Quoniam flebothomia uentosa & cetera .i. connaimthear in chuisli & in fhásadarc & in leigeas lagthach & sangis sugi & in ponc fá regimen na
9385] sláinti co gnáthach, ar an adbar sin laibheóramaid díbh in méid beanaid siad ré regimen na sláinti, innus nach leigfidh in obuir so aen-ní tairsi díbh; gid eadh, in méid beanus sé ré leigeas na heasláinte do-gébhthar a n-inadh ele é.
Agus tinnsgnam ar tús don chuisleinn. Agus bíth a fhis agad in corp bís slán co haenda nach
An dara ní dligmid do thuicsin .i. cé hiat na cuirp thuitmeacha noch rig a leas cuisle co mór. Más eadh, adeirem corob iat lucht coimplexa fola deirgi as mó rig a leas an chuisle (in méid beanus sé risin coimplex), & cuirp coimplexa
9435] leanna duib as luga, & cuirp coimplexa leanna finn & leanna ruaid a mod inmeogánach (gid eadh, is mó reagad a leas lucht leanna ruaid ré ná lucht leanna finn).
Tuillead, as iat so as mo rig a leas ré cuislinn
9440] .i. in drong aga mbíd cuisleanna fairsinga & aibíc fheólmar & dath edir deirgi & duibhe & mórán finnfaid & musgaile maithi láidire. Tuillead, as inntuicithe an aeis & an bríg & an gnáthugad an tan sin, óir na cuirp atá tuitmeach ana coimplex
Tuillead, an drong gá mbia leanna omha rigne
9480] neim-díleagtha cumuisgi ré fuil deirg ní dleagar cuisle da leigin dóibh nó gu séimigthear an fhuil. Tuillead, ní dleagar cuisle do leigin ar aen-mod tar és fhothraigthe, nó choimriachtuna, nó shaethair móir. Tuillead, as insheachanta an
9485] chuisle tar és na n-easláintidh rigin nó co calmuigthear na cuirp, acht muna coiméignigi égintus speitsialta í, mar adubramur romainn a follamnugad na droingi bís ag érghe a heasláintibh. Tuillead, na daíne do-ní conuersáidh andsna gnímarthaibh
9490] saethracha noch dísgaílius mórán ó na corpaib is luga dligit siat cuisle do leigin ná dligit na daíne ele. Ar an adbar sin na daíne gnáthuigius fothraigthi & sdufaí as beag reagaid a leas ré cuislinn, acht muna teagma cúis ro-mór dóibh.
An t-earrach, immorra, as mór as imchubaid chum na cuislinn é ar son a measurdachta, óir cosmailtear hé ré galur ó línadh, óir gnáthuigi sin teacht andsan earrach & ní fhadhuim aen-ní
Tuillead, bíth a fhis agat nach inosgailti an
9510] chuisle a n-aér na pláigi, ná andsan aér cheómar ná buaidirtha, ná a n-aimsir na gaeithi andeas, ar eagla co rachad an t-aér annsa chuislinn & co cuiseóchad sé fuil 27 phláigeamail tsalach, & as mar sin do beith an seachrán déiginach ní as
9515] mó ná in céid-sheachrán. Más ead, togthur lá glan solus & in gaeth a' glanad an aéir , mur
atá, an gaeth atuaigh gan beith ag séideadh go láider. Tuillead, togthar in uair bus measurda don lá do legin na cuislinni .i. an treas uair do ló
9520] annsan aimsir the & meadhón an láe annsan aimsir fhuair. Tuillead, adearaid drong éigin dá mbia an fhuil coilearda leagur in chuisle an uair gluaisis linn ruad .i. ón treas uair do ló go roith an cúigeadh uair. Agus dá mbia in fhuil fleadmaduil
Tuillead, as intuicthi aéis an ésga, & in comurtha
9530] a mbia, ag legin na cuislinne. Ar an adbar sin is annsa chéd-cheathramain don ré dleagur cuisle do leigin do na dáinibh óga & ro-óga, & is annsa chadrans sin co follus do-chíd na maigdina fuil mhís ar dús. Agus annsa chadrans déghinach
9535] don ré dleagur an chuisle do leigin do na daínibh arrsaidhi, & andsna haimsearaibh inmeadhónacha do na daínibh inmeadónacha. Tuillead, adearaid drong éigin gurob annsa chéd-chadrans dleagur cuisle do leigin don droing agá mbí coimplex
9540] teasaidi fliuchaidi, mur atáit, lucht fhola deirgi, andsa dara cadrans do lucht leanna ruaid, & andsa treas cadrans do lucht leanna finn, & andsa cheathramad cadrans do lucht leanna duib; óir atá in céd-chadrans don ré teasaidi fliuchaidi, &
9545] an dara cadrans teasaidi tirim, & an treas cadrans fuar tirim, & an ceathramad cadrans fuar fliuch.
