mball, & a connmála inntu, & a hinntóg ana nádúir, reamraigthear na boill. Et coimlíntur na hoibrigthi so lé coimilt & lé deargad na mball maille ré leigeasaibh deargus iat & lé huisgi te do dortad orra, & fá deóig linemintum do phic do
1400]
chur orra mur adubramar romainn.
Agus mad áilt ball atá roi-reamur do thruagugad, furtachtaigid chugi sin an ball do chur a n-inad fhuar a comnuidhi, & sligthi na hoileamna chugi sin do cheangal co cruaid, & an oileamain do
1405]
tharrang chum a chontrárda, & epitima do chur ar an mball toirmiscius a reamrugad; & curthur cimolea & cerusa luaidi85 maille ré súg gaifne
Tota regio corpuris humani & cetera, .i. atá régión an chuirp daena co huilidi arna dealugad ag na daínibh co huilidi a ceathra rannuib: an
1415]
céid-région díb, .i. régión na mbríg ainmidhi, mur atá, an inchinn & na baill atá 'na comursanacht; an dara régíon, .i. régión na bríge spiradálta nó {MS P page 372}na bríge beóthaigthe, mur atá, an craidi & na baill atá 'na chomursanacht; an treas régión, .i.
1420]
régión na bríge nádurda, mur atá, an gaile & na
hae & an tshealg & na hinne; an ceathramad régión, .i. régión na bríge geineamnaigi, mar atáit, na huirgi & an tslat fhearrda & matrix & a muinél annsna mnáib.
1425] Óir atáit na baill sin éxamail do réir choimplexa & comshuigigthi & oibrigthi, más ead, do réir chonsiquens, dligid regimen éxamail. Ar an adbur sin tinnsgnam on cheann, & labrum ar tús dona neithib choimédus croicinn an chinn & an gruag.
1430] Óir coimédtur croicinn an chinn ó scaibies & ó
Et círthur an ceann lé cír do chnáim íbóire gach lae & co minic, óir oslaigid sin na póire & innarbaid na deathaigi do éirig chum na mball uachtarach. Et dá mbia an gruag égruaid
1440]
so-sgrista, déntar folcad dí do luaith oliua & don fholcad do-níthear de. Et déntur folcad d'uisgi ar a mbeirbthear dub-chosach, & d'éiginn talaim dóib.
Tuillead: coimiltear préma na gruaigi lé
1445]
holaid ainéidi & masdix & oliua, óir imdaigid & coimédaidh sin an gruag. Tuillead: bíth a fhis agad gurab cumachtach an dísleacht atá ag púdur lapis lazuli do choiméd fhinnfaid an fhabra. Item, coimédaidh fín ana mbeirbthear bleta
1450]
finnfad na fésóigi,86 & co háirithi dá n-innaltur dí d'éis a bearrtha; & is maith innlad a fín amáin annsa chás so. Tuillead: dá n-innaltur an fhésóg co minic a huisgi fhuar cuirid an léithe a maille, & toirmiscid a tuitim. Et comaentaigid na sean-daíne
1455]
eagnuidi uile annsa chás so co ndéin mirabolani Kebuli arna chaithim mur shabsa an léithe do chur a maille, & coimédaidh an gruag dub co maith, & do dearbad so co minic.
infra 169-171
Sanitas ceribri, .i. coimédtur sláinti na hinchinne
1460]
lé deathaigib & lé balad spísrad ndeadh-balaid, mur atáit so, .i. lignum aloes & ambra, & luibi deadh-balaid, mur atáit so, .i. maiorana87 & balsamita & uiola & a cusmaile. Agus comfhurtachtaigid so an inchinn & toirmiscid in reuma
1465]
& leigisid teinneas emigrania, & as imchubaid co speitsialta na neithe so annsa geimrid. Et leagar deathaige neithead ndeadh-balaid fuar annsa tshamrad fán inchinn, mur atá, rós & sanduile & a cusmaile.
1470] Et is maith an biad dóib gearrcaig & uain óga arna mbearbad a mbeacán uisgi, óir coiméduid siat sláinti na hinchinne; óir adeir Aristotul co coimédann & co méduighid na gearrcaid an inchinn, & co coimédann a cédfada.
1475] Tuillead: leagar deathach uisgi the faí an ceann ana mbeirbthear camamilla & sdicados & mentasdrum. Tuillead: édrumaigid an tsraedach88 ar céd-longad an inchinn, & innarbaid meisgi na cédfad, & toirmiscid an léithe, & innarbaid na
1480]
deathaige. Más ead ní hindearmaid an tsraedach a coiméd na hinchinne.
Óir urchóidigid so don inchinn co mór, .i. an neim-díleagad & truailliugad an díleagtha, óir is iat sin is prém dá gach uile easláinti.
1485] Sanitas oculorum, .i. coimédtur sláinti na súl
Tuillead: leagur deathach uisgi the ara mbeirbthear finél do glanad na súl ó fhlichideacht reamuir;
1495]
& is éidir na luibi so do bearbad ar fín finn, & is éidir na luibe eile so do chur farú, mur atá, eufrasia
& ruib, ueruena & seledonia, & is mór fhurtachtaigid sin dona súilib.
Et comfhurtachtaigid radurc na neithead uaine
1500]
iat, & do-ní89 an dath dub & an dath geal a chontrárda sin, óir in méid téid in dath ó inmeadón as í an méide sin anfainnidius sé in radurc.
Et ní urchóidiginn aen-ní don radurc mur do-ní in codlad fada & an gaile lán, & mur an
1505]
cédna don choimriachtain. Tuillead: anfainnigthear an radurc ó chaithim na neithead ndeathmur, mur atáit, uinneamain & gáirleóg & a cusmaile; & do-ní pibur cas & an aigéid & préma na raidisi & coblán an cédna; óir dorchaigid &
1510]
anfainnigid gach uile ní deathmur an radurc. Agus co speitsialta na daíne bís amuirseach ar a radurc seachnaid siat neithe saillti & deathmura & aigéidigthi & géra; & seachnaid siat fuacht &
1520] Tuillead: urchóidigid sgeathrach & caí & fothragad dona súilib. Tuillead: gnáthuigid mirabolani Kebuli co ro-mór do chomfhurtacht & do chalmugad an raduirc. Agus tar gach uile ní lacthur an brú, óir is ro-mór chalmuigius sin an radurc.
1525]
Agus coimédaid so in radurc co ro-maith & calmuigid na súile & glanuid ó fhlichideacht reamuir iat, .i. na súile & na fabraidi d'innlad co measurda a huisgi fenéil90.
Dicunt quidam .i. adearaid drong éigin nach
1530]
fuil leigeas is mó as imchubaid dona cluasaib ná uinégra láidir do chur inntu ar céd-longad; óir comfhurtachtaigid sin innsdruimint an éisteachta & toirmiscid flux an reuma nach tuitid sé ón inchinn chucu. Et is laidiridi an t-oibriugad
1535]
do-dénad sí dá mbeith méid éigin cló shúg minntuis tríthi; óir is maith glanus sin sligthi na cluas ó na himurcachaib reamra thoirmiscius an t-éisteacht & geinius mórán d'easláintib isna cluasaib. Item, ola na n-almont searb arna mbearbad ar eithnidib
1540]
na n-almont arna cur annsa chluais91, oslaigid & comfhurtaigid puill na cluas. Et is dona neithibh
1550] As iat so na neithe choimédus sláinti orgáin an bolltanaid: .i. an tsrón do glanad co sdúidérach óna himurcachaib reamra rigne innus nach mairfid aen-réd díb innti; óir an uair anaid sin co fada annsa tsróin geinit bréntus & truaillid an bolltanad.
1555]
Et seachnaid siat gach uile droch-balad, & co háirithi an droch-balad bís a n-inaduib cumga doimne a mbí aér truailligthi dorcha nach éidir lé gréin dul dá innsaidi do chnaí na ndeathaigead truailligthi, & do glanad an aéir éirgis díb. Óir
1560]
truailltear an spirad beóthach ó thruaillead an aéir. Agus ó gnáthugad an aéir thruailigthi ní mothuigthear an droch-balad truailligthi; más ead as éigin neithe deadh-balaid do gnáthugad, mur atáit, deathaigi neithead ndeadh-balaid, mur atá,
1565]
crann na hola & ambra & cainél maith; & boltanaid siat must do choiméd na spirad ainmidhi.
{MS P page 374}Et coimédtur an bél ana shláinti dá measgthur fín bog ann roim an cuid & na diaid; & glanaid so an bél & tirmuigid & cnaíid na fliuchada thuitius
1575] Et coimédtur sláinti na teangad lé hinnlad a huisgi ar céd-longad & a coimilt lé mil & lé púdur sinnséir; óir innarbaid sin a reime imurcach & cuirid a seingi hí. Tuillead: as imchubaid coblán do chaithim nó do chogaint, nó gargaraisim93 do
1580]
dénam de ar reime na teangad; ar an adbur sin co speitsialta luathuigid an coblán urlabra & siubal na naídin an tan caitear94 é, & comfhurtachtaigid na hailt & na musguile mur an cédna. Tuillead: .i. saeruid connmáil na spísrad ndeadh-balaid
1585]
ar céd-longad annsa bél in teanga óna reime, & furtachtaigid an t-uirgill, mur atá, nutmuic & cubibe. Agus is námuid don teangaid na cnó; ar an adbur sin as intsheachanta iat a coiméd shláinti na teangad, & mur an cédna dona
1590]
cnoib Gaídealacha.
Mas ead, adeirim co coimédtur feadáin an sgamáin & meiri95 lé heanbruithi cearc méith & lé feóil uan leith-bliadna96 ar mbearbad neitheadh
Et dligid an drong gá tuitinn uvula97 sgeathrach do sheachna. & co speitsialta ar céd-longad. Tuillead: gibé shanntaigius na boill adubramar do choiméd seachnuid siat deocha fuara bís fuar co
1610]
gnímach, & co speitsialta uisgi fuar. Et an uair bít na boill adubramar anfann ón dig so fédaig spasmus teagmáil a meiri, & do réir chonsiquens bás ó easbaid na hoileamna do tharrang; óir an uair marbthur meiri ó dig fhuair ní héidir leis
1615]
beith ana inmeadón chum an atarraing ná chum an tsloigthi.
Agus bíth a fhis agad co n-oilinn & co comfhurtachtaiginn cicera an sgamán arna nglanad óna croicinn fhuirimellach, & arna mbrisid &
Tuillead: .i. fín milis beirbthi arna glanad óna shubstaint reamuir léna bearbad, is mór tharbaigius sé don sgamán & dá fheadánaibh. Et is cumachtach
1635]
in dísleacht atá ag sgamánuib sinnuig do choiméd99 sgamán an duine. Et is ro-maith chum an neith chédna partáin tsrotha & oisridi arna mbearbad, & do mínidius-sa féin so annsa {MS P page 375}tráchtad do-rinnius d'ematoica & do ptisis.
1640] Agus bíth a fhis agad a tosach na hoibre so gurab intseachanta in ní thogairmius an fhearg & an cumgach; óir is fiadnuise neich éigin eagnaid
1660] Tuillead: seachaintear aer brén ceómur neamglan, óir ní héidir an spirad beóthach do choiméd ó atarrang an boltanuid maith & an aéir maith, óir is uatha sin coimédtur an craidi. Agus is dona neithibh is mó ó coimédtur é fín maith
1665]
séim deadh-balaid. Et ní fadar101 aen-ní ar an adbur sin is mó chomfhurtachtaidius an spirad & an craidi, & choimédus an teas nádúrda ná fín maith arsaid deadh-balaid arna ól co measurda; óir glanaid an fín an fhuil & innarbaid a teimil.
1670] Et is mór fhurtachtaidius suidi a n-inadaibh
1680] Agus an ní as inráid d'aen-ní, .i. bríg an chraidi do chomfhurtacht, coimlíntur sin lé fín séim & lé biaduib geinius fuil shéim, & lé gairdeachus & lé cumsanad na neitheadh ndeadh-balaid, & lé seachna na neithead do-ní fearg & dobrón, & lé
1685]
togairm na neithead sográduidthi, mur atáit éduigi & comnaidhi a n-inad sográdach. Agus is mór fhurtachtaidius síróip chomshuigigthi do shúg na n-uball milis & do shúg om na cruaichi Pádraig an craidi. Et bíth a fhis agad na neithe
1690]
chomfhurtachtaidius an craidi co fuil cuid díb 'na corpaibh measurda, mur atáit, creasanna & ór & airgid & cruach Phádraig; & atá cuid ele te, mur atá, cainél, sidaual & cróch & muscus & mellisa & a síl, cardamomum & cubebe; & atá cuid eile
1695]
díb fuar, mur atáit, niamanna & carabe, campora & cruel,102 sandali, rós, spodium, terra sigillata103 & coriandrum. Tuillead: .i. comfhurtachtaigid uigi cearc co coitchinn an craidi, óir geinid siat fuil
Óir cúisigthear sláinti an chuirp co huilidi ó shláinti an gaile, ar an adbur sin ní hinmainneachtnaigthi coiméd an gaile; óir is amlaid atá an gaile isna hainmintib mur bís an phrém isna
1705]
crannuib; óir is ón phréim tic oileamain chum an phlannda uile; ar an adbur sin muna hoiltear {MS P page 376}an phrém seargfaid104 an plannda uile; et dá mbia oileamain na préime animchubaid ní fada mairius an plannda. Et is mur sín an uair nach oiltear an
1710]
gaile, nó an uair nach díleagthur an biad téid ann, seargaid an corp uile; óir an uair bis seachrán follus annsa ghaili ní ceartaigthear annsna ballaib eile é, & mairid an oileamain neim-díleagtha animchubaid dá hinntóg a n-oileamain & a substaint
1715]
na mball. Óir as ead as beatha ann ní coimsheasmach maille ré hoileamain, ar an adbur sin dleagmaid beith deithideach co mór a coiméd shláinti an ghaile. Et furáilid drong dona daínibh eagnuidi an sgeathrach do thogairm uair sa mí co
1720]
mín lé huisgi mbog maille ré beacán aigéide, óir glanuid so an gaili ó imurcachaib an bíd & na digi & na ndroch-leannann.
infra 182-183
Tuillead: .i. caera fíneamna do chaithim ar céd-longad & comfhurtachtaigid an gaili & ceartaigid
1725]
a droch-coimplex. Agus do-ní aipsint & spicanardi arna n-ól mur dig an cédna, óir calmuigid & coimédaid é, & innarbaid na himurcacha, & dísgaílid cruas an gaile. Agus mar an cédna comfhurtachtaigid gnáthugad na lictabáire do-níthear
1730]
do masdix & do lignum aloes105 an gaile. Et gnáthuigthear na biada do-níthear dona hénuib do chomfhurtacht an gaili, mur atáit, petraisi & turtair óga arna mbearbad a n-uisgi. Et seachuid gan uisgi fuar d'ól ar a chuid acht a
1735]
ndeireadh a choda má do gnáthuig sé é, & munar gnáthuig gan a ól; & as beac dleagur a ól an tan sin.
Tuillead: síróip róise & hí deadh-balaid ó lignum aloes coimédaidh sí sláinti an gaili &
1740]
tarbuigid dó. Adeir Aristotul co comfhurtachtaidinn trí .3. do lictabáire do-níthear do reubarbrum & do lignum aloes ar céd-longad teas an ghaile, & co calmaiginn an díleagad, & co nglanann bél an ghaili ó linn fhinn, & co togairminn an
1745]
tochlugad, & co n-innarbann an gaethmuireacht. Et mur an cédna ceartaigid uisgi róise maille ré masdix & ré feóil an ubaill buidi an gaili.
Tuillead: is mór moluim gnáthugad coriandrum a sabsa, & curthar annsa sabsa sin .3. do lignum aloes,
1750]
clóbus, sbicanardi, sandali & nutmuic, .3. co
Et urchóidigid don gaile tochlugad an bíd & gan a fhadbáil, óir do-ní sin léimneach & saethur follus annsa ghaili. Agus is olc fothragad a cédóir tair és bíd. Agus is olc an biad do droch-cogaint ar
1765]
an mbord. Agus is olc fuacht imurcach nó teas imurcach don cheann & dona ballaib fuirimeallacha & urchóidigid co ro-mór don ghaili. Agus urchóidigid linn úr & gach uile leigeas dísgaílteach dó. Et urchóidigid co coitchinn gach uile ní do-ní
1770]
urlagad don ghaili.
Tuillead: .i. is dona neithibh is mó anfainnidius an gaili connmáil na ndeasgad & na gaethmuireachta ann, & coimriachtain mí-measurda, & co háirithi dá mbia sí a ndiaid repletion an bíd.
1775] Tuillead: .i. urchóidigid neam-chodlad mí-measurda & easbuid an tshaethuir & sgeathrach shaethrach don gaili. Et is mór fhurtachtaigius gnáthugad na sgeathraigi gan beith saethrach é, óir do-ní sí inad purgóidi & a dénum co hinmolta.
Labrum ana diaid sin do choiméd shláinti na n-ae. Agus adearmaid co comfhurtachtaigthear & co coimédtur sláinti na n-ae ó gach uile biad as
1790]
urusa do díleagad & geinius fuil maith shéim, mur atá, feóil meannán & cabún & petraisid & cearc, & uigi, & a cusmaile do biadaibh. Tuillead: as intuicthi co médaiginn gnáthugad na neitheadh so na hae & co ceartaigid a ndroch-coimplex, mur
1795]
atáit, ubla gráineacha millsi & caera fíneamna a n-égmuis a croicinn. Et téigid an fín bis séim ana shubstaint, & a ól co measurda, na hae, & osgluid a ndúinti. Item comfhurtachtaigid na leigis dísle so na hae, & as iat as tobur dona
1800]
leigeasaibh eile chum na n-ae, mur atá, epatorium, .i. an sáitsi Gaídilach, & ae aba & sginantum, spicanardi, caera fíneamna, sandali, endiuia & a cusmaile.
Tuillead: dligi a fhis do beith agad gurab dona
1805]
neithibh is mó do-ní urchóid dona haeib, & ní dóib amáin acht don gaili, biada do-díleagtha do chaithim, & seachrán uird in chaithme. Et do-ní
Et bíth a fhis agad co ndligid na leigis ana fuil seirbi & géiri beith maille ré stipeacdacht éigin ó ndéntur na hae do chomfhurtacht, mur atá, cainél & sdicados & squinantum, spicanardi,107
1825]
cróch & a cusmaile. Item bíth a fhis agad gurab imchubaid cnó Gaídilacha dona haeib uile, óir ní fhuil teas ró-dásachtach inntu & atá osglad & is maith an chimus108 geinit. Agus as imchubaid ae meic tíri & feóil sheilchi dona haeib. Agus as
1830]
imchubaid mur an cédna gnéithe endiuia dona
haeib do leith a coimplex & do leith a ndísleachta, & co speitsialta na gnéithe is mó ana fuil seirbi díb. Ar an adbur sin dá mbeid na hae te ullmuigthear endiuia maille ré mil & measraigid sin a n-ainteas.
Labrum anois don tsheilg. Óir is í in tshealg is cúis & is innstruimint don gáire; ar an adbur sin gibé agá mbí sealg arna hinordugad co maith,
1840]
& hí láidir do glanad na fola reime buaideartha ó nach éidir an corp d'oileamain co maith, bít siat subáltach neammbrónach. Agus a chontrárda so, gibé gá mbí sealg anfann ní héidir leo an fhuil reamur do glanad, & siblaigid sí trít na
1845]
cuisleannaib chum an chraidi & chum na mball eile, & do-ní sin duine dobrónach & smuaintigthi leanna duib aigi. Ar an adbur sin dleagur sláinti na seilgi do choiméd.
Et furtachtaigthear an tshealg lé biaduib oilius
1850]
co maith hí & osluigius a dúinti, mur atáit so,{MS P page 378}
.i. cearca beirbthear a mbeacán eanbruithi & aigéid mur shabsa, & bainne úr mur bligthear é maille ré beacán siúcra, óir osglaid so dúinti na seilgi & coiméduid a sláinti. Agus do-ní fín dearg
1855]
arna ól co measurda ar an cuid in cédna. Agus is tarbach uormont d'ól maille ré mil annsa chúis chédna, óir ceartaigid sin coimplex na seilgi.
Agus seachnuid siat na neithe reamra stipeacda & na tortha, mur atáit so, .i. péireadha & oráitsi &
1860]
mespila & a cusmaile; óir cumgaigid siat póire na seilgi & anfainnigit na hailt. Agus seachnait siat feólanna reamra, mur atá, feóil daim & gabuir
Labrum anois do choiméd shláinti na n-inneadh. Agus is de sin a nglanad ó na himarcachaib
1870]
connaimthear inntu, & mur an cédna ó na leannuib rigne & ó na neithib eile leath-amuith do nádúir do gnáthuig imdugad inntu ó mailís an regimen nó óna n-anfainne. Ar an adbur sin glantur na hinne óna n-imurcachaib & óna leannuib rigne
1875]
maille ré dig d'uisgi meala ar céd-longad, & lé caithim fígead tirim méith ar céd-longad, & lé dig d'uisgi ara mbeirbthear iad. Agus fodnaid eanbruithi gearrcach méith nó uan mbliadna arna mbearbad maille ré bleta mur an cédna.
1880]
Agus fodnaid eanbruithi sein-chirci arna bearbad maille ré polipodium & ré hainís chum an neith chédna. Agus as imchubaid uisgi ara céid-beirbthear coblán chum an neith chédna. Tuillead: bíth a fhis agad co comfhurtachtaigid caera na fíneamna
1885]
arna caithim ar céd-longad na hinne. Item, adearaid drong co coimédann rais110 arna bearbad ar bainne nuad & arna caithim na hinne, & co n-oilinn iat.
Et gibé lérab áil sláinti a inneadh do choiméd
1890]
seachnad sé gach uile biad aigéidigthi gér reamur
Tuillead: saethur a ndiaid bídh co grod, & co speitsialta deoch uisgi fhuair & mórán fína a
1905]
ndiaid bíd, urchóidigid co ro-mór dona hinnib. Et anfhainnigid coimriachtain imurcach d'éis móráin bíd na hinne. Et leigeasaidh gairleóg om do chaithim teinneas fuar na n-inneadh, & innarbaid sí in gaethmuireacht reamur, & ar an
1910]
adbur sin adearar triacail na mbodach ria. Et adubradar drong dona daínib eagnuidi co n-innarbann gáirleóg arna bearbad maille ré feóil méith gaethmuireacht mór na n-inneadh.
Labrum anois dona háirnib. Agus as imchubaid
1915]
biada so-díleagtha dóib, mur atá, arán cruithneachta fá curthar laibén gu maith & síl fenéil & carabuaid & é arna bearbad co hinmeadónach, & fín finn séim abaid, & feóil én a n-égmuis na n-én
Tuillead: min eórna arna cumusc maille ré bainne méithigid na dubáin & coimédaidh a sláinti. Item, togairmid eanbruithi siserum duib an fual
1925]
& disgaílid na himurcacha connaimthear inntu. Item is mór choimédus clisteri & sgeathrach a ndiaid an bíd na háirne ó na heasláintib.
Et is mór urchóidigid na tortha fuara co huilidi
1930]
dona háirnib & dona hinnib; & do-ní aigéid an cédna & na feola reamra, mur atá, feóil daim & gobair & bainne goirt & gach uile luib fhuar. Tuillead: seachnuid siat gach uile photáitsi & marcuideacht minic & rith mór & gluasacht imurcach
1935]
& fuacht chos & deoch buaideartha. Et seachnaid co speitsialta éisg gan beith lannach, & repletion bíd & digi, & coimriachtain imurcach d'éis bíd, & gnáthugad na neitheadh ndiuereticach. Et bíth a fhis agad co fuil dísleacht ingantach ag bainne na
1940]
caerach do chomfhurtacht na ndubán. Agus is maith dubáin maille ré biaduib eile do chaithim dá comfhurtacht, óir méithigid iat. Agus comfhurtachtaigid bainne camuill d'ól na háirne, óir timurgaid & daingnigid iat. Agus is lór na
1945]
neithe sin do choimed na ndubán.
Labrum anois don lamhannán. Agus bíth a fhis agad co comfhurtachtaigid na lictabáiri
Labrum anois don timthearacht. Agus is ball gabus urchóid & gortugad co hurusa chuci í, & an
1965]
uair gabus is deacair a leigeas; más ead, rig sí a leas follamnugad maith. Más ead, gibé shanntaigius sláinti na timthearachta do choiméd ná suigead sé co fada ar talam ná ar cloich114 atá fuar co gnímach. Tuillead: dligid siat feóil reamur daim
1970]
do sheachna & co huilidi feóil na n-ainmintid fiadánta & na neithe geinius linn ruad; óir gortaigid linn ruad an timthearacht do leith a géiri. Agus comfhurtaigid suigi ar cloich an sdufa méid éigin an timthearacht, óir cnaítear an fhlichideacht
1975]
imurcach thuitius chum na timthearachta ó
Labrum anois dona neithibh fhurtachtaigius boill na geineamna, & adéram neithe athchumaire díb. Óir atáit boill na geineamna arna n-ordugad chum gníma na geineamna theagmus a ngeineamain
1995]
an sperma & na drúisi, & teagmus a ngním déiginach geineamna na cloinne; & na neithe115 chumnus lé ballaib na geineamna chum an gníma sin furtachtaigid iat. Et teagmaid uireasbaid {MS P page 380}
na geineamna & na coimriachtana gu gnáthach ó
2000]
na ballaib prinnsipálta eile, & ní luaidmid labairt dá n-uireasbaid annsan inad so, óir is lór dúin ar labramur don taeb thuas dín.
Et bíth a fhis agad gurab dona neithibh is mó
Et is ar an mod sin tuigim boill na geineamna
2015]
do horduigeadh chum na geineamna, óir bit uireasbadach annsa gním sin muna gnáthuigid é. Et ní headh amáin truailltear soithigi an tshílne ó chonnmáil an sperma thruailligthi acht truailltear an corp gu huilidi co minic; óir is amlaid atá an
2020]
sperma truailligthi a mod neimi, & mur thruaillius beacán na neimi an corp co huilidi as mur sin do-ní an sperma truailligthi. Et is dona neithibh chomfhurtachtaidius boill na geineamna gnáthugad measurda na coimriachtana,116 & do-ní an gnáthugad
2025]
mímeasurda a chontrárda mur bus follus don taeb thís dín, mur a ndénum aen-chaibidil speitsialta don choimriachtain.
Et is lór linn a thuicsin annso na neithe choimédus sláinti na mball ngeineamnach; & gnáthuigthear
2030]
iat & na neithe anfainnidius & toirmiscius iat
Item, bíth a fhis agad gurab dona neithibh anfhainnigius boill na geineamna imurcaid fhothraigthi. Agus do-ní gnáthugad cuisleann na n-airteireadh & na cuisleann atá do thaeb thiar dona cluasaib an cédna; & gibé shanntaigius
2045]
sláinti na mball ngeineamnach do choiméd seachnad sé sin.
Agus seachnad sé na neithe thirmuigius nó fhuarus nó sdupáilius, mur atá, deathach agnus117
2050]
castus nó é féin arna ól, óir do-ní sin urchóid mór ac tirmugad. Agus do-ní gnáthugad an chobláin an cédna; ar an adbur sin dá curthar a shíl annsa banndacht d'és choimriachtana truaillid an sperma. Agus do-ní gnáthugad an coriandrum an cédna ag fuarad & ac tirmugad; & do-ní an luib ré
2055]
n-abur basilicon an cédna. Agus do-ní an campora an cédna ac fuarad & ag tirmugad, & do-ní in lactuca & an portulaca an cédna ag fuarad & ac sdupáil,
2065] Et atáit na trí neithe so éigintach chum na coimriachtana, .i. adbur innarbthur & teas dúisgius & gaethmuireacht. Et atáit neithe méduighius an choimriachtain ag imdugad an adbuir & a' calmugad in teasa, & neithe eile a' geineamuin na
2070]
gaethmuireachta, & neithe eile méduighius iat uile a n-aenfheacht. Et atá cuid díb sin 'na leigeasaibh amáin & cuid eile ana mbiad120 & ana leigeas. Na biada immorra, méduidius in choimriachtain as iat so iat, .i. feóil meannán méith firinn & feóil
2075]
chaerach & uinneamain gan priáil: óir do-ní an fheóil arna priáil toirmeasc furtachta na geineamna & tirmuigid an phriáil adbur na hoileamna. Agus is maith cearca 121méithe chum an neith chédna, & gearrcaigh colum, & fuiseóga co díleas,
2080]
& uigi boga maille ré cainél & ré gailingan, & uigi éisc & feóil éisc annsna corpuibh teasaidi. Et mar in cédna don biadh do-níthear don chruithneacht arna bearbad maille ré mórán uisgi nó go
Labrum anois do choiméd an chroicinn & na musgailead & ball fuirimillach an chuirp co huilidi.
2105]
Agus coimédtur iat ó fhothrugad uisgi the & ó fhothragad aéir measurda & ó glanad imchuibid an chuirp. Agus glantur an corp lé coimeilt mín & lé hongad mín do-níthear annsa fothragad lé mil arna spumáil; & is cumachtach an glanad do-ní
2110]
an t-ongadh sin ar in croicinn óna thsalchur, & tairrngid imurcacha na leanann trít na póiribh innus co n-innarbunn iat. Et do-ní min phónaire
Tuillead: bíth a fhis agut co comfhurtachtaigthear na cuirp fhleumaitica ó gluasacht na n-alt. Et innailtear na boill fhuirimillacha annsa geimreadh a huisgi the ara mbearbthur camamilla
2120]
& bitóinne & ainéit, & a huisgi fhuar annsa tsamradh. Et adubradur na daíne eagnuidhi ingne na cos & na lám do choimeilt lé huisgi & lé haigéid & lé holaidh, & co coimédand sin iat ó brisid & ó sgoltad & ó dubad. Item, a n-ongad a holaid & a salainn
2125]
& is mór fhurtachtaigis iat, & is mó fhurtachtaighis an t-uisqi te iat ná in t-uisgi fuar. Agus gortaighi lámanna nó bróga arna fásgad co cruaidh méir na cos nó na lám; & is cúis méir ar muin méir ele sin, & an droch-shuigigthi. Et ní fhuil ní is
2130]
mó gortaighis an inchinn ná sibal cos-lumnacht trí laithig a n-aimsir fhuair, & cúisighi flux fuail & anmfainde na súl. Item gortaigthear an inchinn & na súile ó chollad a mbrógaibh nó a n-asánaibh & ó annmacht innalta & coimelta na cos.
2135] Et bíth a fhis agat co coimétur sláinti na lám & co mínighthear an teinnius bís unnta óna leannaibh fuara oma & ó gaethmuireacht lé cluithib liathróide do-níthear chum inaidh aird leisin dá láim; & is imchuibid so co mór do lucht leanna
2140]
finn. Tuillead: bíth a fhis agut co n-indarbunn coimeilt na cos & an gaile folum tromdacht &
{MS P page 427}Quattuor vel quinque sunt .i. atáit ceathra neithe nó cúig neithe arna ndísliugad don égosg bannda, mur atá, toirrchis & a breith & a oileamain, &
2150]
coiméd na cích & folmugad na fola místa & coiméd an maclaic. Agus adéram neithe athchumaire díb sin annsa chaibidil so.
Et ar tús don toirrcheas. Agus atá drong dona mnáib aimrid neam-chumachtach, & ní
2155]
déin an chaibidil so mension díbh; & atá drong ele nach fuil aimrid & is deacair do thoirrchiugad. Et laibeóramaid do fhollamhnugad na mban noch as deacair do thoirrchiugad chum na críchi so innus comad usaidi a toirrchiugad. Et laibeóramaid
2160]
an dara huair dá reghimen tar éis a mbeith torrach innus gomad usaidi an toirrcheas do theacht chum na críchi dleistinaigi. Agus cuirfimid an treas uair regimen na mban ac breith a
Más ead, as intuicthi ar son an chéid-neith go
2170]
mbí drong dona mnáib gan beith torrach ó mailís choimplexa an maclaic maille ré hadbur nó gan adbur, co nádúrda nó co haicídeach, & go gnáthach ar son mailísi na mball prinnsipálda, nó mailísi figrach nó thsuigigthi an maclaic nó a bráigead,
2175]
& ar son gnáthuigthe caithmi neithi éigin toirmiscius an toirrchis.
Et dá teagmad an bean gan beith torrach ar son mailísi an choimplexa nádúrda nó aicídidh gan adbur nó maille ré hadbur, gnáthuigthear
2180]
an tan sin neithe contrárda don choimplex & neithe fholmuigius an t-adbur cintach. Et teagmaid go mór docomal an toirrchis do gabáil ó droch-coimplex fhuar fhliuch maille ré hadbur nó gan adbur; ar an adbur sin tinnsgnam ón droch-coimplex
2185]
sin & óna chusmailib. Et is neithe thirmuigius & téighis an maclac rigid a leas lucht an choimplexa sin & fholmuigius a fhlichideacht imarcrach; más ead atá yerapigra123 'na purgóid imchubaid dóib. Et fédtur comshuigigthi
2190]
teasaidi do dénam dona neithibh ibthear annsa chás124 so, mur atá, triacail & metridatum,
2195] Et is iat so na neithe aenda do gnáthuigius annsa chúis sin, mur atá, buathfallán & sugramunt & calenndula & athair talman & dairin beac & mór, & dath squinantum & spicanardi, bisansia, ameos, costus. Et is éidir na neithe so do chur ar fhín
2200]
a n-aimsir na pláidi, nó fothragad nó síróip do dénum díb. Agus is mó luaidius an t-inad so do leigeas na cúise so ná do regimen a coiméda, ar an adbur sin laibeórmaid de. Et as iat so na leigis aenda as imchubaid a pisarium na cúise
2205]
sin, .i. ola an balsamuis & ola lile & blonac lachon, bisansia & muscus, spicanardi, siper & cnó na sipreach & cardamomum. Agus adeirim gach ní {MS P page 428}atá teasaidi stipeacda125 gurab imchubaid a pisarium na mban agá mbi maclac fuar fliuch é.
2210] Tuillead: dligi a fhis do beith agad gurab mór fhurtachtaigid cuisleanna na cos do ligin na mná chum gabála an toirrcheasa, óir glanuid siat an maclac & cúisigid matrix do thuitim a n-inad gabála an toirrcheasa. Gid eadh, bíth a fhis
2215]
agad gurab imchubaidi an chuisle annsa chúis teasaidi ná sa chúis fhuair, óir teagmaid nach imchubaid sa chúis fhuair hí ar son na cúise adubramar. Et as imchubaid saethur & sdufa tirim & biad séim & clisteri teasaidi & neithe
Agus is follus follamnugad na mban nach urusa do thoirrchiugad ar son mailísi na mball eile as
2230]
na neithib adubramar annsa chaibidil so thuas. Et ní gabann mailís fhigrach ná suigigthi an maclaic nó a bráigid leigeas chuci, acht muna teagma a beith ro-ard, & co n-ísligthear é ó ligin na cuislinni ré n-abur sofena, & lé fásadairc do
2235]
chur ar na luirgnib; óir cumnaid sin chum gabála an toirrcheasa.
Item, is dona neithib ullmuigius matrix chum gabála an toirrchis deathach neithead teasaidi ndeadh-balaid stipeacda do ligin faí; & ní dligid
2240]
siat neithe deadh-balaid do chur fána sróin roim an toirrcheas, & dligid ana diaid.
Tuillead: adeirim an bean tshanntaigius beith torrach co ndliginn sí na neithe thoirmiscius an toirrcheas do sheachna & co háirithi na neithe
2245]
méduigius an aimrideacht, mur atá, cnám craidi an fhiada; óir toirmiscid sin gabáil an toirrcheasa do leith a nádúire co huilidi. Tuillead: ná
Et dob áil linn na neithe do-ní furtacht mór chum na geineamna do chur annso. Óir ullmuigidh
2260]
deathach cogail & túisi na mná do gabáil an toirrcheasa. Et dá mbia matrix fuar as imchubaid laudanum dóib. Item pisairium arna dénum do theodoricon anacairdi & do sgamonea, & sin do thabairt dóib ana mbandacht & coimriachtain co
2265]
hobann ana diaid & cúisigid an toirrcheas.
Tuillead: as maith deathach mellisa do ligin faí an mbanndacht. Tuillead: is maith matrix míl muidi do rósdad & a chaithim chum an neith cédna. Et is maith binid míl d'ól ar an cédna.
2270]
Agus is maith an cubar bís ré bél míl an uair {MS P page 429}
bís a' gearrad luibinn & a ól don mnaí & don fhear sa chuís sin. Et adearuid drong co n-ullmuiginn suppositorium nó pisairium do-níthear do nigella matrix, óir glanaid sé é do gabáil an toirrcheasa;
2275]
gid eadh, connuimthear co gearr ann é, óir atá sé
Más ead cuirim anois a regimen ar mbeith torrach dí annso. Agus atáit neithe éigin ata díleas dona mnáib torrcha chuirfimíd annso co hathchumair. Ar an adbur sin dligid na mná
2300]
torrcha gach uile ní thogairmius an toirrcheas marb do sheachna, & co háirithi arna gabáil, óir is inann atá an toirrcheas a matrix & mur bís
Tuillead: dligid siat gach uile ní thogairmius
2315]
an chosachtach do sheachna, óir is cúis don toirrcheas marb an chosachtach láidir; & tuicthear a chusmailius sin don tsraeduig ainmeasurda. Et is maith deithneas do dénam do choiméd a ceann nach geinfidi réma133 ann. Tuillead: dligid
2320]
siat fothragad do sheachna, acht a fogus d'aimsir a toirrchis do breith. Tuillead: dligid siat leigeas lagthach do sheachna thís & tuas acht muna coiméignigi éigintus é; & déntar maille ré hinnillius an tan sin é & lé leigeasaibh míne
2325]
beannuigthi. Tuillead: gnáthuigid siat neithe lagus an brú a mod bídh, mur atáit, eanbruithi méithe ara mbeirbthear borráitse & bletus & duilleabar uiola & casia fistula & méid éigin do spica, maille ré huisgi ara mbeirbthear tortha
2330]
éigin laccthacha, úair is tarbach na neithe
2340] Tuillead: bíth a fhis agad co ndligid na mná torrcha gorta do sheachna & tart & línad urlaictheach, {MS P page 430}& mur an cédna fuacht ainmeasurda & teas imurcach. Et gnáthuigthear na lictabáiri chomfhurtachtaidius embrio; & is díb diamargariton.
2345]
Tuillead: is éigin stuidér imurcach do choiméd gaile na droingi so. Et comfhurtachtaigthear gailidi na droingi so leis an comshuigiugad do-níthear do shúg róis & do lignum aloes & do masdix cona cusmailib, nó lé lictabáire do-níthear
2350]
do shiúcra & do spísradaib134 deadh-balaid nach fuil te gu mór, & lé ceirínuib stipeacda deadh-balaid nach fuil te gu mór. Tuillead: dligid an bean torrach gan neithe ro-méithe ná ro-millsi do chaithim & deoch uisgi do sheachna mur an
2355]
cédna.
Et as éigin an gaili do glanad óir bíth a tochlugad truailligthi co minic; más ead glantur é lé ní ara mbeirbthear polipodium & ainís & carabuaid, & a
Tuillead: as imchubaid oráitse arna róstad a ndiaig bíd dona mnáib torrcha & co háirithi an uair priáiltear púdur crainn aloes innta.135 Agus
2370]
mur an cédna as imchubaid ubla gráineacha & coriandrum a ndiaig bíd dóib. Et bíth a fhis agad gurab dona neithib choisgius an sgeathrach fín ana curthar oráitse & bolus armenicus. Et bíth a fhis agad co rig a leas an bean torrach a folmugad
2375]
ar son neamglaine a matrix & na mball atá 'na chomursanacht. Agus déntur so on cheathramad mí co n-uig an seachtmad mí; & is fearr sin lé subpositorium ná lé neithib do-bearar anuas.
Agus gnáthuigthear biatus arna bearbad co
2380]
maith don mnaí atá a ngaire don toirrcheas do breith, & co háirithi an uair beas si a meadón an naemad mí. Agus ibid mur an cédna eanbruithi aenda nó eanbruithi maille ré buidén ug136 & fín séim uisgeamail. Agus seachnad sí potáitse a
2385]
mbia substaint raisi & a cusmaile. Agus dénad saethur & gluasacht nísa mó ná mur do gnáthuig.
2390] Et an uair beit137 siat a ngaire do breith a toirrcheasa ongthar an brú ón imleacán sís mochthráth & ré laigi lé holaid ruis lín nó lé holaid na n-almont milis nó lé holaid malua uiscus138 & lé luibib bocthacha eile; & gnáthuigthear na neithe
2395]
thogairmius an fhuil místa & gach uile ní ullmaigius an toirrcheas chum a breithi. Et do-ní maidnes139 do chonnmáil annsa láim chlí sin. Agus do-ní deathach ingin easail140 nó eich an ní cédna. Et do-ní cruel141 arna cheangal don tshliasuid deis
2400]
an toirrcheas d'ullmugad chum a breithi. Et bíth a fhis agad co ngnáthuigid na mná Frangcacha plidhris maille ré must do thogairm an toirrcheasa. Agus is mór chomfhurachtaidius deathach mirra do ligin fútha iat. Item as imchubaid deathach
2405]
galbanuim & castorium arna cumusc maille ré mirr & ré domblas ae bó chum an neith chédna. Bíth a fhis agad gach ní marbus na piasta gurab imchubaid é sa chúis so. Item dá n-ibthear coirt casia fistula do-ní an cédna, & do-ní cróch & sinamomum
2410]
an ní cédna. Tuillead: is maith fín deadh-balaid & diet séim dona mnáib bís a ngaire {MS P page 431}
dá toirrcheas do breith. Tuillead: is maith olann
Labrum anois do regimen na mban tair és a toirrchis do breith co ceann tri lá nó ceathra lá. Et bíth a fhis agad tair és an toirrchis do breith gurab imchubaid biada gá mbí oileamain shéim
2420]
& oilius gu mór & díleagthur co luath, mur atá, uisgi ara mbeirbthear feólanna inmolta & uigi boga & fín séim deadh-balaid gan beith ro-láidir. Item dligid siat gach uile thorad do sheachna & na praiseacha & na potáitse fuara. Agus seachnaid
2425]
siat fuacht & aer fuar co ceann trí lá. Agus anuid ana loigi ana leabuig co ceann trí lá nó ceathra lá. Agus caithid siat biad co minic & co beac.
Et ná dénuid fothragad co ceann ceathra lá nó cúig lá. Agus bíth a fín séim dead-balaid gan
2430]
beith deathmur ná láidir ná buaideartha. Agus tair és cúig lá déntur fothragad fá thrí sa tseachtmain. Agus an méid druidius sé risin treas lá dég nó risin ceathramad lá dég as í an méide sin dligid diet reamur do chaithim & a sláinti do choiméd.
2435] Agus teagmaid co minic flux mór fola dona mnáib, tair és a toirrchis do breith, ó cúisigthear bás; más ead, ceangailtear na láma co cruaid & curthar fásadurc arna cígib gan fuiliugad. Et curthar bréid arna tuma a uinégra ana mbí rós
2440]
& bláth an ubaill gráinig ar in meadón & a cusmaile. Et is dona neithib agá fuil dísleacht mór
Et teagmaid co minic teinneas cígh & neascóid
2445]
dona mnáib tair és a toirrchis do breith ó imdugad an bainne 'na cígib; & is maith an leigeas an tan sin bean eile do chur dá n-ól. Agus is ainimchubaid an bainne dona leanbaib an bainne sin, mur adubrumar don taeb thuas dín sa chaibidil ar
2450]
luaigimar142 & do regimen na naídin. Et is maith chum an ait sin do chur ar cúl epitima do-níthear don uisgi ara mbeirbthear pónaire & orobus & coriandrum. Tuillead: bíth a fhis agad co fuil dísleacht ag partánuib srotha nó mara arna
2455]
mbrisid & arna cur mur cheirín do laigdiugad an bainne. Agus is maith epitima do shúg ruibi sa chás chédna.
Et ná glantur an bean co minic tair és a toirrchis air eagla fosdóig na fola truailligthi; acht as
2460]
imchubaidi dóib a folmugad, óir cúisigthear mórán d'easláintib ón fhosdógh sin, mur atáit, fiabrus & neascóidi & teinneas a matrix. Agus is mór fhurtachtaidius sraedach na mná sin. Tuillead: is maith chum an neith chédna deathach ceann
2465]
sgadáin shaillti nó ingin eich143 nó easail. Agus is maith na cuisleanna ré n-abur sofena do ligin do thogairm na fola místa, óir toirmisgid sin urchóid na neascóidi & a línta & an fhiabruis. Et dá teagma fiabras orra san aimsir sin as imchubaid uisgi
Item is minic theagmus teinneas annsa maclac, & is leigeas imchubaid dó suigi a n-uisgi ana144
2480]
mbeirbthear ainís & camamilla & íchtar na bronn & na145 leasa d'ongad lé holaid uiola. Et dá teagmuid {MS P page 432}cneada a matrix leigistear é lé huinnemint gil Raisis, & a cusmailius sin as imchubaid a cneaduib na mball féitheach. Agus is lór linn a ndubramar
2485]
do regimen na mban beirius a toirrcheas.
Labrum anois do regimen na mbanaltrann & adéram neithe athchumaire de. Et adéram ar tús cuingill na banaltrann. Agus do-gabur an céd-chumgill díb do leith a haísi. Et as í as aís
2490]
imchubaid dí an aís óg arna críchnugad. Et is é spás na haísi óigi ó chúig bliadnuib fithid co ceann cúig mbliadan dég ar fhichid; óir dligid an bainne beith fuirfe an tan sin ar son co mbít na boill is tosach dó fuirfe.
2495] An dara cuingill do-gabur é do leith na figrach & na haibíci146; óir dligid an bean oilius leanam corp maith do beith aici & muinél reamur & ucht
An treas cuingill do-gabur é do leith na cích; óir is éigin na cígi do beith mór deadh-maiseach daingin, & ní dligid siad méid eachtrannach do beith innta, ná beith bog ná lag. Agus dligid
2505]
cinn na cích gan beith ro-beac air eagla na naídin do shaethrugad co mór dá nglacad.
An ceathramad cuingill do-gabur ó bésaib na banaltrann é; óir dligid sí beith deidh-bésach inmolta innus nach beith sí so-chlaechluigthi ó
2510]
aicídib na hanma, mur atá, eagla & dobrón & fearg & a cusmaile, óir truaillid na neithe so coimplex an bainne. Más ead dá mbia sí arna claechlód ná hoilead sí an naídi, óir is beac in deithneas tuicthear do beith aici fán naídin an
2515]
tan sin. Tuillead: ní dliginn sí beith suirgeach ná measgamail, óir truaillid sin coimplex an bainne.
An cúigead cuingill do-gabur é ó shubstaint & ó cháil & ó chaindiacht an bainne; ar an adbur
2520]
sin dligid an bainni beith a substaint meadónaid gan beith silteach ná reamur & gan rainn éxamla do beith ann ná gan a beith cubrach. Óir dá curthar braen de ar an ingin & a sgaílead is comartha ar substaint séim do beith aigi sin, & muna
2525]
sgaíle is comartha ar substaint reamuir. Et bíth a fhis agad co mbít rainn cháisimla & rainn
2535] Tuillead: ní dliginn an banaltra beith aislingtheach ná codlad trom do beith aici; óir is minic ligid na banaltranna na leinim d'ég148 do gorta trí thruime a codalta, & múchaid iat uair eile a' collad orra.
