Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 2

An dara caibidil: do regimen rém-choimédach na pláigi

Adhuc in regimine preseruatiuo quod debetur corporibus .i. ó do luaideamur don taeb thuas
8800] dín don regimen rém-choimédach dleagur do thabairt do na corpuib, labrum anois do regimen


p.86

choimédach na corp ó na heasláintib pláideamla theagmus dúin ón aer leath amuith do nádúir.

Ar an adbur sin as intuicthi nach fuil ar an
8805] pláid innillus coiméda as fearr ná a seachna; & ní hé an t-inad a mbí an phláid amáin do sheachna, acht an talam uile: mur adeir Raisis, qui non est in aere corrupto non corrumpetur ab eo .i. in neach nach bí san aér thruailligthi
8810] ní truailltear uada é, mur adeir so, qui non est in bello non moritur in eo .i. gibé nach bí annsa chath ní marbthar é ann.

Gid eadh, dá n-anam annsan inad a mbia sí tar gach uile ní, bíth an teagh glan ó gach uile
8815] imurcuid, & co háirithi ó na himurcachaib geinius bréntus, mur atáit, na guitir iatur; & co hathchumair seachaintear gach uile ní brén, & imdaidthear na neithe deadh-balaid .i. neithe fuara deadh-balaid a n-aimsir an tshamraid, & neithe
8820] teasaidi deadh-balaid a n-aimsir an geimrid, mur dob áil lé hAuicenna, fhuráilius an t-aér do cheartugad lé hambra & lé lignum aloes & léna cusmailib, óir comfhurtachtaigid siat an craidi & an inchinn & tirmuigid an t-aér salach pláideamail.
8825] Ar an adbur sin leagur deathach ambra moch-thráth fán sróin, & do thúis, & do lignum aloes, & do sdorax, & do laudanum, & do chróch, & do masdix, & do chlóbus, & do chainél, óir an uair lasaid so


p.87

infra 261
do-níd balad maith, & leagur uair eile deathach
8830] terpentina & sginantum faí an sróin. Agus muna fadthur na neithe sin leagur deathach lubáitse & rós marina & ibair craigi & costus & laurus & sumac & róis & sipreach faí an sróin, óir lasaid na crainn so co mór annsna tigib & cúisigid deathach;
8835] ar an adbur sin do-níd comfhurtacht mór annsa chúis so. Agus curthar ar sméróidib uair eile é, & cúisigid deathach. Et is maith deathach alipta musgata & galla musgata, óir atáit na neithe so teasaidi deadh-balaid. Et is iat so na neithe fuara
8840] deadh-balaid ó ngabur deathach do cheartugad an aéir .i. sanndaile & rós & bláth nenufair , arna cur ar leacach dearg nó ar iarann dearg & uinégir do dortad orra, nó maille ré coriandrum arna ullmugad & ré duilleabar saileach & ré camphora &
8845] maille ré croicinn ubaill gráinig nó maille ré huball buidi. Agus leagar deathach na neithead so adubramur faí an tig, nó connaimthear annsa láim iat do gnáth nó co meinic.

Et an seómra ana laiginn sé leagar an deathach
8850] faí. Agus bíth an seómra sin a ngaire do thalam, & ná bíth reumamail, & osgailtear fuinneóga na hairdi soir, & iatur fuinneóga na hairdi tshiar & na hairdi teas, & curthar canafáis fliucha ar taebuib an tigi, & bíth soitheach lán d'uisgi astig,


p.88


8855] & bíth soitheach eile a n-airdi astig ana mbia mórán poll, & uisgi ag silead astu ar báisín ag dénum ceoil. Annsa tsamrad, immorra, nó annsa fodmur, curthar duilleabar saileach nó caerthuinn {MS P page 425} nó darach annsa fraig, & duilleabar mirtuis &
8860] fíneamna & saileach ar urlár an tigi. Et crotur uisgi tobair & aigéid ar fud an tigi, & gabuid siat balad campora & róis & aigéide chucu, & a cusmaile; & leagur deathach neithead ndeadh-balaid fútha fá dó nó fá thrí sa ló co n-oidchi.