Tuillead, as indtuicthi inadh an ré. Óir dá mbia in ré a comartha ana mbía fédadh chum boill éigin ná leagur cuisle an tan sin. Sompla 9550"> ann sin .i. an uair beas an t-ésga a nGemen, ní dleagar cuisle do leigin do na lámhaibh. Et mar
Tuillead, ní dleagar cuisle do leigin an uair beas an ré ag teacht tar ais, & co háirithi a pongc an
9575] ésga. Et mar an cédna an uair bís an ré lán ní dleagar cuisle do leigin, & co háirigthi an uair bís sí a comurtha neam-amhuntúrach, mur atá,
Tuillead, tuicthear tarbha & urchóid na cuislinni; {MS P page 474} & co háirigthi dá leagar annsan inad anab éigin í, & an uair anab éigin, do-ní sí tarba ro-mór & is inchoiméda hí a coiméd na sláinte; et in uair leagar í mar as éigin coimhédaid sí an corp ó
9585] neascóidibh fola deirgi, noch theagmus co fuirimeallach & co hinmeadónach, & ó sgabiés & ó thochus & ó shinoca & ó pharilis & ó apoplexia & ó bolgaid & ó bruithínidh & ó shilead fola & ó phláigh & ó bás obann & ó squinancia & ó lubra; & gu
9590] huilidi saeraid leigin na cuislinni co measurda neach ó gach uile easláinti theagmus ó linad fola deirgi, nó óna truailliugad, nó óna teas imurcach; ar an adbar sin ní hinmainneachtnuigthi an chuisle. Agus as mar in cédna, theagmuid urchóidi
9595] imdha ó leigin na cuislinni an uair nach leagar í mar as cóir. Óir, an uair leagar 31 í mar nach cóir, teagmuid andsin co meinec idrópis, & luathaigi an arsaideacht dá ngnáthuigthir í, & sgrisaid an tochlugad, & anmhuinnigid an gaile & na háe, &
9600] cúisigi crith & pairilis & apoplexia fá deóigh; & dá ngnáthuigthir í, anmhuinnighi fuirimeall na mbríg nádúrda & na mbríg ainmide.
Tuillead, as intuicthe cé na cúise generálda
- Distrahit, euacuat, preseruat alleuiatque,
attrahit et alterat inscisio , si bene fiat
Ar an adbar sin adeirim corob í céid-inntind ar son a leagar an chuisle .i. d'fholmugad imarcach
9615] na leannann; ar an adbar sin an uair bhus follus dúin comarthaí repletióin na cuisleann mór nach éidir d'fholmugad lé purgóid, leagar an chuisle a méid móir an tan sin, dá comaentaighid na neithe rannaidi adubramur don taíbh thuas dín; &
9620] leagar an tan sin an chuisle do na cuisleannaibh móra agá mbín respectum chum an chuirp co huilidi, nó agá mbín respectum chum an raind don chorp as mó ana mbí an línad. Agus is do réir na hinntenne so leagar an chuisli don droing
9625] atá ullam chum tuitme a sinoca nó a sinocus nó a n-easláintibh bus cosmail rú tic ó línad. Et gé dearar co folmuigenn gach aen-chuisli, as í an chuisle fholmuigius an tan sin as mó fholmuigius
Tuillead, leagar an chuisle go gnáthach do laighdiugad & d'édromugad an leanna pheacaighius,
9635] indus gomad cumachtach an nádúir do díleagad a fhuidheill; & ar an adbar sin legamaid cuisle isna fiabrasaibh morguigthe, gingub éigintach í; gid eadh, calmuige in nádúir do díleagad an fhuigill; et dearbhthar so do réir Galen andsa
9640] chéid-leabar De Ingenio Sanitatis annsa naemad caibidil. Ar in adbur sin ní a sinoca amáin as éigin an chuisle do leigin, acht an gach uile fiabrus morguigthi (acht muna toirmisgid ní contrárda éigin í, mar atá, an bríg & an aís & a cosmuile).