2540] Et is mór as intuicthi gan an bainne do beith ro-arsaid ná ro-gar d'aimsir an toirrchis. Más ead, bíd se a n-aís dá mí nó mís co leith. Et bíth a toirrcheas nádúrda .i. gan in bean do breith leinm mairb.
2545] Tuillead: is mór dleagmaid a thabairt dár n-úig coimplex inann do beith ag an naídin & ag an banaltrainn. Gid eadh, ní bud olc, dá mbeith an naídi coilearda, an banaltra do beith flegmatica nó a regimen do beith a' claenad
2550]
chugi. Et dá teagmad co mbeith an bainne roi-reamur droch-balaid, leagur comnuide dó fá aer tamall d'éis a bligthi gan a thabairt dá ól don naídin. Tuillead: dá mbia an bainne reamur as imchubaid neithe shéimigius é do thabairt,
Et teagmaid co mbí imurcaid bainne co minic
2565]
annsna cígib, & a thruailliugad ón imurcaid sin. Et leigistear an aicíd sin lé gnáthugad na neitheadh oilius co beac & lé tréidinus & lé saethur & lé fothragad & lé neam-chodlad cona cusmailib; & curthar ceirín ar an ucht & arna cígib do chuimin &
2570]
d'aigéid & do lentes arna mbearbad a n-aigéid, nó do phónuire & do terra sigillata & a cumusc ré haigéid. Agus is maith biamlacht149 psillium & aigéid ar ndénum epitima díb chum an neith chédna; & is maith ruib chum an neith chédna
2575]
maille ré clóbus,150 óir laigdigid an t-epitima do-níthear díb an bainne. Agus do-ní an t-epitima do-níthear do bolus armenicus & d'fhín an cédna. Tuillead: bíth a fhis agad co fuil dísleacht ag partánuib an tsrotha & na fairgi arna mbrisid &
2580]
ar ndénum epithima díb chum laigdigthi an bainne.
Et dá mbia eagla oruinn an bainne do théchtad
Et teagmaid co minic nach bí a díl bainne ag an banaltrainn d'oileamain an leinm; & féduid so beith 'na cúisib aigi sin, mur atá, truaigi &
2600]
tearcacht na hoileamna nó droch-coimplex an chuirp co huilidi nó na cích. Dá teagma sé ó thruaigi nó ó thearcacht na hoileamna, gnáthuigthear arán geal cruithneachta ara curthar púdur ainísi & fenél. Agus gnáthuigthear fín
2605]
abaid & uisgi eórna maille ré bainne, nó uisgi seaguil maille ré siúcra; nó gnáthuigthear liti eórna maille ré fuil cearc & ré síl fenéil, nó liti chruithneachta maille ris an fuil chédna & ré heanbruithi siser; & gnáthuigthear liti choirci
2610]
do-níthear d'uisgi ana mbáitear iarann & as
2620] Et dligid siat na neithe thirmaigius an sperma do sheachna, mur atá, arán brain & aiccéid, lentes, ruib & coriandrum tirim, & gnáthugad biad ara mbí mórán saluinn. Et seachnuid siat gach uile oileamain atá saillti gu mór.
2625] Tuillead: is maith cac fáinnle & bainne easail do choimilt dona cígib do thogairm an bainne. {MS P page 434}
Tuillead: na cígi do choimilt le lámuib & togairmid an bainne.
Et dá faicthear co fuilid na cígi te, gnáthuigthear
2630]
ordenatum & biatus & a cusmaile chlaenus chum fuaraideachta. Et dá faicthear fuaraideacht ar tigearnugad inntu méduigthear an oileamain shéim chlaenus chum teasaideachta. Et bíth a fhis agad co méduidinn fásadurc, gan fuiliugad, gan brúg
2635]
mór, teasaideacht na cích, & tairrngid adbur an bainne chum na cích.
Dá teagmad an bainne do-balaid, tabrum fín maith deadh-balaid. Agus caithead153 an banaltra
Et an mod ara fhédmaid cainndiacht imurcach na cích do thoirmeasc & a coiméd ana caindiacht díleas do-gébthur sin gu lór leath-a-tuas dín annsa
2650]
chaibidil labras do riaglachaib an regimen do-gabur do leith na haibíci.154
Labrum anois do choiméd matrix ó fholmugad imchubaid na fola místa. Acht gé adubrumar mórán sa chaibidil so don taeb thuas dín, ar an
2655]
adbur sin adéram beacán annso air.
Et bíth a fhis agad gurab cúis choiméda sláinti don maclac & don mnaí faicsin na fola místa a cáilideacht & a caindiacht & a n-aimsir imchubaid do réir gnáthuigthe an gach uile aimsir, & gurab
2660]
cúis choiméda ó gach uile urchóid; & do-ní sí iat geanmnaid maille ré beacán áilgis coimriachtana. Et as í as meadh chomthrom do fhlux na fola místa, .i. a beith úair an gach
aen-mí. Agus ní héigin a beith commór nó coimbeac an gach
2665]
aen-mnaí. Et rithid sí annsa chéd-chadrans don ré annsna maigdinuib, & dona mnáib óga sa dara
Item mur claechluigthear an fhuil místa, óna suigiugad nádúrda féin as cúis anfhainne & claechluigthi
2680]
na fuirme dona mnáib sin, & as cúis tearcacht don geineamain & toirrchis mairb sin. Más ead déntur deithneas innus nach claechluigi an fhuil místa óna hord nádúrda. Agus tuicthear suigiugad nádúrda na fola místa óna dath & óna substaint
2685]
éxamailtear fá éxamlacht an choimplexa, & na haibíci, an regimen, & na haísi, & an régióin. Et ní beanann so risin obair so ar láthair; ar an adbur sin ligmid torainn hí, óir is lór linn a fhis do beith againn ann so gibé cúis ó claechluigthear
2690]
an fhuil místa óna suigiugad nádúrda féin gurab cúis dona hurchóidib adubramar romainn hí. Ar an adbur sin dá mbia sí 'na suigiugad nádúrda féin, as cúis choiméda sláinti hí; & muna bia, treóraigthear chum an tsuigigthi sin hí an méid
2700] Agus is annsin críchnuigthear regimen na sláinti atá díleas don égusc bannda & tinnsgnus an dara pairteagal don tráchtad so do riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó éxamlacht na neithead nádúrda; & connmuid seacht caibidleacha.
infra 139
Incipit tertia pars que est de regulis regiminis {MS P page 435} sanitatis & cetera, .i. is ann so thinnsgnus an treas pairteagal atá do riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó éxamlacht na neitheadh nádúrda.
2710] Et biaid in chéd-chaibidil de do riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó éxamlacht na ceathra ndúl teagmus co fuirimeallach dár corpaibh, mur atá, éxamlacht an talaim sho-aitreaba & an uisgi & an aéir & na teineadh.
2715] Et adéram neithe athchumaire coitchinna annsa ar chéd-chaibidil so d'inordugad an talman atá so-aitreabtha. Ar an adbur sin, an talam toghthur dá aitreabad, ní dliginn sé beith lathamuil ná gainmeach ná brén, ná a n-inad a furtamluiginn
2720] bríg mitall ná raibe ná ailime, ná a n-inad a mbíd cadauer daíneadh marb, náid droch-luibi náid droch-croinn neam-thorthacha, ach talam a mbíd crainnn maithi & luibe maithe torthacha, mur atá,
Agus tuicthear an cédna dona luibib. Et atáit cuid dona luibib neimneach, & ní dleagur an talam
2735] ana fhásaid d'aitreabad, óir ní fhuilid siat imchubaid dona corpaibh daena, mur atá, eleborus & esola & midaighi & opium & a cusmaile, óir atáit sin uile marbthach. Agus a chontrárda sin don talam a
fásaid luibi maithe, torthacha, deadh-balaid,
2740] atá imchubaid
dár corpaibh-ne.
Más ead, ní hé cáilideacht na talman amáin dleagmaid do thabairt dár n-úid acht a shuigiugad , & do-gabur an suigiugad sin a ceathra modaibh: óir atá cuid don talam arna shuigiugad a mullach
2745] sléibtid, & cuid eile fá shléibtib, & cuid eile a ngleanntaib, & cuid eile coimréid; & as é an talam so as fearr & as imchubaidi réna áitiugad díb. Óir is tarbach an talam so nach éidir leis na sléibtib a dorchugad, & ar an adbur sin atá do
2750] shochur aigi co séidinn gaeth faí & co ngnímaidinn grian air ó éirgi dí co dol faí. Mas ead, as maith
An talam shuigigthear a mullach shléibi, agá
2755] chompráid chum an talaim atá co hísil, cruthaigid sé aér séim, & glanuid an t-aér óna deathaighib eachtrannacha, & bíth fuar co nádúrda.
Et bíth a chontrárda sin annsna gleanntaib, .i. aér reamur neam-glan a mbí bríg theasaidi ar
2760] son inntaigthi deallraim na gréine ann, & co mór annsa tsamrad . Et dá mbeid na sléibti ard dá gach taeb don fhonn cruthaigthear aér fuar annsna gleanntaib ó dorchugad na sléibtid fuar, & co hárithi annsa geimread.
2765] Et inordaigid an talam atá a cabán an tshléibi an t-aér a substaint inmeadónaid, ach muna {MS P page 436} tairmiscthear co haiccídeach é, mur atá, comursanacht gaethraid; óir an úair éirgid deathaige uada a n-airdi156 filltear tar ais iat ón tsliab atá
2770] as a cinn, innus co reamraidthear an t-aér ó choiméigniugad na ndeathaigeadh tar a n-ais. Et is gnáthaige bís teas mór annsna cabánuib sin & fuacht mór ná a mullach an tsléibi; & is minci fuacht & teas inmeadónanach inntu na annsna
2775] mullaigib. Et dá mbia an cabán & a aigid bu tuaid as fuar é, óir dorchaidthear mullach an tsléibi. Et dá mbia a aigid san aird teas as te é an uair bís an gaeth atuaig, óir filltear teas na
Tuillead: an talam is fearr & as imchubaidi d'áitiugad dligid sé beith gan dín air ón aird tshoir & ón aird tuaid, óir is mór glanuid na gaetha
2785] sin an t-aér. Ar an adbur sin is maith fuinneóga na tigead do beith ar an aird shoir & ar an aird tuaid, & gan a mbeith annsan aird tshiar ná san aird teas.
Agus is fír sin go riagalta; gid eadh, teagmaid
2790] co haicídeach gurab measa an gaeth atuaid ná an gaeth aneas: óir fédaid an gaeth atuaid teacht tré rann éigin don aird atuaid atá lán do marannaib, nó d'inaduib mianamla nó salcha, nó do morgad éigin ar mod éigin dá ndubramar romainn; &
2795] dá leith sin fhédus an gaeth atuaig beith nísa neam-glaine & nísa dimolta ná an gaeth aneas. Agus ar an cor cédna tuicthear an gaeth anair. Ar an adbur sin is maith na fuinneóga & inad an radairc do beith ar an aird teas & ar an aird
2800] tshiar co haicídeach, acht gé theagmus a chontrárda sin go minic inntu.
Et is ní imchubaid d'inad aitreabtha na ndaíneadh beith a fogus d'uisgib millsi glana rithius gu mór, fuarthur annsa tshamrad &
téigthear
2805] annsa geimread, & ineadaigi uaine gan beith dorcha & mórán do chrannaib inmolta.
infra 141-2
Et na daíne aitreabus a comursanacht na fairgi as cúis geineamna don
reuma é. Et as imchubaid an t-inad áitigthi beith a ngaire na
2810] fairgi san aird tuaig; óir do-ní beith a fogus don aird sin an talam measurda annsna cáilideachtaib gnímacha , acht muna bia sí ro-gar don aird sin, & co claenfad sí chum fuaraideachta gu mór tré fhad spáis na gréine uaithi; & ní fhuil sí ro-fhliuch ar a shon sin, ar son gurab mó chlaenus
2815] sí chum tirmaideachta ná na tailim157 sho-aitreabtha eile. Ar an adbur sin is luga atá an aird atá a ngaire d'fhairgi imchubaid chum áitigthi ná an aird tuaid, óir atá an talam so teasaidi fliuchaidi nísa mó ná mur as éigin a beith, & ullmaigid na
2820] cuirp chum easláinti do-níthear ó morgad.
Et ní headh amáin dligmid an talam so-aitreaba do thoga acht dligmid na huisgi mur an cédna; óir as imda mod ara ngnáthuigmid é a follamnugad na sláinti, mur atá, a ól, & fothragad as, & biada
2825] do bearbad ann; más ead, dligmid a thuicsin co ndliginn bunáit an uisgi beith a talam molta gan beith brén na mianamail. Et dligmid a thuicsin nach rithinn sé a n-inaduib láibeamla á criadamla, & ná bia ana uisgi locha; acht bít siat ana
2830] n-uisgidib shiublaigius ar talam clocach gainmeach, nó ar talam luthamail gan beith brén ná truailligthi , & rithid siat chum na hairdi tuaid
2840] Tuillead: dligid siat beith gan dín orra ó gréin & ó gaíth, & blas milis do beith air, & an uair curthar a fín glan é gan dath an fhína do chlaechlód. Agus dligid
sé beith édrum, solus, séim, & beith so-théigthi, so-fhuartha, & beacán
2845] residens do ligin dó tair és a thaburta óna bunáit.
Et bíth a fhis agad gurab í truime nó étruime an uisgi sligi is luga is olc chum aithne maitheasa an uisgi; óir as é an t-uisgi as édruma acu uisgi as fearr díb. Et aithintear a beith trom
nó édrom
2850] ó thomhus misúr d'uisgidib éxamla, & is mur sin aitheóntur an chuid atá trom nó édrom dé. Tuillead: aithintear a beith trom nó édrom ó bréidinnaib do thuma, a misúr inann d'uisgidib éxamla & a tirmugad ainnséin & a meadhugad, &
2855] an bréid bus édruma acu as é a uisgi bus fearr.
Agus dá teagmad ná bud éidir linn uisgi édrom ná séim ná solus d'fhagbáil acht uisgi reamur buaideartha, dligmid sin do cheartugad maille réna bearbad; óir tuitid na rainn reamra talmaide
2860] a n-íchtur óna bearbad, & bít na rainn tshéime glana a n-uachtar, & is mur sin bus éidir linn an
Et ní fhuil inad ag an bearbad so annsan uisgi glan, óir dá mbeirbthear an t-uisgi glan aenda an
2870] comór sin do-gébad sé cáil ailime chugi ar son a rann talmaide do losgad, & ana diaid sin do cuimeósgaidi na rainn reamra sin do loisgid ris, & do saileóchaidi é, & do beith droch-blasta. Óir ní dleagur an bearbad dásachtach ceartaidius
2875] in t-uisgi reamur buaideartha do thabairt annsan uisgi shéim glan, acht bearbad mín, óir ní headh amáin chúisigius an fiuchad láidir na rainn reamra do thuitim acht cumuiscid na rainn reamra & innarbthur na rainn tshéime a ndeathaigib.
2880] Et is mur sin is follus mur cheartaidius an bearbad an t-uisgi & treóraigius chum maitheasa é. Gidh eadh, is fearr an t-uisgi bís glan uaid féin & tic trít an talam ná an t-uisgi beirbthi, óir is
2885] luga do rannuib talmaide atá aigi trí mur shilius sé co séim trít an talam ná ag an uisgi beirbthear. Do réir chonsiquens as fearr é ná an t-uisgi beirbthi. Óir na huisgi is luga bís maith as iat rig a leas rith trít an talam, & na huisgi as gaire do beith
2890] maith as iat rig a leas a mbearbad.
infra 145-6
Tuillead: bíth a fhis agad co ceartaigthear reime an uisgi ó
aigéid do chumusc ris. Tuillead: bíth a fhis agad co ceartaiginn & co séimidinn gluasacht láidir an uisgi ó shoitheach gu soitheach, & clocha
2895] beaca do chaithim ann a hinad ard, reime an uisgi. Tuillead: bíth a fhis agad nach imchubaid dona coimplexaib measurda an t-uisgi atá fuar gu ro-dásachtach, mur atá, uisgi an reóid nó an tshneachta, gid eadh, as imchubaid é don droing
2900] agá fuil
coimplex te gu dásachtach.
Et bíth a fhis agad gurab dásachtach an urchóid do-ní an t-uisgi don ghaili an uair ibthear ar céd-longad {MS P page 438} é, nó a ndiaid shaethuir nó fhothraigthi nó meisgi nó tharta mailísig, & gu háirithi an
2905] uair thinnsgnus an corp dá taburthar é dá díleagad. Et dá mbia éigintus mór fána ól measraigthear a n-aér é ar tús & nigthear an bél co minic leis; & muna lór so ibthir as soitheach gá mbia bél cumang é, & is mur sin is luga urchóidigius sé do lucht na
2910] meisgi & an chéd-longtha. Et dá teagmad neach ar céd-longad a ndiaid shaethuir móir, & ná bud éidir leis aipstinens do dénum ó uisgi, ibeadh sé fín maille ré huisgi a teas measurda.
Tuillead: gibé ara mbía tart mailíseach ná sloigid sé uisgi,
2915] ach a shúghad co mín. Et bíth a fhis agad gibé ara mbí tart mailíseach gurab maith do codlad & an tart d'fhulang, óir ceartaigthear & díleagthur an linn as cúis don tart. Gid eadh, dá n-ibthear an t-uisgi & an díleagad do thoirmeasc & an tart
Tuillead: bíth a fhis agad nach imchubaid mórán d'uisgi fhuar d'ól a coiméd na sláinti. Et dá teagmad comad
éigin uisgi d'ól ibthear é a
2925] ndiaid bíd. Et do-ní an t-uisgi bog sgeathrach do thogairm & anfhainnigid an gaile; gid eadh, an uair ibthear gu hannam é glanaid sé an gaile & lagaid an brú. Tuillead: bíth a fhis agad gu comfhurtachtaidinn an t-uisgi na bríga uile ana
2930] n-oibrigthib ach má beacán, .i. an bríg díleagthach & an bríg attarraingtheach, an bríg fhostaigtheach & an bríg innarbthach. Agus as imchubaid é dona daínib agá mbít cuirp thearca, & a n-aigid gach uile fhluxa bís ó gach uile ball. Gid eadh,
2935] urchóidigid sé dona féithib & don droing agá mbíd dúinti & neascóidi. Tuillead: bíth a fhis agad gurab beac nach comfhurtachtaigid na huisgi na hinne uile & an choimriachtain; ar an adbur sin tarbuigid sé do lucht easláinti na seilgi
2940] & an gaile & na n-ae, & co coitchinn don droing agá mbíd inne anfanna.
Et téigid uisgi na raibe & an nitruim na féithe, & as imchubaid ana n-easláintib fuara iat. Agus as imchubaid don droing ara mbí sgaibies & goráin
2945] iat, & is láidir théigid siat na hae & na hinne. Agus innarbuid na huisgi beirbthear gu láidir linn ruad, & brisid an gaethmuireacht reamur bís annsna
Tuillead: togthur an t-aér thimchilluigius sinn mur togthur an t-uisgi & an talam so-aitreabtha. Et atá an t-aér éigintach a regimen na sláinti ar dá modaibh: an céd-mod díb , .i. d'innfhuarad
2960] na spirad & an teasa ré n-abur innatus; an dara mod, ar son innarbtha na ndeathaigead imurcach dorchaidius an spirad & an teas adubramar. Do réir mur do-chíamaid an teine gá múchad ó easbaid an aéir, is mur sin dligmid a thuicsin
2965] co rigid a leas ar cuirp & ar spiraid ré haér oilius & choimédus & measraidius iat, & glanus óna himurcachaib deathmura; óir is ó attarrang an aéir measraidthear an teas ré n-abur innatus, & óna innarbad glantur. An céd-mod díib sin, .i.
2970] attarrang an aéir, as de gairthear diastoles , & {MS P page 439} don dara mod, .i. dá innarbad, gairthear sistoles .
Dá mbia an t-aér tarraingthear brén nó neamglan, truailltear na spiraid & an teas nádúrda. Más ead, dligid an liaig beith co deithideach a timcheall
Tuillead: taburthar d'áig ná tosgaidi an t-aér a n-aencháil dona ceathra cáilib; & dá teagma an tosgugad sin ann, measraigthear an méid bus
3000] éidir. Tuillead: éxamailtear an t-aér do leith a choimplexa, óir dá mbia sé teasaidi dísgaílid na bríga & tearcaigid an corp; & dá mbia a theas
An t-aér fliuch, immorra, sleamnaigid & fliuchaid an croicinn. Agus
an t-aér tirim dubaid & tirmaigid an corp .
Tuillead: toghthur an teine, óir gnáthuigmid
3015] ar mórán do moduib a coiméd na sláinti í, mur atá, biad do bearbad & ar cuirp do théigead. Más ead, dligmid a thuicsin cad bus adbur don teinidh gnáthuigmid innus nach beith nádúir neimi ná mitaill innti, & nach beith a hadbur do thalmain
3020] bréin ná morgaigthi ná luthamail ; & ná bíth do chonnad morgaigthi ná truailligthi. Más ead, dligmid gach connad morgaigthi bís do chrannaib agá mbí droch-coimplex do sheachna, mur adubramar don taeb thuas dín, mur atáit, fígid
3025] & trom.158
Tuillead: moluim teine do chrannuib tirma gan beith glas. Agus moluim gu coitchinn an teine gá mbí lasair glan gan deathach. Agus dimoluim gach teine bís fá iadad ó nach innarbthar
3035] Testificatur a sapiente quod & cetera, .i. beirid an t-eagnuid d'fhiadnuise co coimédann an saethur measurda imchubaid roim an mbiad an tshláinti; óir calmuigid an saethur roim an mbiad an teas nádúrda & calmuigid an bríg thochluigtheach
3040] annsa gaile, ar an adbur sin is sanntach gabuid na baill an oileamain chucu, & oslaicthear na póire, ar an adbur sin innarbthur gu toltanach imurcacha an treas díleagad & sgaíltear an oileamain co foirbthi ar na ballaib.
3045] Tuillead, .i. calmuigthear na horgáin ón tshaethur {MS P page 410} & cruadaigthear iat mur an cédna, ar an adbur sin is deacair a ngallrugad & calmuigthear iat chum gach uile oibrigthi. Tuillead, calmuigthear gluasacht an chuirp & na spirad ón tshaethur, &
3050] ón chalmugad sin innarbthur na himurcacha co toileamuil trít na póirib. Et ní liginn an saethur measurda na leanna náid na himurcacha do chruinniugad annsna corpaibh; & an uair imdaigius
Et ní dleagur saethur do rád ach ris an ní
3070] médaigius an anál & luathaigius í. Agus is cúis do médugad an teasa ré n-abur innatus an saethur sin, ó teagmann mórán dona socamluib adubramar romainn. Et an drong lérab áil a sláinti do choiméd ní dligid siat an saethur do mainneachtnugad.
3075] Et bíth a fhis agad co fuil cuid dona corpaibh ana n-imdaiginn mórán do leannaib oma neim-díleagtha co foluigtheach, nó línad na mbiad co himurcach, do nach imchubaid saethur. Óir
3080] dá mbeith na cuirp línta do droch-leannuib & ná bud éidir léis an nádúir a folmugad159 maille
160 Et mur an cédna, ní himchubaid an saethur dona corpaibh gortacha ná dona corpaibh folma. Et ní dliginn aen-neach gortach, dá chalmacht, saethur do dénum, gid eadh, dligid caithim sul
3095] do-níd an saethur gnáthach. Agus is é so dob áil lé hIpocráid an uair adeir sé: Ube indigensia non oportet laborare, .i. an t-inad ana fuil an riachtanus a leas ní héigin an saethur do dénum ann.
3100] Tuillead, ní headh amáin dligmid
an saethur do thoirmeasc do lucht na corp línta, ná na corp truag, ach dligmid a thoirmeasc nó co mbia an díleagad coimlínta, & co háirithi an céid-díleagad & an dara díleagad; óir bít na díleagtha sin
3105] a cumsanad & a codlad an tan sin, & dá mbia gluasacht & neam-chodlad 'na n-inad sin
Et teagmaid an aimsear a mbí an céid-díleagad
3120] & an dara díleagad coimlínta, ó édrumacht an gaile & ó dathugad imchubaid an fhuail gan beith imurcach, & an uair bís an fual arna dathugad co himurcach & gontach annsa ghaili, & mothugad teann na gorta, & na maetháin arna rigid, d'imid
3125] aimsear an tshaethair an tan sin & ní dleagur a dénam ar aen-mod. Agus as í as aimsear don gorta an uair do-níthear inordugad & cusmailiugad & union na hoileamna ris na ballaib; óir tairrngid na boill ó na cuislinnaib beaca & na cuisleanna
3130] beaca ó na cuisleannaib móra & na cuisleanna móra ó na haeib & na hae ón ghaili, & is mur sin cúisigthear mothugad annsa ghaili ré n-abar gorta. Et is mur sin is follus gurab ann dleagur an saethur do thinnsgaint sul inntaigthear an
3135] oileamain atá arna caithim a substaint na mball,
Et ní héidir a chomurthugad do litreachaib críchnaidthi caindiacht ná cálideacht ná mod an
3140] tshaethuir a follamnugad na sláinti, mur nach éidir caindiacht na neitheadh eile do-bearar dár corpaibh; óir is do réir éxamlachta an choimplexa & na haibíci, na haísi & an régióin & na mbríg as indénta an saethur.
3145] Et atá drong rig a leas saethur láidir do dénam, mur atá, an drong gnáthuigius mórán bíd do chaithim, & agá mbí bríg ainmidhi gluaisteach láidir, & gá mbít laserti & féithe láidiri, & gá mbít ailt imchubaidi chum an
gluasachta, & ag nach
3150] fuil teas nádúrda cnaíteach ná ro-láidir, óir is dóib sin as imchubaid saethur mór láidir.
Et ní himchubaid an saethur láidir don droing atá easbadach a cuid dona cuingillaib sin adubramar: verbi gratia, cóirigim co teastaiginn an cuingill déiginach díb sin & co fuil teas láidir
3155] cnaíteach acu, gid eadh, atáit na cuingill eile adubramar romainn acu, & ní rigid a leas an drong sin saethur mór láidir do gnáthugad mur rigid a leas an drong adubramar romainn. Agus tuicthear mur sin dona cuingillaib eile. Et mur so dá fadthur
3160] aen-neach ó teastaigid na cuingill sin adubramar & agá fadthur cuingill chontrárda, .i. neach ithius beacán & agá mbí bríg ainmidhi mothuigtheach
Et as éidir leat a breathnugad trít na neithibh fuirimeallacha so cad as indénta dona neithibh inmeadónacha.
3170] Agus is ro-deacair caindiacht an tshaethuir indénta do thuicsin, & mur an cédna a cháilideacht, lé résún amáin ar ligin an dearbtha thort. Más ead, bíth ar ndóchus as in dearbad amáin, agá smuaineadh cinnus atá fear an tshaethuir ann
3175] féin an céd-lá, & an dara lá, & mur sin ó shoin amach, óir measmaid an nádúir do beith maith an uair atá sí imchubaid chum gabála gach neith ingabála; óir is í an méide so & ar an mod so thsanntaigius an nádúir an saethur, an méid & an
3180] mod atá sé imchubaid dí; & mur an cédna, tuicthear dona biaduib & don chodlad & dona neithibh eile theagmus dár corpaibh tré fhollamnugad na sláinti.
Agus atá sin fírinneach ar tuicsin maitheasa
3185] na mbés, óir fédaidh an nádúir measurda tochlugad, ar son mailísi an droch-gnáthuigthe, do leith shubstainti & cáilideachta & caindiachta nach {MS P page 442} fuil imchubaid dí. Óir atáit drong imchubaid co nádúrda chum tuitme ó beacán an tshaethuir, &
3190] drong eile thochluigius an saethur nísa mó ná mur reagar a leas, & drong eile nísa luga. Et atáit drong eile 'na lucht leanna finn co nádúrda
Caindiacht an tshaethuir, immorra, fhédmaid do sgríbad lé litreachaib cinnti is mur so dligmid a tuicsin, .i. an saethur do dénam nó co tinnsgna an duine allus do chur de, & an anál médugad
3210] & luathugad, & dath an chuirp do deargad, & na cuisleanna do reamrugad, & línad na mball do laigdiugad nó gu tinnsgnaid na boill lagad. Agus an uair bus follus so dleagur sgur don tshaethur
3215] & na boill do choimilt co coitchinn.
Agus dligid an choimilt sin beith co láidir & claenad chum gairbi ar dá chúisib: an chéd-chúis díb ar son co
nglantar na himurcacha do cuirid ón tsaethur faí an croicinn; an dara cúis ar son
3220] co ndaingnigthear an corp & co n-indarbthar na deathaige atá co hinmeadónach innus nach
Et is mur so as imchubaid an choimilt d'éis an tshaethuir ó na cúisib adubramar romainn, is
3230] mur sin as imchubaid an choimilt roim an saethur, óir ullmaigid an choimilt na cuirp chum an tsaethuir & osglaid na póire co mín áilginach. Agus is mór fhurtachtaidius an choimilt roim an saethur don droing lérb áil gnáthugad saethuir móir.
3235] Moda an tsaethuir, immorra, ní héigin a n-innisin ann so ar a n-imad; gidh eadh, adéram moda coitchinna an tshaethuir ann so. Más ead, adeirmid ag labairt do nuimir an tshaethuir co fuil cuid díb ana saethur amáin & cuid ana saethur & ana
3240] n-obair: sompla don chéid-ní díb so, mur atá, cluithi liathróidi bigi; sompla don dara ní, mur atá, romur nó treabad. Tuillead, atá cuid don tshaethur thachmuigius an corp co huilidi & cuid tachmuigius rann de: sompla don chéid-ní, mur atá, coisideacht
3245] & a cusmaile; sompla don dara ní, mur atá, an guth ana shaethur don sgamán amáin & an sgríbneoireacht ana saethur don láim amáin & a cusmaile. Et dá ndearna duine an saethur
Et dá teagmad co ndingnad duine saethur ar mod eile a n-égmuis chluithi liathróidi, mur
3255] atá, marcaideacht nó coisideacht nó rámuideacht, {MS P page 443} gluaisid a chorp co huilidi ar son co fuilid imurcacha an treas díleagad dleagur d'innarbad an gach aen-ball don chorp. Et mad coisigeacht bus saethur ann is maith clocha do thógbáil co minic
3260] annsna lámuib & a caithim, & an ceann do thógbáil co minic & féchain tar t'ais, & na boill do shíneadh, & an anál do chonnmáil, & musguile na bronn do rigid méid éigin; óir comfhurtachtaigthear an teas nádúrda ó chonnmáil na hanála, & osgailtear
3265] na póire, & innarbthur na himurcacha trít na póirib an tan sin. Agus dleagur musguile an ochta do rigid & musguile na bronn nísa luga, óir innarbthur imurcacha an ochta & an sgamáin chum na mball oileamnach ón rigid sin, & innarbthur
3270] ó na ballaib oileamnacha ainnséin iat. Et an drong agá mbí sgairt chléib anfhann ní dligid an anál do chonnmáil air eagla co n-innarbfaidi imurcacha chuci ón inchinn, mur is follus annsa droing do-ní saethur mór ag séideadh a n-anála
3275] a poll an stuic ó
líntur na cuisleanna & ó ndeargthur an aigid.
infra 162-3
Tuillead, atá cuid don tshaethur mór & cuid beac & cuid
inmeadónach: sompla don chéid-ní, mur atá, siubal mór ré haimsir fada; sompla
3280] don dara ní, mur atá, sibal beac ré haimsir girr ; sompla don treas ní .i. sibal measurda. Agus cúisigid an saethur mór in truaigi, & an saethur inmeadónach an reime measurda. An saethur beac, immorru, médaigid sé an teas ar mod éigin.
3285] Tuillead, atá cuid don gluasacht luath & cuid mall & cuid inmeadónach: an chuid atá luath, mur atá, rith láidir; an chuid atá mall, mur atá, gluasacht mín; an chuid atá inmeadónach mur atá, gluasacht inmeadónach. An gluasacht luath,
3290] immorra, téigid sé na cuirp ar tús & téchtaid & cruadaigid ainnséin. An gluasacht mall, boguid na cuirp & osglaid na póire. An gluasacht inmeadónach, immorra, coimédaidh sé na cuirp ana nádúir féin.
3295] Tuillead, atá cuid don tshaethur láidir & cuid anfhann & cuid inmeadónach. Et adearar an gluasacht láidir a dá modaibh: an céd-mod díb, an uair ceangailtear an gluasacht luath & an gluasacht láidir ré chéile, mur atá so, .i. rith
3300] mór do dénam a spás fhada & is ris sin is cóir
saethur láidir do rád . Agus tuicthear an saethur beac & an saethur measurda as sin. Et is follus as na ráitib sin oibriugad an tsaethuir láidir & an tshaethuir inmeadónaid. An dara mod ara
Fricacio iuuamentum habet in superfluitatem
3315] tersie digestionis expellendo, .i. atá tarba ag an coimilt d'innarbad imurcach an treas díleagad, & mur an cédna a calmugad teasa na mball & chum móráin do neithibh eile; ar an adbur sin as intinnsganta don choimelt annsa chaibidil so do
3320] láthair, & dob áil linn sin do choimlínad co hathchumair innti. Et ar tús laibeórmaid do tharba na coimilta; et laibeórmaid an dara huair d'aimsir & do mod na coimelta, & an treas uair dá modaibh & {MS P page 444}dá gnéithib generálta.
3325] Ar an adbur sin bíth a fhis agad gurab í is tarba choitchinn don choimelt & don tshaethur imurcacha an treas díleagtha d'innarbad. Ar an adbur sin ní
Tuillead: bíth a fhis agad co reamraigthear na boill tearca ón choimeilt, & co tanuidthear na
3340] boill reamra, & co mbogthar na boill chruaidi, & co cruaidigthear na boill boga, & co coimédtur na boill measurda ana suigiugad nádúrda féin uaithi. Et as imchubaid do na corpaibh tearca an choimeilt, & ní har son innarbtha na n-imurcach amáin ná
3345] ar son na neitheadh adubramar romainn, acht dá reamrugad méid éigin, & dá mbeith neam-fhuilingtheach do na neithibh teagmuiseacha bud cusmail do dénam urchóidi nó dhíthi. Et tuicthear an mod so do na corpaibh reamra & cruaidi
3350] & boga.
Tuillead, tarba eile do-ní an choimeilt: óir innarbaid sí an chorthacht ó na ballaib, ar an adbur sin as ní do-ní cumsanad an
choimeilt; et atá an choimelt so éigintach a ndiaid an tshaethuir
3355] ainmeasurda chúisigius an chorthacht.
infra 166
Tuillead: furtachtaigid an choimelt a n-aimsir an chodalta ar son co n-édromaiginn sí na cuirp; & toirmiscid sí rith na leannann chum na n-alt. Agus is mór dligmid an choimelt láidir garb do
3360] sheachna do chorpaibh na macám, óir toirmiscid sí an fás. Et as í sin tarba choitchinn na coimelta.
Aimsear na coimelta, immorra, inann hí & aimsear an tshaethair. Agus as inann fad dligius aimsear na coimelta lé n-innarbthur na himurcacha &
3365] dligius aimsear an tshaethair lé n-innarbthur; na himurcacha. Et ní labruim don choimeilt do-níthear roim an saethar ná 'na diaid, acht don choimelt choimlínus bríg an tshaethuir. Et is inchomurthaig co deithideach gurab do réir éxamlacht
3370] an choimplexa & na haibíce & na neitheadh nádúrda & nach nádúrda éxamailtear gnáthugad na coimelta & a fad & a mod, mur adubramar romainn don
tshaethur.
Et bíth a fhis agad co fuilid sé gnéithe aenda
3375] ar an coimeilt & a naí comshuigigthi. Agus atáit; a trí aenda díb sin do réir chaindiachta, mur atá, coimelt mór & beac & inmeadónach, & a trí aenda do réir cháilideachta, mur atá, coimelt garb & mín & inmeadónach: nó as éidir coimelt láidir
3380] nó anfann nó meadónach do rád rú so. An choimelt imurcach, immorra, as cúis do thruaigi an chuirp hí; & médaigid an choimelt measurda an fheóil; et ní fhuil oibriugad ag an coimelt big chum an
Et is as na gnéithib aenda sin teaguid na gnéithe comshuigigthi adubramar. Óir is éidir an choimelt imda do chomshuigiugad ris an coimelt láidir & égruaid & inmeadónaid; & mar an cédna comshuigigthear
3395] an choimelt tearc risin coimelt láidir & égruaid & inmeadónaid; & as mur an cédna comshuigigthear an choimelt measurda, idir beith imda & tearc, risin coimelt láidir & anfhainn & inmeadónaid idir an coimilt láidir &
3400] égruaid. Et fédtur oibrigthi na ngnéitheadh comshuigigthi sin do thuicsin ó na gnéithibh aenda adubramar romainn; innus gurab amlaid sin críchnuigthear gnéithe na coimelta & na cuirp darab imchubaid iat; is mur an cédna don
3405] tsaethur.
{MS P page 445} Post consideracionem exerccicii163 & fricacionis sequitur consideracio balnei & cetera .i. ar ndénum
3425] Et atáit tarbachta eile ag an fothragad, mar atá, an codlad do thogairm, & dúinti na póiread d'oslugad, & dath maith do thabairt ar an croicinn, & na leanna & na hadbair atá faí an croicinn do dísgaílead, & an gaethmuireacht do chnaí, & an
3430] teinneas do míniugad, & an brú do chumgugad, & an chorthacht d'innarbad.
Tuillead: téigid an fothragad co gnáthach, & fuaraid co gnáthach, & fliuchaid & tirmuigid mur an cédna. Óir an uair theagmus ar tús do na
3435] ballaib téigid iat, mur do-ní teas gnímach an
Tuillead: bíth a fhis agad an uair do-bearar an fothragad co hainimchubaid annsan inad nach
3450] reagur a leas co ndéin
mórán d'urchóidib; óir, an uair do-ní neach comnuidhi fada ann, anfhainnigid an craidi & togairmid urlagad &
singcoipis, & gluaisid na leanna atá a cumsanad & ullmuigid iat chum morgaid, & gluaisid iat chum tuitme
3455] chum na mball anfhann
chúisigius neascóid do geineamain a ndoimne nó a fuirimeall na mball. Agus sgrisaid sé áilgeas an chaithme, & anfhainnigid sé
bríg na coimriachtana. Ar an adbur sin fédmaid a chonclúidiugad nach dligid an drong
3460] gá mbíd cuirp línta náid gaileada náid ailt égruaidi fothragad do dénam; & mur an cédna don droing agá mbít craidi & féithe égruaidi; & co háirithi ní dligid siat fuireach fada do dénam ann.
165 Tuillead: bíth a fhis agad nach gnáthuigmid
3465] fothragad a coiméd na sláinti acht do glanad an chroicinn amáin. Agus dligid an fothragad beith measurda a teas an tan sin & comnuide gearr do dénam ann. Agus is ar céd-longad as imchubaid an fothragad an tan sin, & tar és thsaethuir &
3470] coimelta.
Et as é as cúis don fhothragad co minic imurcacha na corp nach fédann an saethur do dénum d'innarbad. Agus dligid sé beith dísgaílteach nísa mó an tan sin d'oslugad na póiread & d'innarbad na
3475] n-imurcach & do shéimiugad an chroicinn. Agus dligid sé beith te nísa mó & fuireach fada do {MS P page 446}dénam ann nó co lagaid súile na méiread166 nó co tinnsgna an corp allus do chur de.
Tuillead: do-bearar an fothragad do reamrugad
3480] na corp. Agus ní dleagur fuireach risin díleagad do beith coimlínta an tan sin; acht an tan bus follus an gaile do beith arna édromugad, dleagur dul annsa fothragad an tan sin & gan fuireach fada do dénam ann, óir is gearr an aimsear reagar
3485] a leas beith annsa fothragad chum na corp do reamrugad a n-aithfhégad an chomnuidhi dleagur do dénam ann dá thruagugad. Et an drong lérb áil a reamrugad, an uair thinnsgnaid deargad do dénam, fágaid an fothragad, & crotar uisgi fuar
3490] ar a corpaibh co huilidi, & ongthar a mboill lé holaid éigin dúnus na póire & chonnmus an
Et an uair bus áil leat an corp do thruagugad, déntur fothragad co gnáthach dó; & as é an fothragad tirim maille ré beacán uisgi as imchubaidi dóib sin; & dligid an fothragad sin beith te
3500] & fuireach fada do dénam ann nó co faicthear súile ná mér ag lagad. Agus ar fhágbáil an fhothraigthe dóib ní dligid siat uisgi fuar ná ola do gnáthugad. Agus dligid allus do chur díb d'éis an fhothraigthe, & dligid aipstinens fada do
3505] dénam & biada tirma oilius co beac do chaithim.
Et ná hibeadh uisgi fuar ná aen-ní eile atá fuar co gnímach d'éis an fhothraigthe, óir is cúis d'idroipis sin.
Et ní dligid na daíne slána co coitchinn fothragad
3510] uisgi fhuair do dénam acht muna beid coimplexa ro-theasaidi acu & féithe láidiri & ailt maithi; gid eadh, ná dénuid an drong sin comnuide
fada ann.
Et adeirim co fédann duine óg fothragad uisgi
3515] do dénam beas fuar co measurda, & co háirithi dá mbia coimplex teasaidi aigi & corp feólmur & regimen maith & aimsear theasaidi & uair the, & a dénam tair és meadóin laí. Agus is ann dleagur an fothragad sin do gnáthugad, tair és fhothraigthe
3530] Tuillead: bíth a fhis agad co fuil cunntabairt ar droing do na daínib fá dol a fothragad ar céd-longad ar son co méduidthear
& co ngeintear linn ruad ana corpaibh; & dligid an drong sin greim aráin arna thuma a súg na n-uball ngráineach nó
3535] a fín uisgeamail do chaithim roime. Et atáit drong eile ana ngeintear dúinti ó dul a fothragad & co háirithi an drong caithius biad co grod roime; & as imchubaid oximel nó siróip aigéidigthi dóib.
3540] Et bíth a fhis agad gurab imchubaid na colpada d'innlad a coiméd na sláinti, & co háirithi a coiméd na súl & na cluas. Et dleagur a n-innlad nó a coimilt lé huisgi atá te co measurda. Et dligid an t-innlad sin beith annsan oidchi ré ndul
3545] annsa leabaid & a fad ón biad; & co háirithi as imchubaid an fothragad sin don droing nach
déin suipér.
Tuillead: ná mainneachtnaidthear an ceann
Et is lór linn don fhothragad an méid beanus sé ré coiméd na sláinti. Fothraicthi na mitall, immorra, ní himchubaid iat ar aen-mod a coiméd
3555] na sláinti; gid eadh, is maith iat do leigeas móráin d'easláintib. Et ní thabramaid dár n-úid leigeas na heasláinti ann so, ar an adbur sin ní dénmaid mencion do na fothraicthib fhodnus dóib.
{MS P page 447} Coitus secundum ueritatem iuuamentum habet in
3560] expulcione superfluitatum .i. atá furtacht ag an coimriachtain co fírinneach ag innarbad na n-imurcach, & co háirithi imurcacha an treas díleagtha. Et adearar nach cúisiginn éigintus an choimriachtain co fírinneach, mur do-ní an saethur
3565] & an choimilt & a cusmaile, óir atáit so éigintach an gach aen-aís. Agus is éidir leis na macámuib beith beó gan coimriachtain do gnáthugad, mur as follus co mbíd drong slán beo gan coimriachtain do dénam fead a n-aimsiri; gid eadh, gan cunntabairt,
Et innarbthur imurcacha an treas díleagtha lé saethur & lé fothragad & lé coimeilt, an uair pheacuigid siat a cáilideacht & a caindiacht. Óir as ead as sperma ann imurcaid an treas díleagad
3585] nach peacaidinn a cáilideacht, atá arna hordugad do choiméd na gnee; & is ón choimriachtain coimlíntur an coiméd sin annsna hainmintib fuirbthi, óir ní fhuil aen-shligi as mó atá imchubaid d'innarbad na himurcaidi sin ná an choimriachtain,
3590] et co háirithi an uair
thuitius an sperma a soithigib an tshílne. Et is mur sin is follus do
beith 'na furtacht mór a coiméd na sláinti.
Et atáit tarbachta eile do-ní an choimriachtain: óir édromaigid sí na cuirp línta, & do-ní an t-anam
3595] subach faílid, & mínigid an fhearg, & innarbaid na smuaintigthi, & médaigid an tochlugad, & togairmid in codlad.
infra 175-6
Tuillead: dá cúisigthear dobrón ó grád mná ar neach in méide sin gurab beac nach fadann bás,
3600] gnáthuigeadh sé mórán coimriachtana, ginco fadann sé an bean dá fhuil a grád, & míneóchaid cuthach a gráda.
Tuillead, édromaigid an choimriachtain measurda an ceann & an chial . Et ní headh amáin a coiméd
3605] na sláinti, acht as imchubaid í a leigeas móráin d'easláintib mur is follus annsa phraitic. Et na daíne gnáthuigius coimriachtain & sheachnus ainnséin í, cúisigthear tromdacht & fuaraideacht ana corpaibh & docomlacht gluaisti. Et teagmaid
3610] ó uireasbaid na
coimriachtana & ó imdugad an sperma, & óna inntóg a ndásacht & a fuacht uair eile, co n-inntaigthear a neim é,
innus co curthar droch-deathaige neimneacha chum an chraidi & chum na hinchinne, mur theagmus
3615] annsna mnáib ó chumgugad matrix.
Et mur do-ní an choimriachtain measurda mórán tarba don droing darab imchubaid í, is mur sin do-ní an choimriachtain ainmeasurda urchóid don droing darab animchubaid í; óir
3620] is mó anfainnigius sí ná do-ní én-fholmugad eile, & truaillid an tochlugad, & cabánaigid na súile, & anfhainnigid an inchinn & na cédfada ana suigiugad. Et dligid an drong gá mbíd cuirp anfanna coimriachtain do sheachna, mur do
Tuillead: dligid na daíne anfanna truaga, & an drong gá mbíd féithe anfanna & cuisleanna cumga, coimriachtain do sheachna gu
mór; óir gortaigid an
3630] choimriachtain mór minic na féithe, & urchóidigid dona súilib, & truaillid bríga an chuirp co huilidi, & treóraigid a n-arsaideacht ar an adbur sin is beac as imchubaid í dona sean-daínibh.
Et atáit na daíne agá fuilid cuirp reamra láidiri
3635] lán d'fhuil, & gá fuilid cuisleanna fairsingi, & ar a {MS P page 448} fuil dath dearg & mórán finnfaid, ullam chum na coimriachtana, & co háirithi a ndeireadh na haísi macánta, & an drong gnáthuigius oileamna méduigius an sperma, & ibius fín milis, & chodlus
3640]
mórán.
Et as intuicthi co deithideach an choimriachtain as imchubaid a coiméd na sláinti co ndliginn beith ó thoil nádúrda shláin nach dúisgthear ó radurc ná ó glacad ná ó ímáigiugad láidir, acht
3645] dligid sí beith ó imdugad an sperma & ó línad maille ré gaethmuireacht.
Et dligid neach coimriachtain do gnáthugad an feadh beas tochlugad láidir aigi, & aireóchus sé168 é féin édrom lúthgáireach . Agus ní dliginn
3650] neach gá mbia corp lán do biad a gnáthugad.
infra 177-8
Et nídleagur a dénamh tair és bíd gan inmeadón, mur nach dleagur saethur do dénam. Agus ní himchubaid do na corpaibh ara mbí gorta mór í, óir sgrisaid an choimriachtain sin an teas nádúrda, &
3655] togairmid an eitic.