8865]

Et is éigintach an linn cinntach d'fholmugad annsa tsamhrad & a tosach an fhodmuir; ar an adbur sin folmuigthear linn ruad annsna daínib óga coileara lé tamurendi & lé casia fistula & lé mirabolani citerni & léna cusmailib. A ndeireadh
8870] an fhodmuir & annsa geimrid folmuigthear linn finn an uair bít na cuirp linta ó linn fhinn lé neithib fholmuigius na leanna reamra, mur atá, agairg & turbid, & lé polipodium, & léna cusmailib. Agus creidim gurab maith an gach uile aimsir
8875] mad te nó mad fuar hí, & an gach uile coimplex, pillidi do mirr & d'aloe & do chróch annsa chás so. Et folmuigthear lé cuislinn iat, & co háirithi is maith cuisle do lucht adolicensia & do lucht fola deirgi uair sa mí, acht muna toirmisci cúis
8880] eigin é, mur atá, anfhainne na bríge & flux na fola místa & flux emaroides. Agus as follus co


p.89

meinic gluasacht fola deirgi sa chorp; más ead, leagur an chuisle gan fuireach an tan sin, óir is mór as imchubaid so ar eagla co tuitfid neach a
8885] n-easláinti.

Et bíth a fhis agad na biada as imchubaid dóib co ndligid siat beith édrum so-díleagtha gan beith so-thruailligthi a' cathugad a n-aigid an morgaid. Agus ná caitear iat a caindiacht
8890] a caithmhe a n-aimsir ele, óir is eagal an neim-díleagad an tan sin & an truailliugad do réir chonsiquens. Gid eadh, as imchubaid biad do chaithim co luath & co meinic annsa chúis so, óir ní dligid gorta ná tart d'fhulang; ar an adbur sin
8895] seachnuid siat feóil muici & daim & na n-ainmintid mór, óir is leanna reamra geinid siat. Gid eadh, gnáthuigthear cearca & petraisi & gach én do-ní eitillach, a n-égmuis na n-én do-ní comnuide a n-uisgi, óir geinid sin leanna rigne. As imchubaid
8900] mur an cédna feóil fearbóg óg & molt & coiníneadh & míltad muidi annsan aimsir so; & caitear maille ré méid éigin aigéide iat, óir furtachtaigid gach uile ní aigéidigthi an tan sin. Et an uair róstaigthear iat dleagur aigéid, nó agresta, nóid
8905] neithe aigéidigthi, do chaithim leó. Et do-ní an sabsa ré n-abur camilinum an cédna, óir fuaraid & tirmuigid na neithe curthar ann. Et bristear na neithe aigéidigthi, & timpearáiltear iat maille ré púdur cainéil & ré haigéid, & caitear; nó caitear


p.90


8910] agresta 'na haenur leó, nó aigéid 'na haenur, óir as maith gach uile ní aigéidigthi an tan sin.

Et seachaintear na holaid & gach uile ní olamail méith an tan sin; & seachaintir mur an cédna gach uile ní loisgtheach, mur atá, gáirleóg &
8915] uinneamain & lus annsan aimsir sin, óir téigid sin na leanna & an corp co huilidi. An cáisi, immorra, seachaintear é, óir geinid leanna reamra. Agus seachaintear an bainne mur an cédna, óir atá sé so-thruailligthi. Agus seachaintear gach
8920] uile thorad mur an cédna, & co háirithi na tortha do geineadh ón aimsir sin & do hoilead annsan aér thruailligthi. Agus na luibi rannchuidigius ré mailís, seachaintear iat; & na huisgi rithius co fuirimeallach ar uachtar na talman , ní hinóla iat.


8925]

Et dá caitear na tortha dligid siat beith aigéidigthi, mur atáit, ubla goirti & ubla gráineacha & péirida & oráidsi shearba. Agus an méid bus éidir do bearbad díb so beirbthear iat, óir innarbaid an teini agá mbearbad a máilís; & tuicthear a
8930] chusmailius so do na luibib. Agus is iat so na luibi is mó is imchubaid annsan aimsir so .i. lactuca & portulaca maille ré haigéid, & luibi aigéidigthi eile, mur atá, persille & magiorana & sáitsi & fumus terra, arna mbearbad maille ré
8935] borráitse. Et seachaintir gach uile luib & praiseach eile, óir atá flichideacht uisgeamail tsomorgtha


p.91

annsna luibib & annsna praiseachaib & annsna torthuib; ar an adbur sin seachaintear iat.

{MS P page 426}Et bíth a fín fuar anfhann, & dá mbia sé láidir
8940] curthur uisgi tobair ann. Agus seachnuid siat na comshuigigthi ana curthar mil & gach uile ní atá ard a mblas milis, mur atáit, caera aipchi fíneamnach & dactuli & siúcra & a cusmaile.