9645] Óir édromaigthear nádúir fhollamnuigthi na mball uaithe & tighernuigidh co hurusa ar fuidill an adbair, ag díleagad na coda as indíleagtha de & ag folmugad na coda is infholmuigthi.
Tuillead, leagur an chuisle do chlaechlód &
9650] d'innfhuaradh, & annsa chás so amáin fétar an chuisle do leigen & gan an peacugad do leith na cainndigeachta acht do leith na cailiechta amáin, óir, an uair bís an fhuil te co mór annsna cuisleannaibh & cumgach uirre, geintear deathaigi
9655] teasaidhi an tan sin; & dá leagar in chuisle an {MS P page 475} tan sin folmuigthear an fhuil te & innarbthur na
Tuillead, leagar an chuisle do tharraing na fola chum boill éigin: verbi gratia .i. leagar an chuisle do shofena na cos d'athtarrang na fola
9665] chum an macclaic. Tuillead, leagar an chuisle d'inntógh na fola: verbi gratia .i. dá mbia flux fola na sróna ar neach, nó seile fola, leagar in chuisle do na cuisleannaibh íchturacha, mar atá, soféna & basilica d'inntógh na fola chum a contrárda.
9670] Et is inntuicthi go deithideach annsa chás so, gach dírgha beas an t-inad ana ndingantur an t-inntógh ón inad a ndéntur an t-indtógh, gurob í an méide sin as foirbthi & is ealadnaige hé; ar an adbar sin, gebé ara mbía flux fola na
9675] sróna, go n-inntaighthear co foirbthe hé lé soféna do leigen dó nó lé siatica, óir as fearr sin ná a leigen do na cuisleannuibh uachtoracha ar son corob ealadnach hé. Gidh ead, dá mbia an flux ón tsróin, tindsgaintear an t-inntugad ó na cuisleannuibh
9680] uachtoracha & críchnuidthear leis 32 na cuisleannaibh íchturacha.
Tuillead, as intuicthi a timchill na cuisleann
Et as fírinneach gurub í cephalica as mó fhégus
Agus teagmuidh inntinni ele fá cheann na
9730] cúise so. An chéid-inntind díb .i. go ndleagar cuisle do leigin annsan aimsir fhuair .i. a n-aimsir an geimridh annsa taebh chlé, & annsa taebh deas a n-aimsir an tshamraid. Tuillead, mad áil lind in t-atarrang do dénam ón taebh deas, leagur an
9735] chuisle annsa taebh chlé; & econtra: verbi gratia,
Tuillead, bíth a fhis agad gurob deithidigh dleagur mediana do leigin & corob mó an guasacht teagmus co meinec óna leigin ná ó leigin na cuisleann
9745] ele, ar son gurob mó anmhainnighius leigin na cuislinni so ná leigin na cuislinn eile. Ar an adbar sin gebé agá mbia craidi anmhann, nó craidi ullam chum creatha craidi, nó chum singopise, ná leagar cuisle do mediana ar aen-mod
9750] an tan sin; gidh eadh, mad éigin é, leagar do {MS P page 476} basilica nó do cheaphalica hí. Et mur an cédna, dá mbia easláinti aé nó shelgi nó gaile air neach as cunntabartach basilica do leigin dó; & mad éigin an chuisle do leigin, leagar mediana ana
9755] hinad, & tuicthear an mod so do cephalica.