Et as í uair imchubaid na coimriachtana ar coimlínad an chéid-díleagtha, & an dara díleagtha, & ar
tinnsgaint an treas díleagad. Agus dleagur an choimriachtain do dénum roim an saethur &
3660] roim an coimeilt. Et dá mbeith aen-neach ar an suigiugad so a tosach na hoidchi do bud í uair imchubaid na coimriachtana í; óir bíth an codlad fada ana diaid an tan sin, & fásaid an bríg, & inorduigthear an sperma a matrix, & gabthur an
3665] toirrcheas co hurusa an tan sin, & is beac anfainnigthear na cuirp ón choimriachtain sin.
Tuillead: an drong darab imchubaid an choimriachtain ní dligid siat beith arna tégad ná arna fuarad co dásachtach, acht gé luga urchóidigius
3670] sí d'éis an teasa ná tar éis an fhuachta.
Tuillead: dleagur an choimriachtain do sheachna tar és na folmuigthid láidir, mur atá, sgeathrach & flux bronn & cuisle & saethur láidir corparda. Et mur an cédna dleagur a seachna déis fheirgi
3675] móire & dobróin & gairdeachuis móir & co háirithi a n-aimsir na n-imurcach d'innarbad.
Tuillead: dligid na mná torrcha bís amuirseach ar toirrcheas marb an choimriachtain do sheachna. Tuillead: ní dleagur ar aen-mod an sperma do
Ordo naturalis est ut post predicta & cetera .i. is ord nádúrda labairt dona neithibh itear & ibthear a ndiaid na neithead adubramar romainn; óir atá an biad & an deoch éigintach d'éis an
3690] tshaethuir & an fhothraicthi & na coimriachtana. Labrum ar tús don biad & don dig co generálta. Et laibeórmaid an dara huair co speitsialta d'adburaib na mbiad innus co mbeith ar foirceadal co tarbach & co lór.
3695] Tair éis an fhothraicthi & an tsaethuir do do dénam dleagur an biad do thabhairt, óir atáit na cuirp folam an tan sin. Agus is don fholmaideacht sin gairius Ipocráid an gorta; & a mbél an gaile críchnuigthear í, gid eadh, is ó na ballaib eile
3700] thinnsgnus. Et as í an gorta so as fear garma
Et as intseachanta gu mór gan an gaili do línad don biad, agá rigid & agá chur a truime móir, & ac cur na hanála a cumga & an puls a luas. Agus
3720] as intseachanta mur an cédna línad
urlaictheach do-ní fasdidium mór, & co háirithi do droch-biadaibh; óir cúisigthear teinneas alt ó na droch- biadaibh reamra, ó ndéntur fastidium & teinneas dubán & disuria & reime annsna haeib & annsa
3725] tsheilg & easláinti fleumaticacha co huilidi. Et dá tí fastidium ó droch-oileamain tshéim, teacaid droch-easláinti géra an tan sin & neascóidi géra; ar an adbur sin as intseachanta gu mór an repletion.
Ná hitear biad an méide so innus nach bia cuid
Tuillead: dligmid a thuicsin nach bia in tochlugad
3745] mailíseach, óir ní dearbad díleas ar an mbiad do chaithim an tochlugad mailíseach; más ead, rithim chum comurthad eile, mur atá, folmaideacht do mothugad annsa ghaili, & imurcacha an bíd do caithead roime sin d'innarbad, & an fual do beith
3750] díleagtha; & an uair bus follus sin as aimsear do chaithim an bíd, ginco bia in tochlugad ar marthain, & co speitsialta, má táinic an uair anar gnáthuig sé biad do chaithim, & gan seachrán do beith annsa chéid-biad ná a n-aen-ní do thoirmeósgad díleagad
3755] an chéid-bíd.
Et dleagur a thabairt d'áig co deithideach co fuil drong do na daínibh rig a leas mórán bíd
Et mur thuicmid do chaindiacht big nó móir an bíd ana mod féin tuicthear an cédna don biad reamur & don bhiad shéim; óir an drong gá fhuil
3770] teas láidir &
boill chruaidi & bríga oileamnacha {MS P page 450} láidiri & thshaethraigius co mór, reagaid a leas diet reamur do chaithim, mur atá, feóil daim & muici & lachon & a cusmaili. Et a chontrárda so don droing agá mbít cuirp boga fhliucha thearca & gá
3775] mbí teas anfhann, óir is diet séim rigid a leas, mur atáit, uigi boga & eanbruithi feóla.
Tuillead: adeirim co fuil drong rig a leas biad gá fuil oileamain mór do chaithim, & drong rig a leas biad gá fuil oileamain beac, & drong rig a
3780] leas biad gá fuil oileamain meadónach. Óir na daíne truaga agá fuil teas dísgaílteach gu mór, & thsaethraigius gu mór, rigid a leas biada oilius gu mór, mur atáit, uigi boga, & feóil mairt & muice, & eanbruithi feóla & fín milis. Agus a chontrárda
3785] sin do na daínibh atá lán do méthrad & do linn fhinn, & gá fuilid cuirp fhliucha boga, & nach
Ar an adbur sin dá ngnáthuige neach do biadaibh
3790] oilius co holc, ginco déin sé díth ar tús ar son an gnáthuigthe nó ar son láidireacht na bríge díleagthaigi, gid eadh, cúisigid mórán d'easláintib fá deóid. Gid eadh, fédaidh drong droch-biad do chaithim a méid éigin ar son a gnáthuigthe & ar
3795] son shuigigthi éigin nádúrda agá fuil cusmailius ris. Ar an adbur sin gibé neach gnáthuigius droch-biad do chaithim ní dliginn a gnáthugad do chlaechlód gu hobann acht tar éis a chéile; & dá teagmad ná bud éidir leis an gnáthugad do
3800] chlaechlód ar son cúise éigin speitsialta, is maith beith deithideach an tan sin d'fholmugad an leanna geintear ón droch-biad, óir do remchoimédfaidi an tshláinti uada sin. Et dá teagmad méid éigin mailísi annsa biad gnáthuigtheach, ná claechluigthear
3805] é, óir ceartaigid an nádúir & an díleagad láidir an mailís beac. Gid eadh, dá mbia in mailís inchomurthaig is maille ré docomal ceartaigthear ón nádúir hí.
Tuillead: as intuicthi cáilideacht gnímach &
3810] brígach na mbiad. An cháilideacht gnímach, immorra, .i. co ndleagur na biada caitear do beith te co gnímach annsa geimread & fuar annsa tshamrad, & biada inmeadónacha annsna haimsearaib inmeadónacha; & mur an cédna don cháilideacht
3815] brígaid, óir dleagur neithe teasaidi do réir bríge
3820] Tuillead: an drong thuitius a teasaideacht rigid a leas biada fuara d'fhagbáil; & is mur sin tuicthear do na cáilib eile.
Tuillead: adeirim gurab intseachanta na neithe as cúis do thruailliugad an díleagtha, mur
3825] atá, slugad na codach & a droch-cogaint, & imad na cúrsad, mur atá, mórán do biaduib & do deochaib éxamla do chaithim ar aen-bord, & mórán ribóideachta & droch-ord na mbiad, mur atáit, biada reamra do chaithim roim an mbiad séim;
3830] óir truailltear an díleagad uaid so; óir díleagthur an biad séim roim an mbiad reamur, & anaid nísa shia ná an chóir annsa ghaili tré gan sligi aigi as, & truailltear mur sin é, & truaillid sin an biad nár díleagad annsa ghaili. Ar an adbur sin as résúnda
3835] na biada séime do chaithim ar tús & na biada reamra ainnséin; óir dá ndíleagthur iad roim na biadaibh reamra fágbuid an gaili, & anuid na biada reamra annsa ghaile nó gu ndíleagthur iat co fuirbthi; óir an tshligi atá follus don ní shéim
3840] ní fhuil sí follus don ní reamur.
Et as intuicthi dá sanntaidi neach beacán do biad reamur do chaithim & línad mór do biad shéim, as í mu dóich an tan sin gurab résúnta an
3850] Tuillead: tabair dot úigh nach bia an biad caitear ar tús sleamain, óir tar éis díleagtha an bíd so tairrngid leis an biad eile gan díleagad ana choimideacht.
Tuillead: is mór is tuctha d'aire gan tortha
3855] stipeacda do chaithim a tosach na coda, mur atáit, oráitsi & péireadha & mespila, óir toirmisgid so an biad d'fhágbáil an ghaili. Gid eadh, as imchubaid iat a tosach na coda don droing ara mbí flux bronn co gnáthach. Gid eadh, is do
3860] choiméd na sláinti labramaid annso.
Item, is coiméd coitchinn gan gnáthugad dona praiseachaib ná dona torthaib acht a méid bic ; óir geinid siat fuil uisgeamail deathmur atá ullam chum morgaid. Et dá teagmad tortha do gnáthugad a coiméd na sláinti caitear na tortha
3865] stipeacda a ndiaid na mbiad eile, mur atáit, oráitsi & péireadha & castania, & na tortha laccthacha roim an cuid, mur atáit, áirneada & fígeadha & seiríne & a cusmaile. Agus ní hinchaiti na biada eile dá n-éis so gan inmeadón, acht spás beac do
3870] beith aturra, & deoch lagus an brú d'ól, mur
Tuillead: bíth a fhis agad nach imchubaid gu
3880] mór blasa éxamla, toltanacha a coiméd na sláinti ar eagla co caithfid nísa mó ná mur do ricfead a leas díb.
Ar an adbur sin as imchubaidi na blasa mianamla dona daínibh easlána ná dona daínibh
3885] slána.
Tuillead: bíth a fhis agad nach imchubaid leigeas a coiméd na sláinti acht chum rémchoiméda na sláinti; óir mur as é as díleas don biad an tshláinti do choiméd, as é as díleas don leigeas
3890] an corp do chlaechlód. Más ead, ná gnáthuigeadh fear coiméda na sláinti aen-ní a mbía nádúir leigis acht chum rémchoiméda amáin.
Tuillead: bíth uair an chaithme fuar, & munab éidir a beith fuar bíth an t-inad fuar. Agus bíd
3895] uaire an chaithme mur so innus comad éidir lé neach cumsanad do dénam; óir ní co hobann dleagur an saethur do dénam a ndiaid in chaithme acht d'éis chomnuide, & siubal mín ainnséin
Tuillead: as dona neithib fhurtachtaidius an díleagad ar tús beacán codalta do dénam ar an taeb ndeas, innus comad feirrdi do thuitfid an biad a n-íchtar an ghaili, & codlad aimsear fhada
3905] ana diaid sin ar an taeb clé do chríchnugad an díleagtha; óir ní fhuil laigi as imchubaidi do chalmugad an díleagtha ná laigi ar an taeb clé, óir leatar na hae ar an gaile a' timargad an bíd annsa laigi sin, mur do-ní an chearc réna huidib,
3910] & díleagthur an biad co fuirfe annsa gaili trít sin. Et is inntaigthi a ndeireadh an chodalta ar an taeb ndeas, innus comad usaidi leisin mbiad an gaile d'fhágbáil chum na n-ae & imurcacha an chéid-díleagtha chum na n-inneadh.
Et comurthaig co deithideach dá teagmad biad
3915] gá mbeith droch-cáil ó chúis éigin, mur atá, biad aigéidigthi, nó saillti, nó poinnticda, nó a cusmaile, gurab résúnta ní éigin do chaithim gá fuil cáil chontrárda don biad sin do cheartugad mailísi an
3920] chéid-bíd: verbi gratia, .i. dá caithead neach biad atá saillti co gnímach dobad imchubaid ana diaid, sul do díleagfaidi é, neithe millsi fliucha, nó neithe insipita do chaithim, & as imchubaid sin mur regimen; & tuicthear a chusmailius sin
3925] do na neithibh eile.
{MS P page 452}Tuillead: seachaintear gan fín ná uisgi d'ól
3940] Tuillead: bíth a fhis agad an neach ara mbí gorta mór nach dliginn sé biad séim do chaithim ar tús; & dá teagmad co caithfidi an biad séim ar tús do-gébad aduathmuireacht an gaile roim an mbiad reamur ana diaid innus nach éidir leis an
3945] biad reamur do gabáil ná do díleagad, más ead, do réir chonsiquens, truailltear é. Ar an adbur sin caitear an biad reamur ar tús. Et as é as cúis dó sin, óir
bíth teas ard a ngailib folma lucht na gorta nach imchubaid don biad shéim.
3950] Ar an adbur sin an uair caitear an biad séim sgaíltear é ar fud an ghaile co huilidi, ar son áilgis láidir an gaile & sochumsgaidthi an bíd shéim. Et cúisigthear línad taidbrigtheach uada sin, & iatur bél an gaile, & is trít sin aduathmuirius
Tuillead: is mór dligmid beith deithideach a nuimir an chaithme; & coimédaidh an gnáthugad gu mór an nuimir sin, & mad olc é dligmid a
3965] sheachna d'éis a chéile. Gibé do gnáthuig biad do chaithim aen-uair sa ló ní dliginn sé claechlód obann do dénam chum caithme fá dó, nó169 econtra170; óir is mór urchóidigius an claechlód obann; más ead, dligid an liaig beith co deithideach a coiméd
3970] an dearbtha.
Et bíth drong ann darab lór biad do chaithim aen-uair sa ló nádúrda do réir résúin, mur atá, an drong gá fuili bríga & baill láidiri, & gan a mbeith sodísgaílti, & beacán saethuir do dénam, & biad
3975] do chaithim gu lór aen-fheacht. Óir is lór do lucht leanna finn biad do chaithim aen-fheacht sa ló, & gu háirithi an drong gá mbít cuirp fhliucha & a mbeith mur so, .i. gur gnáthuigidur biada reamra rigne méid éigin; & is lór dóib sin caithim
3980] mur adubramar acht muna beith gnáthugad ana n-aigid.
Et an drong gá fuilid cuingill chontrárda do na
Et is lór dona daínibh measurda & do na daínib atá inmeadónach aturra sin caithim fá thrí risin dá lá, innus co mbia spás sé huairi dég idir an dá chaithim.
3990] Et atá drong eile dligius biad do chaithim fá thrí nó fá cheathair sa ló nádúrda, mur atáit, na seanóire, & an drong atá ag éirgi a heasláinti dá n-inntóg chum a staidi féin. Óir is amlaid atáit na seanóiri mur atá an lóchrann ullam chum a
3995] báiti, ar an adbur sin muna tucthur biad dóib co minic múchthur an teas, & dá tucthar mórán ar aen-shligi dóib cnaítear & múchthur a teas; ar an adbur sin dligid siat beacán do chaithim & a chaithim co minic.
4000] Agus as mur an cédna dleagur an drong bís ag éirgi a heasláinti d'oileamain; óir atá teas anfhann acu nach fuil cumachtach ar díleagad do dénam, ar an adbur sin is maith dóib beith coigilteach ar biad nó co calmuigthear a cuirp &
4005] a teas nádúrda chum an díleagtha; & as é a chusmailius {MS P page 453} sin tuicthear dona leanbuib.
Et ar tuicsin coimplex na ndaíneadh adérmaid gurab maith fhuilngid lucht leanna finn an tréiginus, & gurab ro-beac fhuilngit lucht leanna
4010] ruaidh. Lucht fola deirge & leanna duib, immorra,
Do na haesaib, immorra: óir is follus dúin nach éidir leis na ndaídinaib, & co háirithi an drong atá anmamuil acu, tréiginus d'fhulang. Et na sean-daíne & co háirithi an uair bít siat a mod inmeadónach,
4020] ní maith ní holc fhuilngid tréiginus.
Agus as iat sin na neithe as éidir linn do rád do réir résúin do nuimir an chaithme.
Et as inchomurthaig co deithideach co fuil cuid dona biaduib nach inchaithme ar aen-shligi, mur
4025] atá, bainne & uinégra & gach uile ní aigéidigthi, & bainne & iasg, & bainne goirt & raidis, ná feóil én do-ní eitillach a ndiaig rais; & ní dligmid ola ná méthrad coimédtur a soitheach sdáin do chaithim ar aen-shligid risna biadaibh.
4030] Tuillead: dligi a fhis do bheith agad in moch-thráth nó am hráthnóna dligid na biada reamra do chaithim; & as í mu dóich do beith mu breithimnus maith co ndleagur an biad reamur do thabairt im easpartain acht muna toirmisci
4035] an réma é, & is mó an chaindiacht dleagur do thabairt de ar mbeith na hoidchi fada & ar son an chodalta, óir is annsa chumsanad & annsa chodlad do-níthear an díleagad; óir cumsanaigid
4045] Tuillead: as inchomurthaig, gibé lérb áil a shláinti do choiméd, gan mórán d'ól a tús ná a meadón a choda, acht a sheachna co deireadh a choda, & ibthear an tan sin an méid choisgius in tart fíre. Óir as ead as tart fíre ann mur adeir
4050] so: Sitis est quedam estuacio in stomacho causata ex cibo recepto qui habet stomachum quodammodo califacere & desicare , .i. is ead is tart ann, teasbach éigin cúisigthear annsa ghaile ó chaithim na mbiad téigius & tirmaigius an gaile ar mod éigin.
4055] Agus teagmaid an teasbach sin gu mór a ndeireadh in chaithme, más ead, as inibthi in deoch an tan sin & gan ach beacán d'ól a tosach na coda.
Bíth a fhis agad co n-abur deoch a trí modaibh, .i. deoch cumuscda & deoch threóraigtheach
4060] & deoch coisgius an tart.
An deoch cumuscda, immorra, ibthear í ar aen-shligi risin mbiad; ar an adbar sin tuigim, & an breithimnus imshlán, nach dleagur a seachna feadh an chaithme; más ead, ibthear hí a tosach
4065] & a meadón & a ndeireadh na coda; & is mór as imchubaid an deoch so an uair caitear na biada
Deoch coisgi an tarta, immorra, ní dleagur a
4070] hól co deiread an chaithme; óir ní tart fírinneach acht an tart bís ó theasaideacht an ghaile ar son an bíd, & ní faicthear gu resúnta gurab ar aen-shligi thinnsgnus an tart & an t-ocras, óir is dá thochlugad chontrárda iat.
4075] An deoch threoraigtheach, immorra, as imchubaid co mór í ar coimlínad an chéid-díleagtha, óir ní holc deoch d'ól an tan sin do threórugad an bíd ón ghaile chum na n-ae & d'ullmugad an ghaile do gabáil na mbiad eile. Et dá teagmad tart ar
4080] neach, & gan biad do chaithim do roime, & gan {MS P page 454}gorta air, as tart mi-nádúrda an tart so & as imchubaid deoch roim an mbiad annsa chás so. Agus ligmid do sin, óir téit sé tar tórannaib regimen na sláinti.
4085] An deoch atá imchubaid co riagalta a coiméd na sláinti ní huisgi í acht fín, nó deoch eile atá cusmail ris, mur atá, linn nó deoch do-níthear do na luibib & a cusmaile; gid eadh, as é an fín as fearr díb. Et as trít atáim athchumair annso,
4090] óir laibeórad leathatís dím co speitsialta dona deochaib.
An fín gnáthuigmid a regimen na sláinti ní dliginn sé beith gér ná teinnteamail ná reamur ná milis ná aigéidigthi; & bíth 'na fhín fhinn,
4095] nó a cusmailius rósa annsa tshamrad; & bíth
4105] Et bíth a fhis agud co deithideach gurab tart brégach bís ar neach an uair nach bí teasbach a mbél an ghaile, óir bíth sé co minic ón sgamán nó ón bráigid nó ón bél nó ó luaithrid nó ó aér theasaidi. Et ní reagur a leas deoch d'ól an tan
4110] sin ach gargraisim fhína uisgeamail nó uisgi fhliuchus na boill adubramar. Nó féda, mád fearr lat, tortha a mbí mórán súig do chogaint & a cur amach, nó beacán dá súg do shlugad ar son tirmachta na sgórnaighi, & toirmeósgaid sin an
4115] tart. Et as imchubaid tarrang an aéir fhuair annsa bél & annsa sróin isin tart sin.
Et as inchomurthaig co deithideach gurab do réir égsamlacht an choimplexa, & na haísi, & an regimen, & an gnáthuigthe, tuicthear égsamlacht
4120] taburta na ndeoch; óir ata cuid dona coimplexaib darab imchubaid fín láidir, & cuid eile fín égruaid, & cuid darab imchubaid mórán fína, & cuid darab imchubaid beacán, & cuid darab imchubaid fín
Na daíne agá mbíd coimplexa teasaidi dligid deocha séime anfhanna d'ól a caindiacht móir; & an drong agá mbíd coimplexa fuara dligid fínta láidiri d'ól a caindiacht bic. Tuillead: na daíne
4130] agá mbít féithe anfhanna as fínta anfhanna dligid d'ól; et an drong agá mbí inchinn láidir & féithe & ailt láidiri féduid siat fínta láidiri d'ól co hinnil, & a chontrárda so don droing agá mbíd inchinni égruaidi & féithe & ailt
égruaidi. Tuillead:
4135] .i. atáit drong rig a leas fín maith ara mbeith tirim, óir fliuchaid an fín ag oileamain; & do-nií na daíne brónacha furbaílid, & an drong agá mbí beacán spiraid geinid mórán spiraid inntu, más ead, as imchubaid an fín dóib so co mór.
4140] Tuillead: bíth a fhis agad, mur nach éidir caindiacht móráin dona neithibh eile do deimniugad lé litreachaib, & co fuil an deoch mur sin, nach éidir a caindiacht do rád annso, ach tuicthear do réir résúin an ní atá a ngar don fhírinne.
4145] Et atáit drong darab imchubaid mórán digi & drong eile beacán; & is mór dligmid caindiacht & cáilideacht an bíd
do thabairt dár n-úig an tan sin, óir is do réir cháilideachta & caindiachta an bíd éxamailtear cáilideacht & caindiacht na digi,
4150] & mur an cédna éxamailtear an tart co nádúrda. Ar an adbar sin an drong caithis biada do-ní teas mór a mbél an gaile as iat is mó tart & is
Tuillead: as mór dligmid cáilideacht & caindiacht na ngailead do thabairt dár n-úig ag tabairt na
4160] digi; óir an drong agá mbíd gailidi tirma bíth {MS P page 455} tart mór orra & ní fhéduid mórán digi d'fhulang, & a chontrárda sin don droing agá mbít gaileada fliucha.
Agus is lór linn na neithe generálta so adubramar
4165] do na biadaibh & do na deochaib; óir laibérmaid 171 co speitsialta díb don taíb thís dín.
De sompno et uigilia, est tractandum: .i. ó do labrumur don taeb thuas dín don biad & don dig labrum annso don chodlad & don neam-chodlad;
4170]
óir do-gabur riaglacha uatha so atá éigintach a regimen na sláinti. Más ead, taburthar d'áig co deithideach tarba an chodalta a coiméd na sláinti, dá ndearntur a mod imchubaid é. Dá réir sin as
Más ead, ní héidir leisin duine beith ann gan codlad. Et dá mbia an codlad measurda díleagthur
4195] an biad, & reamraidthear an corp, & dísgaíltear an teinneas, & comfhurtachtaigthear an meanma, & méduigthear an teas nádúrda, & measraigthear na leanna, & glantur an meanma.
Tuillead: téigid & fliuchaid an codlad & beóaigid
4200] an díleagad tré theasaideacht & tré fhlichideacht; más ead, is follus gurab maith fhurtachtaigius
Agus mur atá mórán tarbachta ag an codlad measurda dá dénum, as mur sin do-ní an neam-chodlad
4210] measurda a mod dleistinach mórán tarba. An neam-chodlad measurda, immorra, méduighid in tochlugad, & cúisigid an gorta, & calmuigid na boill fhuirimeallacha, & gluaisid an spirad a fuirimeall, lé saethraigid na boill an gluasacht
4215] atá éigintach dóib.
Et mur choimédus an codlad & an neam-chodlad an tshláinti co measurda, as mur sin, dá tucthur an codlad & an neam-chodlad a mod animchubaid, truaillid an tsláinti. Ar an adbur sin ullmuigid
4220] an codlad ainmeasurda na cuirp chum apoplexia & chum epilepsia & chum pairilisi & chum sdupair & chum easláintid fliuch & chum réma, & cúisigid an leisgi, & sgrisaid an tochlugad, & geinid neascóidi & fiabras. An neam-chodlad ainmeasurda tirmaigid
4225] sé na cuirp, & anfhainnigid an bríg ainimidhi, & laigdigid an bríg díleagthach, & ullmuigid an corp chum easláintid cnaíteach.
Ar an adbur sin tuigim cinnus dleagur an codlad measurda do gnáthugad. Más ead, adeirim
Tuillead: ní dleagur saethur do dénum tair és
4235] bíd gan inmeadón, óir toirmiscid na neithe sin díleagad an bíd. Más ead, as indénta cumsanad & as inéistigthi innstruiminti ciúil leis ná tarróngthur an teas nádúrda a fad ó inad an díleagtha, nó éistig sé sdair éigin. Agus dá
4240] teagmad nach tuitfid an biad ó bél an ghaile ana íchtar, déntur beacán do shiubhal mín an tan sin, nó co mothuigthear an biad ag tuitim. Et dá sanntaigi neach codlad do dénam sul tuitis an biad ó íchtar an gaile, geintear an tan sin
4245] deathaige & teinneas annsa broinn & truailltear an díleagad; & tair és an bíd do thuitim éirgid {MS P page 456} deathaige míne chum na hinchinne chúisighius an codlad, & sásaidthear an nádúir annsa chodlad so.
Tuillead: déntur an codlad a n-aimsir shamraid
4250] a n-inad fhuar gan beith rémamail, gan asáin, óir cúisigid an codlad a n-asánaib anfhainne radairc & ainnteas annsa chorp co huilidi.
Codlad tair és bíd reamraigid sin an corp &
4255] calmuigid an díleagad. An codlad do-níthear roim an mbiad cuirid sé an corp
a truaigi.
Tuillead: dligid boill an chuirp co huilidi beith fá édach a n-aimsir an chodalta, óir is mó dligid
Et dligid caindiacht an chodalta beith an
4285] méide so, .i. an céid-díleagad do choimlínad ann
Tuillead: dligmid a thuicsin co corthur an bríg ainmidhi gu mór, óir is do réir chorthacht nó laige na bríge ainmidhi faidigthear nó gearraidthear an codlad. Agus dá mbia an chorthacht inmeadónach,
4310] bíth in codlad inmeadónach. Et as ead is comurtha ar an codlad do dénam gu lór, édromacht an chuirp co huilidi, & co háirithi na hinchinne & fhabraigead na súl, & toil fuail & fearaid. Saebad na fabrad & na hinchinne & an chuirp co huilidi, &
Item, bíth a fhis agad nach sanntaigid na daíne measurda agá mbí regimen maith an codlad acht an méid as éigin dóib, óir ní thochluiginn
4320] an nádúir maith acht in méid is éigin dí; & as fír so acht muna toirmisgi gnáthugad é. Gid eadh, ní hinbeiti muinigin a tochlugad na corp tuitmeach, óir tochluigid drong acu codlad nísa mo ná mur as éigin, & drong eile nísa luga, mur
4325] adubramar romainn don tshaethur; ar an adbur sin na cuirp measurda gnáthuigius follamnugad measurda sláinti, fédmaid a rád co mbí caindiacht an chodalta comthrom do chaindiacht an neam-chodalta nó a ngar dí.
4330] Tuillead: bíth a fhis agad an méid as domuin {MS P page 457} an codlad gurab í an méide sin is fearr [acute ], & is don chodlad nádúrda labramaid ann so. Item, as intuicthi nach imchubaid dona corpaibh measurda codlad & a meadón fútha, ar son co mbrúidthear a
4335]
muiníl & a ngaili, acht gé calmuiginn an bríg díleagthach anfhann & an díleagad. Tuillead: bíth a fhis agad nach dleagur codlad ar aen-mod ar an druim, óir ullmuigid sé droch-easláinti, mur atá, ingopus & apoplexia & sdupur. Agus
4340] is mór thshanntaigid na daíne égruaidi codlad ar an cor so, & co háirithi na daíne atá a ngaire do bás. Agus do-ní an codlad so na himurcacha
Tuillead: bíth a fhis agad gurab é as codlad nádúrda ann an codlad nach toirmiscinn éirgi sa ló, óir ullmuigid codlad an lae an corp chum na droch-easláinti adubrumar romainn; óir atá an
4350] lá solus fógramuil, & atá imchubaid175 chum saethuir & chum neam-chodalta. An oidchi, immorra, atá sí imchubaid chum an chodalta ar son gurab fuaire hí ná an lá do leith an chuirp & do leith an anma; más ead, as í an oidchi as imchubaid
4355] chum an chodalta & an lá chum an tshaethuir. Ar an adbur sin conclúidigthear gurab a n-aici na hoidchi as fearr mórán an bíd do chaithim, & co háirithi muna bia an oidchi ro-gearr, óir as fearr do-níthear an díleagad annsan oidchi ar son
4360] an chodalta & ar son fhuaire an aéir ná sa ló . Gidh eadh, an drong atá amuirseach ar an réma & ar easláintib na súl & na cédfad eile seachnuid supér. Et as intuicthi co deithideach ar coimlínad an chodalta an corp do glanad ó na
4365] himurcachaib imdaidius ann, & ní headh amáin lé fearad & lé fual acht lé neithibh eile, mur atá, cosachtach & seileagar & an ceann do chírad & an aigid & na lámha d'innlad lé huisgi mbog.
infra 204-5
Sicut accidencium anime correccio ad philosophum
4370] moralem pertinet ut anime bonis habitibus176 informentur & cetera: .i. mur beanus ceartugad aicídi na hanma risin feallsamnacht morálta innus co cruthóchaidi é a n-aibícib maithe, as mur sin beanus risin liaig an tshláinti do choiméd co
4375] himchubaid. Et an méid do modaibh ana claechluigthear an corp co héigintach, as í an méide sin atá do chinéluib ar a leigeas. Óir claechluigid aicídi na hanma ar cuirp-ne, ar an adbur sin do-gabur aen-chinél leigis & aen-regimen
4380] uatha, & is risin liaig beanus sin d'aithne. Agus as iat so na haicídi sin, .i. fearg & gairdeachus, eagla & dobrón, cumgach & náire.
Óir gluaistear an fhuil choilearda chum an chraidi a n-aimsir na feirgi ar son tochluigthi
4385] dásachtuigh an dígaltuis, & gabaid sé lasad chugi chum gluasachta dána, & leatar é nísa mó ná an chóir & do-níthear an corp co huilidi, & co háirithi na boill fhuirimeallacha, lé dásacht an teasa. Óir an uair gluaistear an teas & na spiraid chum
4390] na mball sin & chum an chraidi, do réir chonsiquens, ó mincacht an gluasta & ón tégad mór, tirmuigthear
4405] Ar an adbur sin an claechlód do-ní an fhearg annsa chorp daena, ní himchubaid a regimen na sláinti é, óir buaidrid an fhearg gnímartha an résúin uile. Más ead, seachaintear adbur na feirgi acht an méid fhuráilius an résún é a cúisib toileamla; óir as imchubaid fearg do dénum co
4410] minic a cúisib sochraidi & ceadaigtheacha, gincob imchubaid a regimen na sláinti hí.
Et bíth a fhis agad gurab imchubaid fearg co gnáthach dona daínib bís fuar neam-chumachtach
4415] chum na coimriachtana. Et atá cuid eile dona heasláintib darab leigeas imchubaid fearg mur innisis Hali, ac dénam gluasa ar Tegni, co roib diúic gá leigeas ag liaig éigin ara roib sdupur, &
An gairdeachus, immorra, leathnuidthear an craidi & an teas nádúrda & na spiraid uada, innus gurab beac nach curthar an teas & na spiraid chum na mball fuirimeallach; óir as é an craidi as acfainnigi
4425] dona ballaib a' tidnacad neith, & co háirithi d'orgánuib an mothuigthi & an gluaisti, dá n-ullmugad & dá síneadh chum fuirme an neith toltanuig theagmus dóib, innus co mbí sé féin folam ó theas acht má beacán. Agus adearar co
4430] mbíd na boill inmeadónacha gan teas, & na boill fhuirimeallacha maille ré teas measurda, a n-aimsir an gairdeachuis; & as fírinneach co ndísgaíltear mórán spirad ón chorp co huilidi a n-aimsir an gairdeachuis; óir an méid bís an gairdeachus
4435] ainmeasurda, as í an méide sin bís an dísgaílead ainmeasurda; óir gach treisi dá mbia an gairdeachus as treisidi leathnuigthear na horgáin & na boill, & ar leathnugad & ar n-osgailt na mball innarbthur an spirad co hurusa.
4440] Et as cúis d'anfhainniugad na mbríg an gairdeachus fada, óir dá mbia sé ainmeasurda fétur an craidi d'fhuarad ó oslugad an gairdeachuis, & singcoipis nó bás do thogairm an tan sin; óir an uair fholmuigthear an craidi ó na spiradaibh
4445] & ón teas nádúrda, cúisigthear singcoipis ó thruailliugad coimplexa & comshuigigthi nádúrda an chraidi, & as éigintach galur do geineamain
Et as imchubaid an gairdeachus gu mór a coiméd
4465] na sláinti an méid is measurda é, óir an drong tarraingthear a n-imshním & a smuaintigthib, as í an méide sin tarraingthir a ndobrón & a cumgach iat. Et an drong atá a ngairdeachus ainmeasurda do gnáth as imchubaid dobrón co gnáthach dóib.
4470] Annsan eagla, immorra, gluaistear an teas & na spiraid ó na ballaib fuirimeallacha chum na mball inmeadónach, & is beac gluaistear é annsa dobrón; {MS P page 459}gid eadh, gluaistear an spirad & an teas ón chumgach & ón náire ar dá modaibh, .i. uair co fuirimillach
Et as mur an cédna do-ní an dobrón. Óir fuaraid & tirmuigid nádúir na corp, ar an adbur sin cúisigid sé truaigi & tearcacht na corp, & fáisgid an craidi, & teimligid an spirad, & anfhainnigid
4495] an t-inntleacht, & toirmiscid an résún, & dorchaigid an breithimnus, & dearmadaigid an chuimne; ar an adbur sin as intseachanta uibiacht an dobróin, acht an méid fhuráilius an résún é, do sheachna na locht & d' athnuaigigid deadh-maise na meanman.
4500] Et atá drong dona daínib agá fuilid spirada teasaidi so-gluaisti; ar an adbur sin atáit siat méith feólmur & as maith dóib dobrón do
4505] Tuillead, adeirim co fuarann an eagla atá ar láthair nó atá chuguinn an corp, & co háirithi na boill fhuirimeallacha, óir tarraingthear an teas ó na ballaib fuirimeallacha chum na mball inmeadónach, & ní chum an chraidi gluaistear an teas acht
4510] chum na mball eile; óir gluaistear teas an chraidi chum na n-inneadh ar son easbaid ímáidi na spirad annsa chraidi & ar son tochluigthi an teithti, óir ní háil leó teagmáil d'adbur an uilc ar aen-mod; ar an adbur sin doimnigid an teas & na spiraid
4515] iat féin annsna ballaib, innus nach éidir leó iat féin d'ullmugad ná d'innordugad chum gluasachta, céimnigthi ná oslaigthi do theagmáil do ní aduathmur.
Ar an adbur sin beirid an feallsam fiadnuise
4520] a Leabur na Résún co lacthur an brú nó co togairmthear flux leannann chum na n-inneadh ar son cumgaid coiméignigthi an teasa & na spirad ón eagla annsna hinaduib sin; & cúisigid rith na spirad chum na mball sin reime & tromdacht
4525] inntu, óir cúisigthear fuaraideacht an chraidi & an chuirp co huilidi ón chumgach cúisigius an eagla, & ar son a laigid geintear teas & spirad ann ar son na fuaraideachta óir cúisigid an fhuaraideacht tromdacht annsa spirad agá téchtad.
Tuillead: an méid fhuarthur an craidi do
4530] résún na heagla, nó dona daínib atá arna
Et ní hiad amáin na haicídi adubrumar romainn connaimthear do leith na bríge tochluigthi, mur
4540] atá, irasibilis & concupisibilis, óir claechluigid sin ar cuirp. Gid eadh, na hímáidi so connuimthear do leith na bríge inntshamluigthi inmeadónaide claechluigthear ar cuirp uaithi, mur do-chíamaid gu follus co ngluaistear an fhuil ó fhaicsin nó ó
4545] ímáigiugad na réd ndearg; & mur an cédna geintear teinneas a neach éigin ó smuainead an {MS P page 460} teinnis atá ar a chompánach.
Agus mur adubrumar gurab intseachanta imurcaid d'aicídib na hanma, as ar an mod sin
4550] tuigmid gurab intseachanta an mian nó an t-ímáigiugad do-gabur uatha; óir ní himchubaid aen-uibiacht égcudruma do ímáigiugad a regimen na sláinti, óir gluaistear an spirad do gluasacht anorduigtheach óna leithéd sin d'ímáigiugad, &
4555] fácthur mod an díleagtha & toirmiscthear an codlad ón ímáigiugad sin. Agus is lór linn na neithe athchumaire so do rád d'aicídib na hanma.
infra 209-10
Ad sanitatis regimen perfectum oportet considerare diuersitatem temporum177 anni & cetera:
4560] .i. as éigin a thuicsin co fuilid aimseara na bliadna égsamail chum regimen fuirfe na sláinti; ar an adbur sin as intuctha ní éigin don aimsir mar do-bearar don aís & don choimplex. Óir ní haen-regimen co huilidi dleagur do thabairt a
4565] n-aimsearaib éxamla teasaidi & fuara na bliadna; et ní mí-résúnta gurab do réir éxamlachta aimsear na bliadna tuicthear éxamlacht an regimen.
Ar an adbur sin as intuicthi co fuilid ceathra haimseara annsa bliadain, mur atá, earrach &
4570] samrad, fodmur & geimread. Agus dealuigthear na ceathra haimseara so na bliadna do réir an asdrolaici, do réir gluasachta na gréine an gach aen-rann do spér na comarthad, ag tinnsgaint ó phongc spéire an earraig as céid-chéim d'Airies.
4575] Agus mairid gach aen-aimsear do réir na n-asdrolaici feadh trí mís & trí comartha, innus co mbít trí comartha annsna trí mí. Et is mur sin bít aimseara na bliadna comthrom, nó a ngar do chomthrom.
An liaig, immorra, ní thabair sé dá úig ag dénum
4580] disdingi idir na haimsearaib gluasacht na gréine
Et a ndiaig aimsiri an earraig tic an samrad, & is aimsear theasaidi thirim í. Agus is mór
4605] chomaentaidius an aimsear sin risin earrach; & bíth spás fada aici a régión, & a
régión ele spás gearr.
Et tic an fodmur ana diaid sin, atá contrárda
Ana diaid sin tinnsgnus an geimread. Agus is fuar fliuch é, & as é as tosach do deireadh an fhodmuir, an uair thuitid duilleabur na crann; & as é as deireadh dó tosach an earruig, an uair
4630] thinnsgnaid na crainn bláth do thabairt.
Et ar tuicsin na neithead so as intuicthi cad as regimen díleas don tshláinti an gach aimsir acu fá leith. Et tinnsgnum ar tús ón earrach. Agus adearmaid co cusmailtear an t-earrach
4635] risan easláinti do-níthear ó línad, óir atáit na cuirp línta annsan aimsir sin. Et conclúidigthtear as sin gurab imchubaide an aimsear sin chum
Agus teagmaid co minic a mbeith nísa teó &
4650] nísa flichi ná mur as emacr;igin a mbeith, óir claenuid sí chum teasaideachta & chum flichideachta; ar an adbur sin ní hingnáthuigthe neithe théigius & fhliuchus gu mór do thabairt innti, mur atá, biad & deoch, a n-aithfhégad na n-aimsear eile;
4655] ar an adbur sin as indénta an regimen do shéimiugad. Et ní rigid a leas na cuirp línta mórán bíd ná digi do chaithim. Et do réir mur atá an aimsear so measurda as saethur measurda dleagur do dénum innti; & dligid sé beith nísa
4660] mó ná saethur an tshamraid & nísa luga ná saethur an geimrid. Tuillead, óir tinnsgnuid an teas calmugad annsan aimsir so, & co mbuaidearthar an fhuil & na spiraid & an corp, más ead, as maith aibstinens do dénum ó na neithibh teasaidi &
4665] saillti & géra. Agus is maith siróipi múcus an
Et as inchomurthaid co fuil an corp slán & gan mórán línta do beith ann ón aimsir roime, an
4670] uair adeirim gurab éidir annsan aimsir so nísa mó do biad reamur do thabairt ná a taburthar annsa tshamrad, & nísa luga ná a taburthar annsa geimread; óir atá an bríg & an teas láidir annsan aimsir so, óir is mór an dísgaílead bís ó na corpaibh
4675] annsan aimsir sin ó láidireacht an teasa nádúrda & ó umlacht na corp do leith na flichideachta. Óir atáit na cuirp líntach annsan aimsir sin & atáit bríga láidiri acu, más ead, is maith beacán do chaithim ann. Ar an adbur sin dom thuicsin,
4680] as maith d'orduig an Eagluis tréigeanus do dénum annsan aimsir sin, acht muna lína duine é féin aenfheacht gach lae, mur do-níd lucht an tréigeanuis; óir do bud fearr an biad do roinn an tan sin ná mórán do chaithim aenfheacht.
4685] Annsa tsamrad, immorra, innarbthur an fuacht & tinnsgnuid an teas & téigthear na gaetha & tirmuigthear na cuirp; ar an adbur sin déntur aipstinens ó na neithibh teasaidi millsi olamla saillti, & mur on cédna ó na neithibh líntacha
4690] thshásaigeas co luath, óir atá an teas nádúrda anfann a n-inaduib an díleagtha an tan sin. Et bíth a n-arán do chruithneacht glain & bíth a ndeoch anfhann do réir bríge mínidius an tart
4700] Et fliuchthar cumdaigi na teag a huisgidib glana aenda, nó lé haigéid nó lé duilleabur crann fuar arna córugud ar fhud an tigi, mur atá, duilleabur saileach & a cusmaile, & curthar soitheach lán d'uisgi a cúluib na seómrad annsan aimsir
4705] sin. Seachnuid siat séideadh na ngaeth fuar & {MS P page 462} seachnuid cuisle & coimriachtain & leigeas laccthach & saethur & tréigeanus mór, & gach uile ní théigius & tirmuigius.
Annsan fhodmur, immorra, as mór dligmid beith
4710] deithideach ag tabairt regimen maith; óir ní fhuilngid na cuirp, ar son mailísi coimplexa na haimsiri so & ar son anfainne na mbríg, seachrán do dénam annsa regimen; & ní liginn gnáthugud dona biaduib oilius co maith, gid eadh, ní liginn
4715] an diet inmolta do tharcaisniugad. Et atá an aimsear so tirim co mór & bít na cuirp teasaidi; ar an adbur sin dligmid ar n-indtinn uile do beith a fliuchad na corp & a calmugad na mbríg. Más ead, as intseachanta annsan aimsir so gach
4720] uile ní thirmuigius an corp & anfhainnidius an bríg; más ead, seachaintear an choimriachtain,
Tuillead: dleagur tart & gorta do sheachna an aimsear sin, & ná líntur an brú a n-aenfheacht innti. Et bíth an fín uisgimail co hinmeadónach.
4730] Agus is cusmail regimen an fhodmuir ré regimen an tsamraid a mórán d'inaduib, nó co tí fearthain annsa fodmur; & an uair tic, as mór an t-innillius do-ní sí ó mórán d'easláintib. Gid eadh, is mó dligmid beith deithideach a ceartugad & a comfhurtacht
4735] na leannann annsan aimsir so ná a folmugad. Et seachaintear na tortha annsan fhodmur, óir geinid siat leanna atá ullam chum morgaid; ar an adbur sin cusmailtear an aimsear so ré galar do-níthear ó thruailliugad.
4740] Tuillead: as mór as intseachanta fuacht na hoidchi & teas an lae annsan aimsir so. Óir is ro-urchóideach easláinti na haimsiri so, et dá teagmad easláinti do neach annsan aimsir so, freagurthur ana tosach í, sul daingnidius sí. Et
4745] dá faicim na leanna ar peacugad, folmuigthear iat sul tí an geimread, innus nach daingnigthi iat ó fhuacht an geimrid & co mbeith sí ó hoin amach 'na cúis do mórán d'easláintib eile.
Annsa geimrid, immorra, fédmaid mórán do
Tuillead: is mó dleagur saethur do dénam annsan aimsir so ná a n-aimsearaib eile na bliadna,
4770] & is mór atá coiméd na sláinti annsan aimsir so, ar an adbur sin ní bí neach easlán ann acht ó chúis móir láidir & ó sheachrán mór annsa regimen.
Óir imdaidthear linn finn annsna corpaibh isin aimsir so, ar an adbur sin is maith gan na praiseacha
4775] náid na tortha lé n-oiltear na daíne do beith fuar fliuch; ar an adbur sin as intseachanta an phraiseach do-níthear do lactuca & d'atriplex & dá
Quia sermones uniuersales in operacionibus sunt inutiles nisi applicentur ad particularia: .i. is mí-tharbach comráiti uilidi acht muna ceangailtear iat dona neithib rannaidhi ana n-oibrigthib.
4795] Ó do luaideamur don taeb thuas dín dona hoileamnaib a coitchinne laibeórmaid ann so co speitsialta díb. Et ar tús dona biaduib, & an dara huair dona deochaib nádúrda & ealadnacha. An
Bíth a fhis agad co ndéntur an t-arán don
4810] chruithneacht & don choirci & don eórna & don tsheagal & don milium & do rais. Agus ní díb so amáin do-níthear an t-arán acht dá gach ní dá ndéntur panisium. Et as ead as panicium ann, .i. grán beirbthear a n-uisgi nó co mbí sé
4815] daingin a cusmailius aráin; & an uair beirbthear an grán sin ar uisgi co fuirbthi, nó co mbí sé tiug, & cumuiscthear co maith ré huisgi é & curthar ainnséin ar miasaib nó ar saltaraib nó gu fuara, & as cusmail ré harán é an tan sin & fédtur a
4820] gearrad mur do-níthear arán. Et as imchubaidi & as fearr do-níthear so dona gránuib beaca ná dona gránuib móra, mur atá millium & ris , óir is foirbthi cumuiscthear iat ré huisgi arna mbearbad. Et ní mór gnáthuigthear panicium, & co háirithi
4825] a coiméd na sláinti, ar son easbaid an tshalainn & an laibén; más ead, ligim torum é.
infra 219-20
An chruithneacht, immorra, beirbthear a n-uisgi, ní mór as imchubaid í a coiméd na sláinti, óir imdaigid dúinti & béisti. Et tuicthear a
4830] chusmailius sin dá gach uile phastae shlim dá ndéntur biad; óir is mall díleagthur an t-arán slim, & is oileamain reamur rigin do-beir sé uaid, & togairmid sé cuirineach na bronn, & imdaigid sé gaethmuireacht isna hinnib. Et más imchubaid
4835] d'aen-droing é as don droing do-ní saethur láidir & agá mbít cuirp láidiri as imchubaidi é.
Et as é an t-amidum as fearr & as édruma díb, ar son tirmacht na cruithneachta & ar son fuirbtheachta díleagtha a fhlichideachta. Agus is
4840] mór oilius sé , & is deacair a dísgaílead, & is don droing shaethruigius co mór is luga urchóididius, óir ní himchubaid don droing agá mbít cuirp measurda ar aen-mod é. Et dá teagmad co gnáthóchaidi cruithneacht do chaithim, beirbthear
4845] an chruithneacht a n-uisgi ar tús, & 'na diaid sin caitear lé heanbruithi feóla inmolta nó lé bainne almont, & is biad imchubaid sin ar mod éigin do lucht an tréiginuis, óir is mall claechluigthear é, & arna díleagad as mór oilius.
