Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 7

48

An seachtmad caibidil: D'adbaraibh na clistiri

infra 338-9
{MS P page 488} Quia homines sani sepe clisteris uti consueuerunt
10670] & cetera .i. do gnáthuigdur na daíne slána clistiri co minic, & subpositoria mur an cédna; ar in adbur sin as inlaburtha co hathchumair díb, an méid beanus sé ris so. Ar in adbur sin is intuicthi gurub imchubaid an clistiri do na daínibh ana
10675] cruaidinn imurcacha ana n-indib; & tig colica pasio co meinic ón chruadhugad sin. Et is imchubaid iad mur in cédna, don droing ana n-imdaignid gaethmuireacht ana n-indib nó linn finn righin, óir is beac do linn ruad cuirthear
10680] chum a n-indead an tan sin do dúsacht na brígi tochluigthigi; ar in adbar sin reagaid a leas an drong so clistiri bogthach a follamnugad na sláinti a n-aigid chruaduigthi na n-imorcach, & clistire dísgaílteach a n-aigid na gaethmuireachta,
10685] & clistiri gontach a n-aigid uireasbaide gontaigi leanna ruaid, noch do dligfí do chur chum na n-inneadh. Et do-níthear na clistiri glanus na hinne gu meinic, & daingnighius iad, & athtairrngius ó na ballaib a cianaib, & clistire reamruigius


p.159

infra 339

10690] na hinne; gid eadh, ní gnáthuigmaid so a follamnugad na sláinti, ar an adbar sin ní dingnam mensión díbh annsa chaibidil so.

Et as inchomurthaidh cu fuilid neithe as inntuicthi ag tabairt na clistiri . An céd-ní díbh
10695] .i. co ndleagar na clistiri do thabairt d'fholmugad na n-inneadh & do chnaí na gaethmuireachta bís intu & isna ballaib mur an cédna. Ar an adbar sin an drong bís amhuirseach ar colica nó ar tinnius áronn as mór dligid siat clistiri do gnáthugad,
10700] ór folmuigid na clistiri ó na hinnib uachtaracha gan inmeadón, & ó na háirnib & aindsén ó na ballaib uachturacha ar son an choimcheangail atá idir na ballaib uachturacha & na baill íchturacha.


10705]

An dara ní dleagmaid do thuicsin .i. gan na clistiri láidire do thabhairt nó gumad díleagtha an t-adbar, & nach dleagur a tabairt ar aon-mod & an biad neim-díleagtha annsa ngaili , óir do tarróngthaí an {MS H page 186a42}49 biadh neim-díleagtha an tan sin
10710] chum na n-inneadh & chum na n-aé.

Tuillead dligmid do thuicsin: an uair do-bearur an clistiri ar son na n-áronn co ndliginn sé loighi ar in druim, & a chontrárda so más ar son na n-inneadh do-bearur é .i. dligi an t-easlán luighi


p.160

infra 340

10715] ar a glúinibh & a bél do chonnmáil osgailti. Agus tar éis an chlistiri do gabáil coimeiltear an brú, & inntaighthear ar an inad tinn & fuilngeadh é uair, nó dá uair, nó an feadh bus éidir leis. Et mad eagail lé neach ná cuinneóchad sé an clistiri,
10720] dleagur coirci te do chur gacha taebha dé, nó millium arna théghadh.

Agus tuicfear a leabar na leigeas aonda adbur na clistiri {MS H page 186a50} adubramar romainn.