Agus fuarusa riagail fá osgailt na cuislind .i. curob í an chuisle as folluise & as reimhe do na trí cuisleannaibh so as innille do leigin, óir tuicthear as sin na baill dá serbísid na cuisleanna so noch
9760] atá ris, co fuilid siad lán d'fhuil & go fuilid te láidir. Et bíth a fhis agad an uair nach fuidher cephalica go fédtar cephalica atá a mbun na hordóige
Agus an uair lecfír na cuisleanna atá andsa láimh curthar an lámh a n-uisgi the, innus go
9770] mbeith an chuisle atá chum a hosgalta follus, & comad usaide leisin fhuil sileadh, & comad lugaidi do goirteóchaidi lámh na cuislinni.
Agus as leór lim sin do na cuisleannaibh sin. Et na cuisleanna eile, immorra, atá annsa muinél &
9775] annsa cheann & annsna hinadaibh eli nach gnáthuigthear do leigen a coiméd na sláinti ligfid torum iad.
Tuillead, as inntuicthi a legin na cuislenne na neithe as indénta roimpe & na diaigh. Roimh an
9780] cuisleinn, immorra, as maith méid éigin shaethuir do ghénam do gluasacht na fola & dá humhlugad chum a folmuighthi. Tuillead, as intégthi & as inchoimilta an ball dá leagar an chuisle, agá innladh lé huisgi te, innus comad ferrde do
9785] hoisgeóltaighi hí, & do médugad fhluxa na fola chum inaid na cuislinni.
Et as intoghtha an cuisleóir mur so .i. a beith óg ullam deadh-radairc, & gan a beith crithánach measgamail, & a beith innraic deadh-maiseach, &
Tuillead, atá drong dá ndleagor fothragad do dénamh laíthe roim an cuislind, & is iat so an
9800] drong sin .i. na daíne agá mbí fuil reamur do-gluaisti & cuisleanna foluigtheacha; óir sémighthear & bogthar an fhuil ón fhothragad & reamruighthear na cuisleanna. Tuillead, folmuigthear na himarcracha bís a ngoire don chroicind &
9805] dísgaíltear ón fhothragad; et as mar sin an uair leagar an chuisle do na cuisleannaibh móra ní tairrengthear na himarcracha bís fán croicenn chum na cuisleann mór, acht anaid annsin, muna folmuigthear lé fothragad iad; gidh eadh, dá
9810] mbía ní neam-glan annsna sruthánaibh ro-beaca dá folmuidthear ón tobur mór fétar gach ní neam-glan atá annsna sruthánaibh beaca do tharrang chum an tobair móir, óir folmuige leigin na cuislinni ó gach uili chuislinn ar son an
9815] chomaentaighi & an chomthimairgthi atá aturra. Gid eadh, dá mbia an corp lán, ná déntar fothragad
Tuillead, indarbthur na himarcracha roim an cuislinn, mur atá, an t-inglanad & an fual, ór
9825] tairringthear a ndeathaigi chum na cuisleann & sailíthear an fhuil uada sin; óir an uair bíd na cuisleanna folam ó fholmugad na fola do-níd attarrang ón ghaile & ó na hinnibh trít na cuisleannaibh ré n-abar misirasi vene, ó na haebh
9830] tré chuisleannaibh ele.