4850] Et fédtur mur an cédna na biada do dénum don eórna & don choirci, & is mó as imchubaid mur biad iat ná an biad do-níthear don chruithneacht. Et ní molaim an biad do-níthear do phanicium ná do milium, óit is beac oilid & is
4855] deacair a ndíleagad, & geinid linn dub, óir atáit
Et an uair do-níthear biad eile dona gránaib sin as éigin a croicinn do buain díb; & is fearr
4860] oilid siat an tan sin ná mur adubrumar romainn. Agus dá caitear maille ré feóil méith nó maille ré heanbruithi méith iat, as mór ceartaigthear a fuaraideacht & a tirmaideacht.
Et as é an t-arán do-níthear don chruithneacht
4865] as mó atá inmolta díb, & 'na diaid sin an t-arán eórna, & na diaid sin an coirci. Et ní moluim an t-arán do-níthear dona gránuib eile a coiméd na sláinti.
Agus seachaintear na gráin adubrumar do
4870] thruailliugad ó arsaideacht. Et ní dliginn an chruithneacht beith arsaid, ná beith anabaid, ná ro-nuad, ná arna timurgad ó droch-buain; acht dligid grán na cruithneachta beith reamur trom a' claenad chum deirgi. Agus dleagur cainndiacht
4875] measurda thshalainn & uisgi do chur air innus nach beith sé ro-bog ná ro-thirim ná ro-chruaid; & dleagur lauén do chur ann, innus comad usaidi a díleagad & comad lugaidi do geinfidi dúinti & péiste & clocha annsna dubánuib & annsa lamannán.
4880] Et ní dliginn sé beith te ná cruaid ó arsaideacht, & beirbthear an céd-lá é. Et tabair dot aire gu mór ná bía an teine lé mbeirbthear an t-arán ro-láidir ná ro-égruaid, & co mbía sí do chonnad imchubaid gan beith morguigthi. Agus mad
Tuillead, bíth a fhis agat gurab fearr & gurab
4890] luaithi oilius an taes ná mur do-ní an crúsda fuirimillach, óir geinid an crúsda linn dub; & ní mór as imchubaid dona daínib slána é, acht don droing agá mbít gailidi fliucha & lérb áil dol a truaigi; & as a ndeireadh na coda as mó as
4895] imchubaid é, & do-beir sé furtacht chum an bíd do thuitim a n-íchtar an gaili, & comfhurtachtaigid bél an ghaili. Agus is lór linn a ndubramar dona gránaib & don arán & do phanisium.
4900] Consequenter de leguminibus sunt alica breuia disenda .i. ó dubrumar ní don taeb thuas dín do na gránuib, adéram neithe éigin athchumaire do na potáitsib ana ndiaid. Agus na potáitsi gnáthuigthear atáit cúig gnéithe orra .i. gné do-níthear do
4905] shisera & gné do phónuire & gné do-níthear do robus & gné do-níthear do lentes & gné do-níthear
Et atá substaint gach uili photáitse gaethmur
4910] dodíleagtha, & as linn dub geinius; ar an adbur sin ní himchubaid iat do na corpaibh measurda, an feadh mairid siat a leithid na sláinti. Et as intseachanta na potáitsi, gid eadh, an t-uisgi ana mbeirbthear iat lagaid an brú & togairmid an
4915] fual & oslaigid dúinti na cuisleann; ar an adbur sin as imchubaid gu lór an ní ana mbeirbthear iat annsna haimsearaib a ngnáthuigthear biada reamra ó ndéntur dúinti, mur atá, aimsear an tréigeanuis. Et an uair do-níthear an t-eanbruithi
4920] sin co himchubaid, mur theigeósgmaid a cédóir, as luga d'urchóid atá ann ná annsa substaint; óir ní fhuil gaethmuireacht ná docomlacht díleagtha, ná mailís oileamna innta.
Et is mur so do-níthear an t-eanbruithi sin .i.
4925] curthar sisera nó pis a n-uisgi fhiuchach feadh oidchi & coimeltear lé lámuib iat aimsear fhada ainnséin; tempearáiltear iat annsan uisgi chédna feadh oidchi, et arna bárach leagar fiuchad fá dó nó fá thrí dóib; & sgagthar ainnséin & coimédtur.
4930] Et ullmuigthear é a fogus don chuid maille ré {MS P page 465} cainél & ré spica nardi & ré seinsér & ré cróch & beacán fína do chur ana cheann; & leagur fiuchad láidir dó ainnséin & taburthar a tosach na coda. Et oslaigid an t-eanbruithi sin na cuisleanna ré
Et as é eanbruithi siser & na pisi cruinne gile as fearr & as imchubaidi & as cairdeamla don
4940] nádúir díb, & as fearr a substaint ná substaint na potáitsi eile nó a n-eanbruithi. Et as í potáitsi an phónuire is measa díb, & co háirithi an uair beas maille réna chroicinn; óir as í is mó geinius gaethmuireacht & is deacra do díleagad & is mó
4945] méduigius linn dub.
Et as inchomurthuig co deithideach gurab measa oilius an croicinn fuirimeallach & gurab deacra a díleagad ná an t-eitne. Item cumgaigid croicinn an phónuire an brú & lagaid an t-eitne, & atá so
4950] gu fírinneach an gach aen-photáitsi: gid eadh, ní hinchaithme iat ar aen-shligi ar son an chumuisc ealadnaig atá orra, óir lagaid cuid acu & fostaigid an chuid eile; & is mur sin cúisigthear gluasacht suinneánach sa chorp uatha. Et atá so fírinneach
4955] ag labairt co speitsialta do na potáitsib ara fuil mórán dá croicinn fhuirimeallach, mur atá, pónaire & cicera móra. Et as cúis do na cúisib fá n-abur an phis chruinn geal do chaithim, ro-shéime a croicinn; ar an adbur sin fédaidh neach a caithim
4960] co hinnil maille réna croicinn, acht gé fearr í arna glanad óna croicinn.
Et na potáitsi do-níthear do na gránuib nuada
{MS P page 466}Et adeirim co fírinneach ar an adbur sin gurab
4975] imchubaidi na potáitsi tirma an uair glantur óna croicnib fuirimeallacha iat náid na potáitsi nuada nach glantur. Agus as fearr na potáitsi nuada nach glantur óna croicinn náid na potáitsi arsaidi nach glantur. Más ead, as maith na potáitsi
4980] glasa, an uair beirbthear iat air eanbruithi feólann inmolta nó maille ré bainne almont, ar cur sheinnséir gil & cróich orra. Et dá teagma na potáitsi tirma do chaithim, & gan a mbearbad air eanbruithi feóla, as maith uinneaman geal do gearrad co
4985] min & an potáitse do phriamacr;il maille ris & ré holaid na holiua & a caithim. Et is inchomurthaig co deithideach dá teagmad co caithfidi na potáitsi maille ris na biaduib eile, & cicera co háirithi, gan a caithim a tosach na coda; óir do thógfaidis
4990] siat léna ngaethmuireacht na biada eile chum béil an ghaili lé toirmeósgaidi an díleagad.
infra 225-6
Tuillead, ní hinchumuiscthi na potáitsi maille réna croicinn fuirimeallach risna biaduib eile, óir dá caitear roim na biaduib nó tair és na mbiad
4995] iat, mairid annsa ghaili maille ré mailís; & dá caitear a meadón na coda iat is amlaid as usa a cumusc risna biaduib eile, óir ceartaigthear a mailís ón chumusc sin: más ead, nárab í an photáitsi bus céid-meas ná bus meas déiginach
5000] ar an mbord, acht dá caitear í a caithim a meadón na coda, óir is ann bus fearr a cumusc. Tuillead, bíth a fhis agad dá caitear na potáitsi a ndiaid na mbiad ele co treóruigid siat droch-aislingthi melancolica; ar an adbur sin ná caitear fá deóid
5005] iat. Et ó tá an díleagad gá dénam annsa gaile tré shligi fiuchtha, dá caitear na potáitsi a meadón na coda as urusa a cumusc ris na biaduib, & ceartaigthear a mailís.
Agus is lór linn na neithe athchumaire sin do na
5010] potáitsib.
{MS P page 381}Sciendum quod quamuis fructuus in uia nutrimenti non competunt in sanitatis regimine .i. as intuicthi gingub imchubaid na tortha a sligid oileamna a coiméd na sláinti ar son gan a mbeith
5020] Et atáit cúig tharbachta fánab imchubaid na tortha a rém-choiméd regimen na sláinti: an chéd-tarbacht díb, mínigid siat linn ruad; an dara tarbacht, múcuid siat ainteas fola deirgi; an treas tarbacht, fliuchaid siat na cuirp & fuaraid.
5025] Agus is iat so na tortha ordaigthear chugi sin .i. na tortha fuara fliucha, & co háirigthi an uair bít siat nua, mar atáit na tortha so .i. áirnida & persica & fígida & caera & melones, cucumeris & sitruilli. Agus mad áil linn ainnteas fola deirgi
5030] do míniugad a rannaibh an ochta & na mball spiradálta gnáthuigim do na neithib so adubramar romainn, mur atá, cucumer & melones do chaithim a ndiaid bíd; & mur an cédna gnáthuigim na neithe sin an uair beas ainnteas annsan
5035] ucht & annsan inchinn ó biad éigin do chaitheam, mur atáit, biada rósdaigthi nó priáilti ó cúisigthear an t-ainnteas adubramar co minic.
Et mad áil linn ruad atá annsna cuisleannaib do chlaechlód, & ainnteas fola deirgi atá annsna
5040] haeib & annsa sheilg & annsna ballaib ele do míniugad, caitear na tortha adubramar an tan sin roim biad; & ibthear uisgi fuar innus comad luaithidi
Et is mó atáit na tortha sin imchubaid a n-aimsir samraid & fodmuir ná isna haimsearaib eile: óir is mó bít na cuirp annsan aimsir sin tirim & is mó gabuid lasad chucu & is mó imdaigid
5050] leanna coilearda innta ná isna haimsearaib ele. Agus mur an cédna is imchubaidi na tortha sin adubramar do lucht leanna ruaid & fola deirgi & do na daínib óga ná do na haesaib ele & do na coimplexaib ele.
5055] Et as inchomurthaig co deithideach gurab deacair melones & sitruilli & cucumeres do díleagad; & an linn geintear uatha bíth sé ullam chum murgaid & geintear fiabrais rigne uatha. Et gid eadh, báigid siat an tart, & mínigid an t-ainnteas,
5060] & comfhurtachtaigid an gaile, & lagaid an brú, & togairmid an fual, & brisid na clocha arna caithim maille ré síltaib; & as fearr cucumer ná melones & sitruilli.
Gid eadh, as intuctha d'aire nach beid na tortha
5065] adubramar anabaid ná arsaid; & as inchoiméda an cuingill so an gach aen-torad. Agus an uair ticid siat chum beith abuid co fuirfe, dubaid ar na crannaib & ithid na damáin allaid iat. Et ní himchubaid a ngnáthugad so ar aen-mod, óir
5070] ullmuigid siat na leanna chum morgaid, & imdaigid
An dara tarba fá ngnáthuigid na daíne na tortha do chaithim, ar son na bronn do lagad. Agus atáit drong co nádúrda do na daínib bís
5085] stupáilti do gnáth nísa mó ná mur reagur a leas; & rigid a leas in drong sin tortha lagus an brú do chaithim. Et is iat so na tortha sin .i. caera & áirneadha & sméra drisi & seiríne aipchi & persica boga. Ar an adbur sin as ingnáthuigthe na tortha
5090] adubramar roim biad; & ní hinchaiti biad ele 'na ndiaid, ach as inanta spás ana ndiaid, ag ól eanbruithe nó fína uisgeamail nó uisgi fhuair, óir adearait drong gurab imchubaid na neithi sin adubramar do lucht leanna ruaid & don droing
5095] aitreabus a régión ro-theasaidi & do na daínib óga & a n-aimsir theasaidi; & is fearr eanbruithi feóla inmolta d'ól in tan sin nó fín milis uisgeamail ná in t-uisgi.
infra 229-30
Et as intuicthi co maith co fuilid trí moda ar
5100] na caeraib .i. caera ainaipchi, & is díb do-níthear agresta; & caera aipchi glasa nuada, & is eistib beantur an fín; & caera tirma ré n-abur uua passa.
Na céd-chaera adubrumar, ní lagaid an brú
5105] acht is mó fhostaigid, & togairmid an tochlugad cúisigthear ó linn ruad neam-glan, & innfhuaraid ainnteas in gaile, & is mór fhodnaid siat annsa flux bronn do-níthear ó linn ruad.
Gid eadh, na caera aipchi, & co háirigthi na caera
5110] geala nuada gan sgealla nó gan eitnida & gan croicinn, lagaid an brú; & is iat is mó & is fearr oilius, óir oilid mur do-níd na fígid . Gid eadh, geinid siat gaethmuireacht & teinneas bronn; & dá curthar lá nó dá lá a fiadnuise gréine iat is feirrdi
5115] oilid siat & is lugaidi lagaid ná geinid gaethmuireacht. Gid eadh, an drong gá mbit gailidi lána do biad, & iat neam-glan lán do droch-leannuib, ní dligid siat ar aen-mod caera do chaithim & co háirigthi an uair bít nua gan sgealla; óir is luath
5120] truailltear iat annsa gaili neam-glan, & díleagthur iat a cédóir annsa gaile lán do biad; & an uair nach éidir leó an gaili d'fhágbáil tar éis a ndíleagtha, & an biad ele gan beith díleagtha, truailligthear iat an tan sin & truaillid sin an biad ele; & tuicthear
5125] a chusmailius sin do na torthaib laccthacha ele. Agus mad áil lé neach na caera glasa nuada do
Et is mó claenuid uua passa chum teasaideachta
5130] ná chum fuaraideachta, & comfhurtaigid an gaili & méithigid na hae, & co háirigthi an uair glantur iat óna sgeallaib.
Et as inchomurthaig co deithideach co fhuilid gnéithe imda ar na fígeaduib; gid eadh, atáit
5135] siat uile teasaidi fliuchaidi annsa chéid-chéim. Agus is iat na fígid geala is fearr díb ar son shéime a substainti & measurdacht a teasaideachta; gid eadh, is urusa a truailliugad & atáit uili gaethmur & geinit míla. Et is tarbach don ucht
5140] iat & do chruatan na n-árann. Agus gach méid dá mbeid siat as í in méide sin is inmolta iat, óir foillsigid sin gur ligidar mórán dá ngaethmuireacht uatha & geinid fuil maith. Agus dá caitear iat a tosach in mís do lagad na bronn, & dá mbeid
5145] siat nua nó dá mbeid tirim, ibthear eanbruithi nó fín leó, & co háirigthi ibit in drong agá mbíd ae fuara sin leó; gid eadh, in drong agá mbíd teasaidi as innile dóib uisgi fuar d'ól leó, & ní do thogairm an fhluxa sin.
5150] Agus bíth a fhis agad nach laguid na sméra {MS P page 383} anaipchi an brú ach is mó fhostaigid í, óir atá
Do na háirneadaib, immorra, bíth a fhis agad co ngnáthuigthear iat abuid & anabaid. Na háirnidi aipchi, immorra, is iat is mó is imchubaid díb, & a mbeith a fuirm fhada & iat féin mór &
5165] beacán feóla orra & iat cruaid a' claenad chum stipeacdachta & croicinn tana orra. Agus ní dligid blas milis co fírinneach do beith orra acht blas milis a' claenad chum géiri; & is mur sin atáit áirnidi Damasena. Et fliuchaid & fuaraid
5170] na háirnidhi; ar an adbur sin is imchubaid iat do lucht na fiabras, & lagaid an brú mur adubramar.
Et atáit mórán do gnéithib ele ar na háirnidhib & ní moluim a ngnáthugad: óir atá gné beac fhiadánta díb ré n-abur prunella, & atáit siat beac
5175] cruinn & fásaid ar na claidib & ní lagaid siat an brú acht is mó fhostaigid, & is díb do-níthear acasia fhostaidius an brú.
Et dligid na háirneadha caitear do lagad na bronn a chur a n-uisgi fuar ar tús fead uaire: &
Et bíth a fhis agad co deithideach gurab iat na
5185] háirneada fliucha nuada is mó fholmuigius linn ruad, acht gid iat is measa oilius & is mó imurcacha. Gid ead, is mó chomfhurtachtuigid na háirneadha tirma & is fearr oilid an corp.
Agus mur tuicthear do na háirneaduib tuicthear
5190] a chusmailius sin do na seirínib. Agus bíth a fhis agat gurab luga do fhlichideacht atá annsna seirínib ná annsna áirnidhib & gurab séime & gurab luga is rigin iat; ar an adbur sin is luga oilid siat ná oilid na háirnidhi.
5195] Óir geinit siat leanna so-morguigthi & comfhurtachtaigid in tochlugad & ní dleagur a caithim tair és bíd, óir do thruaillfidis siat an biad, acht caitear iat roim in mbiad mur do-níthear na háirnidi; óir díleagaid siat 180 co maith in tan
5200] sin, & comfhurtachtaigid an gaili te coilearda gá fhuarad & gá fhliuchad. Agus is maith a mboltanugad a n-aigid cardiaca pasio, et comfhurtachtaigid siat an craidi co mór. Agus atá dísleacht chumachtach
Agus dá mbia gaile fuar nó anfann nó lán do droch-leannuib ag neach, & persica do chaithim ar céd-longad, furtachtaigid co mór iat; & is maith sein-fhín deadh-balaid d'ól mailli riú
5210] innus comad usaidi na leanna do díleagad é, & do cheartugad mailísi in phersica, & co háirigthi dá mbeid siat cruaid.
Agus bíth a fhis agad co laguid na persica aipchi an brú; & an uair bít anabaid co fostaigid.
5215] Et is intuicthi an gach uile thorad nach dleagur tortha éxamla do chaithim a n-aenfheacht: ar an adbur sin an drong caithius fígid ní dligid siat caera na fineamna do chaithim, & mur sin do na torthaib ele. Et mur dleagur na biada & na deocha
5220] éxamla do sheachna a regimen na sláinti is mur sin & nísa mó dleagur na tortha éxamla do sheachna.
Agus is mur sin is follus an dara tarba ar son a ngnáthuigthear na tortha do chaithim a regimen na sláinti, & mod a ngnáthuigthe.
5225] An treas tarba ar son a ngnáthuigid na daíne na tortha do chaithim a coiméd na sláinti: & is tarba díb an brú d'fhostóg. Agus atá cuid do na {MS P page 384} daínib agá mbí brú laccthach co nádúrda nó co haicídeach nísa mó ná mur reagur a leas; &
5230] dligid so tortha fhostuigius an brú do gnáthugad, mur atáit, oráitsi & péirida & ubla & mespila &
5245] Et is iat na horáitsi is mó is inmolta díb, óir atáit siat deadh-balaid do leith a stipeacdachta & a poinnticdachta, ar an adbur sin comfhurtachtaigid siat an gaili & an craidi co mór; ar an adbur sin is mór is imchubaid iat do thogairm in tochluigthi
5250] truailltear ó linn ruad neam-glan. Et is maith a folach a stufaib & a mbearbad a luaith té; & an uair glantar iat óna n-imurcachaib curthar a fín maith deadh-balaid iat, & is ar an mod so is mó oilid siat & is luga thromuigid an
5255] gaili & is luaithi díleagthur; & is ar an mod sin dleagur a tabairt do na daínib agá mbít gailidi anfhanna.
Et is mór atáit na horáitsi oma stipeacda & is
Agus gach foicsi do deadh-balad & do shubstaint & do blas & do dath na n-oráitsi beid, as í in méide sin bus imchubaíd don gaili iat,181 [...] & do cheangal na bronn an uair caitear iat roim in mbiad & do
5265] lagad na bronn an uair caitear iat & i ndiaid in bíd. Et a chontrárda so atá ag na péiridaibh millsi agá fuil substaint bog; & beirbthear iat mur do-níthear na horaítsi.
Et bíth a fhis agad co deithideach an uair
5270] caitear péireadha nó oráitsi ar céd-longad gurab cúis láidir do cholica iat. Et dá teagmad co caithfide iat ar céd-longad a n-aen-chúis, ibthear fín arsaid deadh-balaid a caindiacht big ana ndiaid, mur adubrumar romainn do na
5275] péireadhaib.
Bíth a fhis agat co fétar na hubla do chaithim roim biad & 'na diaid; & is mo atáit siat imchubaid
Na hubla deadh-balaid, immorra, comfhurtachtaigit siat an craidi & an inchinn & atá dísleacht
5285] acu do chomfhurtacht na mball spiradálta dá mbeid siat ainmeasurda a teasaideacht; & as do na hubluib poinnteaca aigéidigthi tuicthir sin. Gid eadh, ní himchubaid na hubla millsi do na corpaibh coilearda, óir inntaigthear iat a linn ruad
5290]
co hurusa.
Et bíth a fhis agat co fuil droch-dísleacht ag na hublaib a' geineamain gaethmuireachta annsa dara díleagad & annsa treas díleagad; ar an adbur sin adearuid na heagnuidi co ngeinit na hubla
5295] eitic, óir in gaethmuireacht tic uatha atá droch-dísleacht aici do thirmugad airteireadh in sgamáin.
Agus bíth a fhis agad gurab iat is animchubaidi do na torthaib adubramar romainn, & foillsigid poinnteacacht a mblasa & cruas a substainti sin.
5300] Et is luga dleagur do chaithim díb so ná do na torthuib adubramar romainn; & is mó dleagur a
Et is mur sin is follus an treas tarba fá ngnáthuigid na daíne cuid do na torthuib a leithid coiméda na sláinti.
5310] An ceathramad tarba fá ngnáthuigid na daíne na tortha a leithid coiméda na sláinti, do-gabur í ó dlúthugad an bíd ó bél an gaili chum a íchtair. Et atáit cuid do na torthuib do-ní an fásgad sin óna poinnticacht & óna stipeacdacht, & do labramar
5315] díb sin co lór. Agus atáit cuid eile do na torthuib ó ndéntur in dlúthugad sin do leith truime & reime a substainti, mur atáit, cnó & castanea & a cusmaile. Óir ní fhuil stipeacdacht ná poinnticacht ag in dá thorad so lé ndingeandais an dlúthugad sin, &
5320] ní fhuilid deadh-balaid chum comfhurtachta béil an gaili; gid eadh, dlúthuigid siat an biad do leith a substainti & do leith a truma. Et ní mór is imchubaid na tortha so do na daínib slána, óir anfuinnigid siat an gaili tré deacracht a ndíleagtha, &
5325] ní fhuil millseacht acu ré furbaíltiginn an gaili ná stipeacdacht ó calmuigthear é; ar an adbur sin is mór is intseachanta na cnó glasa fliucha, ach gé
dlúthuigid siat an biad ó uachtur co híchtar an gaili.
5330] Castanea, immorra, as deacair a ndíleagad &
Et is iat na cnó tirma is luga urchóidigius do na cnoib. Et dá mbeantur a croicinn díb gabaid chucu méid éigin stipeacachta & millseachta ó calmuigthear & ó comfhurtachtaidthear an gaili,
5340] mur do-ní in castanea arna róstad; más ead, is arna n-ullmugad mur sin is imchubaid iat, & tar éis bíd.
Item, is intuicthi gurab measa na cnó móra tirma náid na cnó Gaídilacha, óir is mó atáit siat
5345] olamuil náid na cnó Gaídilacha; ar an adbur sin inntaigthear a linn ruad co luath iat; & cúisigid teinneas cinn & buaidrid na súile & geinit uertigo, & co háirigthi an uair caitear iat tar éis bíd; et treóruigid siat parilis na teangad & togairmid an
5350] sgeathrach; & an drong gá mbít gailidi coilearda dligid siat na cnó tirma do sheachna. Agus gach arsuideacht dá mbeid is misti iat; & gach nuaidi dá mbeid is feirrdi iat, óir ní fhuil in méide so d'olamlacht inntu innus co ngeinfidis siat
5355] teinneas cinn ná uertigo & a cusmaile, mur do-nít na cnó tirma. Et do réir na flichideachta sleimne atá innta, lagaid an brú; & dá mbeantur a croicinn díb & a caithim d'éis bíd dlúthuigid an biad a n-íchtar an ghaili. Et dá caitear tirim
Agus as mur sin is follus gurab imchubaidi na cnó úra do na corpaibh slána náid na cnó tirma; & a chontrárda sin do na cnoib Gaídilacha, óir is
5365] fearr iat an uair bít tirim na úr.
Na halmoint millsi, immorra, atáit siat inmeadónach idir na cnoib beaca & na cnó móra; gid eadh, is fearr oilid siat & is imchubaidi don gaili iat náid na cnó ele; & is í mo dóich gurab
5370] fearr úr iat mur biad ná tirim arsaid, óir atá olamlacht innta tirim lé ndénuit siat urchóid mur do-níd na cnó móra tirma. Gid eadh, ní fhuilid na halmoint tirma a com-olc risna cnoib tirma, óir ní fhuil in méide sin d'olamlacht innta.
5375] Et is inchomurthaid co deithideach nach mór as imchubaid bainne na sean-almont tirim do lucht na fiabrus ar son na holamlachta atá innta, óir cúisigid siat teinneas cinn & inntaigthear a linn ruad co hurusa iat. Gid eadh, is imchubaid bainne
5380] na n-almont nua do lucht na fiabras. Agus mad áil linn bainne gan beith olamuil do dénum do na sean-almontuib .i. beantur a croicinn díb ar tús
Item, bíth a fhis agad nach imchubaid na halmoint tirma ar aen-mod roim biad ná tar éis bíd, acht do thoirmeasc éirgi na ndeathaigead amáin; ar an
5390] adbur sin toirmisgid in meisgi.
Na halmoint úra, immorra, reamraigid in corp & measraigid ainnteas in gaili méid éigin. Et cnaídit & glanuid flichideacht an gaili an uair caitear iat maille réna croicinn fuirimeallach &
5395] toirmiscid in meisgi. Agus an uair caitear iat tair éis na coda toirmiscid éirgi na ndeathaigead chum an chinn; & comfhurtachtaigid in radurc & glanuid in t-ucht & osluigid dúinti na taeb; & do-nít na halmoint shearba sin co háirithi. Et
5400] co speitsialta tirmuigid siat imurcacha na taeb, & méduighid substaint na hinchinne, & oilid co maith, & togairmid in codlad co háilginach, & osluigid sligthi in fhuail, & furtachtaigit & cumgaidit feóil na fiacal dá cogantur maille réna croicinn fuirimeallach
5405] iat.
An cúigead tarba tic ó gnáthugad na torthad a regimen na sláinti .i. in corp d'oileamain: & is i n-aimsir an éigintuis tuicthear so & annsa chás a n-uireasbuigid na biada eile. Agus idir na torthaib
5410] uile in tan sin, is iat na fígida fliucha, & caera na fíneamna is mó & is fearr oilius díb. Na tortha
Na halmoint, immorra, & na cnó Gaedilacha & na cnó móra & pini & a cusmaile, fédtur a caithim mur biad a n-aimsir in éigintuis
5420] & co háirithi annsa geimrid.
Et bíth a fhis agad gurab deacair grán pini do díleagad , & gurab é is mó oilius do na torthaib olamla, & is láidir in oileamain do-beir uaid; & is mór glanus na dubáin & na baill spiradalta co
5425] háirithi; gid eadh, is iat is easgairdeamla do na torthaib.
Dactuli, immorra, is dodíleagtha iat, & tromuigid in ceann, & geinit leanna reamra rigne, & dúnuid na cuisleanna, & sleamnaigit in t-ucht, & cúisigid
5430] in seile d'innarbad, & mínigid in chosachtach, & toirmiscid morgad na fiacal & a fheóla, & is maith don gaili iat ón méid stipicachta atá innta, & cumguigit an brú. Agus dá caitear na tortha sin adubramar maille ré mil nó ré siúcra is luguidi urchóidigid don
5435] ghaili. Gid eadh, ní himchubaid dona corpaibh measurda a ngnáthugad, & co háirithi an uair is mó caitear iat do leith na toile ná do leith na tarba.
infra 244-5
De herbis & oleribus que sunt in usu ponende sunt primo regule herbarum generales .i. do na
5440] luibib & do na praiseachaib atá a ngnáthugad; & is inchuir ar tús riaglacha generálta na luibead ann so: an chéid-riagail díb .i. gurab olc gach aen-luib co haenda, dá ngabur mur biad iat, chum oileamna in chuirp; óir claenuid gach aen-luib
5445] do réir a nádúire do geineamain leannann melangcolica nó flegmatica. Et do-nít siat sin óna substaint co huilidi a n-égmuis bugulusa & borráitsi; & is iat in dá luib sin is fearr mur biad do na luibib & is luga urchóidigius.
5450] Et geinit na luibi fuara, mur atá, atriplex & spinargia & bleta, fuil uisgeamail neim-díleagtha fhlegmatica atá ullam chum morgaid & chum fiuchtha ar son a flichideachta, & ar son foámuigthi a substainti & tearcacht a teasa nádúrda; óir is
5455] luath gabuid so teas eachtrannach chucu.
Na luibe teasaidi, immorra, mur atá sáitsi & minntus & persille & a cusmaile, geinit siat fuil {MS P page 387} gér lasamain gontach theasaidi thirim, & ní himchubaid mur biad iat do na corpaibh measurda.
5460] Gid eadh, fédtur a caithim mur leigeas chum rém-choiméda & chum claechluigthi, mur atáit,
An dara riagail .i. nach dleagur na luibi do chaithim om, ach lactuca & portulaca maille ré haicéid, do cheartugad teasa fola deirgi & ainnteasa
5470] in gaili & na n-ae, & a caithim a tosach na coda a cainndiacht bic.
An treas riagail .i. na luibi teasaidi do gnáthugad annsna haimsearaib fuara & na luibi fuara annsna haimsearaibh teasaidi; & na luibi measurda, mur
5475] atá, borráitsi & bugulosa, an gach aen-aimsir; & curthar annsa tsamrad spinargia & lactuca & bleta farú, & annsa géimread beacán do duilleabar minntuis & persille.
An ceathramad riagail: nach dleagur na luibi
5480] do chaithim in uair bís a síl abuid, & mur an cédna ní dleagur a caithim nó co ticid chum méide fuirfe.
An cúigead riagail .i. co ndleagur a n-ullmugad maille ré bainne almont, nó ré huisgi feóla inmolta, nó lé holaid na holiua.
5485] An sémad riagail .i. gurab a tosach na coda dleagur an phraiseach d'ól, óir laguid sí an brú co coitchinn. Et teagmaid a chontrárda so do shubstaint in chobláin: acht gé tá eanbruithi in chobláin laccthach, & co háirigthi in uair beirbthear
An tseachtmad riagail .i. dá caitear na luibi
5505] fuara fliucha mur biad dleagur a n-ullmugad mar so .i. a flichideacht do measrugad; ar an adbur sin is maith a mbearbad a n-uisgi & a priáil ainnséin a n-oluid milis, nó a mbearbad lé chéile arna cumusc a ní éigin gá fuil bríg contrárda dóib;
5510] verbi gratia .i. atá in cucurbita fuar fliuch, ar an adbur sin as maith a bearbad ar tús a n-uisgi, & a phriáil lé holaid ainnséin, nó a chumusc lé neithib éigin teasaidi, mar atáit, uinneamain & finél & persille.
5515] An t-ochtmad riagail .i. gurab imchubaid na praiseacha chum oileamna, & co háirigthi an uair
Agus ar tús don lactuca. Agus is beac oilius sé, gid eadh, ní fhuil idir na huile luib, luib is mó ó ngeintear fuil maith ná é, acht co claenann sé chum fuaraideachta & chum flichideachta; ar an
5530] adbur sin is maith é do na complexaib teasaidi & a n-aimsearaib teasaidi & roim biad. Et fédaidh neach a chaithim om nó beirbthi; gid eadh, is mo chlaechluigius sé om & is luga oilius, & a chontrárda sin an uair beirbthear é. Et ní dleagur a nigi, óir an uair nigthear é geintear gaethmuireacht
5535] & deathaige ann, & ardaigthear a fhuaraideacht & a fhlichideacht & do réir chonsiquens is deacair a díleagad.
{MS P page 388}An lactuca, immorra, is luath díleagthur é dá
5540] nádúir féin; & múchaid an tart, & mínigid ainnteas leanna ruaid & fola deirgi, & measraigid fiuchad na leannann, & imdaigid bainne a cígib na mbanaltrann, & dúisgid tochlugad an bíd, & ní lagann & ní fhostaiginn an brú, & ní thogairminn in fual. Et
5555] Bleta, immorra, atá sé fuar fliuch. Agus ní dleagur a chaithim om ar aen-mod acht beirbthi. Agus is luga oilius sé ná an lactuca & is measa in fhuil geinius. Et anfhainnigid an gaili & na hinne. Agus cúisigid a gnáthugad teinneas gontach
5560] annsa broinn, & cúisigid cuirrineach & gaethmuireacht , acht muna caitear neithe thoirmiscius a mailís ar aen-shligid ris; & dá caitear mur sin é leigisid teinneas na bronn agá lagad & ag osgailt
5565] na cuisleann. Et bíth a fhis agad gurab flichi bleta ná lactuca innus gurab beac nach fuil in lactuca inmeadónach idir in coblán & bleta.
Atriplex: is beac deichfrigius sí ó bleta ana hoibriugad & ana coimplex, acht gurab flichi
5570] atriplex; & ar an adbur sin lagaid sí an bru & is beac oilius & mínigid loisgnigi leanna ruaid & togairmid an sgeathrach, & a síl co háirigthi, & is
Spinairgia, immorra, is cusmail ré hatriplex í, acht gurab fearr don gaili hí náatriplex. Agus
5580] fliuchaid sí an brú, & geinid leanna fuara fliucha uisgeamla, & ceartaigthear a mailís mur do-níthear mailís atriplex. Agus is maith don sgórnaig & don sgamán í.
Portulaca, immorra, is beac oilius sé an corp, &
5585] is dimolta óir is fuar fliuch é, & cúisigid tart & sdupáilid an brú & cúisigid sdupur na fiacal. Et is maith don tsheilg é, & co háirithi a shíl. Agus teimligid sé in radarc & toirmiscid in tochlugad & an drúis.
5590] Cucurbita: geinid sé leanna uisgeamla & is beac oilius. Agus atá ullam do gabáil truailligthe ar son tsochlaechluigthi a shubstainti; ar an adbur sin, in uair truailltear é arna díleagad , geinid sé droch-leanna; ar an adbur sin an drong gá mbít
5595] gailidi neam-glana, ní dligid a caithim acht muna hullmuigthear co maith iat, óir is luath gabaid siat morgad chucu annsa gaili ar an dá mod sin, & inntaigthear chum droch-leannann iat. Más ead, is maith a cumusc ré huineaman geal & ré finél & ré
An coblán, immorra, is fuar tirim é do réir droingi, & is teasaidi tirim é do réir droingi ele. Et adearmaidne, ar tuicsin a shubstainti & arna
5605] thuicsin mur biad, gurab fuar tirim é & co ngeineann linn dub; gid eadh, an uair caitear mur leigeas é maille risna neithib atá 'na thimcheall, is teasaidi tirim é. Agus do-ní urchóid don ghaili & is beac oilius sé & is olc na leanna geinius & dorchaigid in
5610] radarc & togairmid in codlad; & fostaigid a shubstaint an brú d'éis a beirbthi fá dó, óir laguid {MS P page 389} in brú óna chéid-bearbad; & togairmid in fual.
Agus dleagur a bearbad & a ullmugad maille ré feólannaibh inmolta, & do-níthear oileamain maith
5615] toltanach de, mur sin, is éidir do chaithim. Et is mór chomfhurtachtaidius in coblán na hailt co fuirimeallach & co hinmeadónach; ar an adbur sin do oildis na sean-mná a meic lé coblán innus comad luaithidi do-déndais siubal.
5620] An borráitse, immorra, atáit dá gné air .i. gné muinntearda & gné choillidi. Agus ní fhuil do na praiseachaib praiseach is imchubaidi don choimplex daena ná hé. Agus atá sé teasaidi fliuchaidi co measurda; & ní fhuil do na praiseachaib teasaidi
5625] praiseach is mó geinius fuil maith ná é. Et atá gné gairbthin ann, & is lugaidi is toltanach é réna chaithim sin, & is maith ní éigin do chumusc ris
Agus na luibi eile teasaidi gnáthuigid na daíne as iat so iat .i. finél & persille & cerfolium183, meirsi & pibur cas, sáitsi & minntus. Agus ní déntur praiseacha díb so amáin, óir is beac oilid siat &
5640] geinit fuil gér & loisgid in fhuil atá arna geineamain; ar an adbur sin ní himchubaid a caithim leó féin ar aen-mod mur biad, acht mur leigeas amáin. Agus ar an adbur sin gnáthuigid na daíne slána na luibi so do cheartugad mailísi na mbiad fuar
5645] & na praiseach fuar. Agus curthar a sabsaib iat co minic ar son na tarba speitsialta óna cusmail duine do choiméd ó easláinti dóib.
Ar [gap: extent: roinnt fhocal]184 an adbur sin is luib theasaidi an sabrae. Agus atá seirbe & stipeacdacht ann co follus, ar
5650] an adbur sin ní mór is imchubaid mur biad é. Agus is maith don gaile é dá caitir om nó beirbthi é. Et is beac an bearbad rig sé a leas. Agus fédtur a thabairt maille ré holaid & ré haigéid & ré
Et bíth a fhis agad gurab mór fhurtachtaidius
5660] in feinél an radarc arna chaithim co hinmeadónach nó arna chur risna súilib co fuirimeallach; & ar an adbur sin caithid na hainminti neimneacha é & coimlid siat féin dá súilib é innus comad feirrde a radarc, mur adearar don lochaid ré
5665] n-abur talpa bís a fuathachaib talman a comursanacht in fenéil .
Agus is mall díleagthur é & is olc & is beac oilius & ní himchubaid mur biad é. Agus is maith a n-aigid gaethmuireachta an gaili é. Et dá n-ibthear
5670] maille ré huisgi fhuar é, coisgid an sgeathreach. Agus dá mbristear maille ré salann é & a chur ar greim na con confuid, leigisid é. Agus is mó as imchubaid é mar leigeas ná mur biad; ar an adbur sin ní himchubaid é a regimen na sláinti
5675] acht do cheartugad mailísi na mbiad ele mur adubramar romainn.
Agus adeirim co ngeineann sé fuil gér, & co ndúisginn neach chum feirgi, óir atá sé osgailteach
An meirsi, immorra, is cusmail risin persilli é do réir choimplexa & dísleachta; gid eadh, is neam-tholtanaighi an blas bís air ná ar an persilli; ar an adbur sin is beac gnáthuigid na daíne é
5690] mur biad. Agus ní com-thirim é risin persille & ní com-mór in dísleacht atá aigi ag oslugad póiread na n-ae & na seilgi. Gid eadh, do-ní sé urchóid do na haeib & dúisgid gluasacht lucht na hepilepsia, & an uair cogantur é do-ní an bél
5695] deadh-balaid.
Bíth a fhis agad co téiginn sé an gaile & na hae & co loisginn an fhuil & gurab beac oilius; glanuid an sgamán & dúisgid an choimriachtain; ar an adbur sin is beac dleagur do chaithim de a tosach in mís185; & caitear é maille ré salann & re holaid
5700] do thogairm in tochluigthi; & is olc ar aen-mod
Sáitsi, immorra, atá sé teasaidi tirim; ar an
5705] adbur sin ní himchubaid maille ris féin é mur biad. Agus is mór chomfhurtachtaidius na féithe. Agus gnáthuigid na daíne in sáitsi ar dá modaibh: an céd-mod díb, agá chumusc ré fín, óir comfhurtachtaigid in fín sin arna ól na daíne & co háirithi
5710] i tosach na mís. Agus as imchubaid an fín sin do lucht na pairilisi & na hepilepsia arna ól co measurda, ar folmugad an adbuir rém-thosgaithi. Tuillead, gnáthuigmid an sáitsi mur shabsa óir dúisgid sé in tochlugad an uair bís an gaili línta
5715] do droch-leannuib oma neim-díleagtha. Et bíth a fhis agad nach innil in sáitsi do chaithim, óir trialluid na hainminti neimneacha chugi & sailigid é; ar an adbur sin is maith a phlanndugad a n-aici na ruibi, óir ní thrialluid na hainminti
5720] neimneacha chugi an tan sin.
An minntus, immorra, atá sé teasaidi tirim & is beac is imchubaid é mur biad. Agus is fírinneach a rád co comfhurtachtaidinn sé an gaile & co coisginn singultus. Et toirmiscid sé an sgeathrach
5725] fhlegmaticach & an sgeathrach fhola, & dúisgid in choimriachtain, & toirmiscid an seile fola. Agus is imchubaid é a n-aigid greama na con confuid, óir atá dísleacht aigi chucu.
Radices quibus communiter homines sani
5730] utuntur hiis temporibus .i. do na prémuib gnáthuigid na daíne slána. annsna haimsearaib so, mur atá, lus & gairleóg & uinneamain & meacain rí & raphanus & napiones & rapa. Agus laibeórmaid don lus & don gairleóig & do na huinneamnaib co hathchumair,
5735] óir ní mór as imchubaid iat do na corpaibh measurda ná teasaidi mur biad, & co háirithi an uair bít siat omh. Et is beac oilid siat & geinit droch-fhuil gér gontach; gid eadh, séimigit siat na leanna reamra & gearruid na leanna rigni. Agus an uair
5740] beirbthear iat, ligid uatha in cháil gontach bís inntu & mairidh an bríg gearrthach shéimigtheach inntu; ar an adbur sin as imchubaidi iat beirbthi ná om.
An lus, immorra, atá sé teasaidi tirim, & is dimolta
5745] an oileamain do-beir sé don chorp & urchóidigid do na súilib & geinidh fuil dub melangcolica . Et geinidh aislingthi aduathmura & gortaigid na féithe ar son na gontaigi chúisigius
inntu; & urchóidigid do na fiaclaib & dá feóil. Et ní dliginn fear leanna
5750] ruaid ná leanna duib a gnáthugad & co háirithi an uair bís sé om.
infra 258-9
Na huinneamain, immorra, atáit siat teasaidi & atá flichideacht talmaide acu maille ré flichideacht tshéim uisgeamail neim-díleagtha. Agus geinid
5755] siat droch-aislingthi & teinneas cinn; ar an adbur sin ullmuigid a ngnáthugad gu mór neach chum míchéile. Agus dá caitear omh iat geinid leanna morguigthi annsa gaile, & buaidrid siat an résún {MS P page 391} & in chuimne. Gid eadh, dá caitear iat beirbthi
5760] maille ré heanbruithi feóla inmolta, comfhurtachtaigid in díleagad & laigdigit na hurchóidi do-níthear uatha & measraigid na biada fuara ara mbeirbthear iat; gid eadh, is fearr gan a ngnáthugad.
5765] An gairleóg, immorra, atá sí teasaidi & claenuid sí chum flichideachta éigin. Agus is luga fhodnus sí a n-aigid na gaethmuireachta ná fhodnus in t-uinneaman, & is maith a n-aigid na cosachtaigi hí, & innarbaid an seile co maith. Gid eadh,
5770] urchóidigid don radarc & cúisigid teinneas cinn. Agus is ria adearar triacla na mbodach. Et is don droing agá mbeid leanna fleumaticacha reamra rigne is imchubaid an gairleóg; & is mór dligid lucht leanna ruaid a seachna.
5775] Raphanus (.i. ragam)186, immorra, ní mór is imchubaid mur biad é, & co háirithi do lucht leanna ruaid; óir geinid fuil gér gontach. Et is olc don
5795] De napionibus & rapis .i. bíth a fhis agad gurab iat préma is imchubaidi d'oileamain an chuirp iat; & foillsigthear sin co lór ó chairdeamlacht a mblasa, óir is coitchinn an gach uile oileamain gurab iat na neithe searba & gontacha is luga oilius & gurab
5800] iat na neithe millsi is mó oilius. Agus as iat na rapai & napiones is millsi do na prémaibh; ar an adbur sin is iat is imchubaidi mur biad díb, gid eadh, geinid leanna reamra, & is deacair a ndíleagad, & geinit siat gaethmuireacht & leanna
5805] oma dá mbia an bríg díleagthach anfhann. Agus
5815] Bíth a fhis agad an uair bít siat geal co fédtur a caithim beirbthi maille ré feóil nó gan feóil, óir furtachtaigid na háirne & an brú mur do-ní rapa & is luga oilid siat ná do-ní rapa. Et is do-díleagtha iat mur as ead na préma eile; & na leanna
5820] geintear uada atáit inmeadónach idir maith & olc, & co háirithi dá mbia an bríg díleagthach anfann. Agus as mór thogairmius sé in choimriachtain.
Volo post tractatum de radicibus aliquantulum loqui de fungibus187 .i. dob áil lim tar és tráchtuid
5825] do dénam do na prémuib labairt méid éigin do na fungib, óir is mó in cusmailius atá acu ris na
infra 264-4
Non solum homines utuntur fungis sed eciam
5855] sdrufulis .i. ní headh amáin gnáthuigid na daíne fungi acht gnáthuigid sdrufuli. Agus as ead is sdrufuli ann préma fhásus annsa talam gan lurga, agá mbí duilleabur cruinn dearg & ara mbí blas insipita a' claenad méid éigin chum millseachta.
5860] Agus is dóich leam co tabraid siat oileamain fhuar fhliuch uatha & co ngeinid leanna reamra; & caitear om & beirbthi iat. Et atá nádúir thalmaide co mór aca; ar an adbur sin dá caitear a ndiaid bíd eile iat furtachtaigid siat
5865] an biad chum tuitme ó bél an ghaile chum a íchtair. Agus geinid leanna melangcolica. Et is maith a mbearbad ar tús a n-uisgi maille ré buidén uigi tair és a croicinn do buain díb ar tús, & ainnséin caitear iat lé holaid milis & lé púdur
5870] spísraid; & dleagur fín maith d'ól tar a n-éis. Agus as guasachtach gnáthugad continóideach na prém so don chorp ar son co treóruigid siat pairilis & apoplexia & colica & stranguria. Agus is deacair a ndíleagad & tromuigid an gaile; & is fogus do
5875] nádúir na fungi iat: más ead, comuirlim a seachna. Agus as í mó dóich gurab mó gnáthuigthear iat tré chraes ná tré éigintus.
infra 264
Quia quidem bone carnes inter alia cibaria .i. an uair díleagthur an fheóil co maith, ní fhuil do na
5880] biadaibh biad is mó geinius fuil maith ná hí; & méduighid bríg na curp; ar an adbur sin as inlaburtha di co speitsialta. & don oileamain do-gabur uaithi. Agus ar tús don oileamain do-gabur ó na hénuib fiadánda & muinntearda do-ní
5885] eitillach, & ainnséin don oileamain do-gabur ó na hainmintib shiubluigius ar a cosaibh.
Gid eadh, bíth a fhis agat co generálta co n-éxamailtear coimplex & dísleacht & oibriugad na feóla fá éxamlacht gnéthead na n-ainmintead, dá
5890] rabuid siat ana n-énuib muinntearda nó fiadánda do-ní eitillach, nó shiubluigius ar talam; & éxamailtear iat fá éxamlacht a n-aes, óir bíth feóil ainmintid aen-gnée éxamail go mór do réir oibrigthi & coimplexa. Et éxamailtear mur an cédna do réir
5895] éxamlachta na cluana ana mbeathuigthear iat, & in régióin & na haimsiri & muid a n-ullmuigthi.
