Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 6

An seisead caibidil: Don sgeathraigh

infra 336
Quamuis homines simplisiter sani & a tempori
10620] non indigint uomitu .i. ní reagaid a leas na daíne slána an sgeathrach gu coitchinn, gidh ead, na daíne agá mbí linn ruad nó linn finn ana ngailidibh coimhédtur iat ana sláinti dílis ón sgeathraigh. Agus adeir Galen sa chúigead leabur do
10625] Tharbhadh na mBall , & do chomairligdar na seinn-leaga, an drong tromuidthear ó na biadaib sgeathrach do dénamh uair sa mhí; *& an drong adubairt a dénam uair sa mí, do breathnuigidur a dénamh fá dó sa mí.*47 Ar an adbar sin dá ngnáthuigid
10630] na daíne an sgeathrach do génamh , do réir mur iaruid a ngaile hé, glantur ó na himarcachaibh iad, & calmuigthear a ndíleagad, & athnuaigighthir a cuirp, édrumuigthear an ceann & na cédfada uaithi, & géraighthear an radorc. Et dá mbia
10635] an sgeathrach co hainmeasurda annsan inad ná bud éigin í, do-ní urchóid do na haebh & don ucht & do na súilibh, & brisidh na cuisleanna ó tic an tedhm ré n-abar emotoica.

Agus an sgeathrach as imchubaid a follamnugad
10640] na sláinti ní dlleagar a dénumh & an gaili folamh,


p.157

infra 336-7
óir as saethrach an sgeathrach sin; ar an adbar sin déntar hí tar és bídh, & gu mór biadha éxamla ana mbia gné aduathmuireachta & géiri. Et seachain gan an sgeathrach do dénamh gu meinic,
10645] ar eagla an ghaili do thruailliugad & a bríge do sgris. Et an drong gá mbíd muiníl fhada, & ochtanna cumga gan fheóil, & guaille arda a cosmailius sgiathán, & luirgne cama, ná gnáthuigid an drong so sgeathrach ar aen-mod do choiméd a
10650] sláinti, óir treóruigi an sgeathrach chum easláinte sgamán iad.

Et gortaigthear na súile gu mór ón sgeathraig; ar an adbur sin, an uair bus áil lé neach sgeathrach do dénamh gu gnáthach, cuiridh sé bréid fhillte
10655] ar a shúilibh & na súile osgailte, & nasguigthear é nó gu coimlíntur an sgeathrach.

Et tar és na sgeathraigi do choimlínad innaltar an aigid lé huisgi róisi, & an bél lé hidromel nó lé siróip aigéidigthi. Et ní hinchaiti biad a cédóir
10660] tar a hés, ach fuirighthear nó gu mbia an tochlugad láidir. Et dá teagmad tart ar fhir na sgeathraigi, ceartaigthear an tart lé siróip sitoniorum. Agus gnáthuigthear feóil gearrcach do chaithim & biada sodíleagtha chalmóchus an gaili & na bríga nádúrda.


10665]

Agus bíth a fhis agat gurob sgeathrach urusa nó égruaidh as imchubaid a follamnugad na sláinte, mur adubramur romainn; & fédtur sin do thogairm lé haen-digh d'uisgi the & lé holaid.


p.158