Consuetudo est res fortis ualde .i. is raed ro-láider in gnáthugad, & in duine thoscuigius ón gnáthugad do-ní urchóid mór dó; ar in adbar sin dá ngnáthuige neach saethar mór da dhénam, &
Agus dá dearbad corob ní láidir an gnáthugad, mur as follus a bréithir Ipocráid a Regimen Acutorum
9330] in uair adeir sé: mala dieta cibi & potús que secundum simile fit securior est omni tempore quam ea que melior si in ea subita mutacio fiat
infra 277
9345]
Et tuicthear a chusmailius so, & na neithe so adearur agá furtacht: .i. gach uile ní gnáthuigthear ré haimsir fada, dá mbia sé maith nó olc, is inchoiméda é a n-aimsir na sláinti & na heasláinte; & is é so is résún dó sin .i. seasmuighi
9350] in gnáthugad a n-inad na nádúire, & is inchoimhéda inadh na nádúire, más ead, is inchoiméda in gnáthugad.
Et mad áil linn an gnáthugad do chlaechlód is éigin sin do dénum tar éis a chéile co neam-obunn,
9355] óir do-ní an claechlód obunn urchóid do réir inntinde Ipocráit, gu háirithi ag labairt don gnáthugad. Agus mad áil lé neach in gnáthugad do chlaechlód, gnáthuigeadh sé biadha measurda inmolta agá claechlód tar éis a chéile, a' gnáthugad
9360] biad reamur & biad séim uair ele. Gid eadh, gnáthuigthear na biada measurda nísa mó in tan sin & na biada eile ní as luga mar so .i. dá ngnáthuigi neach droch-biadh, do chlaechlód an gnáthuigthi sin caithead biadha maithe a méid
9365] bic & in droch-biad a méid móir, & tabarthar arna márach nísa mó don biadh maith, & mar sin tar éis a chéile nó gu treóruigthear chum bíd measorda é.
Agus gebé cheanglus é féin do choiméd an
9370] gnáthuigthi, mad éigin an gnáthugad sin do sheachna, tigid urchóidi móra uada. Más ead, as maith & is imchubaid in corp d'ullmugad chum