Ar an adbur sin gibé lénab áil lorguireacht coimplexa & oibrigthi na feóla do dénum co deithideach, {MS P page 393} as éigin dó an lorgaireacht sin do dénam
5900] innta so, & a smuaintigthib rannaidhi eile éxamluidius coimplex & oibriugad & comshuigiugad na
5910] Et as í is cúis bunáiteach don éxamlacht sin comshuigiugad éxamail na ndúl, & teagmuid éxamlacht na hoileamna uada sin do réir mur éxamailtear coimplexa na n-ainmintid co mór nó co beac ón choimplex daena. Ar an adbur sin
5915] an fheóil geinius leanna maithe & oileamain inmolta, as feóil í thosgaidius chum measurdachta ana fuil cudrumacht na ndúl & díleagad cudruma ar ná tosguidinn aen-blas nó ar ná gabann aen-blas tigearnus, mur atá, blas saillti nó searb nó gér
5920] nó a cusmaile, acht iad a' claenad chum millsi .
Agus in fheóil oilius co holc as cuingill chontrárda dóib sin atá aici. Et mur an cédna an fheóil is urusa do díleagad, atá substaint édlúith aici, & as urusa a díleagad ar son gan a beith rigin &
5925] ná hadruid a rainn dá chéile co mór & ná fuil sí daingean; & in fheóil is deacair do díleagad is cuingill chontrárda dóib sin atá aici.
Tinnsgnum do réir an uird adubrumar romainn
Perdix is fuar tirim í annsa chéid-chéim, gid eadh, atáit a ngearrcaig measurda teasaidi fliuchaidi do réir na haísi; feóil na petraisi, cnaíid &
5955] tirmuigid flichideacht an gaile & na n-inneadh & calmuigid an bríg fhostaigtheach, ar an adbur sin
Caro anseris .i. feóil géigh, atá sí teasaidi fliuchaidi a tosach an dara céim; & bíth blas
5965] aduathmur uirre & is oileamain reamur do-beir uaithi & is deacair a díleagad & línaidh na cuirp d'imurcrachaib. Na géigh óga is iat is fearr díb; & an uair dleagur a caithim líntur iat lé poliol montanum & lé huua passa & lé beacán gairleóigi.
5970] Agus an uair róstaigthear iat co himchubaid caitear iat maille ré sabsaib dleistinacha .i. maille ré bainne almont & ré beacán gairleóigi & ré huisgi róise & ré hagresta, & déntur sabsa dleistinach díb sin.
5975] Caro anatina .i. feóil na lachan, is olc oilius sí {MS P page 394} & imdaigid linn dub & cúisigid dubrón & togairmid quartana, ar an adbur sin ní himchubaid do na corpaibh measurda hí.
Carnes pauonum .i. feóil na pécóg, atá sí teasaidi
5980] fliuchaidi & is reamur in oileamain do-beir sí uaithi. Et fédtur a coiméd marb ré fead dá lá nó trí lá nó ceithri lá, & co háirithi a n-aimsir geimrid. Et caitear í maille ré sabsaib maithi adéram anar ndiaid.
5985] Carnes turturum .i. feóil na cuirliún190. Agus claenuid sí chum teasuideachta méid éigin; & is leanna maithi geinius, & médaigid sí bríg na ndaínead égruaid & na sean-daíneadh, & calmuigid an bríg fhostaigtheach, & fédtur a coiméd marb
5990] lá nó nísa mó a n-aimsir in geimrid. Gearrcuid na turtur as iat as fearr díb, & co háirithi an uair bít siat a n-aís cúig mís nó sé mís; & co háithi an uair róstur iat maille ré hagresta & maille ré sabsaib maithi eile.
5995] Caro columbina .i. feóil na colum, an uair bít siat arsaid geinid fuil reamur & toirmiscid in díleagad, & is fuar tirim í. Gearrcuid na colum, immorra, is teasaidi fliuchaidi iat annsa chéid-chéim & is mírbuileach an biad iat do na daínibh
6000] bís ag éirgi a heasláinti & ara mbí uireasbaid bríg ; & is maith do na dubánuib iat do réir dísleachta, & glanuid siat an fhuil truailligthi, & is maith do lucht na pairilisi & an fhiabruis iat, & geinid siat easláinti rigin sa cheann; & an uair
6005] marbthur iat beantur a cinn díb & ceartaigid sin a mailís, & toirmiscid aigéid & pibur & coriandrum urchóid na colum. Et as í feóil na colum fiadánta aitreabus annsa chairgeach as usa do díleagad, óir is usa a díleagad ná feóil na colum aitreabus
6010] annsna tigib.
Cucurnises191 .i. is teasaidi tirim iat, & is imchubaid a n-aigid na hartetica fuairi iat, & do-nít urchóid
6015] Alauda .i. in fhuiseóg, is teasaidi fliuchaidi í, & is sodíleagtha a feóil óna dísleacht, & is maith a n-easláinti fhuair na féithead iat; & leigisid disinteria & flux na fola.
Philomena: is teasaidi fliuchaidi í & furbaíltigid
6020] an craidi & measraigid na bríga; ar an adbur sin furbaíltigid & comfhurtachtaigid na boill is bunáit do na bríguib óna ceileabrad.
Pasceres .i. na gealmuin. Agus is teasaidi tirim iat; lagaid a n-eanbruithe an brú, & méduigid
6025] in choimriachtain, & cúisigid epilepsia. Et dá mbeantur a cinn díb an uair marbthur iat ceartaigthear a mailís.
Et as inchomurthaigthi mur riagail generálta gurab édruma & gurab tirma feóil na n-én ná
6030] feóil na n-ainmintid ceathur-chosach, óir tigearnaigid in t-aer annsna hénuib & an talam annsna hainmintib. Na héin shnaídius annsna gaethraduib & annsna lochuib is reamur a feóil & is ro-olc oilid. Na héin beiris a cuid ar éigin, mur atáit,
6035] na hilair & falco, is reamur féitheach a feóil & is mítharbach a n-oileamain.
Carnes mutonum .i. feóil na molt, is teasaidi fliuchaidi iat. Agus comfhurtachtaigid an gaile measurda an gach aen-aimsir. Et is iat is fearr
6040] díb na huain asa mbeantur, a cinn a n-ocht mís nó a naí mís, & bís méith co measurda; & in
Carnes porcorum .i. feóil na muc, is fuar fliuch í annsa dara céim & is rigin dodíleagtha & is mall curthar a cusmailius na mball í. Agus dá ndíleagthur
6055] hí is mór oilius & is maith séimidthear a ridneacht ón fhín, ut est: est caro porcina sine uino peior ouina {MS P page 395}.i. is measa feóil muc gan fín ná feóil chaerach. Si tribuas uina tunc cuilibet est medicina .i. dá tucair fín lé is leigeas dá gach
6060] aen-duine í. Tuillead, bíth a fhis agat gurab teó & gurab tirma coimplex na muc fiadánta ná na muc muinntearda. Ar an adbur sin is séime feóil na muc fiadánda & is usa a ndíleagad ná feóil na muc muinntearda, óir is mó a saethur & is glaine a
6065] n-oileamain & is mó a teas & is fearr a ndíleagad.
Carnes edine & caprine .i. feóil na ngabur & na meannán, is fuar tirim iat & is milis, & geinit fuil melangcolica, & is deacair a ndíleagad ; & is
6075] Caro bovina .i. feóil daim, & as fuar tirim í & geinid linn dub, & is imchubaid do lucht na haradachta & an tshaethair móir í; & is maith do lucht na coimplex teasaidi í & co háirithi annsa tsamrad & annsa geimread; & fétar a caithim arna
6080] hullmugad lé spísraib, & fín maith d'ól lé; & geinidh dúinti ae & seilgi.
Caro uitulina .i. feóil na laeg, is tarbach & is cairdeamail iat dá gach uile chorp measurda annsa geimread & annsan earrach, & do lucht leanna
6085] ruaid, & co háirithi maille ré hagresta co n-a cusmaile.
Caro ceruina .i. feóil fhiada, & is beac claenus chum teasaideachta & adearuid drong éigin gurab fuar tirim í; et dá n-ullmuigthear maille ré
6090] spísraib í claenuid nísa mó chum teasaideachta; & imdaigid linn dub & inordaigid lucht a gnathuigthe chum easláinti melangcolica, & ní himchubaid do lucht na lubra ná quartana iat. Gid eadh, atá dísleacht acu do chomfhurtacht an chraidi & co
6095] háirithi a cnáim chraidi an fhiada. Et is imchubaid a ngeir a teinneas ubaill na leisi & alt an droma & an smira.
infra 267
Caro leporina .i. feóil an girrfhiada, as fuar tirim í, & geinidh fuil reamur, & togairmid dobrón,
6100] & coisgid flux na bronn, & is imchubaid a crécht na n-inneadh í; & is imchubaid feóil & inchinn an girrfhiada do lucht na pairilisi & easláinti ele na féithead.
Tuillead, bíth a fhis agat co fuil mórán do na
6105] hainmintib ceathur-chosacha nach imchubaid réna n-ithi & nach gnáthuigthear againne iat; gid eadh, a n-aimsir an éigintuis ithid na daíne iat, mur atáit sinnuig & mic tíri & easail & capuill & madraigi . Et ní gnáthuigid na daíne againne a caithim acht
6110] a n-aimsir an éigintuis.
Carnes uulpinas .i. feóil na sinnach. Agus ithid lucht in fhiaduig a n-aimsir in fhodmuir í, óir bíth sí méith in tan sin. Et gnáthuigthear feóil na madrad óg méith asa mbeantur a n-aimsir lb n="6115"> an éigintuis, óir is toltanach iat in tan sin; & tuicthear a chusmailius so do na macuib tíri. Et is iat so na feólanna is measa díb .i. feóil easail & eich & camuill & leóguin, óir is mór deichfrigid na feólanna sin ón choimplex nádúrda; ar an
6120] adbur sin ní moluim iat acht a n-éigintus.
Tuillead, bíth a fhis agat co fuil an fheóil tshaillti teasidi tirim, & is imchubaid annsa geimread do lucht leanna finn í do leith a saillteachta; & togairmid sí in tochlugad annsna régiónuib fliucha,
6125] & cnaíid sí flichideacht béil in gaile; & is beac in
Tuillead, bíth a fhis agat co n-éxamailtear boill na n-ainmintid a follamnugad na sláinti: óir {MS P page 396} gach foicsi don chraidi dá mbeid na boill, as í in méide sin is inmolta iat, óir glanuid teas an
6140] chraidi iat óna n-imurcachaib. An craidi, immorra, as cruaid a shubstaint & is deacair a díleagad & geinidh fuil buaideartha & is coimplex teasaidi atá aigi; & dá ndíleagthur co maith é is maith oilius; & ná caitear a ndiaid biad eile é; & is maith
6145] neithe measraigius a ridneacht a mbí bríg gearrthach theasaidi do chaithim maille ris; ar an adbar sin is maith a róstad ar sméróidibh do measrugad a ridneachta & a flichideachta.
Epar .i. na hae. Agus is teasaidi fliuchaidi iat,
6150] & cathuigid a n-aigid in díleagtha, & geinid fuil inmolta, & is mó oilid ná oilius in craidi do leith na flichideachta nádúrda atá inntu. Et as iat
6155] Splen .i. in tshealg. Agus is coimplex leanna duib atá aici, & is olc díleagthur í, & is olc oilius & is fuil melangcolica geinius. Et is ball fuar tirim í mur as ead linn dub darab soitheach í; & an uair róstar í comfhurtachtagid feóil na fiacal &
6160] dúisgid in tochlugad.
Stomacus .i. in gaile. Agus is deacair é féin & na hinne do díleagad & is beac oilid.
Renes .i. na dubáin. Agus is reamur cruaid a substaint a' claenad chum tirmaideachta; & is
6165] deacair a ndíleagad, & is ó olamlacht in fhuail oiltear iat, & is animchubaid oilid; & is iat dubáin na laeg & na meannán ibius bainne is mó is inmolta díb.
Ale .i. na sgiatháin. As iat is túsca & is gloine
6170] théit a n-oileamain ar son a saethuir & a ngluasachta. Et bít na sgiatháin a ngluasacht chontinóideach, & ar an adbur sin bíth substaint tearc shéim acu; & is cusmail muiníl na n-én réna sgiathánuib do réir nádúra.
6175] Uirgi na coileach nach déin coimriachtain, is maith oilid & is urusa a ndíleagad & is mór thogairmid in choimriachtain. Uirgi na n-ainmintid ceathur-cosach óg do-ní coimriachtain, ní hinmolta a n-oileamain & is deacair a ndíleagad.
infra 280-1
6180]
De piscibus .i. do na hiasgaib. Agus bíth a fhis agut gurab beac oilid na héisg a n-aithfhégad na feóla, & gurab deacair a ndíleagad, & is mór geinius a n-oileamain imurcacha. Et atáit siat fuar fliuch do réir choimplexa, & atáit rigin ana
6185] substaint, & is urusa a truailliugad annsa ghaile, & gabaid siat teas éigin morguigtheach chucu. Agus is measa oilid na héisg ná oilius in fheoil inmolta.
Et bíth a fhis agat gurab fearr éisg in mara ná éisg an uisgi milis, ach gé cruaidi feóil éisg in mara
6190] ná feóil éisc an uisgi; ar an adbur sin as deacair a ndíleagad; más ead, do réir mu breithimnuis is fearr éisg in mara a follamnugad na sláinti ná feóil éisg an uisgi milis.
Et as inchomurthaid co deithideach gurab é in
6195] t-iasg ag nach bí feóil rigin nó biamail is molta d'iasguib an uisgi & na fairgi. Gid eadh, na héisg agá mbí substaint shéim, & arná bí balad trom acht balad édrom, & nach morgann co luath & mairius aimsir gan morgad, & ar nach bí droch-dath acht
6200] beith geal, & ná haitreabuid a lathachaib ná a lochaib ná a n-inaduib a faduid siat salchur ná a n-uisgib a faduid droch-luibinna, gurab iat is inmolta díb; et na h-éisg nach
bí
Tuillead: ar tuicsin na cuingill adubramar, gach
6210] lannaighi dá mbeid, as í in méide sin is inmolta iat; & tuicthear a chusmailius sin dá ndeilgnib, óir foillsigid na deilgne séime na substainti.
Tuillead: ní fhuil idir na hiasguib muiridhi éisg is fearr náid na héisg gabthur i ndoimne na mara
6215] mur a mbí in t-anfad mór & coimrith na srothann. {MS P page 397} Et conclúididthear as so, na héisg gabthur & oiltear annsa muir mairb, nach fuilid siat molta chum na hoileamna, mur atáit na héisg gabthur annsna maruib eile. Et ní comshlán na héisg gabthur
6220] annsa muir theas & na héisg gabthur sa muir thuaid, óir ní mór anfad na mara tuaid; & ní mar sin don muir theas, is mór a hanfad & is luath línus & tráigius. Et tuicthear a chusmailius sin d'iasg an uisgi milis, óir gach doimne & gach
6225] siblaige dá mbia an t-uisgi, as í in méide sin as inmolta in t-iasg.
Más ead, is éidir a thuicsin as so co fuil cuid do na hiasguib inmolta & cuid dimolta.
Agus as follus as na ráitib so adubramar nach
6230] mór is imchubaid na héisg phiastamla a coiméd
Éisg ele na fairgi gá mbít na cuingill adubramar romainn, mur
atá, rogetus & gornatus, as iat is imchubaide díb, óir atá a feóil gu mór séim, geal,
6250] sobristi, deadh-balaid, deadh-blasta, & is follus co fuil a substaint ro-glan. Et as iat éisg is fearr ana ndiaid sin .i. placta & sona192. Gid eadh, is mó is biamail a feóil, & is deacra a mbrisid, & is luga is geal, & is reime gu mór iat náid na héisg
6255] adubramar romainn; & ní fhuil a mblas ná a mbalad comtholtanach ris na hiasguib sin. Et co hathchumair gach iasg coimédus na cuingill adubramar is móidi is inmolta iat a coiméd na sláinti.
infra 285
Do na hiasguib gnáthuigmid do gabáil annsan
6260] uisgi milis. Agus adearmaid gurab cóir na cuingill d'áirmimair don taeb thuas dín do beith inntu, mur atá, dath geal, & a mbeith sobristi, & substaint shéim do beith acu, & a mbeith inmolta do blas & do balad, & a mbeith a caindiacht inmeadónaid, & a
6265] mbeith lannach, & gluasacht luath do beith acu, & an t-uisgi ana fadtur iat do beith maith. Et adeirim gurab iat na héisg gabthur annsna huisgib clochacha rithius a n-aigid na hairdi tuaig is fearr díb; & is amlaid is maith na huisgi sin,
6270] a mbeith domain maille ré hanfad, chum nach silinn salchur cathrach, & ar nach fásuid droch-luibi. Et is follus gurab iat na picréil & na liúis 193 is mó thacmuicius an chéid-chéim d'iasguib an uisgi milis, acht gé atáit siat méith. Et gé
6275] lannaighi carpa náid na héisg so, ní comshéim & ní comgeal & ní comsho-bristi ré liús na ré picrél é, & is minic do-gabur annsa lochaib é.
Do na heasgannuib. Agus bíth a fhis agad gé toltanach iat do leith a mblasa, ar smuaineadh na
6280] cuingill adubramar romainn, is cian ó maith iat, óir ní bít lanna orra, & ní gabthar co coitchinn a n-uisgib maithe iat, & ní luath a ngluasacht, & is iasg atá rigin gu mór iat.
Lampredo .i. an lamprae. Agus an uair gabthur
6305] De cancris .i. do na partánuib. Agus bíth a fhis agat gurab deacair a ndíleagad & gurab mór oilid; & ní hurusa a truailliugad annsa ghaile mur do-níthear mórán do na hiasguib eile. Et atá gné shaillteachta orro, ar an adbur sin laguid in
6310] t-uisgi ana mbeirbthear iat an brú & fostuigid a substaint féin. Et as inmolta oileamain na partán,
Et bíth a fhis agad nach inchaithme na héisg
6315] tar és shaethair láidir ná tair és aen-gluasachta eile láidir, óir is urusa a truailliugad an tan sin. Et an drong gá mbít gaileada égruaidi lán do droch-leannuib, ná gnáthuigid iasg do chaithim. Agus seachain gan iasg & feóil do chaithim ar aenshligi,
6320] ná iasg & gnéithi an bainne, ná iasg do chaithim tar és na mbiad eile. Agus as imchubaidi iasg do lucht leanna ruaid ná do lucht na coimplex eile, óir fliuchaid a cuirp & imdaigid bainne & sperma.
infra 165-6
6325]
Dicamus de animalium superfluitatibus & cetera .i. Labram d'imurcrachaib na n-ainmintid, mur atá, bainne & cáisi, im & uigi.
Agus bíth a fhis agad gurab maith an bainne & gurab urusa a díleagad dá caitear é mur reagar
6330]
a leas; & is maith oilius & is mór a oileamain & is
beac a imurcracha, ar an adbur sin reamraigid
sé na cuirp & imdaigid an sperma & togairmid in choimriachtain. Et bíth a choimplex & a oibriugad
éxamail do réir éxamlachta na n-ainmintid ana
6335]
ndíleagthur é, & do r[macr ]ir éxamlacht aimsear na
bliadna & na cluana, & do réir a fhad nó a girra
ó aimsir an toirrcheasa.
Et is imda gné ar an mbainne, mur atá, bainne
mná & camuill & easail & gabair & caerach & bó;
6340]
& ní dénmuid ní do bainne na n-ainmintid eile
ar son ná gnáthuigmid iat. Et do réir mur atáit
na hainminti óna mblithear an bainne éxamail,
atá an bainne blithear uatha émail ana choimplex
Et is é bainne na mná is fearr díb ar son porsióin & cusmailis a mbainne rénar corpuib-ne, & ana diaid sin bainne in chamuill, & 'na diaid sin bainne an easail, & 'na diaid sin bainne na ngobar. Bainne na caerach & na bó, immorra, is é is measa díb.
Et is é is reime & is mó ana mbí do shubstaint cháiseamail & d'im díb a n-aitfhégad in midg do dligfead beith co mór ann; ar an adbar sin gortaigid sé co mór an drong bís ullam chum coimriachtana, & dúnuid bél na cuisleann, & is
6355]
luath do-níthear cáisi de annsa gaile, & is mall oilius; ar an adbur sin is é is measa díb. Gid eadh, is reime bainne na mbó ná bainne na caerach, & is luga a meadg, & is mó a im. Ar an adbar sin is dóich lim gurab mó thigearnuigius im a
6360]
mbainne na mbó a n-aithfhégad in midg ná a mbainne na caerach. Gid eadh, ar ngabáil aen-chaindiachta do bainne na caerach & do bainne na mbó, is lia do cháisi bís a mbainne na caerach ná a mbainne na mbó & is mo d'im leis. Et
6365]
ó táit na trí neithe sin a mbainne na mná gu mór, .i. meadg & cáisi & im, as é is mó is inmolta díb. Et gach méid dá mbeid na trí neithe sin adubramar a mbainne na n-ainmintid eile, as í in méíde sin as inmolta é.
Tuillead, éxamailtear an bainne fá éxamlacht {MS P page 399} ceathra n-aimsear na bliadna; ar an adbur sin as
Tuillead, éxamailtear an bainne fá éxamlacht na cluana, óir gach séime & gach feabus dá mbia in chluain, as í in méide sin bus inmolta an bainne. Et gach cruaidi & gach tirma dá mbia in chluain,
6380] as í in méide sin beas an bainne reamur. Agus is annsan earrach is séime & is flichi an chluain, ar an adbur sin, bainne na haimsiri sin, is é is séime & is flichi díb & is luga dá ndéntur cáisi annsa ghaile; & teagmuid a chontrárda sin annsan
6385] fhodmur & annsa geimread, & is a mod inmeadónach eaturra sin bís annsa tsamrad.
Agus na hainminti thsásaithear ó luibib maithe, as é a mbainne sin is fearr; & annsa mod so is mó atá bainne na ngobur molta. Et bainne na n-ainmintid ithius droch-luibi is olc é, mur is
6390] follus nach maith bainne na mban chaithius droch-biad, óir is deacair fuil maith do geineamuin ón droch-oileamain ; más ead, is deacair bainne maith do geineamuin ón droch-fhuil .
Tuillead, bíth a fhis agad gurab é an bainne is gaire dá bleagan bainne is fearr díb ar son gurab luath claechluigthear é, & gurab ro-luath
Do bríg an bainne, immorra: óir in uair ibthear an bainne annsa gaile the choilearda is urusa a inntóg a ndeathaigib, & inntaigthear annsa gaili
6405] fhuar é a n-aigéideacht, ar an adbur sin ní himchubaid an bainne dóib, ná don droing gá mbít cinn teinne anfanna ná teimil ara súilib, óir is deathmur é. Et urchóidigid don droing gá mbít féithe fuara anfhanna ar son gurab urusa
6410] a inntóg a n-aigéideacht, óir is mór atá an bainne fuilingtheach & is urusa a chlaechlód; ar an adbur sin ní himchubaid é don droing atá ullam chum tuitme a fiabras morguigthi, óir atá an bainne lastach & cúisigid cuirrineach fón sgairt chléib,
6415] ar an adbur sin ní himchubaid é don droing atá ullam chum coilica. Tuillead, sleamnaigid an bainne an brú & is urusa a inntóg a linn ruad, ar an adbur sin ní himchubaid don droing ara mbí flux coilearda é. Et is urusa a inntóg a
6420] n-aigéideacht mur adubramar romainn, ar an adbar sin ní himchubaid don droing ara mbí flux leanna finn é, más ead, seachaintear an bainne, óir féduid mórán d'urchóidib teacht ó chaithim an bainne.
Más ead, is éigin a thuicsin na neithe is éigin
Tuillead, bíth a fhis agad gurab maith mil &
6445] siúcra do cheartugad mailísi an bainne, & beacán saluinn innus co toirmeósgad a thruailliugad annsa gaili & geineamuin a gaethmuireachta annsna taebuib & annsna haeib. Tuillead, bíth a fhis agad gurab mór is imchubaid an bainne dá
6450] mbeantur a im don droing agá mbít gailidi teasaidi coilearda, mar atá, bainne goirt, óir ní hinntaigthear a ndeathaigib é & claechluigid an coimplex teasaidi,
{MS P page 400}Agus adér neithe athchumaire eile don cháisi. An cáisi nuad, immorra, is fuar fliuch é, & is reamur a shubstaint, & is deacair a díleagad, & geinid clocha & dúinti, más ead, ní mór as imchubaid
6460] é mar biad a follamnugad na sláinti. An sean-cháisi, immorra, is teasaidi tirim é ar son in tsaluinn, & ardaigid in losgad, & is deacair a díleagad, & is beac oilius, & is olc & is animchubaidi é ná an cáisi nuad; gid eadh, is amlaid is maith in cáisi
6465] idir beith arsaig & nuad, & rigne shobristi do beith ann, & a beith inmeadónach idir buga & cruas, & a' claenad chum millseachta, & gan a beith édrum acht a beith trom, & blas & balad toltanach do beith air, & gan comnuide fada do dénum annsa
6470] gaili dó, & a dénum do bainne maith; & is maith in cáisi beas mur sin & is intogtha idir na biaduib é.
Agus an uair caitear i ndiaid an bíd é ní hanimchubaid a coiméd na sláinti é, óir dá caitear cainndiacht beac don cháisi tar éis bíd, cúisigid
6475] tuitim an bíd ó bél an ghaili chum a íchtair, & toirmiscid éirgi na ndeathaigead, & iaduidh bél an ghaile, & calmuigid & toirrmiscid an neam-thochlugad & in millseacht & in olamlacht bís isna biadaibh. Agus caithid na daíne eagnuidi an cáisi maith
6480] a cainndiacht bic do thoirmeasc na neithead
De butiro .i. don im. Agus bíth a fhis agat nach mór as imchubaid é mur biad ar son a fhlichi & a olamlachta; & dá ngnáthuige neach im do chaithim a cainndiacht inchomurthaig cúisigid
6490] aduathmuireacht & an biad do shnám a mbél an gaili, & laguid an brú nísa mó ná an chóir. Ar an adbur sin ní himchubaid im do chaithim a cainndiacht inchomurthaig mur biad, & co háirithi i ndiaid biad eile. Et is imchubaid é mur shabsa
6495] nó mur annlann leis na biadaibh eile mar is imchubaid ola na holiua, acht gé teó & cé flichi in t-im ná an ola. Et an uair gnáthuigmid in t-im mur annlann leis na biaduib eile ní dleagur
6500] a bearbad in comór risin olaid; óir is fuilingthi é ná an ola, ar an adbur sin an uair beirbthear co mór é dísgaíltear a bríg i ndeathaig co huilidi.
An ola, immorra, is mó is rigin í & is luga is sodísgaílti í ná an t-im, ar an adbur sin is mó fhuilngius sí do géiri na teineadh ná an t-im, &
6505] is mó cumuiscthear co fuirfi hí ris na biadaibh ar an adbur sin ná an t-im. Et is imchubaid an t-im co mór don lucht ara mbí cosachtach
De sero .i. don meadg. Agus bíth a fhis agad gurab coimplex teasaidi atá aigi do réir inntinne na n-eacnuideadh, & is fír sin ar son na géiri & na saillteachta do-gabur ann, & is don résún sin
6515] adearuid na daíne eagnuidi go cruinniginn an bainne beóil na naídin óg, & ar an adbur cédna adearar co lagann an brú.
An meadg, immorra, is luga oilius sé ná oilius in cáisi & in t-im. Agus folmuigid sé linn ruad &
6520] linn dub & na leanna loisgthi, ar an adbar sin is maith é a sgabies & a lubra & a ngoránuib an chuirp & a n-ycterisia & a salchuraib eile an chroicinn.
De ouis .i. do na huigib. Agus bíth a fhis
6525] agad gurab iat uigi na cearc & uigi fasiana, & co háirithi an uair bít siat méith óg, is fearr a follamnugad na sláinti. Et a chusmailius sin do na huidib eile, & co háirithi a mbeith nuad. Et idir uigib na cearc is iat na huigi fada beaca
6530] nuada is fearr díb. Tuillead, is fearr na huigi treamula náid na huigi cruaidi & na huigi boga, óir is mór & is maith oileamain na n-uideadh so & is urusa a ndíleagad & geinid mórán d'fhuil maith, & co háirithi a mbuidéin.
infra 173-4
6535]
Na huigi cruaduidthear a luaith nó priáiltear a n-oidin nó coma cruaid iat, is olc an oileamain do-beirid siat don chorp a n-aithfhégad na n-ogh {MS P page 401}treamula; & is deacair a ndíleagad & is urusa a n-inntóg a ndeathaighib & a truailliugad. Na
6540] huigi boga, immorra, is urusa a ndíleagad, & mínidit an t-ucht & an sgamán, & laguid an brú, & is luga oilid ná oilid na huigi treamula.
Na huigi cruaidi, immorra, is deacair a ndíleagad & is mall fháguid an gaili; uigi na lachan & na
6545] ngédh & na sdorc 195 & na n-én eile, is luga is imchubaid iat a follamnugad na sláinti náid na huigi adubramar romainn; & mar an cédna do na huidibh ré n-abur oua uenti, is animchubaid an blas bís orra, óir ní fhuilid siat coimlínta ná
6550] díleagtha mur atáit na huigi eile, & do réir chonsiquens is animchubaidi iat náid na huigi eile.
Tuillead, bíth a fhis agad gurab do na neithib is usa do chlaechlód co luath na huigi & an bainne; & ní himchubaid na huigi do na corpaibh neam-glana
6555] bís línta do droch-leannaib, óir truailltear iat co ro-luath & inntaigthear a morgad & a ndeathuidib iat. Agus ní dleagur a caithim & an gaile lán do biad, óir is urusa a ndíleagad, ar an adbur sin is luaithi díleagthur iat náid na biada
6560] eile, & an uair bít nísa shia na an chóir annsa
Tuillead, ní hindénta sibal ná codlad tair és na n-uigead mbog do chaithim mur nach indénta tar és an bainne.
Tuillead, adeirim an drong atá ullam chum tuitme a fiabras, nó agá mbí replexion leannann, nach imchubaid uigi dóib & nach imchubaid feóil, óir línuid & téigit na huigi in corp.
Tuillead, ar smuaineadh aibíci an chuirp, .i.
6575] a beith méith nó feólmur, ní hintuca na huigi in tan sin. Gid ead, as imchubaid iat do na daínib truaga. Et ar tuicsin in choimplexa is imchubaidi iat do lucht in choimplexa fuair ná do lucht in choimplexa teasaidi, & do lucht na
6580] coimplex tirim ná do lucht na coimplex fliuch; más ead, ó táit na sean-daíne fuar tirim is dóib is imchubaidi na huigi & co háirithi na huigi treamula.
infra 176-7
Dicendum est de condimentis et saporibus .i. ó
6585] do luaideamur don taeb thuas dín do na biaduib
Agus is iat so na neithe dá ndéntur annlann nó sabus, mur atá, salann & ola & im. Et teaguiscid
6595] an dearbad na biada caitear gan salann co mbít siat gan blas annsa bél, & gurab beac thochluigius an gaile iat. An salann, immorra, do-beir sé blas maith ar na neithib caitear, & innarbaid sé in mailís bís isna biaduib ón fhlichideacht
6600] neim-díleagtha uisgeamail bís inntu; & is trít sin as fuirfi díleagad & bearbad na mbiad maille ré salann ná gan salann. Agus atá in dísleacht so ag an tsalann .i. na fliuchada imurcracha eachtrannacha do thirmugad, & an
6605] fhlichideacht mairius do cheangal. Et bud follus co lór cé hiat na biada rig a leas mórán saluinn mur shabsa & cé hiat na biada rig a leas beacán: óir na biada gá mbí imurcaid do fhlichideacht reamuir rigid a leas mórán saluinn, & na biada
6610] tirma séime is beac do shalann rigid a leas; & is mur sin is follus co fuil in salann éigintach a follamnugad na sláinti.
Tuillead, ní himchubaid salann & uisgi mar
{MS P page 402} Ola na holiua, immorra, ní fhuil do na holaduib lé cóirithear an biad ola is millsi ná as measurda
6625] ná as cairdeamla don nádúir ná hí.
Ola nuca, immorra, atá sí teasaidi tirim co mór, & mar an cédna d'olaid an lín; & ní fhuil blas cairdeamail orra amail atá ar olaid na holiua.
Ola in phoipin 196, immorra, is maith, a blas & a
6630] balad; & claenuid beacán éigin chum fuaraideachta, ar an adbur sin ní himchubaid a follamnugad na ndaíneadh slán í.
Ola na n-almont milis, is lór a cairdeamlacht & a gaire do measurdacht. Et an uair bís easbaid
6635] na feóla ar na praiseachuib gnáthuigmid na holada annsna biaduib mar shabsa ar son na cúisid adubramar romainn.
De saporibus .i. do na sabsaduib . Agus bíth a
Et atáit neithe as inchoiméda a timchill na sabsa An céid-ní díb .i. gurab beac in chainndiacht dleagur do chaithim díb ar son gurab nádúir leigis atá acu. Tuillead, ní dligid na daíne slána neithe leigeasamla do chaithim acht a cainndiacht
6665] big; & ní mór is résúnta na neithe leigeasamla do chumusc risna biaduib acht a cainndiacht bic;
An dara ní dligmid do thuicsin .i. co ndleagur
6670] sabuis teasaidi do chaithim annsna haesaib & annsna coimplexaib & annsna haimsearaib fuara, & a chontrárda sin do na haesaib & do na coimplexaib & do na haimsearuib teasaidi.
Et is díb so do-níthear na sabuis fhuara, mur
6675] atá, agresta & fín na n-uball ngráineach & aigéid & súg an ubuill buidi & arán arna róstad & arna thuma a finégra & almoint millsi & uisgi róise maille ré beacán cainél & persille.
Et is iat so na neithi dá ndéntar na sabuis
6680] teasaidi gnáthuigmid annsna haimsearaib fuara, mur atá, musdard & ruib & sinnsér & pibur, cainél & clobus , gairleóg & sáitsi & minntus & persille & fín & eanbruithi feóla & aigéd gan beith láidir acht beith a ngaire do nádúir fhína.
Agus annsna haimsearaib inmeadónacha is sabus inmeadónach 197 dleagur do chaithim innti.
Agus an treas ní dligmid do thuicsin .i. gurab iat na biada inmeadónacha is luga rig a leas ré sabsa & ré blasaib, & co háirithi annsna corpaibh
6690] slána, & mur an cédna, dligid blas na mbiad beith a ngaire do measurdacht in méid bus éidir; & dá mbia blas an bíd tuitmeach, dligid na sabuis
Agus as iat sabuis imchubaidi na n-ainmintid
6700] coillti & na laeg & na fearbóg bearbthar a n-uisgi .i. na sabuis uaine do-níthear annsa tshamrad lé haigéd & lé hagresta & lé harán róstaigthi arna thuma inntu maille ré beacán spísraid, mur atá, beacán sinnséir & beacán clobuis . Annsa
6705] geimread, immorra, déntar in sabsa cédna maille ré mórán spísraid & maille ré beacán gairleóigi & ré fín ro-maith & ré beacán agresta.
{MS P page 403}Sabus fheóla in daim beirbthear a n-uisgi .i. piperatum. Agus is mur so do-níthear é .i. gab
6710] pipur & arán arna róstad & eanbruithi feóla & beacán agresta; & is annsa geimread as imchubaidi é. Annsa tsamrad, immorra, caitear í maille ré beacán pibair & ré mórán agresta. Agus as imchubaid in sabus sin lé feóil muici a n-aimsir
6715] geimrid co háirithi; & an tan beas easbaid na neithead so adubramar orainn, gabthur musdard & ruib ana n-inad. Agus fétur in fheóil sin
Agus as iad so sabuis imchubaidi na coiníne & na ngearrcach róstaigthe .i. camelina do-níthear d'arán & do chostus & d'agresta arna tuma a
6740] n-aigéid & a cainél, & annsa geimread a tuma a fín & a mbeacán aigéidi.
infra 182-5
De piscibus & .i. don iasg. Agus bíth a fhis agad co generálta, gach reime & gach dodíleagtha & gach méid d'imurcrachaib beas aigi & gach
6745] flichi dá mbia ann, as í in méide sin dligid a shabus beith gér, teasaidi. Más ead, tuicthear na héisg rigne ar nach bít lanna, mur atáit esgainn, co ndligid a sabuis beith d'fhín & do spísraib láidiri annsa geimread, & beith do spísraib anfhanna &
6750] d'agresta & d'aigéid annsa tshamrad.
Sabsa na partán, immorra, dligid siat beith d'aigéid aenda annsa tsamrad & beith d'fhín nó d'aigéid maille ré púdur spísraid annsa geimrid.
Dona deochaibPostquam determinauimus de cibis .i. ó do
6755] luaidimur don taeb thuas dín co speitsialta do na biaduib labrum anois do na deochaib. Ar an adbur sin bíth a fhis agad co fuil cuid do na deochaib is leigeas amáin, & cuid eile is deoch & is leigeas ar aen-shligi, & cuid eile is deoch amáin.
6760] Deoch is leigeas amáin, mur atá, siróip díleagthach
Agus atáit dá mod ar an dig sin .i. deoch nádúrda & deoch ealadnach. An deoch nádúrda, immorra, atáit dá mod uirre .i. fín nó uisgi, & gnáthuigthear
6775] na deocha so againne. Et is do na deochaib so do-rinneadar eagnaidi na n-Araipeach & na Gréigi mensión, an uair do luaididur do na deochaib, acht cé gnáthuigid cinead éigin bainne a n-inad digi, & cinead eile ola, & cinead eile
6780]
siróipi. Gid ead, ní gnáthach againne na deocha sin, ar an adbur sin ní dénum cuimniugad díb ann so. Deoch ealadnach, immorra, gnáthuigid drong againne, mur atá, linn & pomerium & cerasarium & mellicratum. Agus adubramar co lór
6785] don uisgi don taeb thuas dín annsa chéd-chaibidil {MS P page 404} don dara pairteagal & ní hinráid aen-réd de anois ach beacán. Gid eadh, laibeórmaid don fhín gé
Bíth a fhis agad gurab imchubaidi in t-uisgi mur dig do báthad in tarta ná an fín, gid eadh, ar tuicsin gach aen-neith eile, as imchubaidi in fín mur dig ná an t-uisgi a follamnugad na sláinti, ach gé theacmus co nádúrda gurab fearr mínighius
6795] in t-uisgi in tart (ar son gurab eadh is tart ann álgus na neithead fuar fliuch & co fuil in t-uisgi fuar fliuch co nádúrda) ná do-ní an fín; gid eadh, do chumusc an bíd & dá leathnugad ar na ballaib is fearr in fín ná an t-uisgi, tré mar atá sé séim
6800] ana shubstaint & ana gním, cumuiscthear co hurusa é risin mbiad, & co háirithi furbaíltigid an nádúir reime; ar an adbur sin tairrngid & cumuiscid ris na biaduib é. Agus as amlaid do-níthear an cumusc sin tré fhiuchad, & furtachtaigid
6805] an fín co mór chugi sin ar son a beith te do réir bríge; & toirmiscid in t-uisgi é tréna beith fuar.
Et is mar sin is follus gurab fearr an fín do chumusc an bíd ná in t-uisgi; & mar an cédna
6810] is fearr é do leathnugad na hoileamna ar na ballaib ná an t-uisgi; óir is é in fín tolltóir na n-uile ball, óir do-ní sé sin do leith shéime a shubstainti & teasa a bríge (óir atáit na neithe sin tolltanach co mór) & do réir chonsiquens is mó dísgaílius an
6815] fín ná do-ní an t-uisgi, óir ní fhuil bríg theasaidi
Tuillead .i. atá gluasacht na hoileamna chum na mball ó bríg atairraingthig na mball. Ar an
6820] adbur sin is mó grádaidit na boill in fín ná an t-uisgi, más ead, is mó fhurtachtaidius an fín chum sgaílti na hoileamna ar na ballaib ná do-ní an t-uisgi.
Tuillead .i. ní fhuil in t-uisgi imchubaid mur
6825] dig mar atá an fín, óir toirmiscid an t-uisgi an biad do dol a n-oileamain ar son nach oilinn sé leis féin, & ar an adbur sin gach uisgeamlacht dá mbia an biad is lugaidi oilius; más ead, is maith an fín do chumusc an bíd, óir ní thoirmiscinn sé an
6830] oileamain acht furtachtaigid & atairrngid & athnuaigid co mór & oilid co ro-luath.
Tuillead: comfhurtachtaigid an fín an teas & na spiraid & téigid in corp uile; óir is mór méduighius sin an oileamain; & cúisigid in t-uisgi
6835] pairilis do leith a fhuaire & marbaid & sgrisaid oibrigthi na nádúire co huilidi, ar an adbur sin ní dliginn an t-uisgi a chos do chur a n-oibrigthib na nádúire maille ris féin; ar an adbur sin, gid bé gnáthuigius uisgi leis féin as dimolta hé, acht
6840] muna tucthar é annsna fiabrasaib géra.
Tuillead: atá tarba eile ag an fín nach fuil ag an uisgi, óir tollaid co maith an corp co huilidi, & gearraid & dísgaílid linn finn rigin, & folmuigid
Tuillead: soillsigid an fín an t-inntleacht, & ceartaigid an fhearg, & innarbaid an dubrón, & togairmid an gairdeachus, & dúisgid an drúis, &
6850] sgrisaid in meirtnigi, & cúisigid an beódacht, & sgrisaid an tshaint, & treóruigid an tshubáltaigi. Agus adeirim so co hathchumair co ndéin an fín duine fearrda do leith chuirp & anma, & do-ní an t-uisgi an corp bannda; ar an adbar sin gid bé
6855] nach ibinn fín bíth sé bannda a n-aithfhégad na droingi ibius é; & do dearbad so ar neach nár ib fín ar tús & do gnáthuig a ól ainnséin & do bí inmolta do leith a chuirp & a anma . Ar an adbur sin as imchubaide fín mur dig a follamnugad
6860] na sláinti ná uisgi, óir ní moluim deoch uisgi aenda a follamnugad na sláinti.
Et atáit na dísleachta sin ag an fín dá n-ibthear co measurda é. Et dá n-ibthear co hainmeasurda é, innus co cúisiginn sé meisgi, múchaid solus
6865] an anma résúnta & comfhurtachtaigid an bríg mírésúnta & iarasibile & concupisibile .i. an bríg tsanntach & an bríg fheargach, & do-ní sé an résún anumal an tan sin, & bíth an corp an tan sin mur luing ar muir gan fear follamnuigthi uirre; ar an
6870] adbur sin gabaid sé ag an neach nach ingabála, &
An chéid-riagail díb .i. nach inibthi fín & an gaile folam & an corp gortach, óir cúisigid neach
6885] do thuitim a spasmus & a seachrán meanman. Et dá teagmad tart do beith ar neach & an gaile folam, féchad an neach ara mbia an tart sin an tart fírinneach nó nádúrda é. Óir as ead as tart nádúrda ann ainnteas do-níthear annsa ghaile ó
6890] chaithim na mbiad, & ní bí sin annsa ghaile fholum ara mbí tart, más ead, ní hinibthi fín annsa tart sin acht muna caitear ní éigin leis. Gid eadh, do míniugad in tarta sin fétur iulep d'ól nó siróip eile atá díleas ana aigid. Gid eadh, ná
6895] hibthear an fín ar aen-mod & an gaile folam.
An dara riagail .i. nach dleagur fín d'ól idir dá chaithim & an biad do caithead ar tús díb gan
An treas riagail .i. nach inibthi an fín gan inmeadón d'és tsaethair móir nó fothraigthi, óir gortaigid an fín na féithe & an inchinn co mór an tan sin.
An ceathramad riagail .i. nach dleagur in fín
6905] d'ól maille ré droch-biaduib ná lé torthaib, ná gu gar tar és a caithme; & co háirithi gan fín séim d'ól, óir cúisigid an fín mailís na mbiad do thollugad co luath chum na mball. Agus is fír sin dá caitear a caindiacht móir é, gid eadh, dá
6910] n-ibthear a caindiacht bic é fá résún an bíd, ceartaigid mailís an bíd uile.
An cúigead riagail .i. dá ngnáthuige neach fín anfhann & fín láidir d'ól ar aen-bord, ibthear an fín anfann ar tús & an fín láidir fá deóig, óir is
6915] fuirfe iatur bél an gaile ón ord sin & cruinnidthear an biad annsa gaile. Gid eadh, dá n-ibthear an fín láidir ar tús & an fín anfhann fá deóig dobu cunntaburtach an fín láidir do leith treisi a gníma d'fhágbáil an ghaile roim an díleagad do beith
6920] fuirfe & an biad neim-díleagtha do tharrang leis. Óir is mó gráduigid na boill co huilidi an fín láidir ná an fín anfann, ar an adbur sin tairrngid co luath é mar amantúr.
An sémad riagail .i. an fín ibthear do chumusc
6925] an bíd co ndleagur a chaithim ar aen-shligi risin mbiad & nach dleagur fuireach risin tart. Agus
An seachtmad riagail .i. gach reime & gach treisi dá mbia an biad as í in méide sin dleagur an deoch threoruigtheach nó an deoch cumuiscthi do
6945] beith mór, & econtra .i. gach séime & gach teó & gach flichi dá mbia an biad, gurab í an méide sin dligius an deoch beith beac, mur atá, an deoch threóruigtheach & an deoch cumuiscthi. Ar an adbur sin is córa in fín láidir d'ól lé feóil daim ná
6950] lé feóil gearrcach, & is córa a ól lé hiasg ná lé feóil.
An t-ochtmad riagail .i. an uair bís neach lán do thart dligid a fhín beith séim anfhann a
An naemad riagail .i. nach dligid na macáim náid na banaltranna fín d'ól , acht beacán d'fhín anfhann uisgeamail. Na sean-daíne , immorra, as
6960] imchubaid fín láidir, deadh-balaid, deadh-blasta dóib. Óir dá tucthar fín do na macámuib, & co háirithi fín láidir, is teine a ceann teineadh é, óir atáit féithe anfanna ag na macámuib & inchinn fhomámuidtheach anfann; ar an adbur sin
6965] gortaigthear co hurusa ón fhín iat, óir ní fhuil in fín cudruma do choimplex na macám do leith a thirmachta , óir atáit na macáim fliuch co mór & caithid biada is urusa do díleagad & atá díleagad láidir acu & spirada imda. Na macáim, immorra, &
6970] co háirithi ara céd-oileamain, ní hincheaduigthi ar aen-mod fín dóib acht ro-beacán. Et gach méid tosgaidit ana n-aimsir, as í in méide sin as innile fhéduid fín d'ól, & co háirithi an uair chaithid biada reamra is deacair do díleagad & is deacair do
6975] threórugad chum na mball.
An deachmad riagail .i. gibé gá mbí inchinn anfhann co nádúrda nó co haicídeach, ná hibead fín láidir acht a caindiacht bic, gid ead, féduid fín anfhann uisgeamail d'ól. Agus mur an cédna
6980] don droing gá mbít ae & gailidi teasaidi, dligid fín láidir teasaidi do sheachna. Agus mar an
An t-aenmad riagail dég .i. co ndleagur na sein-fhínta do sheachna, co mór a sligid digi, óir is mó is leigeas iat ná as deoch. Agus mur an cédna as insheachanta na fínta nuada , óir atáit siat
6990] neim-díleagtha, neam-glan, gaethmur, & geinid dúinti & cúisigid disinteria. Na fínta a n-aís inmeadónaid, immorra, & arna nglanad co maith, as iat as intogtha a coitchinne díb.