Agus bíth a fhis agat ana diaigh sin na neithe as intuicthi a leigin na cuislinni, mar atá, cainndigeacht an fholmuigthi. Ór dá mbia an línad mór & an bríg láider & na neithe rannaidi ele a'
9835] comaentugad, mar atá, an aeis & an coimplex & an gnáthugad & an aimser & aibíc an chuirp, fétur mórán don fhuil do tharrang a n-aenfheacht an tan sin; & a chontrárda so dá mbia an bríg anmhann & neam-aentugadh na neithedh rannaidi
9840] ele. Gid eadh, fédaidh an línadh beith mór an tan sin, más ead, leagar an chuisli a méid bic & co meinec an tan sin. Tuillead, dá mbia an t-éigintus mór ann leagar an chuisle a méid móir, & ní do
Tuillead, teagmuid ní ele fá ligen na cuislenne go gnáthach, mar atá, a hosgailt & gan sileadh do dénam di, & teagmaid sin ó mórán do chúisibh. An chéd-chúis díbh .i. imad na fola arna cur ara céile, & iadhaidh sí an crécht óna himad, & ní
9860] shilinn, nó silid 'na braenaibh, & is comartha air sin, óir silid sí ana braenaibh méid éigin, & dá mbuailtear an chuisli an tan sin & an crécht d'ongad lé holuid silidh a cédóir snáithi mór uaithe; & as maith annsa chás sin na slinnéin do choimelt.
An dara cúis toirmiscius a sileadh .i. remhe na fola. Agus ní héider lé sileadh ar aen-mod an tan sin; más ead, as éigin an fhuil do shéimiugad an tan sin lé biadaibh & lé leigeasuibh sheimighius í, noch atá aithnid dúin .i. dul a fothragad roim
9870] an cuislinn, dá mbia in corp gan beith línta.
An treas cúis .i. easbaid na fola. Agus tuicthear
An ceathramad cúis eagla, nó merbthen, nó
9875] nár gnáthuig sé cuisli do legen dó. Agus is imchubaid an tan sin greim aráin da thuma a fín deag-balaid & a chatham , & uisgi róis do chrothad ar a adaidh, & briathra comfhurtachtuigthi do rád res. Tuillead, fédaidh so teacht ó laighid
9880] an chréchta; más ead, fairsingthear an cnead, ór as meinec imighis an fhuil shém & anus an fhuil reamur an tan sin.
Tuillead, an uair beas an fhuil a' sileadh as inglaca í, & dá fághar fuar í as inchoisgi hí. Mar
9885] an cédna dá fagar ro-the ro-shéimh í, dleagar a cosg, ór dobud baegal singcopis do theacht ó gach cúis díb sin.
Tuillead, curthar braen don fhuil ar th'ingen & dá silead sí & gan anmain 'na comnuidhi ar
9890] aen-mod ar inngen as comartha sin ara beith uisgeamail go mór & as inchoisgi hí; & muna sileadh sí ar aon-mod ar in ingin as ro-reamur í, & as beac dleagar d'fholmugad dí an tan sin nó co sémighthear í lé biadaibh & lé leigeasaibh
9895] séimhigtheacha; & dá mbia sí co hinmeadónach ana substaint, & an fual do beith dearg, & in puls do beith tiug lán, as inlicthi an chuisle a méid móir an tan sin. Et mar an cédna curthar braen
Tuillead, an uair leagar an chuisle as maith mér do chur ar in cneid tar és beagáin do shilead dí,
9905] óir do-ní so dá tharbhadh. An céd-tarba díb,inntaigthear an bríg chum inaid lecthi na cuislinne & toirmiscid a dísgaílead & a hanmainniugad ar son an fholmuigthi obainn & dísgaílti na spirad. An dara tarba .i. coisgthear in fhuil nó go tarrangthar
9910] an droch-fhuil atá a fad ó inad na cuislinne chum na cuislinni; ar an adbar sin dá mbia neascóid annsa chorp, & an chuisle do leigin dá hindtugad, as ro-maith mér do chur ara bél an tan sin.
