Quoniam homines sani a sumpcione ueneni {MS P page 467} magnum possunt incurrere nocumentum .i. féduid
mórán d'urchóidib teagmáil do na daínib slána ó chaithim na neimi, más ead, is maith innillius & sduidér do dénum air so, innus co fédadais na
9025] daíne a coiméd co maith ó chaithim na neimi.
Et bíth a fhis agad nach inann fhédmaid ní do rád a timcheall dathann na corp cumuscda cóirigthear ó na ceathra dúilib, & a timcheall a mblasa & a mbalaid. Óir as inann oibriugad atá
9030] ag dath na neithead cumuscda a n-aithfhégad na n-ainmintid & a n-aithfhégad an duine; óir mur dísgaílius gile na heala radurc an duine agus chalmuigius duibi an fhiaich a radurc, is mur sin do-nít siat na hoibrigthi sin ar gach uile
9035] ainmidhi gá fuil radurc. Et ní mur sin don blas ná don balad. Óir atá blas & balad toltanach do gné éigin do na hainmintib nach fuil don duine,
Ar an adbur sin gibé lérab áil gnéithe na neimi fhétur do chaithim do sheachna, ná hithid sé aen-ní ara mbí blas & balad aduathmur, & co háirithi acht muna bia an biad aithnid dóib do
9045] réir dearbtha. Más ead, dá mbia cunntabairt air neach an mbia in neim cumuscda risin mbiad, roim gach uile ní innailtear an bél lé huisgi mbog roglan, & tuicthear as sin blas an bíd co maith; & an uair cogaintear an biad connaimthear
9050] co fada annsa bél é innus co comurthóchur a blas & a balad, óir, dá mbia neim annsa biad do-déna urchóid don chorp, tuicfir gan cunntabairt í ó blas nó ó balad an bíd do beith aduathmur.
Tuillead, bíth a fhis agad gurab mó bís an
9055] meallad so co foluigtheach annsna biaduib romillsi ná annsna biaduib aigéidigthi, & co coitchinn gach uile biad rannchuidighius ré blas maith co mór ná annsna biaduib eile. Ar an adbur sin na daíne bís amuirseach ar neim dligid siat na biada
9060] comshuigigthi éxamla do sheachna, & co háirithi an uair beid siat éxamail co hard do réir datha & balaid. Et ní hurusa an meallad so do beith a n-eanbruithi na feóla aenda, ná annsa feóil aenda féin, ná annsan arán aenda. Et gibé ara mbí
Tuillead, bíth a fhis agat co fhuilid neithe éigin nach fuilnginn neim do beith ana fiadnuise gan a ndath do chlaechlód a cédóir, mur adearar co coitchinn ré hadairc na hathrach neime ré n-abur serpens nó réna teanguid, óir gabaid fliuchad
9080] chucu a fiaduisne na neimi, & co speitsialta dá curthar salann orra. Et a chusmailius sin don chloich ré n-abar prasius as máthair & is pálás don chloich ré n-abur smaragdus , óir is annsa chloich sin do-gabur í; & is dath uaine bís uirre
9085] ara mbí uaine tiug a cusmailius orafuint; & do-gabur í & braen dearg innti uair & braen geal uair eile, & is dearb co coimédann sí na rígthi ón neim; óir dá mbia an chloch so ar an mbord & neim do chur ana fiadnuise cuirid a dath uaine
9090] dí co luath, & ar cur na neimi don bord inntaigid {MS P page 468} in dath cédna uirre. Ar an adbur sin gibé bís
Tuillead, is maith triacail do chaithim roim in
9095] cuid & 'na diaid annsa chás sin, & metridatum mur an cédna. Et is mór fhodnaid na neithe aenda annsa chás so, mur atáit, cnó móra & cnó gaídilacha, ruib & sáitsi; más ead, is maith don duine beas amuirseach ar neim méid éigin díb so do chaithim
9100] roim an cuid & 'na diaid.
Et gibé bís amuirseach ar neim seachnad sé gnéithe na mbiad ana fadthur aduim ro-beaca a cusmailius neimi; & do-gabar sin a ngnéithib fungi & truphuli & na cloch mianamail. Tuillead,
9105] is éigin don neach sheachnus an neim gan a innillius uile do beith annsa biad ná annsa dig do-bearar dó amáin, & mur an cédna dá fear fritháilti, oir teagmaid an neim go haicídeach inntu gan chin do duine, mur atá, réd aicídeach éigin urchóideach
9110] do thuitim annsa biad & a bearbad maille ris, nó a thuitim a soitheach an fhína, mur atá, sgorpio nó lacerta; óir atá mórán do na hainmintib neimneacha grádaidius balad an fhína, & rithid siat chugi & ibid cuid de co meinic & sgéithid ann
9115] arís, & uair ele do-gabar báiti ann iat, & uair eile lighid siat na soithigi asa n-ibthear an fín: ar an adbur sin is maith na soithigi so do choiméd co maith.
Tuillead, is mór dligmid beith deithideach a
Et an uair thuigius duine urchóid ana gaili, mur atá, lasad & cnám & teas & cumgach & allus & tart & codlad domuin & sdupur, nó tuitim na bríge, maille ré hallus & ré singoipis. Agus an uair bus follus na neithe so, nó cuid díb, gan
9135] cúis fholluis eile, déntur sgeathrach a cédóir maille ré holaid sisaminum nó almont milis. Nó caithid im & bainne, maille ré mórán bíd, & sgéithid. Et dá teagmad nach sgéithfid in tan sin ísligthear nó sgristar bríg na neimi. Agus ar nglanad an
9140] gaili taburthur triacail mór dó, maille ré fín ana mbeirbthear préma litontra , & ná caithid siat biad co ceann seacht n-uaireadh 'na diaid, & oiltear é maille ré neithib olamla 'na diaid sin, mur atáit, fígida & uua passa & cnó gaídilacha &
9145] eanbruithi coiligh méith.
Agus dá teagmad an neim do caithead d'fhágbáil
Agus dá tuicim an neim do beith fuar do réir a comurthad (óir fédmaid a thuicsin mur só tré doimne an chodalta & ó sdupáil & ó fhuacht an chuirp) is maith neithe teasaidi do thabairt a
9160] n-aigid na neimi, mur atá, gáirleóg & litontra & ruib & a cusmaile do neithib teasaidi. Agus dá mbia an neim teasaidi caitear coriandrum & campora & a cusmaile. Et dá mbia ana neim marbus ón chumachtain fholuigthig , mur atá,
9165] neim napellus, caitear triacail & metridatum & síl neannta & agairg & colacindita & caera ibair craigi & serapinum & castorium.
Agus atáit leigis maithi eile a n-aigid na neimi oibrigius do leith tota spesies, innarbus í lé
9170] sgeathraig & lé hinglanad; gid eadh, is mó beanus leigeas na neimi co speitsialta ré regimen an leigis