An dara riagail dég .i. dá n-ibthear an fín ní
6995] mur dig amáin dleagur a ól acht d'oileamain an chuirp & dá reamrugad & dá athnuaigead mur rigid a leas na daíne bís truag co nádúrda nó co haicídeach. Agus is fínta millsi, reamra, deadh-datha dleagur d'ól an tan sin, óir oilid na fínta
7000] sin co lór, & athnuaigid an ní do millead, & reamraigid na cuirp. A chontrárda so dá teagmad nach iat na neithe so do-bérmais dár n-úid, acht an corp do chnaí nó do thruagugad nó do thirmugad,
mur is cóir do dénum risna daínib reamra méithi;
7005] óir is fínta séime a substaint & a ngním dleagur do thabairt dóib, & gan a mbeith milis acht a
An treas riagail dég: dá tucthar an fín do
7010] chomfhurtacht na spirad & do cheartugad na mbríg, dleagur fín séim deadh-balaid do thabairt an tan sin, ara mbí blas toltanach & ara mbí dath inmeadónach & ana mbí neart imchubaid. Agus dleagur an fín sin d'ól maille ré beacán bíd &
7015] dligid beith glan co maith óna imurcachaib & dleagur a ól a caindiacht bic.
An ceathramad riagail dég .i. dá tucthar fín do chomfhurtacht bríge fostaigthi an gaili & na n-inneadh as iat fínta dleagur do thoga an tan
7020] sin .i. fínta dearga reamra poinntica mur iarthur don droing ara mbí flux bronn ó anfainne bríge fostaigthi an ghaili. Et dá togram an bríg díleagthach do chomfhurtacht, dligmid fínta séime a substaint & a ngním do thoga in tan sin, & a
7025] mbeith deadh-balaid, & méid éigin géiri maille ré beacán millsi do beith inntu.
An cúigead riagail dég .i. gurab fearr an fín do-níthear anfann ó chumusc uisgi ris ná an fín
7030] bís anfhann co nádúrda & a chur anfann a céim inann, & co háirithi an tan bís an fín anfann co {MS P page 407}nádúrda; óir na fínta bís anfhann co nádúrda is usa a truailliugad & is luga oilid an corp ná
Tuillead: bíth a fhis agad ag tabairt na fíntad gurab iat na fínta duba agá mbí substaint reamur ré cumuiscthear méid éigin uisgi is luaithi chuirius neach ar meisgi, óir is luath téid sé chum na
7040] féithead & is luath téid a deathaige chum na hinchinne; ar an adbur sin gach séime & gach toltanaighi dá mbia an fín is luaithidi chuirius neach ar meisgi, gid eadh, as urusa in meisgi sin do dísgaílead. An meisgi do-níthear ón
7045] fhín reamur, immorra, is mall tic & is deacair a hinnarbad. Na fínta reamra anfanna, is cian uatha meisgi do dénum. Na fínta séime láidiri, atáit siat ro-ullum chum na meisgi.
Et adubradar drong éigin dár n-eacnuidib-ne
7050] gurab imchubaid a coiméd na sláinti beith uair nó dá uair annsa mí ar meisgi, innus co cúiseóchaide codlad fada ón meisgi sin & co mbedais na bríga ainmidi a cumsanad annsa chodlad sin & co n-innarbthaigi na himurcracha tré allus, nó tré
7055] sgeathraig, nó lé fual, nó lé fearad, & folmuigthear an corp mar sin. Et ní dliginn in meisgi sin beith mór ná anorduigthi ó n-anfainneóchaidi an inchinn co mór, óir ullmuigid in meisgi sin neach chum pairilisi nó chum apoplexia. Et ní dliginn beith
7060] ana meisgi leómanda ná mucamail, acht beith ana meisgi threóruigius lúthgháir &
Tuillead: bíth a fhis agad dá tugam dár n-úid in t-ucht nó an sgamán do glanad & an brú do lagad, as iat na fínta gá mbí substaint inmeadónach & blas milis is mó is intogtha díb in tan sin. Et
7070] dá tucam dár n-úid regimen na sláinti, dligid in fín beith inmeadónach nó cudruma idir beith nua & arsaid, & beith solus a' claenad chum deirgi, ara mbí balad maith & blas cudruma, gan beith aigéidigthi ná gér ná ro-milis, & gan beith deathmur
7075] ná reamur, & gan a fhás a n-inaduib clochamla ná sléibtigi, ná a talam ro-shocair shoaradachta, acht a fhás a talam thirim shléibtigi beas a fiadnuise gréine, & a adaid ar an aird bu deas, & gan a fhás a régión ro-theasaidi ná ro-fhuar. Et is éidir a
7080] chonclúidiugad as sin nach imchubaíd na fínta ro-láidiri, mur atá, fín an tíre ré n-abur Cipria, & na Gréigi, a fhollamnugad na sláinti.
Agus as inchomurthaid ana diaid sin na fínta ealadnacha gnáthuigid drong éigin, mur atá, an
7085] fín ré n-abur saluiatum nó enulatum nó rósatum. Óir is nádúir leigis atá ag na fíntaib sin, más ead, ní himchubaid iad a follamnugad na sláinti acht a caindiacht bic. An fín ara mbeirbthear
An fín ara mbeirbthear eillinn ré n-abur enlatum is mór chomfhurtachtaigius sé an craidi & na
7120] boill adras de; ar an adbur sin gibé gá mbí craidi anfann nó gaili anfann ó fhuaraideacht & ó fhlichideacht gnáthuigead sé an fín ré n-abur enalatum a caindiacht big mur adubramar do shaluiatum. Et ní fhuil cunntabairt gurab
7125] imchubaide enalatum a mórán do chúisib ná saluiatum.
Agus as inlaburtha de & do na deochaib ele, mur atá, pumerium (.i. deoch do-níthear do na luibib) & cerasarium (.i. deoch do-níthear do na seirínib) & a
7130] cusmaile. Agus atá drong do na daínib gnáthuigius na deocha so d'uireasbaid an fhína; gid eadh, ní com-imchubaid iat risin fín mur dig. Et bíth a fhis agat gurab éidir linn do dénum do choirci & d'eórna & do chruithneacht; & do réir
7135] mur bís sé d'éxamlacht na ngrán is dá réir sin bís coimplex éxamail aigi & do réir chonsiquens oibriugad éxamail. Et dá mbia an linn arna dénum dá gach aen-grán bud gairbi é ná an fín &
Et an linn do-níthear do na gránuib chúisigius
7145] in meisgi, mur atá, an linn do-níthear don grán ré n-abur cogal, as ro-olc é, óir geinid teinneas cinn & gortaigid na féithe. Agus éxamailtear an linn fá éxamlacht na ngrán. Óir an linn do-níthear d'eórna & do choirci as beac geinius sé
7150] gaethmuireacht & is beac oilius. Agus an linn do-níthear do chruithneacht claenuid chum teasaideachta, & oilid nísa mó. Agus gach reime dá mbia an linn as í in méide sin is dimolta é, & gach séime & gach glaine dá mbia is feirrdi.
Agus atáit deocha eile ealadnacha ann do-níthear do mil, noch atá teasaidi tirim. Agus geinid dúinti annsna haeib & annsna cuisleannaib & annsa tsheilg & geinid mórán gaethmuireachta & co háirithi an uair bís caindiacht mór meala
7160] inntu. Agus an tan ná beirbthear an mil co fuirfi lagaid an brú, ar an adbur sin ní himchubaid na deocha sin a follamnugad na sláinti, acht is mó is imchubaid iat don droing gá mbí coimplex fuar, & co háirithi dá mbia linn finn ana ngailidib
7165] & ana n-innib, óir atá bríg gearrthach thirmuigtheach
Cerasarium .i. an deoch do-níthear do na seirínib & do phumerium, as gaire do nádúir fína iat ná
7170] an linn. Et as í mu dóich gurab imchubaidi iat a coiméd na sláinti ná an linn, mur is follus don droing dearbus a mblas & a mbalad & a substaint; óir atáit siat cusmail co mór risin fín annsna cuingillaib sin, acht cé luga a teas & a n-oileamain
7175] & a comfhurtacht & a ndeadh-balad, ná teas & oileamain & comfhurtacht & deadh-balad an fhína; ar an adbur sin is luga as imchubaid iat a follamnugad na sláinti ná an fín. Ar an adbur sin na deocha so & a cusmaile fédmaid a molad
7180] do bél amáin, gid eadh, as toltanach linn & lénar lucht ingráduidthi an fín do réir oibrigthi & craidi.
Indumentorum usus est nisisarius in regimine sanitatis .i. atá gnáthugad an édaigh éigintach a follamnugad na sláinti; ar an adbur sin laibeórmaid
7185] díb, et cuirfimid riadlacha bus inchoiméda {MS P page 409}do na hédaighib & do na cumduigib eile ann so.
An chéd-riagail díb .i. gurab é is cúis do na
Et as inchomurthaig co ndítninn in t-édach in corp ón fhuacht ar trí moduib: an céd-mod díb, i. co toirmisginn sé in t-aer fuar ón chorrp innus nach teagmann an fuacht teacmuiseach gan
7200] inmeadón dár corpuib; an dara mod .i. inntaigid & connmuid na hédaighi na deathaige & na leanna teasaidi a fuirimeall in chuirp, & arna n-imdugad mur so a fuirimeall an chuirp téigid siat an corp. Tertio calefaciunt corpus nostrum200
7205] ó theasaideacht do réir spiraidi & do réir bríge; & treóruigthear an teas sin ó theasaideacht & ó spirad an chuirp daena ó chumachtain chum gníma, mur do-ní púdur pibair arna chonnmáil annsa láim an lám do théigead ó theasaideacht do
7210] réir bríge, & treóruigthear an teasaideacht sin ó chumachtain chum gníma ó theasaideacht na láime. Agus as mur sin fhéduid na hédaighi co minic an corp do théigead do theas gnímach &
An dara riagail .i. gach fuaire & gach gaethmuire beas an aimsear & gach séime beas in t-aer, as í in méide sin dligmid mórán éduigh do beith againn, & co háirithi an uair beas an corp tearc foámuigtheach & an coimplex fuar. Annsa geimread,
7225] immorra, atá mórán do na héduigib & do na cumdaigib éigintach ann, & nísa mó annsan oidchi ná sa ló, & nísa mó an uair thshéidius in gaeth ná an uair nach sédinn, & nísa mó annsa doininn ná sa soininn, óir is cumachtaigi théidius an
7230] salann201 annsa soininn ná sa doininn. Tuillead: na daíne gá mbít coimplexa tearca, mur atáit, na daíne gá mbít musgailí édlúithi, mur atá, a mbeith póireamail, & ag nach fuil feóil chruaid acht a beith bog, is dóib sin is baedlaigi in fuacht,
7235] & is iat is mó rig a leas ré hédach. Agus mur an cédna do na seandaínib & do lucht leanna finn, is mó reaguid siat a leas ré hédaighib, óir is mór gortaigthear an drong so óna cusmailius & furtachtaigthear óna contrárda; ar an adbur
An treas riagail .i. gurab luga rig a leas lucht in tshaethuir édach ná lucht in chomnuide; óir téigthear na boill fhuirimeallacha ón tsaethur &
7245] cnaítear imurcracha fliucha na mball & cruaduidthear na boill méid éigin & do-níthear neam-fhoámuigtheach iat. A lucht in chomnuide, immorra, bít a mboill fhuirimeallacha & a teas a' cumsanad, & is éigin co comfhurtachtaigthear iat
7250] óna clúdad, & treóiruigthear an teas méid éigin ón chlúdad sin ó chumachtain chum gníma.
An ceathramad riagail .i. na daíne gnáthuigius stufaidi, in uair theagmus aer fuar dóib, ana diaid sin is mór rigid a leas ré clúdad ar son co
7255]
ngortaigthear iat co hurusa ón fhuacht, óir do gnáthuigeadur co mór teas roime sin; óir mur nach bí fulang ón gnáthugad, as trít sin an uair theagmus ní contrárda neam-gnáthuigtheach dár corpuib bít foámuigtheach air gu mór. Agus
7260] teagmaid sin don droing gnáthuigius fothragad tirim, óir atáit póire osgailti tearca acu, & do réir chonsiquens an fuacht teacmuiseach beanus {MS P page 410} rú , téid co luath & co fuirfi ana mballaib & gortaigthear iat. Ar an adbur sin reagur a leas
7265] mórán éduigh annsa chéd-fhuacht teagmus tar és an fhothraigthi, ar son co mbí claechlód obann chum an fhuachta acu.
infra 212
An cúigead riagail .i. gurab mó reagur a leas clúdad annsa chodlad ná annsa neam-chodlad.
7270] Óir tarraingthear an teas chum na mball inmeadónach a n-inad an díleagtha, & mairit na boill fhuirimeallacha lomnacht ó theas & ó spiraduib a n-aithfhégad mur bít ana ndúsacht, & mur sin atáit siat ullum chum a ngortaigthi ó fhuacht
7275] an aéir theagmus dóib. Agus an ball atá ro-fhuar as ro-mór rig sé a leas a chlúdad, & as í sin an inchinn. Ar an adbur sin is mór rig a leas an ceann a chlúdad, & co háirithi a n-aimsir in chodalta, óir éirgit deathaige chum na hinchinne
7280] a n-aimsir in chodalta fhuarus in ceann; óir inntaigthear na deathaighi sin a nádúir uisgi; ar an adbur sin as í mo thuicsin gurab mó dleagur an ceann do chlúdad a n-aimsir in chodalta náid na baill eile. Gid eadh, is córa na baill eile do
7285] chlúdad a n-aimsir in neam-chodalta, óir curthar mórán do theas & do spiraduib chum na hinchinne ar son na mbríg ainmidhi inmeadónach, óir is annsan inchinn beóaigthear na bríga sin, & is trít sin is lór a teas a n-aimsir an neam-chodalta;
7290] & a chontrárda sin a n-aimsir in chodalta, mur adubramar romainn.
Rainn an ochta, immorra, is mór dleagur a chlúdad & ní hannsa chodlad amáin sin acht annsa neam-chodlad; óir is deacair rainn an ochta do
7295] 202dín ón fhuacht, óir atairrngid aér fuar do gnáth & tuitid reuma do gnáth ón inchinn chum rann
Na boill fhuirimeallacha, immorra, is beac rigit a leas a clúdad, mur atáit, na láma & co háirithi a n-aimsir an neam-chodalta; óir is beac nach fuilid siat a cumsgugad do shír, óir is orgáin atá
7545] arna n-ullmugad chum gluasachta iat. Agus is luga rigid a leas na lámha clúdad náid na cosa ar son co toirmiscthear a n-oibriugad (nó cuid de) ón édach, & ar son a mbeith a ngar do thobar an teasa. Tuillead: atáit mórán d'airtirib a fogus
7550] do na lámuib ana fhadur puls láidir & mórán do theas an chraidi. Ar an adbur sin na hoibrigthi chum ar horduideadh na láma ón nádúir, mur atá, saethur mór, cúisigthear teas & spirad inntu ón tsaethur sin & ó bríg fhollamnuigthi an chuirp;
7555] ar an adbur sin ní rigid a leas clúdad mur rigid a leas na boill eile.
Na cosa, immorra, atáit siat arna n-ordugad chum gluasachta & chum oibrigthi, & an uair bít arna cumdach co ro-mór ó édach ní fhéduid na
7560] hoibrigthi sin d'fhoirfiugad co maith ; ar an adbur sin ní rigid a leas mórán clúdaid acht cé mó rigid a leas ré cludad náid na láma.
infra 213-4
An bél & an aduid , immorra, ní rigid a leas cumdach acht muna tí éigintus mór, óir cuirid
7565] an nádúir mórán teasa chum na haigthi ar son oibrigthi na cédfad, atá a rannuib na haithi co mór; óir ní héidir na hoibrigthi sin d'fhoirfiugad co himchubaid & cumdach im an aduid.
An sémad riagail do-gabur í ón aibíc . Óir
7570] an drong gá mbít boill fhuirmeallacha fheólmura is beac do chlúdad rigid a leas a n-aithfhégad na droingi gá mbít a mbaill lomnacht ó fheóil; óir is luga gortaigthear an drong sin ó fuacht ná gortaigthear an drong ara mbí beacán feóla.
An seachtmad riagail do-gabur í ó éxamlacht imda in chlúdaid & an édaigh. Óir atá cuid do na héduigib te co mór, & cuid te co beac, & cuid eile co hinmeadónach. Na hédaighi do-níthear do na croicnib is mó théigid siat co coitchinn ná do-níd
7580] na hédaighi eile; & ana diaig sin na cumdaigi do-níthear do na héduidib olla bís cael bog dlúith; ana diaid sin na hédaighi do-níthear do bombax; {MS P page 411}& ana diaid sin na hédaighi do-níthear do shída; & fá deóig na hédaighi do-níthear do lín, & is iad
7585] so is luga is te co nádúrda díb. Et éxamailtear méid nó loigid teasa an éduid do leith an ealadhnóra: óir do-níthear in t-édach d'fhinnfad chael nó reamur, nó fidthear é co dlúith nó co tana, nó bíth in t-édach dúbluigthi nó aenda,
Et fédtur a chonclúidiugad as na ráitib sin gurab éduigi nóid furraidi séime ara mbí beacán d'fhinnfad tearc rigid a leas na daíne gá mbí
7635] coimplex teasaidi, & a mbeith a n-aís óig & a réigión teasaidi. Et a chontrárda sin do na daínib gá mbí coimplex fuar, & bís a n-aís arsaid, & a n-aimsir fhuair, & a régión fhuar, & gá mbít cuirp thruaga thearca, as furraidi tiuga ara mbí mórán d'
7640] fhinnfad dlúith rigid a leas. Agus mad áil linn an corp do thirmugad & imurcacha na mball do chnaí is maith cumdaigi cruaidi garba bís tearc co mór & a mbeith a ngaire don fheóil co háirithi. Ar an adbur sin gibé lérab áil a chorp do
Quoniam quidam sunt comendabiles seu uenerabiles .i. atá drong do na daínib lérb áil a mbeatha do
7655] breith as co hanórach inmolta, innus gurb áil leó beith slán, ar an adbur sin do-bér dom aire aen-chaibidil athchumair do génum don regimen is fearr do-chíbh dóib. Ar an adbur sin as {MS P page 412} intuicthi, acht gé atá gním na coimriachtana
7660] tarbach a coiméd na sláinti, gid eadh, ní fhuil sé éigintach; ar an adbur sin drong éigin do na sean-daínib do luaid d'fhollamnugad na sláinti, ní dearnadur siat mensión don choimriachtain. Óir bít mórán do na daínib mairius slán gan
7665] choimriachtain mur mairid drong eile slán maille
An chéid-riagail díb do-gabur í do leith in gnáthuigthi. Más ead, as intuicthi gurab do na neithib choimédus duine slán neam-gnáthugad gníma na coimriachtana, mur is follus annsna
7680] mnáib an uair nach gnáthuigid bainne do thabairt dá leanbaib nach geintear bainne 'na cígib, & is trít sin nach éidir leó na leinm d'oileamain. Et mur an cédna, an uair nach gnáthuigid boill na geineamna gním na coimriachtana, ní
7685] himduidthear sperma inntu & ní geintear uatha, & do réir chonsiquens ní dúisgthear chum na coimriachtana iat. Agus as inchomurthaig co deithideach, dá ngnáthuigead neach coimriachtain ré haimsir fada, nach innil an gnáthugad sin do
7690] chlaechlód co hobann acht tar és a chéile, óir is réd guasachtach a follamnugad na sláinti an gnáthugad do chlaechlód co hobann. Agus mad
Tuillead: bíth a fhis agad, in drong gnáthuigius fiadach & gnéithi na cluithid & cuisleanna & díniti, co coimédann sin na daíne & co comfhurtachtaiginn
7710] co mór iat, & do-ní in fheallsamnacht & stuidér na leitreach in cédna; & co háirithi do-níd na deidh-bésa & in t-allus in cédna, & do-níd na cathanna & a gnímurtha in cédna, óir furtachtaigid na neithe sin co mór & coiméduid duine geanmnuid.
Tuillead: is mór choiméduid so duine geanmnuid, mur atá, cuisle & fothragad tirim & saethur láidir & fothragad. Agus na daíne nach gnáthuiginn
Tuillead: gibé lérb áil beith geanmnuid seachnad
7725] sé biada dúisgius neach chum coimriachtana, & teas mur in cédna, nó spiruid, nó gaethmuireacht arna timurgad a mballaib na geineamna. Agus na biada do-ní sin do sgríbamur iat don taeb thuas dín annsa dara pairteagal don leabur so
7730] annsa chaibidil do-rinneamur do riadlachaib follamnuigthi na sláinti do-gabur ó éxamlacht na mball, & atá sin a ndeireadh na caibidleach. Agus in drong lérb áil beith geanmnuid, seachnuid siat na neithe sin uile; & is maith na neithe gnáthuigius
7735] in sperma do thirmugad annsa chúis sin.
{MS P page 413}Et is maith na neithe fhuarus & tirmuigius baill na geineamna, do gnáthugad annsa chás so. Agus dá teagmad co ndúiseóchad gaethmuireacht neach chum coimriachtana ar son éirgi na slaiti,
7740] más ead, is maith na neithe gaethmura do sheachna & na neithe brisis in gaethmuireacht do gnáthugad & tirmuigius an sperma. Agus atá cuid díb sin fuar & cuid eile tirim. Na neithe fuara, immorra, mur atá, lentes & a n-eanbruithi arna bearbad
7745] maille ré sene & ré síl cnáibi, & coriandrum, & síl lactuca, & meadg bainne gan im & é goirt co mór,
Tuillead: bíth a fhis agad co tirmuigid na neithe so an sperma dá n-ongthur baill na geineamna & na dubáin leó, mur atá, ola poipín & ola gaifne;
7755] & do-ní lile & síl ruibi in cédna, & duilleabur & síl angnus castus , & calamint, & eufurbium, mirr, & cuimín; ar an adbur sin tirmuigid an lictabáire ré n-abur diasiminum adbur an sperma, & co háirithi an drong gá mbí coimplex teasaidi; &
7760] caitear é a n-aimsir theasaidi maille ré haigéid.
Tuillead: bíd a fhis agud gurab do na neithibh thoirmiscius toil na coimriachtana boill na geineamna do chur a n-uisgi fhuar, & co háirithi dá mbia sin ann annsan aimsir a ndúisgthear í chum
7765] na coimriachtana. Tuillead: an drong gá mbít dubáin té & boill na geineamna, pláta luaidi do chur ara ndubánuib & a phollad co min, & a n-ongad lé holaid éigin fhuair thirim, & dá ngnáthuigthear sin is mór muchus sé toil na
7770] coimriachtana.
Tuillead: ní dligid biada na droingi lérb áil beith geanmnuid mórán oileamna do beith inntu ná beith teasaidi fliuchaidi, acht dligid siat beacán
Tuillead: an drong lérb áil beith geanmnaid, bít siat neam-chodaltach, & caithid nísa luga ná a ngnáthugad , & ná bíth siat dímaíneach, óir ullmuigid in dímaínius an oileamain chum locht,
7780] & ní chum na drúisi amáin acht chum móráin do lochtaib eile. Agus moluim an drong lérb áil beith geanmnaid gnáthugad d'angnus castus a fothragad & a ndeathaigib & chum a chaithme. Et deisigthear a seómra 204 & a leapthacha d'angnus
7785] castus, óir atá dísleacht chumachtach aigi do médugad na geanmnuideachta, mur bearuid na heagnuidi fiadnuise .
Agus as mór do na daínib nach gnáthuiginn coimriachtain agá mbid gailidi & craidi égruaidi
7790] anfanna; más ead, is maith dúin ar n-aire do thabairt do chomfhurtacht an gaili leis na leigeasuib itear & ibthear, & mur an cédna do na ceirínibh teasaidi nó fuara nó measurda mur do-cífithear don liaig do réir éxamlacht an
7795] choimplexa & na haimsiri & na haísi & a cusmaile; & adubramar na neithe so co lór don taeb thuas dín sa dara pairteagal don leabur so sa chaibidil labras do choiméd na mball, mur a laburthar do choiméd an gaili, & tuicthear an cédna don chraidi.
Agus bíth a fhis agat gurab imchubaidi an
7820] sgeathrach don droing lérb áil a ngeanmnuideacht do choiméd náid na leigis laccthacha eile, óir dobu baedal tosgugad an adbuir sís ón leigeas lagthach. Tuillead: .i. is maith cuisli do ligean do shofena don taeb astig do na haltaib don droing
7825] ara mbí anfainne craidi & gaili. Tuillead: bíth a fhis agat co ndéin smargadus & safir duine geanmnaid innraic.
infra 223-4
Consequenter dicendum est de regimine 205 iter agencium .i. labrum anois do regimen lucht an
7830] tsiubail, & cuirfimid riaglacha air ann so.
An chéid-riagail díb .i. in té thshanntaigius siubal do dénam do réir éigintuis dligid sé a gnáthugad do chlaechlód a mod a bheathad.
Riagail eile .i. is mod ar leith dligius lucht an
7835] tsiubail do beith acu ó lucht an chomnuidhi, óir do budh , baedal droch-easláinti do geineamain ó theinnius & ón tsaethur theagmus do lucht an tsiubail acht muna claechluigthear an gnáthugad. Agus ní dleagur an gnáthugad sin do chlaechlód
7840] co hobann acht do réir uird; ar an adbur sin is éigin gibé shanntuigius siubal do dénam ord do gnáthugad. Et a tosach an tshiubail déntur beacán saethuir, & gnáthuigthear mur sin d'és a chéile nó co tinnsgaintear an siubal; & tuicthear
7845] a chusmailius sin don tart & don ocras. Et is ní ard annsa chúis so an gnáthugad do chlaechlód. Et dligid sé an biad thshanntaigius sé do gnáthugad a n-aimsir an tsiubail. Et is mó an guasacht atá do lucht an tshiubail annsna neithib nár gnáthuigidur
7850] siat & do na daínib égruaidi & do na daínib
An dara riagail do-gabur í do leith an bíd, óir dligid sé beith so-díleagtha & substaint maith do beith aigi & beith a caindiacht fhoguis gan beith mór. Agus atá aen-ní agum dá rád fá cheann
7860] oileamna na droingi so .i. co ndliginn sí beith mur so .i. co .i. díleagthur é co luath & co maith & ná timaircthear imurcacha isna cuisleannaib; & na biada atá mur sin adubramar iat don taeb thuas dín sa chaibidil labras do na biaduib & do na
7865] deochaib co generálta
Tuillead: ní dligid siat marcaideacht do dénam & an gaili lán do biad innus nach truaillfidi an biad annsa gaili, & nach bud éigin dóib uisgi d'ól innus nach dearnad sé fodar ná gaethmuireacht
7870] ana meadón. Agus fuirigthear gan biad do chaithim an tan sin co huair in chaithme; & mad éigin an biad do chaithim caitear beacán de innus nach bud éigin deoch d'ól; ar an adbur sin dligid siat in deoch do sheachna & co háirithi an t-uisgi.
Tuillead: dligid lucht an tsiubail na praiseacha & na tortha do sheachna & gach ní geinius leanna oma, acht muna tucthur iat do leith leigis.
infra 225-6
Tuillead: ní dligid lucht neam-álguis an bíd siubal do thinnsgaint; más ead, codluid siat ar tús
7880] innus co leigistigi an fastidium.
Agus mur an cédna ní dligid lucht na gorta saethur do dénum, óir an lucht ara mbí gorta & éigintus mór ní dligid saethur ná siubal do dénum, óir as í an bríg dleagur do chomfhurtacht
7885] ar tús. Gid eadh, fédtur an t-éigintus do laigdiugad ar tús a' laigdiugad na gorta innus co sgristur co léir álgus an chaithme nó laigdigthear é co mór, más ead, is maith biad do chaithim lé fédann duine breith as co fada gan biad; más
7890] ead, as intuicthi na biada do-níthir207 do na haeib róstaigthe & pillidi do-níthear d'almont & d'olaid almont & do geir mairt, dá caitear pille díb sin as fada fhuilingthear gorta dá éis. Tuillead: ola uiola ana curthar geir mairt coisgid an gorta, &
7895] dobud éidir lé neach do chaithfead .2. de sin breith as gan álgus inchomurthaid ré feadh deich lá acht beacán.
Et mur adearar don gorta tuicthear a chusmailius sin don tart. Et ós éigin an tart d'fhulang
7900] as intuctha leigeas choisgius in tart, mur atá, in t-aen-leigeas urusa édrum so .i. gabthur síl portolaca {MS P page 415}trí .3., & bris maille ré haigéid & ré huisgi an méid
An treas riagail do-gabur í do leith na cuislinni
7910] & do leith an leigis lagthaig, óir dá rigi a leas neach ré neachtur díb so do leith an línta ullmuigthear iat sul tinnsgaintear an siubal; & muna hullmuigthear is baedal dóib fiabras & neascóid & gortaigthi na mball fuirimeallach. Et dá mbia an aimsear
7915] fuar, fliuch, truailligthi, & gan beith te co mór, & na baill fhuirimeallacha láidir, & na leanna reamra & iat loisgthi méid éigin, as baedal lubra an tan sin. Más ead, is maith, sul tinnsgaintear an siubal, an leigeas lagthach nó an chuisle do thabairt
7920] do réir mur do-chífi an liaig, & cúisigthear an corp umal uatha sin & innil ó na heasláintib. Agus gibé lenab áil siubal do dénam ná dénad é ar mod ar doman gan comuirle leaga maith.
An ceathramad riagail do regimen lucht an
7925] tsiubail: & do-gabur é do leith teasa bís isna corpuib ó easbaid na coimriachtana. Et atá drong do na daínibh darab éigintach siubal do dénam a n-aimsir thé, & dligid siat co mór a n-inchinn do choiméd ó theas innus nach gortuigthear hí. Omacr;ir
7930] is meinic theagmus teinnius mór cinn do lucht an tsiubail ón teas sin, & fiabras efemera, nó fiabras
Tuillead: is maith do lucht an tshiubail uinneminti nóid olada do beith ar imchur acu do gnáth, mur atá, ola róis & uiola & nenufar & uinnemint populion , asa n-ongthur an t-ucht uair a ndiaid
Tuillead: dá mbia eagla droch-balaid ar neach ó
7965] aér nó ó gaíth truailligthi, iatur an tsrón. Et sul caitear biad in tan sin, eabur bainne dá mbeantur a im, ana mbia uinneaman gearrthur co min, & is mur sin is luga do-ní an droch-balad urchóid. Et is maith balad ola róis208, & a hól annsa chás
7970] so, & innarbaid an urchóid do-ní in gaeth truailligthi. Et dá teagmad urchóid ón droch-balad sin, crotar
uisgi fuar ar na ballaib fuirimeallacha, & innailtear an aigid as. Et ongthur an ceann leis na holaduib fuara adubramar romainn. Agus an uair do-déna
7975] sé comnuidhi tar éis an tshiubail, as imchubaid dó fín measurda do chomfhurtacht na bríge & do cheannsugad an tarta. Et as imchubaid iasg saillti do thogairm thochluigthi an gaili.
Agus dá mbia tart mór ar neach tar éis deathaig
7980] an aéir thruailligthi, déntur gargraisim nó innlad don bél do shiúcra, & sloigthear beacán tair éis a chéile de. Agus as maith don droing atá arna ngortugad ó theas, comnuidhi do dénam a n-inad {MS P page 415a} fhuar & na cosa do nigi a huisgi fhuar; & dá mbia
An cúigead riagail do-gabur í do leith na haimsiri fuairi; óir an drong shiubluigius a n-aimsir fhuair is mór an t-adbur eagla é, acht cé mór
7990] choimédus an aimsear fhuar lucht an tshiubail. Óir stupáiltear an corp co huilidi ón fhuacht & cúisigthear spasmus nó apoplexia & bás fá deoig ón fhuacht sin. Na baill fhuirimeallacha, immorra, mur atáit, na cosa & na láma & na súile, gallruigthear
7995] iat co gnáthach ón fhuacht an méide so innus co morgaid & co tuitid a tochlugad madramail; más ead, is maith don droing lérb áil siubal do dénam édaighi teasaidi do beith acu, dár labramur don taeb thuas dín a caibidil chumdaig na corp. Óir
8000] gnáthuigid an fuacht dul a n-inmeadón an chuirp trít an sróin & trít an mbél & trít na cluasaib & trí phóirib an chuirp; más ead, is maith na póire do dúnad mur is fearr fhédfair innus nach deacha an fuacht a n-inmeadón; óir atáit mórán sligthid
8005] annsa cheann & annsan aduid tré ngnáthuiginn an fuacht siubal co hinmeadón; más ead, dligid an liaig beith deithideach a' cumdach an chinn & na haigthi air eagla an fhuachta, óir idir na ballaib fuirimeallacha as iat na súile & an aduid baill is
8010] uaisle díb. Agus gnáthuigid siat gortugad do gabáil chucu ón fhuacht, mur atá, deargus &
Tuillead: dligid an liaig beith deithideach co mór a coiméd na mball fuirimeallach, & co háirithi
8020] na cos; más ead, cumdaigthear na cosa lé héduidib teasaidi, mur adubramar an corp uile do chumdach leó. Et sul tinnsgnus neach siubal do dénam, coimiltear na cosa co mór lé holaid na holiua, innus comad feirrdi do coimédfuidi an teas arna
8025] threórugad ó chumachtain chum gníma an choimilt sin. Agus ana diaid sin gabthur olann círtha & curthar ar na bonnuib í, & gabad asáin teasaidi uime ana diaid sin & buatuisi fairsingi, innus comad éidir leis a chosa & meóir a chos do gluasacht; &
8030] is do na neithib choimédus na cosa ón fhuacht sin. Et an uair fuarthar na cosa & meóir na cos in méide so innus ná gluaistear iat co fuirfe, gan comnuidhe coimiltear & ongthur iat mur adubramar romainn. Agus adearuid drong eile gurab maith
8035] na baill fhuirimeallacha do chur a n-uisgi fuar, & co n-inntaiginn sé iat chum a nádúire féin; & dá curthar chum tinead iat is beac do tharba do-ní dóib. Ar an adbur sin is fearr a cur a n-uisgi fuar ná a cur a ngaire na teineadh, óir téigthear
Tuillead .i. gibé thshanntaigius siubal do dénam a n-aimsir fhuair ná siubluigid sé nó co caithi sé biad, & nó co n-ibe sé fín deadh-balaid séim. Agus ní hinchaiti dó biad tair éis repletióin. Gid
8060] eadh, tar éis na nádúire do gnímugad ar an mbiad téigthear in corp in tan sin innus gurab éidir an siubal do thinnsgaint. Agus mad éigin an siubal do dénam gan inmeadón tair éis in chaithme, caitear beacán in tan sin. Agus ní hingluaisti
8065] & ní hintshiubluigthi co láidir an tan sin air eagla co truaillfidi an díleagad, acht siubal mín do dénam nó co ndíleagthur an biad ar mod éigin.
Agus dá mbia corp fir an tshiubail stupáilti ar téchtad, as inchoimilta an corp co huilidi an tan sin a n-inad te, & ongthur iat lé holaduib teasaidi deadh-balaid, mur atá, ola ainédi & ola an chamamilla & ola sticados & ola lile & ola ainéide
8080] & ola cuimin. Et ana diaid sin curthar a leabuid buig é, & curthar cumduidi uime beas te do réir brígi & gníma, & leagur dó mur sin cumsanad & codlad do dénam. Et dá faicim co mbia éigintus mór ag fear an tshiubhail réna chlúdad, curthar
8085] daíne gá mbeid cuirp theasaidi lomnachta gacha taeba de nó co téigthear é, & coimiltear a meadón & a shliasta & a ucht; & is maith ana diaid sin asa fetida 209 & mirr & pibur maille ré fín maith dóib. Et tair éis chodalta dó & athnuaigigthi a shláinti,
8090] eirgid a fothragad & dénad comnuidhi fada ann. Agus coimiltear ainnséin é & ongthar é lé holaid éigin dá ndubramar romainn & cumuiscthear na neithe so ris na holadaib sin, mar atá, castorium & costus & muscus & eufurbium. Et dá teagmad
8095] nach beith fear an tsiubail arna stupáil, acht
Et is iat so na biada dligius fear an tsiubail do chaithim a n-aimsir fhuair .i. na biada beas te do réir gníma & do réir brígi, & gnáthuigthear cnó & gáirleóg & uinneamain & lus do chur ana
8105] mbiaduib. Agus atá dísleacht chumachtach ag na cnoib do lucht an tsiubail, ar an adbur sin imchraid cnó annsan aimsir fhuair chum a caithme. Et is ar an adbur cédna dá mbristear cnó & gáirleóg co maith, & a cumusc ré heanbruithi
8110] feóla inmolta, & a caithim mur biad nó mur dig, téigid in corp co mór & dídnid ó fhuacht é. Agus fodnuid na comshuigigthi teasaidi eile do lucht an tshiubail annsan aimsir fhuair, óir ní dligid ar aen-mod beith 'na n-égmuis. Agus do-ní fín
8115] maith arna ól a méid móir an cédna maille ré biaduib olamla, & is mór in furtacht do-nít sin annsa chúis so.
Tuillead .i. ongthur nuca & cnáma in muiníl ó uair co huair lé huinnemintib teasaidi, mar
8120] adubramar don taeb thuas dín, óir ní dligid lucht an tshiubail beith ana n-écmuis ar aen-mod annsan aimsir fhuair. Ar an adbur sin curthar éduigi teasaidi do réir gníma & do réir bríge im an corp
Tuillead, bíth a fhis agad co ndligid lucht an tsiubail neithe deadh-balaid d'imchur annsan aimsir fhuair, mur atá, muscus & ambra & lignum aloeis & a cusmaile. Tuillead, bíth a fhis agad
8135] gurab dona neithib thoirmiscius gortugad lucht an tsiubail ón fhuacht innlad na mball fuirmeallach moch-thráth & ré laigi a huisgi the thshaillti, óir téigthear na boill fhuirimeallacha uada sin, & cruaduidthear & cnaítear na himurcacha innta, &
8140] bít siat foámuigtheach trít sin.
Tuillead, an drong gnáthuigius siubal an tsneachta teagmaid saebad dá súilib & neam-gluasacht & uireasbaid raduirc ó gile ainmeasarda in tshneachta & óna fhuacht imurcaid, ar son an
8145] dísgaílti do-bearar ar an súil ó gile imurcaid an tsneachta; ar an adbur sin is maith do lucht an tsiubail a n-aimsir an tsneachta éduigi duba do beith impu , & a cinn do chumdach lé héduigib duba, & éduigi duba do beith ana lámuib beas
8150] acu dá féchain.
An seisead riagail do regimen lucht an tsiubail, & do-gabur í on égruas & ón tsaethur theagmus dóib co gnáthach. Et an uair theagmus saethur {MS P page 416} mór & corthacht d'fir an tsiubail, an uair thecémus
8155] ósda dó, dénad comnuidhi uair nó dá uair ann;
An tseachtmad riagail do-gabur í do leith an uisgi as éigin do lucht in tshiubail do gnáthugad. Gid ead, do luaideamur don taeb thuas dín do na
8170] huisgib maithe & do na droch-uisgib, & mur beantur a n-urchóid astu a riadlachaib regimen na sláinti do-gabur ó éxamlacht na ceathra ndúl; ar an adbur sin rithim chum na caibidleach sin.
Gid eadh, bíth a fhis agad co ndénuid uinneamain
8175] & gáirleóg & lactuca, arna caithim maille ré haigéid, duine innil ó mailís an uisgi, & is maith chum an neith chédna uisgida éxamla do chumusc maille ré haigéid. Et dá mbia an t-uisgi saillti & comad éigin a ól, curthar na tortha so ann, .i.
8180] sorbe & sitonea, & eabur maille ré haigéid iat. Et dá mbia 'na uisgi locha & truailliugad do beith ann, cumuiscthear súg ubuill gráinig ris, & súg uball ngoirt, & eabur mar sin é; & seachaintear
Et dá mbeam a cunntabairt in mbeith sangis sugi nó péisti beaca do-thachmuici annsan uisgi,
8190] eabur an t-uisgi tré édach tana lín ar eagla na piast do thshlugad. Et dá mbia fasdidium ar neach eabar an t-uisgi maille ré súg na n-uball ngráineach.
Oportet qui per mare uult transire & cetera .i.
8195] gibé thshanntuigius dul ar muir is éigin dó laeithi roim dul ar muir cuisle do ligin, & nísa luga ná ar gnáthuig sé roime sin do chaithim; & gnáthuigead biada chomfhurtachtaidius an gaili adubramar romainn a caibidil choiméda an gaili don taeb
8200] thuas dín. Tuillead, gibé lérb áil dul ar fairgi oilead sé é féin lé hublaib gráineacha & lé horáitsib & lé hublaib fiadáin, & ré fín maith deadh-balaid, & ré hiasguib beaca saillti, & leisin comshuigiugad do-níthear do phéireaduib & d'oráitsib & d'aigéid
8205] & do spísraib, & mur an cédna imurchad sé
Agus an céd-lá reachus neach ar muir ná féchad sé an t-uisgi & ná tógad a cheann co hard, & ná hithid & ná hibead acht beacán; & is do na neithib chomfhurtachtaidius an gaili so & shrianuidius an
8215] sgeathrach. Agus dá teagmad co mbeith buaideart annsa gaili chum sgeathraigi, leagur dó méid éigin sgeathraigi do dénam & ní déna urchóid. Et is dóich co coisgfid na neithe so an sgeathrach imurcach, mur atáit, ubla gráineacha & ubla
8220] buidi, & arán róstaigthi arna thuma a finégra maith. Et bíth a fhis agad co coisginn síl meirsi an sgeathrach, & co háirithi dá mbia sé arna gearrad & arna thuma a n-aigéid. Et is do na neithib choisgius an sgeathrach aipsint d'ól, nó ceirín
8225] do dénum di, nó a balad do gabáil. Tuillead, is maith neach d'oileamain lé neithib aigéidigthi chomfhurtachtaidius bél an gaili & toirmiscius na deathaige d'éirgi chum na hinchinne, mur atáit so, .i. lenntes arna mbearbad nó arna róstad
8230] maille ré haigéid & a caithim, nó maille ré hagresta {MS P page 417}& beacán do phúdur cailimint do chumusc ris .
Sciendum quod homines sani comuniter utuntur confexionibus ante cibum & post .i. bíth a fhis agad co ngnáthuigid na daíne slána, na comshuigigthi roim an mbiad & 'na diaid, & an gaili línta nó folam, & a n-aimsir fhuair nó the; más ead, is
8240] maith aen-chaibidil speitsialta do dénam do na comshuigigthib.
Más ead, bíth a fhis agad co ngnáthuigid na daíne co coitchinn na comshuigigthi ana sláinti do leith a toile, ar an adbur sin do réir mu thuicsina
8245] is mó d'urchóid do-nít a follamnugad na sláinti ná do tharba; & dámad imchubaid iat do na corpaibh slána ar aen-mod is do choiméd na sláinti & do theagmáil d'urchóidib éigin teagmus co cumachtach do na corpaibh. Gid eadh, ní har an adbur sin
8250] gnáthuigid na daíne iat acht do choimlínad na toile, óir gnáthuigid siat na comhshuigigthi innus comad móidi do ibdais do dig iat; & is é in t-arán bud fearr dóib in tan sin. Agus as ar an adbur
Más ead, bíth a fhis agad gurab iat so na comshuigigthi is fearr gnáthuigthear & is toltanaighi ,
8260] mur atá, sinsér & siúcra maille ré mil & cnó. Et is maith ainís mur shabsa leis na biaduib, nó carabuaid , nó coriandrum, nó siúcra rosarum, nóid cnó arna cumusc maille ré mil & ré siúcra, & dactuli.
Agus atá cuid do na comshuigigthib nó do na sabsaib imchubaid annsa geimread & do lucht na coimplex fuar & annsan aís arsaid. Agus is iat na comshuigigthi teasaidi fhodnus in tan sin, mur atá, sensibratum, & sinnsér arna chumusc
8270] maille ré mil, & cnó, & siúcra, & clóbus, & mil, & comshuigigthi eile teasaidi.
Et atáit cuid eile is luga is te ná sin díb, mur atá, siúcra rosarum & dia sitrum fhodnus co mór annsa tshamrad & do lucht an choimplexa teasaidi
8275] & na haísi óigi. Et is maith péirida mur shabsa chum an neith chédna, & cucurbita & coriandrum; & is luga is te na comshuigigthi so ná na comshuigigthi adubramar romainn.
Tuillead, atá cuid do na comshuigigthib as
Agus má do gnáthuig neach éigin brúchtach nó gaethmuireacht do mothugad ana gaili, nó biada gaethmura do chaithim, nó gaili gaethmur do beith aigi co huilidi, as maith tair éis bíd an
8320] tan sin ainís & carabuaid do gnáthugad . Et dá mbia bél an gaili anfann co nádúrda ag neach gnáthuigthear coriandrum tair éis bíd, & co háirithi annsa geimrid maille ré púdur spísraid, & annsa tshamrad gan spísrad. Agus tair éis
8325] bél an gaili d'iadadh ní hinchaiti spísrad & ní hinóla deoch, acht gé atá gnáthugad na maigistreach & na ndaíneadh conáich 'na aigid so; óir osgailtear bél an gaili uatha so, & co háirithi dá mbia toil acu chum a caithme, & as cúis do thruailliugad
8330] an díleagtha an osgailt sin, nó dá laigdiugad annsa gaili. Item, is luaithi díleagthur na comshuigigthi so náid na biada eile, & an uair nach fédaid siat an gaili d'fhágbáil anuid ann nísa mó ná an
Agus mad áil lé neach comshuigiugad do chaithim idir dá biad & gan an gnáthugad do chlaechlód, as iat na comshuigigthi médaigius an díleagad dleagur do thabairt an tan sin, & atá séim do
8340] réir substainti & gníma; óir is luath cumuiscthear na comshuigigthi sin risin maiste & is mur sin is luga thoirmiscid siat an díleagad, & díleagthur iat leis na biaduib eile. Agus adeirim nach imchubaid pineatum & fisticatum & dactuli & cnó & a cusmaile
8345] do chaithim ar aen-shligi risin mbiad mur as imchubaid na neithe sin adubramar romainn. Gid eadh, as imchubaid sinnsér & a cusmaile do chaithim ar aen-shligi risin mbiad . Tuillead, atá drong do na daínib gá mbí bríg díleagthach anfhann
8350] ana ngaile 210 co huilidi, & gá mbít gailidi fuara gaethmura, & is maith dóib sin comshuigigthi teasaidi do chaithim uair roim an cuid brisis an gaethmuireacht; & is mur sin is fearr díleagus an gaili an biad gabus sé chugi. Agus dligid na
8355] comshuigigthi sin adubramur romainn do chaithim roim an mbiad in méide so do spás innus co treóraigthe ó chumachtain chum gníma iat ó theas an gaili, innus co téigdis an gaili & co tuitidis ana íchtar. Et as í mo thuicsin gurab lór spás
Agus is lór lim na neithe athchumaire sin do na comshuigigthib.