Tuillead, as inchomurthaigh na neithe as cóir da dénamh tar és na cuisleann . Ar an adbar sin as intuici cad is indénta tar és na cuislinni .i. ní hindénta codlad ná sibal ná comnuidhi a n-inadh sholus 34; & curthar chum cumsanaidh
9920] an tan sin é a leabaid dorcha, & connmadh a thshúile osgailte ar eagla go ndísgaílfidhi na spiraid; & tabarthar greim d'arán róstuigthi dó arna thuma a fín dead-balaid maith. Gid eadh,
Agus na dénadh saethar ar aen-mod, acht dénadh comnuidi astigh a ngairdeachus maille
9935] réna compánachaibh. Agus ná déntar fothragad an lá cédna ná coimriachtain ná codlad, óir cúisigi an codlad luath tar és na cuislenni cumgach na mball, & cúisighi sin gluasacht na n-imarcrach co {MS P page 478} hinmeadón chum baill éigin uasail. Tuillead,
9940] tarrangthar in fhuil & an teas & na spiraid andsa chodlad, & fétar fiuchad do chúisiugad andsna leannaibh ar son gluasachta na leannann & ar son an athtarruing do-níthear a n-aimsir an chodulta, & cúisighthear fiabrus co meinec uada sin.
9945] Tuillead, gluaistear baill an duine co hanordaigthi annsa chodlad, óir an uair inntaigius duine fá cuairt do fhédfad sin beith 'na chúis d'osgailt na cuislinne. Más ead, as follus nach indénta codlad tar és na cuislinni, & co háirithi roim an
9950] mbiad; gid ead, fédtar codlad tar és an bídh a
Et bíth a fhis agud co tic singopis co meinec a
9955] n-aimser na cuislinni nó tar a hés, & co háirigthi chum na droingi gá mbí linn ruad ana ngailidibh & bríg beóthach anmann. Ar an adbar sin as maith na baill fhuirimeallacha do choimelt co láidir an uair tic an tshingopis, & uisgi róis & 9060"> fín deadh-balaid do chrathad ar a adaigh, & a gairm ana ainm fén, & a bél d'osgailt lé maide & eanbruithi circi do thobairt dá ól dó maille ré fín; & fétur diamargariton & pliris do thabairt maille ré must nó lé siúcra rosarum dó.
Agus is lór na neithi so fá cheann na neitheadh as indénta roimh an cuislind & 'na diaigh & innte.
Labrum ana diaigh sin d'fhéchain na fola. Agus bíth a fhis agad gorob infhéchsana an fhuil tar és a téchtaigthi, & a cur a mórán do miasaib
9970] beaca, innus comad ferdi d'athónadh an liaigh éxamlacht na fola é. Agus tuicthear annsin cé as fearr, an chéd-fhuil ná in dara fuil, & an dara fuil ná in treas fuil, & mur sin nó co roith crích a lice . Agus dá mbia sí a chontrárda so .i.
9975] comad fearr an chéd-fhuil ná an dara fuil, ní bud maith sin, óir is comartha éigintuis & ar in leigeas lagthach é. An chuisli, immorra, leagor
An dara ní dligmid do thuicsin ar leigin na cuislinni .i. co fuilid cúig shubstainti. indti .i. linn dub, & linn finn, fuil dearg glan, & linn ruad,
9990] & uisgeamlacht an fhuail.
Linn dub, immorra, as é as deasgaid d'fhuil deirg, & bíth a ndath dubh, & bíth a n-íchtar na méisi ar son gurob talmaide trom é; ar an adbur sin ní cóir droich-breath do beith air dá mbia
9995] an duibhe a n-iachtur, óir as comartha nádúrda é acht muna inntaige sé chum uachtair na fola; & an uair bus follus an salchur sin a cainndigeacht móir ní deadh-comartha é et fédmaid a breathnugad co fuil an neach sin dobrónach, sanntach,
10000] formadach, eaglach, meirtnech, arna inordugad chum easláinti leanna duib; & dligid an neach so purgóid leanna duib do gnáthugad & neithe imduigius fuil maith.
Linn finn, immorra, bíth sé geal, bíamail , & blas insipitum air, & as cosmail ré gealán uibhi é.
infra 307-8
Agus as é beantur a fuil deirg tar és leanna duib, & dligidh beith a cainndigheacht as mó ná caindigeacht leanna duib. Et dá mbia cainndiacht an leanna so mór, fédmaid a breathnugad co fuil an
10010] duine sin fleghmaticach go nádúrda nó go haicídeach, & co mbín sé codultach, neim-gér, anmhann, méth, maille ré mórán seleagair.