Agus bíth a fhis agut nach fuil inad ag an
8945] tsaethur annsa chúis so acht beacán, óir téigid an saethur mór na cuirp & luathaigid an anál & do réir chonsiquens cúisigid an t-aér truailligthi murguigthi do tharrang; más ead, déntur saethur beac a n-inad measarda ar nach bí taitneam
8950] gréine co mór. Et seachaintear cuma & cluithida saethracha & rith annsan aimsir sin, & gach uile gním médaigius & luathuigius an anál.

Et codlad sé annsan oidchi a seómra fá leagur deathach na neithead adubramur romainn, &
8955] iatur an seómra co maith. Et bíth a fhis agad nach imchubaid an codlad fada annsan aimsir so, óir is mór fhliuchius sé na cuirp, & dligid regimen imchubaid na haimsiri so beith a' claenad chum tirmaideachta, mur adeir Auicenna. Et seachaintear
8960] an codlad fada annsa geimread. Agus dá ndearntur codlad annsa samrad, an uair atáit na laeithi fada, déntur a n-inad measurda é a n-égmuis na n-asán & na mbróg. Agus ná hitear biad co grod ana diaid; & na codaltur co luath


p.92


8965] a ndiaid bíd, óir cúisigid sin teinnius cinn & tromdacht annsa chorp co huilidi.

An fhearg, immorra, seachaintear í annsan aimsir so, óir téigid an fhearg an craidi & fiuchaid an fhuil. Et seachaintear an gairdeachus imurcach;
8970] gid eadh, furtachtaigid an gairdeachus measurda. An choimriachtain, immorra, seachaintear í, & co háirithi a himurcaid. Óir gibé gnáthuigius coimriachtain a n-aimsir na pláigi as luath an guasacht do-geib sé ó aibrisgeacht an galair so. Et gibé
8975] do gnáthuig coimriachtain, ná connmad sé regimen cumang ar eagla co téchtfad & co truaillfid an sperma; más ead, déntur comuirle Galen .i. a dénum méid éigin maille ré hinmeadón, ar cor nach mothóchur an dísgaílead & co mothóchur édromacht
8980] na mball.

Et bíth a fhis agat gurab mór an furtacht do-ní gnáthugad na pillidi ordaigius Raisis & Auicenna, dá mbia neach a regimen maith maille rú, óir gibé gnáthuigius iat bíth saer ó phláid
8985] maille ré furtacht Dia. Et is mur so do-níthear é .i. gab dá rann d'aloe, cróch na hairdi teas, & mirr, rann do gach ní díb, & caitear trí pillidi díb gach lae; óir ní ligid na pillidi so na leanna do thruailliugad ná do morgad, mur is follus isna
8990] corpuib marba coimétur gan morgad lé mirr &


p.93

lé haloé & lé cróch; & do-chím-si féin so co meinic, & atá mu dóchus co mór astu.

Item adeir Raisis gurab imchubaid bolus Armenicus maille ré haigéid & ré huisgi isin cás-so.
8995] Tuillead, is mór chomfhurtachtaidius triacla a méid cnó do chaithim maille ré huisgi aigéidigthi fá dó sa tseachtmain. Óir do-ní Auicenna d'fhiadnuise gibé chaithius triacuil sul truailltear a chorp, & a gnáthugad, nach fadann bás do phláid,
9000] acht co coiméda sé regimen maith annsna neithib eile. Et is do na neithib choimédus neach ó phláid .i. triacail & metridatum; & comaentaigid Auicenna leis so annsa cheathramad canóin.

Tuillead, adeirid drong eile gibé ithius aen-greim
9005] do shamad moch-thráth & im easbartad gurab annam gabus pláid é. Tuillead .i. is maith aen-uair nó dá uair sa ló púdur litontra maille ré huisgi samaid nó bugulosa nó sgabiós do chaithim, nó a caithim gan uisgi; nó cogantur a prémh &
9010] itear í, óir fodnaid sí a n-aigid na neimi mur sin, ar son co tirmuiginn & nach téiginn. Tuillead, is mór chomfhurtachtaigid na lámha d'innlad co meinic sa ló a haigéid, & spoingia nó édach lín do thuma a n-aigéid, & a mbeith annsa láim & a
9015] mbalad do gabáil co meinic. Tuillead, is maith cuisle do ligin uair sa mí maille ré regimen maith bíd & digi & na neitheadh eile.


p.94

infra 266
Agus is lór na neithe athchumaire so adubramur do regimen rém-choimédach na pláigi.