Deinceps determinare volumus de regimine corpurum
8375] que parata sunt caderi in egritudinem .i. ó do luaideamur don taeb thuas dín do na riaglachuib
{MS P page 419} Et as indénta aen-chomrád coitchinn do na corpuib sin uile, óir as inann coiméd dleagur do
8395] thabairt dóib annsan aimsir atá chugainn & leigeas annsan aimsir atá ar láthair; óir is leis na leigeasuib lé leigistear na heasláinti co gnímach leigistear an drong atá ullam chum tuitme a n-easláinti a fogus, & is mur sin do-gabur a
8400] follamnugad co lór ó regimen leigisius iat. Más ead, ná heirgeam tar tórannuib ar toile féin .i. don regimen choimédach & don regimen rém-choimédach . Et céimneóchad co hathchumair
Ar an adbur sin bíth a fhis agad an drong atá
8410] ullam chum tuitme a n-easláintib co mbít siat ullam chum tuitme a n-easláintib ó repletion na leannann, nó ó anmuine, nó ó mailís éigin bís ana coimideacht. Chum an chéid-neith díb sin is measraigthi caindiacht na leannann. Chum an
8415] dara neith is measruigthi cáilideacht na leannann tré chontrárdacht chum na críche so comad éidir an corp d'oileamain uatha, nó co mbeadais umal don innarbad. Et measraigthear caindiacht na leannann maille ré beacán bíd [H2] 212 & dighi & lé médugh
8420] an tshaothair & lé coimelt & lé fothragad; & mad éidir leó allus do chur díbh ullmuigthear iat chum in alluis uair éigin, & tar és an alluis do chur díbh ná tobharthar biadh dóibh gu spás ceithri n-uairead, acht munbhud eagail lind gluasacht
8425] leanna ruaid chum an ghaile, óir is cóir in drong sin do bhiathad roimh in fothragad. Et dá mothuigid in drong sin dúinti ana taebhaibh, gnáthuigid siad neithe aithinti dílsi dá coimplex
[H1] Et an drong atá ullam chum tuitme a n-easláintib, atáit aicídi & comarthaí theagmus dóib do leith na n-easláintid sin do-ní rém-fháisdine
8440] dóib. Agus dob áil lim labairt co hathchumair dá n-aicídib & dá comurthaib annsa chaibidil so, óir is risin leabur labrus d'inntleacht na sláinti beanus tráchtad co speitsialta dóib so. Ar an adbur sin tinnsgnum ó droch-álgus rém-fhoillsigtheach
8445] na heasláinti atá generálta annsna heasláintib eile, & cuirfimid a leigeas ainnséin. Agus as é an droch-álgus sin nó an droch-fhoámugad an saethur toileamail.
Et bíth a fhis agad chum tuicsina an neith
8450] so co fhuilid gnéithe imda ar an saethur nó ar an corthacht .i. saethur créchtach, nó saethar rigtheach , nó saethur tromda, nó saethur neascóideach (nó saethur lastach), nó saethur tirmuigtheach, & gnéithe eile comshuigigthear astu so.
8455]
Et gairthear saethur créchtach in uair shaílius
An teinnius sínteach, immorra, nó rigtheach , an uair tuicthear co mbít na lámha & an corp co
8465] huilidi agá rigid amail shreing boga; & is é is cúis dó sin, imad an adbuir arna shúgad ann ag na ballaib mothuigtheacha, mur atáit, na féithi & lacerti & na muscuili. Et ar an adbur sin is ar éigin fhéduid siat a síneadh, nó ménfadach do dénam,
8470] ar son an línta imurcaid bís annsna ballaib mothuigtheacha.
Et is ris adearar teinnius tromda, an uair do-chíthear don duine co mbrúidthear & co tromuidthear a chorp mur do-géntaidi ó eire throm; {MS P page 420}
8475] & is é is adbur dó sin .i. mórán do leannaib reamra rigne ar n-imdugad annsna ballaib.
An teinnius neascóideach, immorra, nó lastach, is amlaid bís sé .i. co mothuiginn an duine é féin tenn lastach innus gurab ar éigin fhuilngius sé
8480] a glacad, & mothuigid sé do gnáth lasad mór ana shlinnénuib; & is ó imdugad leannann agá mbít droch-cáile bís sin. Et bít droch-inorduigthi eile ar na corpuib, mur atá, ménfadach, nó ridi,
Agus bíth inordugad eile orro ré n-abur saethur tirmuigtheach; & ní bí teinnius ná corthacht annsa gné shaethuir sin acht an croicinn do beith garb an uair glacthur é, & do-chíthear dó co tirmuigthear
8490] nó co cnaítear a chorp; & teagmaid sin ó aipstinens, nó ó shaethur imurcach, & mur sin do na neithib eile thearcaidius & tirmuigius an corp.
Et teagmuid cúis na saethur sin adubramar
8495] uair ann co fuirimeallach & uair eile co hinmeadónach: co fuirimeallach, mur atá, saethur imurcach, óir leagthur & dísgaíltear na leanna & an geir & an méthrad, & an fheóil do théchtad co nuad ón tsaethur. Et tosguigid so chum na
8500] mball mothuigtheach & cúisigid [H2] muid égsamhla na corthachta do réir mar th eagmaid siad do na ballaib fuirimeallacha nó inmeoghánacha, nó do na ballaib mothuigtheacha nó neam-mothuigtheacha, do réir mar atáit na cúisi so ó droch-cáil
8505] truailligthi nó ó chaindigheacht imarcaigh. Agus do-ní fothragad an ní cédna so, & teas gréini nó tineadh, nó fuacht aéir, nó coimelt, nó coimhriachtain imarcach, & gach uili ní atá leath amuich don chorp noch ghenis iat.
Na cúisi inmeoghánacha, immorra, ó ngentear
Et an uair theagmuid gnéithe na corthachta ó
8560] na cúisib fuirimeallacha, ní mór as ineagluigthi iat an tan sin, óir is urusa leó dul ar cúl ó chumsanad & ó fhurtacht an leaga; óir ní dénuid na cúise fuirimeallacha urchóid mur do-níd na cúise
Liber Aphorismorum Cap. 2
.i. foillsigid na saethair thoileamla naAnnsa tsaethur chríchnuigtheach, immorra, & co háirithi an uair tic sé ó chúis fhuirimeallaig, ceangailtear cumsanad ar an droing ara mbí sé,
8595] & coimiltear co mín iat ainnséin, innus co n-innarbthur an t-adbur atá faí an croicinn a ndeathaigib. Et ongthar iat ainnséin lé holaid oliua anaipchi, nó maille ré holaid na n-almont milis; & muna mínidi sin in teinnis, déntur an
8600] choimilt nísa láidiri, & furáiltear air saethur measurda do dénam, & curthar a fothragad measurda é, & taburthar diet séim dó; & muna mínidtear an teinnius mur sin, & co faicfear an corp do beith línta, folmuigthear é an tan sin fá
8605] iniaratus an leanna.
Et dá mbia an teinnius rigtheach, is comartha sin co fuil droch-cáil annsna leannuib & caindiacht imurcach; & déntar na neithe so adubramar romainn do réir uird, acht a mbeith nísa láidiri
8610] .i. an choimilt do beith fada láidir, & aipsdinens mór, & fothragad athamalta d'fhad; & curthar ola camamill 213 a ceann na n-olad adubramar romainn. Et dá mbia an teinnius ré fead 214 trí lá co continóideach, & nach fédtur a chosg, tuicthear
8615] as sin co fuil an t-adbur annsna cuisleannaib, & folmuigthear é an tan sin fá iniaratus an leanna cintaig.
Et dá mbia an saethur tromda déntar gach aen-ní dá ndubramair romainn nísa mó &
8620] nísa láidiri an tan sin, óir atá an t-adbur co domuin arna shuigiugad annsna ballaib mothuigtheacha. Ar an adbur sin calmuigthear & arduigthear na neithe adubramar romainn, & curthar ola lile & ola lauruis a ceann na n-olad
8625] adubramar romainn; & muna dearnuid so furtacht, folmuigthear mur is éigin, óir atá an t-adbur pheacuidius co himda.
Et dá mbia an teinnius neascóideach, nó lastach, is luath chuirius sé neach a fiabras. Agus
8630] leagar cuisle a caindiacht móir dóib an tan sin, {MS P page 422}& is baegal an fiabras dá mainneachtnaidthear ligin na cuislinni.
Et dá mbia suigiugad tirmuigtheach a corp an duine, ceangailtear cumsanad air an tan sin, &
8635] taburthar biada oilius co maith dó, & déntar fothragad uisgi buig dó an tan sin, & fothragad uisgi fhuair nó a ngar do beith fuar ana diaid sin. Et as intuicthi ana diaid sin, dá mbeid na leanna oma annsna cuisleannuib, nach dleagur an
8640] chuisle do ligin ar aen-mod do réir Galen, óir do tarróngtaigi na leanna oma chum na mball ó ligin na cuislinni. Agus ná dénuid saethur & ná coimiltear iat, & ná déntur fothragad dóib, óir disgaíltear & gluaistear na leanna uatha so, &
8645] dobudh eagal fiabrus do theacht; & ná taburthar
Más ead, déntur coiméd deithideach orra. Ar an adbur sin ceangailtear ar tús cumsanad & uaingius orra, & codlad fada, & beacán bíd & digi, mur atáit, petraisi & arán glan & beacán d'fhín
8655] glan. Et tair éis chumsanuid trí lá do dénam dó, taburthar diatreonpipereon dó, dá mbia an régión & an aimsear fuar; & tabarthar diaaradon abatis & siúcra róis dó; & dá mbia an régión fuar taburthar .2. de sin dó, & dá mbia te taburthar
8660] .3. nó dá .3. . Agus seachaintir na neithe ro-theasaidi, óir dá tucthar diatrion nó diacalamentum dó, bud eagal fiabras do theacht, do réir fhiadnuise Aueroes a Coilliged.
Ar an adbur sin is follus co lór cinnus as
8665] inteagmála don tshaethur ré n-abair Ipocráid labor spontaneus, & dá gnéithib, fhédmaid do thuicsin a mórán do moduib; & fédmaid rem-fháistine do dénum do mórán d'easláintib éxamla fhédus teacht ón tsaethur sin annsan aimsir atá
8670] chugainn.
Agus atáit droch-áilgis ele mí-nádúrda fhoillsigius
Teinnius cinn, maille ré cuilib & ré finnfad d'fhaicsin, signigid sin cataracta ; & seachnuid siat iasg an tan sin & gach uile photáitse, & gach uile thorad, & gach uile ní deathmur, & déntar aipstinens an tan sin, & folmuigthear lé iara pigra & lé pille
8690] auria iat. Et dá mbia teinnius cinn a fiabras air neach, maille ré deirgi na súl & na haidthi, & ré foillsiugad lóchrann d'fhaicsin ar lasad, & neam-chodlad do beith ar neach, & an fual do beith ísil, signigid frenisis, & leigistear an tan
8695] sin í maille ré cuislinn & lé haipstinens & lé clisteri & lé neithib frithbuailteacha.
Tromdacht an radairc & an ésteachta, & na
Iectigacio do beith annsan aigid, maille ré
8705] stupur, signigid sin spasmus nó pairilis nó litairgia. Agus déntur clisteri imda an tan sin, & folmuigthear é lé iera pigra & lé haipstinens & lé coimeltaib & léna cusmailib.
Agus dá mbia an aigid dearg, & hí a' claenad
8710] chum beith riabach & chum morfia, & an guth do beith cíchánach, & docomlacht na hanála, {MS P page 423} signigid sin gan cunntabairt lubra ac teacht, & dleagur sin d'fhurtacht co ro-luath lé mórán cuisleann, & lé iera rufini do thabairt dóib co
8715] meinic, & maille ré haipstinens do dénum ó na biaduib geinius linn dub & ó na biadaibh teasaidi is urusa do thruailliugad & is deacair do díleagad.
Agus dá raib an aigid atmur maille ré [H2] hatt an fhabra iachtair & ré tromdacht do beith andsa
8720] taeb deas, foillsigid sin ydrópis. Agus is imchubaid absdinens go mór an tan sin, & dighi go háirithi; & seachnadh sé gach uile ní fuar fliuch. Agus gnáthuigthear an tan sin feóil én do-ní edtillach arna róstadh.
infra 254
8725]
Et gibé ara mbí cattarrus go gnáthach, & agá mbí corp truagh, & ucht cumang anbann do beith acu do gnáth, as comurtha sin air perplimonia nó ar tisis do beith ag teacht. Más ead, fostuigthear an reuma ar dús, & folmuigthir an ceann ainnsén
8730] lé hyera pigra; & curthar púitsi teasaidi fán ceann do millium & do shalann arna mbrisidh & déntar puinc ar fhuighelaibh an chinn. Agus dá mbia an chúis teasaidi gnáthuigthear dyapapauer, & dá mbia fuar gnáthuigthear dyanisum & diaisopus,
8735] & dénad [H1] neam-chodlad & aipstinens mór. Tremor cordis & léimneach, signigid sin singcoipis nó bás obann; gnáthuigthear an tan sin neithe chomfhurtachtaidius an craidi, mur atá, diacameron & diamargariton, & curthar púitsi ar an ucht do
8740] bláth borráitse & bugulusa & do mellisa & do neithib eile atá díleas annsa chúis so.
Tromdacht & teinnius & pulsamlacht annsa taeb deas, maille ré fiabras, signigid sin neascóid na n-ae, & leigistear hí lé cuislinn do ligin d'epatica,
8745] & lé casia fistula & lé rós & lé sandaili & lé campora & lé huisgi róis do chur ar na haeib. Agus dá mbeid na comartha sin gan fiabras, signigid sin cruas & dúinteacht isna haeib; más ead, ibit siat uormónt & persille & mersi & fenél, & beacán
8750] spicanardi & a ól maille ré hoximel sgilleticum; & gnáthuigthear na neithe so maille ré heanbruithi siser, & ongthar régión na n-ae uile lé harragon
Et dá mbia fasdidium nó aduathmuireacht ar neach, & gaethmuireacht nó línad do beith annsna taebuib & fá na maethánuib, signigid sín coilica passio. Agus déntur clisteri dóib ar tús an tan
8760] sin ana curthar ainís & cuimín & síl ruibe & iara pigra, & gnáthuigthear a folmugad lé iara pigra, & ongthar iat lé holaid ruibi, & dénuid aipstinens mór, & gnáthuigid biada róstaigthi & fín glan, & déntar púitsi dó do shalann & do chuimín
8765] & d'ainís & do shíl ruibe.
Dá mbia teinnius bronn ar neach maille ré gontaig & ré cnám na n-inneadh & ré flux bronn, signigid sin disinteria. Más ead, taburthar lus na frangc maille ré bolus armenicus dó.
Tochus do beith annsa timthearacht, & teinnius, & tromdacht, signigid sin tenesmon nó emaroides acht muna beid na piasta ré n-abur cucurbitini ann. Agus leigistear tenesmon mur so .i. gab sgeartáin & crúbacha do-gabur fá na clochuib
8775] bís fá na tunnaduib bís annsna táibirnib, & bristir co min iat maille ré geir bocáin, & déntur ceirín díb & curthar ar an timthearacht.
Dá mbia teinnius a n-altaib déiginacha an droma & a comursanacht na sliasat, maille ré
8780] fiabras, signigid neascóid na n-árann. Et leagar
Agus mad follus gaineam ré haimsir fada, & a chosg co hobann, signigid sin an chloch ar leagad. Agus dá mbia an gaineam sin dearg, signigid an chloch do beith annsna háirnib. {MS P page 424}Agus dá
8790] mbia geal signigid an chloch do beith annsa lés. Agus gibé lérab áil a choiméd ó chloich gnáthuigead sé sgeathrach & diet séim, & gnáthuigthear neithe diuereticacha míne, mur atáit, sílta fuara.
Et dá mbia sgris ar neach léna fhual, signigid
8795] sin cruas do beith annsa slait nó annsa lés; más ead, gnáthuigthear biamlacht psillium maille ré síltuib fuara glana & ré bainne gobuir.
Adhuc in regimine preseruatiuo quod debetur corporibus .i. ó do luaideamur don taeb thuas
8800] dín don regimen rém-choimédach dleagur do thabairt do na corpuib, labrum anois do regimen
Ar an adbur sin as intuicthi nach fuil ar an
8805] pláid innillus coiméda as fearr ná a seachna; & ní hé an t-inad a mbí an phláid amáin do sheachna, acht an talam uile: mur adeir Raisis, qui non est in aere corrupto non corrumpetur ab eo .i. in neach nach bí san aér thruailligthi
8810] ní truailltear uada é, mur adeir so, qui non est in bello non moritur in eo .i. gibé nach bí annsa chath ní marbthar é ann.
Gid eadh, dá n-anam annsan inad a mbia sí tar gach uile ní, bíth an teagh glan ó gach uile
8815] imurcuid, & co háirithi ó na himurcachaib geinius bréntus, mur atáit, na guitir iatur; & co hathchumair seachaintear gach uile ní brén, & imdaidthear na neithe deadh-balaid .i. neithe fuara deadh-balaid a n-aimsir an tshamraid, & neithe
8820] teasaidi deadh-balaid a n-aimsir an geimrid, mur dob áil lé hAuicenna, fhuráilius an t-aér do cheartugad lé hambra & lé lignum aloes & léna cusmailib, óir comfhurtachtaigid siat an craidi & an inchinn & tirmuigid an t-aér salach pláideamail.
8825] Ar an adbur sin leagur deathach ambra moch-thráth fán sróin, & do thúis, & do lignum aloes, & do sdorax, & do laudanum, & do chróch, & do masdix, & do chlóbus, & do chainél, óir an uair lasaid so
Et an seómra ana laiginn sé leagar an deathach
8850] faí. Agus bíth an seómra sin a ngaire do thalam, & ná bíth reumamail, & osgailtear fuinneóga na hairdi soir, & iatur fuinneóga na hairdi tshiar & na hairdi teas, & curthar canafáis fliucha ar taebuib an tigi, & bíth soitheach lán d'uisgi astig,
Et is éigintach an linn cinntach d'fholmugad annsa tsamhrad & a tosach an fhodmuir; ar an adbur sin folmuigthear linn ruad annsna daínib óga coileara lé tamurendi & lé casia fistula & lé mirabolani citerni & léna cusmailib. A ndeireadh
8870] an fhodmuir & annsa geimrid folmuigthear linn finn an uair bít na cuirp linta ó linn fhinn lé neithib fholmuigius na leanna reamra, mur atá, agairg & turbid, & lé polipodium, & léna cusmailib. Agus creidim gurab maith an gach uile aimsir
8875] mad te nó mad fuar hí, & an gach uile coimplex, pillidi do mirr & d'aloe & do chróch annsa chás so. Et folmuigthear lé cuislinn iat, & co háirithi is maith cuisle do lucht adolicensia & do lucht fola deirgi uair sa mí, acht muna toirmisci cúis
8880] eigin é, mur atá, anfhainne na bríge & flux na fola místa & flux emaroides. Agus as follus co
Et bíth a fhis agad na biada as imchubaid dóib co ndligid siat beith édrum so-díleagtha gan beith so-thruailligthi a' cathugad a n-aigid an morgaid. Agus ná caitear iat a caindiacht
8890] a caithmhe a n-aimsir ele, óir is eagal an neim-díleagad an tan sin & an truailliugad do réir chonsiquens. Gid eadh, as imchubaid biad do chaithim co luath & co meinic annsa chúis so, óir ní dligid gorta ná tart d'fhulang; ar an adbur sin
8895] seachnuid siat feóil muici & daim & na n-ainmintid mór, óir is leanna reamra geinid siat. Gid eadh, gnáthuigthear cearca & petraisi & gach én do-ní eitillach, a n-égmuis na n-én do-ní comnuide a n-uisgi, óir geinid sin leanna rigne. As imchubaid
8900] mur an cédna feóil fearbóg óg & molt & coiníneadh & míltad muidi annsan aimsir so; & caitear maille ré méid éigin aigéide iat, óir furtachtaigid gach uile ní aigéidigthi an tan sin. Et an uair róstaigthear iat dleagur aigéid, nó agresta, nóid
8905] neithe aigéidigthi, do chaithim leó. Et do-ní an sabsa ré n-abur camilinum an cédna, óir fuaraid & tirmuigid na neithe curthar ann. Et bristear na neithe aigéidigthi, & timpearáiltear iat maille ré púdur cainéil & ré haigéid, & caitear; nó caitear
Et seachaintear na holaid & gach uile ní olamail méith an tan sin; & seachaintir mur an cédna gach uile ní loisgtheach, mur atá, gáirleóg &
8915] uinneamain & lus annsan aimsir sin, óir téigid sin na leanna & an corp co huilidi. An cáisi, immorra, seachaintear é, óir geinid leanna reamra. Agus seachaintear an bainne mur an cédna, óir atá sé so-thruailligthi. Agus seachaintear gach
8920] uile thorad mur an cédna, & co háirithi na tortha do geineadh ón aimsir sin & do hoilead annsan aér thruailligthi. Agus na luibi rannchuidigius ré mailís, seachaintear iat; & na huisgi rithius co fuirimeallach ar uachtar na talman , ní hinóla iat.
Et dá caitear na tortha dligid siat beith aigéidigthi, mur atáit, ubla goirti & ubla gráineacha & péirida & oráidsi shearba. Agus an méid bus éidir do bearbad díb so beirbthear iat, óir innarbaid an teini agá mbearbad a máilís; & tuicthear a
8930]
chusmailius so do na luibib. Agus is iat so na luibi is mó is imchubaid annsan aimsir so .i. lactuca & portulaca maille ré haigéid, & luibi aigéidigthi eile, mur atá, persille & magiorana & sáitsi & fumus terra, arna mbearbad maille ré
8935] borráitse. Et seachaintir gach uile luib & praiseach eile, óir atá flichideacht uisgeamail tsomorgtha
{MS P page 426}Et bíth a fín fuar anfhann, & dá mbia sé láidir
8940] curthur uisgi tobair ann. Agus seachnuid siat na comshuigigthi ana curthar mil & gach uile ní atá ard a mblas milis, mur atáit, caera aipchi fíneamnach & dactuli & siúcra & a cusmaile.
Agus bíth a fhis agut nach fuil inad ag an
8945] tsaethur annsa chúis so acht beacán, óir téigid an saethur mór na cuirp & luathaigid an anál & do réir chonsiquens cúisigid an t-aér truailligthi murguigthi do tharrang; más ead, déntur saethur beac a n-inad measarda ar nach bí taitneam
8950] gréine co mór. Et seachaintear cuma & cluithida saethracha & rith annsan aimsir sin, & gach uile gním médaigius & luathuigius an anál.
Et codlad sé annsan oidchi a seómra fá leagur deathach na neithead adubramur romainn, &
8955] iatur an seómra co maith. Et bíth a fhis agad nach imchubaid an codlad fada annsan aimsir so, óir is mór fhliuchius sé na cuirp, & dligid regimen imchubaid na haimsiri so beith a' claenad chum tirmaideachta, mur adeir Auicenna. Et seachaintear
8960] an codlad fada annsa geimread. Agus dá ndearntur codlad annsa samrad, an uair atáit na laeithi fada, déntur a n-inad measurda é a n-égmuis na n-asán & na mbróg. Agus ná hitear biad co grod ana diaid; & na codaltur co luath
An fhearg, immorra, seachaintear í annsan aimsir so, óir téigid an fhearg an craidi & fiuchaid an fhuil. Et seachaintear an gairdeachus imurcach;
8970] gid eadh, furtachtaigid an gairdeachus measurda. An choimriachtain, immorra, seachaintear í, & co háirithi a himurcaid. Óir gibé gnáthuigius coimriachtain a n-aimsir na pláigi as luath an guasacht do-geib sé ó aibrisgeacht an galair so. Et gibé
8975] do gnáthuig coimriachtain, ná connmad sé regimen cumang ar eagla co téchtfad & co truaillfid an sperma; más ead, déntur comuirle Galen .i. a dénum méid éigin maille ré hinmeadón, ar cor nach mothóchur an dísgaílead & co mothóchur édromacht
8980] na mball.
Et bíth a fhis agat gurab mór an furtacht do-ní gnáthugad na pillidi ordaigius Raisis & Auicenna, dá mbia neach a regimen maith maille rú, óir gibé gnáthuigius iat bíth saer ó phláid
8985] maille ré furtacht Dia. Et is mur so do-níthear é .i. gab dá rann d'aloe, cróch na hairdi teas, & mirr, rann do gach ní díb, & caitear trí pillidi díb gach lae; óir ní ligid na pillidi so na leanna do thruailliugad ná do morgad, mur is follus isna
8990] corpuib marba coimétur gan morgad lé mirr &
Item adeir Raisis gurab imchubaid bolus Armenicus maille ré haigéid & ré huisgi isin cás-so.
8995] Tuillead, is mór chomfhurtachtaidius triacla a méid cnó do chaithim maille ré huisgi aigéidigthi fá dó sa tseachtmain. Óir do-ní Auicenna d'fhiadnuise gibé chaithius triacuil sul truailltear a chorp, & a gnáthugad, nach fadann bás do phláid,
9000] acht co coiméda sé regimen maith annsna neithib eile. Et is do na neithib choimédus neach ó phláid .i. triacail & metridatum; & comaentaigid Auicenna leis so annsa cheathramad canóin.
Tuillead, adeirid drong eile gibé ithius aen-greim
9005] do shamad moch-thráth & im easbartad gurab annam gabus pláid é. Tuillead .i. is maith aen-uair nó dá uair sa ló púdur litontra maille ré huisgi samaid nó bugulosa nó sgabiós do chaithim, nó a caithim gan uisgi; nó cogantur a prémh &
9010] itear í, óir fodnaid sí a n-aigid na neimi mur sin, ar son co tirmuiginn & nach téiginn. Tuillead, is mór chomfhurtachtaigid na lámha d'innlad co meinic sa ló a haigéid, & spoingia nó édach lín do thuma a n-aigéid, & a mbeith annsa láim & a
9015] mbalad do gabáil co meinic. Tuillead, is maith cuisle do ligin uair sa mí maille ré regimen maith bíd & digi & na neitheadh eile.
infra 266
Agus is lór na neithe athchumaire so adubramur do regimen rém-choimédach na pláigi.
Quoniam homines sani a sumpcione ueneni {MS P page 467} magnum possunt incurrere nocumentum .i. féduid
mórán d'urchóidib teagmáil do na daínib slána ó chaithim na neimi, más ead, is maith innillius & sduidér do dénum air so, innus co fédadais na
9025] daíne a coiméd co maith ó chaithim na neimi.
Et bíth a fhis agad nach inann fhédmaid ní do rád a timcheall dathann na corp cumuscda cóirigthear ó na ceathra dúilib, & a timcheall a mblasa & a mbalaid. Óir as inann oibriugad atá
9030] ag dath na neithead cumuscda a n-aithfhégad na n-ainmintid & a n-aithfhégad an duine; óir mur dísgaílius gile na heala radurc an duine agus chalmuigius duibi an fhiaich a radurc, is mur sin do-nít siat na hoibrigthi sin ar gach uile
9035] ainmidhi gá fuil radurc. Et ní mur sin don blas ná don balad. Óir atá blas & balad toltanach do gné éigin do na hainmintib nach fuil don duine,
Ar an adbur sin gibé lérab áil gnéithe na neimi fhétur do chaithim do sheachna, ná hithid sé aen-ní ara mbí blas & balad aduathmur, & co háirithi acht muna bia an biad aithnid dóib do
9045] réir dearbtha. Más ead, dá mbia cunntabairt air neach an mbia in neim cumuscda risin mbiad, roim gach uile ní innailtear an bél lé huisgi mbog roglan, & tuicthear as sin blas an bíd co maith; & an uair cogaintear an biad connaimthear
9050] co fada annsa bél é innus co comurthóchur a blas & a balad, óir, dá mbia neim annsa biad do-déna urchóid don chorp, tuicfir gan cunntabairt í ó blas nó ó balad an bíd do beith aduathmur.
Tuillead, bíth a fhis agad gurab mó bís an
9055] meallad so co foluigtheach annsna biaduib romillsi ná annsna biaduib aigéidigthi, & co coitchinn gach uile biad rannchuidighius ré blas maith co mór ná annsna biaduib eile. Ar an adbur sin na daíne bís amuirseach ar neim dligid siat na biada
9060] comshuigigthi éxamla do sheachna, & co háirithi an uair beid siat éxamail co hard do réir datha & balaid. Et ní hurusa an meallad so do beith a n-eanbruithi na feóla aenda, ná annsa feóil aenda féin, ná annsan arán aenda. Et gibé ara mbí
Tuillead, bíth a fhis agat co fhuilid neithe éigin nach fuilnginn neim do beith ana fiadnuise gan a ndath do chlaechlód a cédóir, mur adearar co coitchinn ré hadairc na hathrach neime ré n-abur serpens nó réna teanguid, óir gabaid fliuchad
9080] chucu a fiaduisne na neimi, & co speitsialta dá curthar salann orra. Et a chusmailius sin don chloich ré n-abar prasius as máthair & is pálás don chloich ré n-abur smaragdus , óir is annsa chloich sin do-gabur í; & is dath uaine bís uirre
9085] ara mbí uaine tiug a cusmailius orafuint; & do-gabur í & braen dearg innti uair & braen geal uair eile, & is dearb co coimédann sí na rígthi ón neim; óir dá mbia an chloch so ar an mbord & neim do chur ana fiadnuise cuirid a dath uaine
9090] dí co luath, & ar cur na neimi don bord inntaigid {MS P page 468} in dath cédna uirre. Ar an adbur sin gibé bís
Tuillead, is maith triacail do chaithim roim in
9095] cuid & 'na diaid annsa chás sin, & metridatum mur an cédna. Et is mór fhodnaid na neithe aenda annsa chás so, mur atáit, cnó móra & cnó gaídilacha, ruib & sáitsi; más ead, is maith don duine beas amuirseach ar neim méid éigin díb so do chaithim
9100] roim an cuid & 'na diaid.
Et gibé bís amuirseach ar neim seachnad sé gnéithe na mbiad ana fadthur aduim ro-beaca a cusmailius neimi; & do-gabar sin a ngnéithib fungi & truphuli & na cloch mianamail. Tuillead,
9105] is éigin don neach sheachnus an neim gan a innillius uile do beith annsa biad ná annsa dig do-bearar dó amáin, & mur an cédna dá fear fritháilti, oir teagmaid an neim go haicídeach inntu gan chin do duine, mur atá, réd aicídeach éigin urchóideach
9110] do thuitim annsa biad & a bearbad maille ris, nó a thuitim a soitheach an fhína, mur atá, sgorpio nó lacerta; óir atá mórán do na hainmintib neimneacha grádaidius balad an fhína, & rithid siat chugi & ibid cuid de co meinic & sgéithid ann
9115] arís, & uair ele do-gabar báiti ann iat, & uair eile lighid siat na soithigi asa n-ibthear an fín: ar an adbur sin is maith na soithigi so do choiméd co maith.
Tuillead, is mór dligmid beith deithideach a
Et an uair thuigius duine urchóid ana gaili, mur atá, lasad & cnám & teas & cumgach & allus & tart & codlad domuin & sdupur, nó tuitim na bríge, maille ré hallus & ré singoipis. Agus an uair bus follus na neithe so, nó cuid díb, gan
9135] cúis fholluis eile, déntur sgeathrach a cédóir maille ré holaid sisaminum nó almont milis. Nó caithid im & bainne, maille ré mórán bíd, & sgéithid. Et dá teagmad nach sgéithfid in tan sin ísligthear nó sgristar bríg na neimi. Agus ar nglanad an
9140] gaili taburthur triacail mór dó, maille ré fín ana mbeirbthear préma litontra , & ná caithid siat biad co ceann seacht n-uaireadh 'na diaid, & oiltear é maille ré neithib olamla 'na diaid sin, mur atáit, fígida & uua passa & cnó gaídilacha &
9145] eanbruithi coiligh méith.
Agus dá teagmad an neim do caithead d'fhágbáil
Agus dá tuicim an neim do beith fuar do réir a comurthad (óir fédmaid a thuicsin mur só tré doimne an chodalta & ó sdupáil & ó fhuacht an chuirp) is maith neithe teasaidi do thabairt a
9160] n-aigid na neimi, mur atá, gáirleóg & litontra & ruib & a cusmaile do neithib teasaidi. Agus dá mbia an neim teasaidi caitear coriandrum & campora & a cusmaile. Et dá mbia ana neim marbus ón chumachtain fholuigthig , mur atá,
9165] neim napellus, caitear triacail & metridatum & síl neannta & agairg & colacindita & caera ibair craigi & serapinum & castorium.
Agus atáit leigis maithi eile a n-aigid na neimi oibrigius do leith tota spesies, innarbus í lé
9170] sgeathraig & lé hinglanad; gid eadh, is mó beanus leigeas na neimi co speitsialta ré regimen an leigis
{MS P page 469} Quoniam conualiscentes ab egritudinibus continentur
9175] in latitudine sanitalis .i. ó connaimthear na daíne bís ag éirgi a heasláinti a leithid na sláinti, as inlaburtha ann so dá follamnugad co generálta. Ar an adbur sin bíth a fhis agad co fuil cuid do na daínib bís ag éirgi a heasláintib
9180] atá glan co fuirfe óna n-easláintib, et an drong eile nach cóir conualiscentes do rád co fírinneach rú ar son nach fuilid arna nglanad co fuirfe & ar son aicídeadh éigin do beith ana coimideacht, mur atá, neam-thochlugad an bíd, & teinneas
9185] anorduigtehach an chinn, & tromdacht an chuirp co huilidi, & gan a cuirp d'inntóg chum a mbríg ná chum a nirt féin, aislingthi & saethur annsa chodlad & inglanad leannaigi, so & a cusmaile do chomurthaib eile, foillsigid siat gan neach do
9190] thérnód co fuirfi óna easláinti, óir atámaid
Conualiscentes co fírinneach, immorra, ní mairinn aen-red d'fhuidill an adbair acu; & tuicthear sin ó fheabus na bríge tochluigthigi, & ón chorp do beith ag impód chum a bríge & chum a fheóla, & gan an t-inglanad do beith leannaigi, & gan aen-ní
9205] do beith follus don chéd-galur acht anfhainne na mball amáin. Agus an drong atá mur sin ní rigid siat a leas aen-gné folmuigthi an tan sin acht an bríg do chomfhurtacht & an corp d'inntóg chum a oibrigthi gnáith & chum a bríge.
Agus atá so ana ní choitchinn dá gach aen-droing éirgius a heasláinti (má táit glan, cinco fuilid) .i. a regimen do beith cusmail & regimen na ndaíneadh easlán ré feadh dá lá nó trí lá gan inmeadón d'éis an fhaethuigthe; ar an adbur sin
9215] is beac dligid siat claenad chum regimen na ndaíneadh slán, óir is mór an guasacht do na daínib bís ag éirgi a heasláinti claechlód obann do dénum chum regimen na ndaíneadh slán. Óir
Dligid an drong bís ag éirgi a heasláinti a
9225] treórugad chum saethuir mín measurda tar éis a chéile, do réir mur thuicmid gurab éidir léna mballaib a fhulang gan gortugad, gan corthacht, óir as mór an t-amantúr do na daínib bís ag éirgi a heasláinti a leithéid sin do shaethur do dénum.
Et dligid biada na droingi bís ag éirgi a heasláinti cimus maith do geineamain, & beith so-díleagtha, & beith silteach so-óla, óir is maith oilid a leithéidi sin do biaduib, & is luath dileagur iat. Agus dligid a mbiada claenad chum teasa séim & chum
9235] flichideachta. Et bíd siat an méide so do chaindiacht innus comad éidir a ndíleagad co hurusa & nach mothuigthi gáirfideach ná tromdacht ná línad annsa gaile. Et ní dligid an drong éirgius a heasláinti gorta ná tart d'fhulang, acht beacán do
9240] chaithim co meinic. Et dá teagmad co mothóchaide cuirrineach & nó gaethmuireacht nó tromdacht annsa chorp as inlaigdigthi caindiacht an bíd an tan sin. Et as í uair imchubaid a n-oileamna an uair bus measurda don ló.
Et bíth a ndeoch d'fhín maith thséim deadh-balaid glan gan beith deathmur, & blas toltanach
Tuillead, as éigin do na daínib bís ag éirgi a heasláinti cumsanad & gairdeachus measurda do {MS P page 470}gnáthugad, [H2] & dénait radarc ar inadaibh uaine,
9255] & éistid ceóil binne, oir bláthuigi meanma na droinge bís ag éirgi a heasláinti ó éisdeacht ceól mbinn & ó fheicsin neitheadh uaine. Et seachnait siat gach uile fholmugad, mar adubramur romainn, & co háirigthi in choimhriachtain, óir is
9260] mór urchóidighis in choimhriachtain dóib. Agus dá mbia faethugad in té éirghius a heasláinti foluigtheach is amuirseach dligmid beith ara fuigeall; ar an adbar sin is lugha dleagar a sásugad lé fín ná in drong bís ar térnugad co
9265] fírinneach ón easláinti.
Agus dá faicir go rig sé a leas folmugad fétur sin do thuicsin go maith tríd na comarthaib do áirbhimar don taeibh thuas dín. Comhartachtaigthear in bríg ar tús in tan sin lé biadh maith, méid
9270] éigin do laithib, & aindséin leigistear hé lé leigeas
Agus ní himchubaid codlad fada don droing bhís ag éirghe a heasláinti, óir bogaid sé iad; & dámad imchubaid, as ar son in chumhsanaid
9280] do-ní ann budh imchubaid. Agus as do regimen na droinge bís ag éirghe a heasláinti a claechlód dochum aéir chontrárda don aér ina robadar easlán.
Tuillead, bíth a fhis agut co ndligid in drong
9285] bís ag éirghe a heasláinte innillius do dénamh ó na neithib do bhí orra annsan easláinti roime, óir dligid in lucht éirghius ó phleurisis eagla do beith orra roim na neithibh do bhí orra innte, mar atá, gairbhe an ochta. Agus dá n-imdaigead
9290] linn annsa droing bís ag éirge a heasláinte is comartha sin ar an línadh do beith acu.
Tuillead, teagmaid go gnáthach saint bíd do chaitheamh don droing bís ag éirghi a heasláinti; gidh ead, ní inntaigheann an tshaint sin an corp
9295] chum a bríge & lagaidh an brú; más ead, laigdigthear in biad annsa chás so, et as inchalmuigthi in gaile lé trétaigibh & lé ceiríneachaib & lé
Óir is annamh easláinti rigin ná tidlaicinn sí teidhm éigin do ball uasul, as mór is intuicthi an mbia gortugad ar doman a mball éigin phrinncipálta don neach bís ag érge a heasláinti, & as
9305] innteagmála don gortugad sin mar is fearr do-chífir dúin. Agus mar adearor do na ballaib tuicthear a chusmailius sin do na brígaibh nádúrda.
Tuillead, bíth a fhis agad corob mór thidhlaicis innladh na cos & círad in chinn glaine do radarc
9310] luchta conualescentés. Et mur in cédna as mór fhurtachtuigius innladh na mball fuirimeallach, co háirighthi in ceann, óir ní headh amáin édrumuigius na baill acht athnuaigid sé an meanma.
Consuetudo est res fortis ualde .i. is raed ro-láider in gnáthugad, & in duine thoscuigius ón gnáthugad do-ní urchóid mór dó; ar in adbar sin dá ngnáthuige neach saethar mór da dhénam, &
Agus dá dearbad corob ní láidir an gnáthugad, mur as follus a bréithir Ipocráid a Regimen Acutorum
9330] in uair adeir sé: mala dieta cibi & potús que secundum simile fit securior est omni tempore quam ea que melior si in ea subita mutacio fiat
infra 277
9345]
Et tuicthear a chusmailius so, & na neithe so adearur agá furtacht: .i. gach uile ní gnáthuigthear ré haimsir fada, dá mbia sé maith nó olc, is inchoiméda é a n-aimsir na sláinti & na heasláinte; & is é so is résún dó sin .i. seasmuighi
9350] in gnáthugad a n-inad na nádúire, & is inchoimhéda inadh na nádúire, más ead, is inchoiméda in gnáthugad.
Et mad áil linn an gnáthugad do chlaechlód is éigin sin do dénum tar éis a chéile co neam-obunn,
9355] óir do-ní an claechlód obunn urchóid do réir inntinde Ipocráit, gu háirithi ag labairt don gnáthugad. Agus mad áil lé neach in gnáthugad do chlaechlód, gnáthuigeadh sé biadha measurda inmolta agá claechlód tar éis a chéile, a' gnáthugad
9360] biad reamur & biad séim uair ele. Gid eadh, gnáthuigthear na biada measurda nísa mó in tan sin & na biada eile ní as luga mar so .i. dá ngnáthuigi neach droch-biadh, do chlaechlód an gnáthuigthi sin caithead biadha maithe a méid
9365] bic & in droch-biad a méid móir, & tabarthar arna márach nísa mó don biadh maith, & mar sin tar éis a chéile nó gu treóruigthear chum bíd measorda é.
Agus gebé cheanglus é féin do choiméd an
9370] gnáthuigthi, mad éigin an gnáthugad sin do sheachna, tigid urchóidi móra uada. Más ead, as maith & is imchubaid in corp d'ullmugad chum
Quoniam flebothomia uentosa & cetera .i. connaimthear in chuisli & in fhásadarc & in leigeas lagthach & sangis sugi & in ponc fá regimen na
9385] sláinti co gnáthach, ar an adbar sin laibheóramaid díbh in méid beanaid siad ré regimen na sláinti, innus nach leigfidh in obuir so aen-ní tairsi díbh; gid eadh, in méid beanus sé ré leigeas na heasláinte do-gébhthar a n-inadh ele é.
Agus tinnsgnam ar tús don chuisleinn. Agus bíth a fhis agad in corp bís slán co haenda nach
An dara ní dligmid do thuicsin .i. cé hiat na cuirp thuitmeacha noch rig a leas cuisle co mór. Más eadh, adeirem corob iat lucht coimplexa fola deirgi as mó rig a leas an chuisle (in méid beanus sé risin coimplex), & cuirp coimplexa
9435] leanna duib as luga, & cuirp coimplexa leanna finn & leanna ruaid a mod inmeogánach (gid eadh, is mó reagad a leas lucht leanna ruaid ré ná lucht leanna finn).
Tuillead, as iat so as mo rig a leas ré cuislinn
9440] .i. in drong aga mbíd cuisleanna fairsinga & aibíc fheólmar & dath edir deirgi & duibhe & mórán finnfaid & musgaile maithi láidire. Tuillead, as inntuicithe an aeis & an bríg & an gnáthugad an tan sin, óir na cuirp atá tuitmeach ana coimplex
Tuillead, an drong gá mbia leanna omha rigne
9480] neim-díleagtha cumuisgi ré fuil deirg ní dleagar cuisle da leigin dóibh nó gu séimigthear an fhuil. Tuillead, ní dleagar cuisle do leigin ar aen-mod tar és fhothraigthe, nó choimriachtuna, nó shaethair móir. Tuillead, as insheachanta an
9485] chuisle tar és na n-easláintidh rigin nó co calmuigthear na cuirp, acht muna coiméignigi égintus speitsialta í, mar adubramur romainn a follamnugad na droingi bís ag érghe a heasláintibh. Tuillead, na daíne do-ní conuersáidh andsna gnímarthaibh
9490] saethracha noch dísgaílius mórán ó na corpaib is luga dligit siat cuisle do leigin ná dligit na daíne ele. Ar an adbar sin na daíne gnáthuigius fothraigthi & sdufaí as beag reagaid a leas ré cuislinn, acht muna teagma cúis ro-mór dóibh.
An t-earrach, immorra, as mór as imchubaid chum na cuislinn é ar son a measurdachta, óir cosmailtear hé ré galur ó línadh, óir gnáthuigi sin teacht andsan earrach & ní fhadhuim aen-ní
Tuillead, bíth a fhis agat nach inosgailti an
9510] chuisle a n-aér na pláigi, ná andsan aér cheómar ná buaidirtha, ná a n-aimsir na gaeithi andeas, ar eagla co rachad an t-aér annsa chuislinn & co cuiseóchad sé fuil 221 phláigeamail tsalach, & as mar sin do beith an seachrán déiginach ní as
9515] mó ná in céid-sheachrán. Más ead, togthur lá glan solus & in gaeth a' glanad an aéir , mur
atá, an gaeth atuaigh gan beith ag séideadh go láider. Tuillead, togthar in uair bus measurda don lá do legin na cuislinni .i. an treas uair do ló
9520] annsan aimsir the & meadhón an láe annsan aimsir fhuair. Tuillead, adearaid drong éigin dá mbia an fhuil coilearda leagur in chuisle an uair gluaisis linn ruad .i. ón treas uair do ló go roith an cúigeadh uair. Agus dá mbia in fhuil fleadmaduil
Tuillead, as intuicthi aéis an ésga, & in comurtha
9530] a mbia, ag legin na cuislinne. Ar an adbar sin is annsa chéd-cheathramain don ré dleagur cuisle do leigin do na dáinibh óga & ro-óga, & is annsa chadrans sin co follus do-chíd na maigdina fuil mhís ar dús. Agus annsa chadrans déghinach
9535] don ré dleagur an chuisle do leigin do na daínibh arrsaidhi, & andsna haimsearaibh inmeadhónacha do na daínibh inmeadónacha. Tuillead, adearaid drong éigin gurob annsa chéd-chadrans dleagur cuisle do leigin don droing agá mbí coimplex
9540] teasaidi fliuchaidi, mur atáit, lucht fhola deirgi, andsa dara cadrans do lucht leanna ruaid, & andsa treas cadrans do lucht leanna finn, & andsa cheathramad cadrans do lucht leanna duib; óir atá in céd-chadrans don ré teasaidi fliuchaidi, &
9545] an dara cadrans teasaidi tirim, & an treas cadrans fuar tirim, & an ceathramad cadrans fuar fliuch.
Tuillead, as indtuicthi inadh an ré. Óir dá mbia in ré a comartha ana mbía fédadh chum boill éigin ná leagur cuisle an tan sin. Sompla 9550"> ann sin .i. an uair beas an t-ésga a nGemen, ní dleagar cuisle do leigin do na lámhaibh. Et mar
Tuillead, ní dleagar cuisle do leigin an uair beas an ré ag teacht tar ais, & co háirithi a pongc an
9575] ésga. Et mar an cédna an uair bís an ré lán ní dleagar cuisle do leigin, & co háirigthi an uair bís sí a comurtha neam-amhuntúrach, mur atá,
Tuillead, tuicthear tarbha & urchóid na cuislinni; {MS P page 474} & co háirigthi dá leagar annsan inad anab éigin í, & an uair anab éigin, do-ní sí tarba ro-mór & is inchoiméda hí a coiméd na sláinte; et in uair leagar í mar as éigin coimhédaid sí an corp ó
9585] neascóidibh fola deirgi, noch theagmus co fuirimeallach & co hinmeadónach, & ó sgabiés & ó thochus & ó shinoca & ó pharilis & ó apoplexia & ó bolgaid & ó bruithínidh & ó shilead fola & ó phláigh & ó bás obann & ó squinancia & ó lubra; & gu
9590] huilidi saeraid leigin na cuislinni co measurda neach ó gach uile easláinti theagmus ó linad fola deirgi, nó óna truailliugad, nó óna teas imurcach; ar an adbar sin ní hinmainneachtnuigthi an chuisle. Agus as mar in cédna, theagmuid urchóidi
9595] imdha ó leigin na cuislinni an uair nach leagar í mar as cóir. Óir, an uair leagar 225 í mar nach cóir, teagmuid andsin co meinec idrópis, & luathaigi an arsaideacht dá ngnáthuigthir í, & sgrisaid an tochlugad, & anmhuinnigid an gaile & na háe, &
9600] cúisigi crith & pairilis & apoplexia fá deóigh; & dá ngnáthuigthir í, anmhuinnighi fuirimeall na mbríg nádúrda & na mbríg ainmide.