Ana diaidh sin fuil dearg glan. Agus dligidh beith a ndath phurpurach nó ruad nó fo-ruad,
10015] & dligid an linn so beith a cainndigeacht móir. Agus dá mbé sé mur so, fédmaid a breathnugad co fuil sé 'na fhir fola deirgi, & a beith saer, cairdeamail, subáltach, gáireachtach, & dath dearg air, & a beith beógha, beannachtnach .
Ana diaigh sin linn ruad. Agus is é as cubur {MS P page 479} do fhuil deirg, & bíth a ndath chrócdha ag claenadh chum soillseachta nó chum deirgi drithlinnaige . Et dligid sé beith a cainndigheacht as lugha ná cainndieacht fola deirgi & leanna finn, & nísa mó
10025] ná cainndigeacht leanna duib. Gid eadh, dá mbía a chainndiecht nísa mó ná mar as éigin, fédmaid an duine sin do breathnugad coilearda, & a beith fallaxach , feargach do réir chonsiquens, & a beith beódha, cian-radurcach, ullamh chum
10030] gach gnímha, & a beith neam-chodultach, cael.
Et as mar sin as follus as na ráitib adubramar
Tuillead, dligmid an tsubstaint uisgeamail do
10045] thuicsin noch thshnáigius ar in fhuil d'és a téchtaidthi, mur do-ní an meadhg ar an mbainne ar téchtadh. Et an méd dealuigthear an uisgeamlacht so an fhuail ón fhuil as í an mhéide sin foillsigthear an bearbhad do beith measurdha
10050] an díleagad do beith maith. Agus dligid an uisgeamlacht so beith a coimhedeacht na fola do shéimiugad a substainti, innus comad usaide lé gluasacht tríd na cuisleannaibh beaca & móra. Ar an adbar sin ní maith an fhuil do beith arna
10055] díghbugad co huilidi ón uisgeamlacht sin an fhuail, óir signigid easbaid na huisgeamlachta sin tirma & remhi na fola & uireasbaid na dighi cumaisgi. Et do gnáthuig uireasbaid na huisgeamlachta
Tuillead, mad áil leinn a thuicsin an reamur
10075] nó an séimh an fhuil ana substaint, fédmaid a thuicsin mar so .i. a gearradh lé sgin crainn tar és a téchtaidthi, & dá seasmhuigi sí risin ngearrad breathnuigthear a beith reamur rigin; & dá ligi tríthi co hurusa í signigid sémhe & neim-díleagad
10080] na fola; & da mbía sí tiugh, mar adubramur tuicthear co fuil ullam chum apoplexia.
Tuillead, as inntuici a timchill datha na fola .i. mad follus éxamlacht datha annsa fuil do réir éxamlacht an tshuigigthe, mar as follus a muinél
10085]
an chulúir, tuicthear as sin éxamlacht na ndroch-leannann
Tuillead, dligmid fuil dearg do thuicsin do leith a blasa, má tá neach lénab toil a tuicsin .i. má tá blas insipitus uirre, foillsigid tigearnus leanna finn do beith uirre; & má tá searbh,
10110] foillsigid tigearnus leanna ruaid; & má tá poinntica nó aigéidigthi, foillsigid tigearnus leanna duib nó leanna finn aigéidigthi.
infra 313
Tuillead, as intuici baladh na fola, óir dá mbía sí {MS P page 480} toltanach deag-balaidh as maith an comartha, &
10115] dá mbia do-balaid signigid morgad do beith isna leannaibh.
Tuillead, dligmid do thuicsin an luath nó an mall téchtus an fhuil. Masa luath téchtus sí, signigid remhe na fola, & masa mall 35 signidh a
10120] beith séim, neim-díleagtha, & dá mbia sí a mod inmeadónach signigid substaint inmeadónach do beith aici.
Agus as leór linn so do na neithibh do-gabar a timchill na cuisleann an méid beanus sé ré
10125] follamnugad na sláinti.