Tuillead, as intuicthe cé na cúise generálda
- Distrahit, euacuat, preseruat alleuiatque,
attrahit et alterat inscisio , si bene fiat
Ar an adbar sin adeirim corob í céid-inntind ar son a leagar an chuisle .i. d'fholmugad imarcach
9615] na leannann; ar an adbar sin an uair bhus follus dúin comarthaí repletióin na cuisleann mór nach éidir d'fholmugad lé purgóid, leagar an chuisle a méid móir an tan sin, dá comaentaighid na neithe rannaidi adubramur don taíbh thuas dín; &
9620] leagar an tan sin an chuisle do na cuisleannaibh móra agá mbín respectum chum an chuirp co huilidi, nó agá mbín respectum chum an raind don chorp as mó ana mbí an línad. Agus is do réir na hinntenne so leagar an chuisli don droing
9625] atá ullam chum tuitme a sinoca nó a sinocus nó a n-easláintibh bus cosmail rú tic ó línad. Et gé dearar co folmuigenn gach aen-chuisli, as í an chuisle fholmuigius an tan sin as mó fholmuigius
Tuillead, leagar an chuisle go gnáthach do laighdiugad & d'édromugad an leanna pheacaighius,
9635] indus gomad cumachtach an nádúir do díleagad a fhuidheill; & ar an adbar sin legamaid cuisle isna fiabrasaibh morguigthe, gingub éigintach í; gid eadh, calmuige in nádúir do díleagad an fhuigill; et dearbhthar so do réir Galen andsa
9640] chéid-leabar De Ingenio Sanitatis annsa naemad caibidil. Ar in adbur sin ní a sinoca amáin as éigin an chuisle do leigin, acht an gach uile fiabrus morguigthi (acht muna toirmisgid ní contrárda éigin í, mar atá, an bríg & an aís & a cosmuile).
9645] Óir édromaigthear nádúir fhollamnuigthi na mball uaithe & tighernuigidh co hurusa ar fuidill an adbair, ag díleagad na coda as indíleagtha de & ag folmugad na coda is infholmuigthi.
Tuillead, leagur an chuisle do chlaechlód &
9650] d'innfhuaradh, & annsa chás so amáin fétar an chuisle do leigen & gan an peacugad do leith na cainndigeachta acht do leith na cailiechta amáin, óir, an uair bís an fhuil te co mór annsna cuisleannaibh & cumgach uirre, geintear deathaigi
9655] teasaidhi an tan sin; & dá leagar in chuisle an {MS P page 475} tan sin folmuigthear an fhuil te & innarbthur na
Tuillead, leagar an chuisle do tharraing na fola chum boill éigin: verbi gratia .i. leagar an chuisle do shofena na cos d'athtarrang na fola
9665] chum an macclaic. Tuillead, leagar an chuisle d'inntógh na fola: verbi gratia .i. dá mbia flux fola na sróna ar neach, nó seile fola, leagar in chuisle do na cuisleannaibh íchturacha, mar atá, soféna & basilica d'inntógh na fola chum a contrárda.
9670] Et is inntuicthi go deithideach annsa chás so, gach dírgha beas an t-inad ana ndingantur an t-inntógh ón inad a ndéntur an t-indtógh, gurob í an méide sin as foirbthi & is ealadnaige hé; ar an adbar sin, gebé ara mbía flux fola na
9675] sróna, go n-inntaighthear co foirbthe hé lé soféna do leigen dó nó lé siatica, óir as fearr sin ná a leigen do na cuisleannuibh uachtoracha ar son corob ealadnach hé. Gidh ead, dá mbia an flux ón tsróin, tindsgaintear an t-inntugad ó na cuisleannuibh
9680] uachtoracha & críchnuidthear leis 226 na cuisleannaibh íchturacha.
Tuillead, as intuicthi a timchill na cuisleann
Et as fírinneach gurub í cephalica as mó fhégus
Agus teagmuidh inntinni ele fá cheann na
9730] cúise so. An chéid-inntind díb .i. go ndleagar cuisle do leigin annsan aimsir fhuair .i. a n-aimsir an geimridh annsa taebh chlé, & annsa taebh deas a n-aimsir an tshamraid. Tuillead, mad áil lind in t-atarrang do dénam ón taebh deas, leagur an
9735] chuisle annsa taebh chlé; & econtra: verbi gratia,
Tuillead, bíth a fhis agad gurob deithidigh dleagur mediana do leigin & corob mó an guasacht teagmus co meinec óna leigin ná ó leigin na cuisleann
9745] ele, ar son gurob mó anmhainnighius leigin na cuislinni so ná leigin na cuislinn eile. Ar an adbar sin gebé agá mbia craidi anmhann, nó craidi ullam chum creatha craidi, nó chum singopise, ná leagar cuisle do mediana ar aen-mod
9750] an tan sin; gidh eadh, mad éigin é, leagar do {MS P page 476} basilica nó do cheaphalica hí. Et mur an cédna, dá mbia easláinti aé nó shelgi nó gaile air neach as cunntabartach basilica do leigin dó; & mad éigin an chuisle do leigin, leagar mediana ana
9755] hinad, & tuicthear an mod so do cephalica.
Agus fuarusa riagail fá osgailt na cuislind .i. curob í an chuisle as folluise & as reimhe do na trí cuisleannaibh so as innille do leigin, óir tuicthear as sin na baill dá serbísid na cuisleanna so noch
9760] atá ris, co fuilid siad lán d'fhuil & go fuilid te láidir. Et bíth a fhis agad an uair nach fuidher cephalica go fédtar cephalica atá a mbun na hordóige
Agus an uair lecfír na cuisleanna atá andsa láimh curthar an lámh a n-uisgi the, innus go
9770] mbeith an chuisle atá chum a hosgalta follus, & comad usaide leisin fhuil sileadh, & comad lugaidi do goirteóchaidi lámh na cuislinni.
Agus as leór lim sin do na cuisleannaibh sin. Et na cuisleanna eile, immorra, atá annsa muinél &
9775] annsa cheann & annsna hinadaibh eli nach gnáthuigthear do leigen a coiméd na sláinti ligfid torum iad.
Tuillead, as inntuicthi a legin na cuislenne na neithe as indénta roimpe & na diaigh. Roimh an
9780] cuisleinn, immorra, as maith méid éigin shaethuir do ghénam do gluasacht na fola & dá humhlugad chum a folmuighthi. Tuillead, as intégthi & as inchoimilta an ball dá leagar an chuisle, agá innladh lé huisgi te, innus comad ferrde do
9785] hoisgeóltaighi hí, & do médugad fhluxa na fola chum inaid na cuislinni.
Et as intoghtha an cuisleóir mur so .i. a beith óg ullam deadh-radairc, & gan a beith crithánach measgamail, & a beith innraic deadh-maiseach, &
Tuillead, atá drong dá ndleagor fothragad do dénamh laíthe roim an cuislind, & is iat so an
9800] drong sin .i. na daíne agá mbí fuil reamur do-gluaisti & cuisleanna foluigtheacha; óir sémighthear & bogthar an fhuil ón fhothragad & reamruighthear na cuisleanna. Tuillead, folmuigthear na himarcracha bís a ngoire don chroicind &
9805] dísgaíltear ón fhothragad; et as mar sin an uair leagar an chuisle do na cuisleannaibh móra ní tairrengthear na himarcracha bís fán croicenn chum na cuisleann mór, acht anaid annsin, muna folmuigthear lé fothragad iad; gidh eadh, dá
9810] mbía ní neam-glan annsna sruthánaibh ro-beaca dá folmuidthear ón tobur mór fétar gach ní neam-glan atá annsna sruthánaibh beaca do tharrang chum an tobair móir, óir folmuige leigin na cuislinni ó gach uili chuislinn ar son an
9815] chomaentaighi & an chomthimairgthi atá aturra. Gid eadh, dá mbia an corp lán, ná déntar fothragad
Tuillead, indarbthur na himarcracha roim an cuislinn, mur atá, an t-inglanad & an fual, ór
9825] tairringthear a ndeathaigi chum na cuisleann & sailíthear an fhuil uada sin; óir an uair bíd na cuisleanna folam ó fholmugad na fola do-níd attarrang ón ghaile & ó na hinnibh trít na cuisleannaibh ré n-abar misirasi vene, ó na haebh
9830] tré chuisleannaibh ele.
Agus bíth a fhis agat ana diaigh sin na neithe as intuicthi a leigin na cuislinni, mar atá, cainndigeacht an fholmuigthi. Ór dá mbia an línad mór & an bríg láider & na neithe rannaidi ele a'
9835] comaentugad, mar atá, an aeis & an coimplex & an gnáthugad & an aimser & aibíc an chuirp, fétur mórán don fhuil do tharrang a n-aenfheacht an tan sin; & a chontrárda so dá mbia an bríg anmhann & neam-aentugadh na neithedh rannaidi
9840] ele. Gid eadh, fédaidh an línadh beith mór an tan sin, más ead, leagar an chuisli a méid bic & co meinec an tan sin. Tuillead, dá mbia an t-éigintus mór ann leagar an chuisle a méid móir, & ní do
Tuillead, teagmuid ní ele fá ligen na cuislenne go gnáthach, mar atá, a hosgailt & gan sileadh do dénam di, & teagmaid sin ó mórán do chúisibh. An chéd-chúis díbh .i. imad na fola arna cur ara céile, & iadhaidh sí an crécht óna himad, & ní
9860] shilinn, nó silid 'na braenaibh, & is comartha air sin, óir silid sí ana braenaibh méid éigin, & dá mbuailtear an chuisli an tan sin & an crécht d'ongad lé holuid silidh a cédóir snáithi mór uaithe; & as maith annsa chás sin na slinnéin do choimelt.
An dara cúis toirmiscius a sileadh .i. remhe na fola. Agus ní héider lé sileadh ar aen-mod an tan sin; más ead, as éigin an fhuil do shéimiugad an tan sin lé biadaibh & lé leigeasuibh sheimighius í, noch atá aithnid dúin .i. dul a fothragad roim
9870] an cuislinn, dá mbia in corp gan beith línta.
An treas cúis .i. easbaid na fola. Agus tuicthear
An ceathramad cúis eagla, nó merbthen, nó
9875] nár gnáthuig sé cuisli do legen dó. Agus is imchubaid an tan sin greim aráin da thuma a fín deag-balaid & a chatham , & uisgi róis do chrothad ar a adaidh, & briathra comfhurtachtuigthi do rád res. Tuillead, fédaidh so teacht ó laighid
9880] an chréchta; más ead, fairsingthear an cnead, ór as meinec imighis an fhuil shém & anus an fhuil reamur an tan sin.
Tuillead, an uair beas an fhuil a' sileadh as inglaca í, & dá fághar fuar í as inchoisgi hí. Mar
9885] an cédna dá fagar ro-the ro-shéimh í, dleagar a cosg, ór dobud baegal singcopis do theacht ó gach cúis díb sin.
Tuillead, curthar braen don fhuil ar th'ingen & dá silead sí & gan anmain 'na comnuidhi ar
9890] aen-mod ar inngen as comartha sin ara beith uisgeamail go mór & as inchoisgi hí; & muna sileadh sí ar aon-mod ar in ingin as ro-reamur í, & as beac dleagar d'fholmugad dí an tan sin nó co sémighthear í lé biadaibh & lé leigeasaibh
9895] séimhigtheacha; & dá mbia sí co hinmeadónach ana substaint, & an fual do beith dearg, & in puls do beith tiug lán, as inlicthi an chuisle a méid móir an tan sin. Et mar an cédna curthar braen
Tuillead, an uair leagar an chuisle as maith mér do chur ar in cneid tar és beagáin do shilead dí,
9905] óir do-ní so dá tharbhadh. An céd-tarba díb,inntaigthear an bríg chum inaid lecthi na cuislinne & toirmiscid a dísgaílead & a hanmainniugad ar son an fholmuigthi obainn & dísgaílti na spirad. An dara tarba .i. coisgthear in fhuil nó go tarrangthar
9910] an droch-fhuil atá a fad ó inad na cuislinne chum na cuislinni; ar an adbar sin dá mbia neascóid annsa chorp, & an chuisle do leigin dá hindtugad, as ro-maith mér do chur ara bél an tan sin.
Tuillead, as inchomurthaigh na neithe as cóir da dénamh tar és na cuisleann . Ar an adbar sin as intuici cad is indénta tar és na cuislinni .i. ní hindénta codlad ná sibal ná comnuidhi a n-inadh sholus 228; & curthar chum cumsanaidh
9920] an tan sin é a leabaid dorcha, & connmadh a thshúile osgailte ar eagla go ndísgaílfidhi na spiraid; & tabarthar greim d'arán róstuigthi dó arna thuma a fín dead-balaid maith. Gid eadh,
Agus na dénadh saethar ar aen-mod, acht dénadh comnuidi astigh a ngairdeachus maille
9935] réna compánachaibh. Agus ná déntar fothragad an lá cédna ná coimriachtain ná codlad, óir cúisigi an codlad luath tar és na cuislenni cumgach na mball, & cúisighi sin gluasacht na n-imarcrach co {MS P page 478} hinmeadón chum baill éigin uasail. Tuillead,
9940] tarrangthar in fhuil & an teas & na spiraid andsa chodlad, & fétar fiuchad do chúisiugad andsna leannaibh ar son gluasachta na leannann & ar son an athtarruing do-níthear a n-aimsir an chodulta, & cúisighthear fiabrus co meinec uada sin.
9945] Tuillead, gluaistear baill an duine co hanordaigthi annsa chodlad, óir an uair inntaigius duine fá cuairt do fhédfad sin beith 'na chúis d'osgailt na cuislinne. Más ead, as follus nach indénta codlad tar és na cuislinni, & co háirithi roim an
9950] mbiad; gid ead, fédtar codlad tar és an bídh a
Et bíth a fhis agud co tic singopis co meinec a
9955] n-aimser na cuislinni nó tar a hés, & co háirigthi chum na droingi gá mbí linn ruad ana ngailidibh & bríg beóthach anmann. Ar an adbar sin as maith na baill fhuirimeallacha do choimelt co láidir an uair tic an tshingopis, & uisgi róis & 9060"> fín deadh-balaid do chrathad ar a adaigh, & a gairm ana ainm fén, & a bél d'osgailt lé maide & eanbruithi circi do thobairt dá ól dó maille ré fín; & fétur diamargariton & pliris do thabairt maille ré must nó lé siúcra rosarum dó.
Agus is lór na neithi so fá cheann na neitheadh as indénta roimh an cuislind & 'na diaigh & innte.
Labrum ana diaigh sin d'fhéchain na fola. Agus bíth a fhis agad gorob infhéchsana an fhuil tar és a téchtaigthi, & a cur a mórán do miasaib
9970] beaca, innus comad ferdi d'athónadh an liaigh éxamlacht na fola é. Agus tuicthear annsin cé as fearr, an chéd-fhuil ná in dara fuil, & an dara fuil ná in treas fuil, & mur sin nó co roith crích a lice . Agus dá mbia sí a chontrárda so .i.
9975] comad fearr an chéd-fhuil ná an dara fuil, ní bud maith sin, óir is comartha éigintuis & ar in leigeas lagthach é. An chuisli, immorra, leagor
An dara ní dligmid do thuicsin ar leigin na cuislinni .i. co fuilid cúig shubstainti. indti .i. linn dub, & linn finn, fuil dearg glan, & linn ruad,
9990] & uisgeamlacht an fhuail.
Linn dub, immorra, as é as deasgaid d'fhuil deirg, & bíth a ndath dubh, & bíth a n-íchtar na méisi ar son gurob talmaide trom é; ar an adbur sin ní cóir droich-breath do beith air dá mbia
9995] an duibhe a n-iachtur, óir as comartha nádúrda é acht muna inntaige sé chum uachtair na fola; & an uair bus follus an salchur sin a cainndigeacht móir ní deadh-comartha é et fédmaid a breathnugad co fuil an neach sin dobrónach, sanntach,
10000] formadach, eaglach, meirtnech, arna inordugad chum easláinti leanna duib; & dligid an neach so purgóid leanna duib do gnáthugad & neithe imduigius fuil maith.
Linn finn, immorra, bíth sé geal, bíamail , & blas insipitum air, & as cosmail ré gealán uibhi é.
infra 307-8
Agus as é beantur a fuil deirg tar és leanna duib, & dligidh beith a cainndigheacht as mó ná caindigeacht leanna duib. Et dá mbia cainndiacht an leanna so mór, fédmaid a breathnugad co fuil an
10010] duine sin fleghmaticach go nádúrda nó go haicídeach, & co mbín sé codultach, neim-gér, anmhann, méth, maille ré mórán seleagair.
Ana diaidh sin fuil dearg glan. Agus dligidh beith a ndath phurpurach nó ruad nó fo-ruad,
10015] & dligid an linn so beith a cainndigeacht móir. Agus dá mbé sé mur so, fédmaid a breathnugad co fuil sé 'na fhir fola deirgi, & a beith saer, cairdeamail, subáltach, gáireachtach, & dath dearg air, & a beith beógha, beannachtnach .
Ana diaigh sin linn ruad. Agus is é as cubur {MS P page 479} do fhuil deirg, & bíth a ndath chrócdha ag claenadh chum soillseachta nó chum deirgi drithlinnaige . Et dligid sé beith a cainndigheacht as lugha ná cainndieacht fola deirgi & leanna finn, & nísa mó
10025] ná cainndigeacht leanna duib. Gid eadh, dá mbía a chainndiecht nísa mó ná mar as éigin, fédmaid an duine sin do breathnugad coilearda, & a beith fallaxach , feargach do réir chonsiquens, & a beith beódha, cian-radurcach, ullamh chum
10030] gach gnímha, & a beith neam-chodultach, cael.
Et as mar sin as follus as na ráitib adubramar
Tuillead, dligmid an tsubstaint uisgeamail do
10045] thuicsin noch thshnáigius ar in fhuil d'és a téchtaidthi, mur do-ní an meadhg ar an mbainne ar téchtadh. Et an méd dealuigthear an uisgeamlacht so an fhuail ón fhuil as í an mhéide sin foillsigthear an bearbhad do beith measurdha
10050] an díleagad do beith maith. Agus dligid an uisgeamlacht so beith a coimhedeacht na fola do shéimiugad a substainti, innus comad usaide lé gluasacht tríd na cuisleannaibh beaca & móra. Ar an adbar sin ní maith an fhuil do beith arna
10055] díghbugad co huilidi ón uisgeamlacht sin an fhuail, óir signigid easbaid na huisgeamlachta sin tirma & remhi na fola & uireasbaid na dighi cumaisgi. Et do gnáthuig uireasbaid na huisgeamlachta
Tuillead, mad áil leinn a thuicsin an reamur
10075] nó an séimh an fhuil ana substaint, fédmaid a thuicsin mar so .i. a gearradh lé sgin crainn tar és a téchtaidthi, & dá seasmhuigi sí risin ngearrad breathnuigthear a beith reamur rigin; & dá ligi tríthi co hurusa í signigid sémhe & neim-díleagad
10080] na fola; & da mbía sí tiugh, mar adubramur tuicthear co fuil ullam chum apoplexia.
Tuillead, as inntuici a timchill datha na fola .i. mad follus éxamlacht datha annsa fuil do réir éxamlacht an tshuigigthe, mar as follus a muinél
10085]
an chulúir, tuicthear as sin éxamlacht na ndroch-leannann
Tuillead, dligmid fuil dearg do thuicsin do leith a blasa, má tá neach lénab toil a tuicsin .i. má tá blas insipitus uirre, foillsigid tigearnus leanna finn do beith uirre; & má tá searbh,
10110] foillsigid tigearnus leanna ruaid; & má tá poinntica nó aigéidigthi, foillsigid tigearnus leanna duib nó leanna finn aigéidigthi.
infra 313
Tuillead, as intuici baladh na fola, óir dá mbía sí {MS P page 480} toltanach deag-balaidh as maith an comartha, &
10115] dá mbia do-balaid signigid morgad do beith isna leannaibh.
Tuillead, dligmid do thuicsin an luath nó an mall téchtus an fhuil. Masa luath téchtus sí, signigid remhe na fola, & masa mall 229 signidh a
10120] beith séim, neim-díleagtha, & dá mbia sí a mod inmeadónach signigid substaint inmeadónach do beith aici.
Agus as leór linn so do na neithibh do-gabar a timchill na cuisleann an méid beanus sé ré
10125] follamnugad na sláinti.
Uentosa est instrumentum cum orificio stricto & uentre spatioso .i. as ead as fásadarc ann innstrumint gá mbí bél cumhang & brú fhairsing. Agus do-níthear uair ann d'adairc í & uair eile do glaine,
10130] & uair and maille ré fuiliugad, & uair gan fuiliugad. Et an adarc curthur maille ré fuiliugad tairngid sí an t-adbar go mothuigtheach & an fhuil thshéim
Tuillead, bíth a fhis agad an inntinn adubramur
10140] romainn a timchill na hadairci co principálta bís maille ré fuiliugad .i. co folmuigeann sí co mothuigtheach & co coimlínann sí inad na cuisleann an uair toirmiscthear ó chúis éigin í (mar atáid, na macáim nach dleagur cuisli do leigin dóibh roimh
10145] a .14. mbliadain & do na sean-daínibh d'és .10. mbliadan & .3. fichit, & mar sin dá cosmailibh): & gairid Auicenna neithe do-ní inad na cuislinni díb so & choimlínas a tarbacht; & gnáthuigthear a cur do leth na n-oibrigthi sin a mórán d'inaduib,
10150] gid eadh, as a cúig n-inadaibh nó a sé n-inadaib as mó gnáthuigthear a cur.
An céid-inad díbh .i. a cur ar clais cúil an chinn, d'fholmugad an adbair ón cheann & óna reannaibh. Agus do-ní sí inad cephalica an tan
10155] sin; ar an adbar sin as imchubaid í a n-easláintibh na súl & a salchar na haidhchi & a mbréntus an béiil.
An dara hinad a curthar í .i. ider an dá shlinnén & folmuigid sí an t-adbar atá annsna ballaib
10160] spiratálta Agus do-ní inadh mediana an tan
An treas inad a ndleagar a cur .i. ar na háirnibh & ar uball na leisi, d'fholmugad an adbuir atá
10165] annsna ballaib oileamnacha. Agus do-ní sí inadh basilica in tan sin ; ar an adbar sin foghnaid sí a n-aigid dúinteadh, & neascóideadh, & tendis na n-ae & na ndubán, & sgabiesi an lésa & an chuirp co huilidi.
10170] An ceathramad hinad ina curthar í .i. ar an dearnainn ar son guta & teindis na mball bís 'na comarsannacht.
An cúigead hinad ana curthar í .i. ar lár na luirgne & ar lár na colpadh & a n-aici na n-alt.
10175] Agus do-ní sí inad shofena in tan sin; ar in adbar sin togairmid sí an fhuil místa, & leigisidh sdranguria & teinnius an maclaic & an lésa, & is imchubaid í a n-aigid podagra na ndroch-cneadh.
Et as í so as inntind phrincipálta do na
10180] hadarcaibh gan fhuiliugadh, & curthur a mórán d'inadaibh í do choimlínad na hinntinne sin.
An chéid-inntind díbh, fá na maethánuibh, do threórugad & do tharrang na fola ón tsróin. Agus as é so adeir Galen in quincto Terapeutice230;
10185] ar an adbar sin dá silead sí ón leath-tsróin deis , dleagur an adarc do chur ar na haebh,
{MS P page 481}An dara hinadh a curthar hí .i. fá na cíghibh
10190] d'athtarrang & d'inntóg fhluxa na fola místa. Agus as é so adeir >Ipocráid sa chúigead pairteagal d'Afoirismorum an uair adeir sé: Mulieri autem si uis menstruam retinere sic iam maiorem ad mamillas apone
Tuillead .i. curthar í, do réir Galen, ar na sliastaib, do thogairm na fola místa; & ní headh amáin, acht
10200] curthar í a fogus do neascóidibh na n-alt, dá ndísgaílead & dá ndrud ó na haltaibh.
Tuillead, curthar na fásadurca annsa pharilis ar bunáit na féitheadh dá téghad , do réir mur adeir Auicenna sa treas Canóin a caibidil na parilisi.
Tuillead, curthar ar in meadhón hí a colica, do dísgaílead na ndeathaigthi & do míniugad an tinnis.
Tuillead, curthar ar an maclac & ar na hinnibh í, dá cur ana n-inadaib féin, do réir chomairli
10210] Auicenna andsa treas Canóin ana caibidileachaibh fén.
Tuillead, curthar iad ar na sligthibh & ar na póiribh tré sibluigind an fual ó na háirnibh chum an lésa innus coma móide do thuitfeadh in chloch
10215] chum an lésa í, do réir Auicenna annsa treas Canóin.
Tuillead, cuirthear 231 iat ar na cluasaibh & ar bélaibh na cneadh ndomain, do tharrang an neith eachtrannaigh bís inntu.
Tuillead, curthar iad ar na greamannaibh neimneacha & ar na gontaibh neimneacha & ar na goránaibh neimneacha, do tharrang na nime astu.
Tuillead, bíth a fhis agad, do réir mar adearaid
10225] na sean-daíne, curob fearr an fhásadurc an uair bís an ré lán ná in uair bís sí uireasbadach, do réir mur adeir Auicenna & Galen sa treas leabar don fhaethugad. Agus dearbaid Almusor sin .i. an uair méduigthear an ré ana shoillsi go
10230] médaigthear & co tarruingthear na leanna a fuirimeall an chuirp, & an uair laighdithear a soillsi go laighdithear na leanna & co n-iatar a n-inmeadhón íad; ar an adbar sin as maith, an lá cuirfir an adarc, an gaeth do beith andeas &
10235] a cur ón dara huair nó co roith an treas uair.
Tuillead, bíth a fhis agud corob í as inntind dá gach aen-neach do-ní oibriugad annsa chás so inadh na fásadairci d'innladh lé huisgi te, &
Agus as leór lim so don fhásaduirc.
Sanguis sugacio est extraxcio sangunis cum sangis sugis .i. as ead as sangis sugacio and .i. athtarrang na fola lé sanguis sugi. Et as piasta beaca duba iad a cosmailius earball lochadh ana mbíd líní buidhi ana ndromannaibh &
10250] deirgi éigin ana meadhánuibh . Et as iat as fearr díbh na piasta do-gobar annsna huisgib maithi. Ge edh, seachaintear díbh na piasta ara mbí dath aduathmur & gá mbí ceand reamor & oiltear a ndroch-uisgibh, óir as neimneach iad.
Et bíth a fhis agat nach inntuctha sanguis sugi a mórán d'inadaibh, acht annsna hinadaibh nach éidir na fásadarca do chur, mar atá, an bél, & an tsrón, & feóil na fiaccal, & na baill tirma bís lomnacht ó fheóil, mur atáid, na méir & na
Agus coimeltear an ball aindséin, & innaltur nó go ndeargthur é, nó curthar fuil ele faí, nó {MS P page 482} déntar begán fuiligthi innus go silfí méid éigin
10275] fola ass; & curthar ris iad ré lámhuibh .i. a dó nó a trí, do réir mur as éigin chum tarraing an méide so d'fhuil .i. an méd as éigin d'fholmugad di. Et ana diaig sin an uair linfaid siad iad fén d'fhuil, tuitid uatha fén, nó muna thuitid curthar
10280]
uinégir fóna ceannaibh, nó salann bruiti, nó aloé, nó tarrangthar iad lé ruaineach, nó léna cosmaile.
Et dobud tarbach ana diaigh sin an t-inad do shúgad nó innlad lé huisgi nó lé haigéid. Et
10285] dá n-imdaigthear fuil annsa ball as maith cerín
Agus as leór na neithe so do sangis sugi.
Quia homines sani raro utuntur cauteriis quamuis tamen eis interdum vtimur .i. as annamh gnáthuigid na daíne slána na puinc, acht gé gnáthuigmid-ne
10295] iad co meinec, ar an adbar sin cuirfimid aen-chaibidil athchumair do na poncaibh ann so, do choimlínad na hoibre so, an méid beanaid siad ré follamnugad na sláinti. Et ní héigin a rádh and so na hinnstrumuinti lé ndéntar na puinc, ná
10300] cinnus do-níther iad, óir is obair cirurici 233 sin .i. obair fhir shínti lámh; ar an adbur sin ní áirmheóm and so iad; & ní háirmeóchum na heasláinti ann so darob imchubaid mar leigis iad, ná na hinaidh ara ngnáthuigthear a cur; gid eadh, adéram
10305] tarba generálta na ponc.
infra 322-4
Air an adbar sin bíth a fhis agad corob tarbach an ponc do thirmugad na leanann & dá tarrang ó doimhne na mball, & do thoirmeasc an truailligthi, nach sgailti & nach imdaigthi hé, et mar an cédna
10310] do chomfhurtacht na mball & do cheártugad a coimplexa, & do dísgaíleadh na n-adbar truailligthi noch connaimhthear annsna ballaib. Tuillead, as maith an ponc do chosc fluxa na fola; & an uair do-níthear an ponc ar son na hinntinde déiginaid
10315] so dligidh sé beith láidir domain, óir dá mbeith sé égruaidh & crústaigi anmhanna aigi, noch do thuitfidh gu luath, do beith seachrán núa an tan sin budh measa ná in céd-sheachrán. Ar an adbur sin na daíne bhís a leithid na sláinti, noch
10320] atá ullam chum tuitme a n-easláintibh na mball fuirimeallach theagmus ó thruailliugadh na leanann, dligid siad puinc do gnáthugad: verbi gratia, mar atá, in drong atá ullam chum lubra nó chum guta rosacea na haighthi; & gu huilidi a n-aigid
10325] na n-easláinti dochraidius an aigid lé flichideacht truailligthi na hinchinne ag nach fuil sligi imtheachta acu ón inchinntuitid chum na haigthi & chum an chuirp co huilidi, & as mór as imchubaid an ponc dóibh so .
Et mar adubramar romuinn, do na fliuchataib ceangailtear annsa cheann, co nglantur iad lé
Tuillead, bíth a fhis agud nach dleagar an ponc do chur ar aenmodh acht muna glantur an corp reimhe ar tús lé cuislinn & lé leigeas lagthach, nó lé ceachtar díbh, mar do-chífir don liaigh. Agus an uair do-níthear an ponc chum folmuigthe an
10350] adbair, condaimthear an ponc osgailti an tan sin; gid eadh, an uair curthar hé do chosc na fola, ná connaimthear osgailti an t-inad. Agus an uair curthar chum folmuigthi connaimthear .40. lá osgailti hé, an méid as lugha, & glantur an
10355] t-inad gach [H3] 235 lae faí dhó, nó aen-uair, fó méid {MS P page 483} nó faí loighead fholmuigthi an adbuir. Et
Agus seachain gan pongc do dénam ar naídheanaibh ná ar daínibh ro-arrsaighi, óir ní dleagur a chur ar na sean-daínibh ar son imurcaid tirmaideachta a mball, ná ar na naígeanaibh ar son ro-buice a mball. Agus ní dleagur a chur annsna
10365] haimsearaib ro-theasaidi, ná ro-fhuara, ná ro-thirma; & ní dleagur a chur ar na musgailib.
Et bíd a fhis acad na poingc cuirthear 236 fó na glúinib gurub tarbach iad do glanadh an chuirp co huilidi ó na leandaibh truailligthe; ar in adbur
10370] sin is ro-tharbach na poinc sin a leigeas na lubra.
Agus is leór lim na neithe athchumaire sin do na poncaib.
Interdum uentris solucio quibusdam hominibus
10375] multum cumpedit in regimine sanitatis .i. as imchubaid co mór do droing do na daínibh an
Ar in adbur sin an drong gnáthuigius droch-regimen,
10395] & agá fuil droch-coimplex, & nach fuil ana naíginaibh ná ana seanóiribh, & agá fuilid gailidi & inne láidire, & agá fuilid cuirp móra reamra, & iad craesach, ac ithi móráin, & guru beac gluaisid ná shaethraighid siad, & gurub beac
10400] innarbaid lé hinglanad ná lé hallus, as inphurgóidighthi go 237 mór an drong sin. Agus muna térnaigid mar sin as cuntaburthach iad gan
Et as inchomurthaighthi co deithideach co ndleagur an corp d'ullmugad, & na leanna do díleagad & do ullmugad, indus co mbeidis siat umal don fholmugad sul gabthur an leigeas lagthach.
Et dleagur an corp d'oileamain lé neithibh bogthacha olamla & oslaigius na cuisleanna; & seachantar an biad acht an biad bogus & oilis an corp co mór. Et dá mbia an t-adbur reamur rigin, séimigthear & gearrthar hé; & dá mbia sé
10415] ro-shéim teasaide, remruigthear méid éigin hé. Gid ead, dá mbia an t-adbur dásachtach do leith {MS P page 484} a gluaisti, nó do leith a mailísi, nó do leith an boill, nó do leith an inaid, nó do leith na cáilideachta, nó do leith na cainndieachta, nó do leith
10420] na haicíde thidlaicius an t-adbur sin, ní dleagur fuireach réna díleagad an tan sin.
Tuillead, as intuici nach dliginn neach leigeas lagthach do gabáil chugi a n-aimsir ro-the ná ro-fhuair acht annsna haimsearaib measurda, mur
10425] atá, in t-earrach & in foghmur. An aimsear fhliuch, immorra, as imchubaid í chum an leigis lagthaig. Agus is mór is intuicthi nach bia an t-ésga a Leo, & nach bia Leo ac dul a n-airdi, & co huilidi nach bia an ré a comurtha cheangailti,
10430] acht a beith a comartha gluaisteach fhuar fhliuch. Ar in adbur sin do-chíthear nach fuil do na
Tuillead, as intuicthi gan an t-ésga do beith cengailti do Ióib co corpurda ná do réir fhégtha;
10440] & an uair bís sé ceangailti do Saturnus, ní dleagur an leigeas do thabairt; óir an uair ceangailtear an ré & Iób, calmuigid brig nádúrda an chuirp, & ní fholmuigeann an leigeas lagthach ach ar claí bríge nádúrda an chuirp; tuillead, an uair ceangailtear
10445] ré Saturnus é, cuirid an leigeas a neam-gluasacht, & toirmisgid oibriugad an leigis lagthaig an tan sin.
Tuillead, as mór as intuicthi co fuilid cuid do na leigeasaib lagthacha, an uair caittear iad, co
10450] ndleagur mórán codalta do dénam, mur atáit, na leigis láidiri caitear a mod phillidi. Acus atáit cuid ele dib as luga ara ndleagur codlad do dénam, mur atáit, na leigis nach fuil comláidir riú so ach caitear a mod lictauáire. Et atáit
10455] cuid ele díb nach dleagur aen-réd codalta do dénam, mar atáit, na leigis égcruaidi caitear amail digh.
Et tuicthear as so an leigeas gabthur a substaint
Et mur an cédna, tar éis an leigis do chaithim, ná hitear biad ná deoch nó gu coimlína in leigeas a oibriugad. Gid eadh, atá drong éigin anfhann
10480] do réir nádúiri, agá bhuil comshuigiugad tearc, {MS P page 485} leis nach éidir beith gan biad nó co coimlína an leigeas a oibriugad. Et dligid an drong so, roim an digh leigis d'ól, réd éigin séim do chaithim bus urusa do díleagad. Agus fédaid an drong
10485] cédna, tar éis an leigis do thinnscna a oibrigthi,
Et aitheónmaid an leigeas do choimlínad a oibrigthi mur so: an uair do-chífim an t-inglanad ac claechlód, nó an linn chum a tugad an leigeas, nach é a dhath díleas féin atá air, & is comartha
10495] sin ar in oibriugad do beith coimlínta, & dleagur an t-easlán d'oileamain annsin. Tuillead, comartha ele fhoillsigius an t-oibriugad do beith coimlínta, óir an leigeas do-bearar bud follus é annsan inglanad, óir tar éis an leigis d'oibriugad
10500] co lór innarbaid an nádúir hé. Tuillead, an treas comartha .i. an tart239, an uair nach tic sé ó géiri an leigis ná na leannann, ná ó choimplex an gaile. Ar in adbur sin dá mbia an leigeas gan beith gér nó na leanna dleagur do fholmugad gan beith
10505] teasaidi, ná gan an t-othur do beith tartmur co nádúrda & an tart do theacht a ndiaig na purgóidi as comartha sin gur purgóidid co lór hé.
Et tara éissi so do thuicsin dúin as maith don othur deoch shleamnuigtheach glantach, noch
10510] mínighius in tart, d'ól, & cheandsuigius & innarbus an leigeas. Agus atá uisgi te na heórna mar
Et dá teagmad cu mbeith an leigeas gér cu
10520] mór, & coimplex te co mór do beith ag in easlán, & an aimsir do beith te co mór, ná hibthear fín ar aen-mod an tan sin, acht ibthear mellecratum a n-inad an fhína, nó uisgi siúcra, nó uisgi beirbthi arna chlaechlód lé beacán fína. Bídh a fhis agud
10525] dá folmuigthear an t-othur co dásachtach, & gumad eagail linn an flux tar és na purgóidi, nach dleagur mellicratum, ná uisgi siúcra, ná a cusmaile d'ól ar aen-mod an tan sin, ór lagaid an bhrú. Gid eadh, dleagar súgh sitonia d'ól,
10530]
arna chur a tigi lé huisgi arna bearbad lé hiarann, nó a cusmaile.
Et teagmaid co gnáthach nach folmuiginn an leigeas do-bearar don chorp, ar son an leigis nó an chuirp do beith égruaidh, nó ar son gaethmuireachta
10535] do dísgaíleadh substainti an leigis, nó ar son thshligidh na n-inneadh do beith dúinti.
Ar in adbar sin dá faicim nach oibreócha an
Et mad hí an gaethmuireacht bus cúis ann, nó na hinne da beith sdupáilti, as imchubaid clistere do threórugad an leigis & do dísgaíleadh na {MS P page 486} gaethmuireachta.
Et mad é in leigeas do-bearur nach oibriginn,
10550] & é ag tosgugad chum na mball uachtarach 240, & co ngineann greamanna & cnám craidi, & co togairminn sé gluasacht a cusmailius spasmuis, as intogairmthi an sgeathrach an tan sin. Et dá tuicim co mbia an leigeas a' claenad chum
10555] na mball íchtarach (tuicear sin ó gáirfí & ó chumgach na n-inneadh), déntar clistiri láidire athtairrngtheacha an tan sin. Tuillead .i. ceartaigi deoch uisgi fhuair mailís na leigeas, & fothragad uisgi fhuair, ar son co mbrisinn sé géiri & lasrach
10560] an leigis. Gidh ead, an uair nach folmuiginn an leigeas ní fhuil ní as mó as a ndleagmaid muinighin do beith ná a hoibriugad na clistiri. Agus dá mbia in leigeas gan innarbad ón chorp leó so uile,
Et teagmaid co meinec gu folmuiginn an leigeas lagthach do-bearar nísa mó na mur as éigin, & dleagar sduidér do dénumh an tan sin d'innarbad an leigis ón chorp. Tuillead .i. comfhurtachtaigthear na hinne chum fostóigh; & coisgthear
10575] rith an adbair; & comhfhurtachtuigthear an corp co huilidi, & gu háirighthi an craidi & na boill phrinsipálta; & annsa chás anab éigintach so sdupáiltear & téchtaighthear an t-adbar.
Ar an adbar sin adeirim ar tús, dá fecear
10580] an leigeas do-bearur ag anmhuin annsa chorp, dligid neithe sleamnuidtheacha do thabairt an tan sin innarbus substaint an leigis ón chorp. Agus as ní díbh sin uisgi te eórna, maille ré biamlacht psillium, & a ól mur digh, óir anmhainnigi
10585] an deoch so bríg an leigis lagthaig & innarbaid ón chorp é; & as maith an leigeas so dá feicim co mbía an folmugad imurcach ó neart an leigis.
Tuilleadh, an dara ní adeirim .i. gu ndleagur
10590] bríg fhostaigtheach na n-inneadh do chomfhurtacht annsa chás so, óir dobud éidir a leithéid
Tuillead, an treas ní adeirim .i. gurub indénta sduidér d'impúgh an adbair, verbi gratia .i. dobud éider an t-adbar do rith chum na n-inneadh ó na ballaib uile. Agus as mór as imchubaid fothraigthi & coimilta an tan sin, d'inntúdh an
10605] adbair ó na hinnibh. Agus as imchubaid na neithe diureiticacha co gnáthach an tan sin d'inntód an adbuir, & as maith an sgeathrach mur an cédna.
Tuillead .i. folmuigid an leigeas lagthach nísa
10610] mó na in chóir ag claí bríg nádúrda & beóthuigheach an chuirp, ar an adbar sin as indénta sduidér deithidach do chomfhurtacht na mbríg. Ar an adbar sin tabarthar neithi sdupáilti & neithi thogairmius an collad do thoirmeasc an fholmuigthi. Ar an adbur sin annsan éigintus mhór ní holc
10615] opiata éigin do thabairt do chur an adbair a {MS P page 487} moille & do sdupáil na bríge ainmidhi; gid eadh, as maille ré hinnillius mór as indénta so.
infra 336
Quamuis homines simplisiter sani & a tempori
10620] non indigint uomitu .i. ní reagaid a leas na daíne slána an sgeathrach gu coitchinn, gidh ead, na daíne agá mbí linn ruad nó linn finn ana ngailidibh coimhédtur iat ana sláinti dílis ón sgeathraigh. Agus adeir Galen sa chúigead leabur do
10625] Tharbhadh na mBall , & do chomairligdar na seinn-leaga, an drong tromuidthear ó na biadaib sgeathrach do dénamh uair sa mhí; *& an drong adubairt a dénam uair sa mí, do breathnuigidur a dénamh fá dó sa mí.*241 Ar an adbar sin dá ngnáthuigid
10630] na daíne an sgeathrach do génamh , do réir mur iaruid a ngaile hé, glantur ó na himarcachaibh iad, & calmuigthear a ndíleagad, & athnuaigighthir a cuirp, édrumuigthear an ceann & na cédfada uaithi, & géraighthear an radorc. Et dá mbia
10635] an sgeathrach co hainmeasurda annsan inad ná bud éigin í, do-ní urchóid do na haebh & don ucht & do na súilibh, & brisidh na cuisleanna ó tic an tedhm ré n-abar emotoica.
Agus an sgeathrach as imchubaid a follamnugad
10640] na sláinti ní dlleagar a dénumh & an gaili folamh,
Et gortaigthear na súile gu mór ón sgeathraig; ar an adbur sin, an uair bus áil lé neach sgeathrach do dénamh gu gnáthach, cuiridh sé bréid fhillte
10655] ar a shúilibh & na súile osgailte, & nasguigthear é nó gu coimlíntur an sgeathrach.
Et tar és na sgeathraigi do choimlínad innaltar an aigid lé huisgi róisi, & an bél lé hidromel nó lé siróip aigéidigthi. Et ní hinchaiti biad a cédóir
10660] tar a hés, ach fuirighthear nó gu mbia an tochlugad láidir. Et dá teagmad tart ar fhir na sgeathraigi, ceartaigthear an tart lé siróip sitoniorum. Agus gnáthuigthear feóil gearrcach do chaithim & biada sodíleagtha chalmóchus an gaili & na bríga nádúrda.
Agus bíth a fhis agat gurob sgeathrach urusa nó égruaidh as imchubaid a follamnugad na sláinte, mur adubramur romainn; & fédtur sin do thogairm lé haen-digh d'uisgi the & lé holaid.
infra 338-9
{MS P page 488}
Quia homines sani sepe clisteris uti consueuerunt
10670] & cetera .i. do gnáthuigdur na daíne slána clistiri co minic, & subpositoria mur an cédna; ar in adbur sin as inlaburtha co hathchumair díb, an méid beanus sé ris so. Ar in adbur sin is intuicthi gurub imchubaid an clistiri do na daínibh ana
10675] cruaidinn imurcacha ana n-indib; & tig colica pasio co meinic ón chruadhugad sin. Et is imchubaid iad mur in cédna, don droing ana n-imdaignid gaethmuireacht ana n-indib nó linn finn righin, óir is beac do linn ruad cuirthear
10680] chum a n-indead an tan sin do dúsacht na brígi tochluigthigi; ar in adbar sin reagaid a leas an drong so clistiri bogthach a follamnugad na sláinti a n-aigid chruaduigthi na n-imorcach, & clistire dísgaílteach a n-aigid na gaethmuireachta,
10685] & clistiri gontach a n-aigid uireasbaide gontaigi leanna ruaid, noch do dligfí do chur chum na n-inneadh. Et do-níthear na clistiri glanus na hinne gu meinic, & daingnighius iad, & athtairrngius ó na ballaib a cianaib, & clistire reamruigius
Et as inchomurthaidh cu fuilid neithe as inntuicthi ag tabairt na clistiri . An céd-ní díbh
10695] .i. co ndleagar na clistiri do thabairt d'fholmugad na n-inneadh & do chnaí na gaethmuireachta bís intu & isna ballaib mur an cédna. Ar an adbar sin an drong bís amhuirseach ar colica nó ar tinnius áronn as mór dligid siat clistiri do gnáthugad,
10700] ór folmuigid na clistiri ó na hinnib uachtaracha gan inmeadón, & ó na háirnib & aindsén ó na ballaib uachturacha ar son an choimcheangail atá idir na ballaib uachturacha & na baill íchturacha.
An dara ní dleagmaid do thuicsin .i. gan na clistiri láidire do thabhairt nó gumad díleagtha an t-adbar, & nach dleagur a tabairt ar aon-mod & an biad neim-díleagtha annsa ngaili , óir do tarróngthaí an {MS H page 186a42}243 biadh neim-díleagtha an tan sin
10710] chum na n-inneadh & chum na n-aé.
Tuillead dligmid do thuicsin: an uair do-bearur an clistiri ar son na n-áronn co ndliginn sé loighi ar in druim, & a chontrárda so más ar son na n-inneadh do-bearur é .i. dligi an t-easlán luighi
Agus tuicfear a leabar na leigeas aonda adbur na clistiri {MS H page 186a50} adubramar romainn.
Consequenter dicendum de suppositoriis .i. do
10725] labramur don taoibh thuas dín do na {MS P page 489} clistiribh labrum anois do shupositorium; & gnáthuigid na daíne slána iad. Agus as iat so na supositoria míne neim-géra .i. na supositoria do-níthear do mhil & do shúgh mercurial, & do gallumhnaigh
10730] Fhrangthaigh, nó do lurgain cobhláin, & dá cusmaile. Et atáit supositoria 244 ele as treisi ná sin .i. supositoria do-níthear do mhil & do sgamonia, nó d'eforbium, nó do choloquendida, & dá cosmaile.
infra 340-1
Agus orduigthear an céd-shupositorium adubramur
10735] do lagad na bronn, & an dara supositorium do tharrang an adbair ó na ballaib a cianaibh. Agus as mó as imchubaid an céd-shubpositorium sin a coiméd na sláinti ná in dara subpositorium.
De pesariis autem sciendum quod sic se habent
10740] ad matricem246 .i. as inntuicthi curob amlaid atáid na pissaria chum an maclaic mar bíd na supositoria dochum na n-innead, & gairthear clistiri díbh uile. Agus do-níthir na pissaria gu gnáthach do thogairm na fola místa & do
10745] glanad in maclaic innus go n-ullmuigthear é chum gabála an toirrchis. Et do-gabar adbur na pissarium247 so annsna leabruibh rannaidhi, & is cumain lim co ndubart ní orra so don taíbh thuas dím; ar in adbur sin ligim dóibh ann so.
Et cuirim crích ar in obair sin maille ré molad do Dia, noch ó ngabur grása & foirceadal foirfi.