Electronic edition compiled by Beatrix Färber
Proof corrections by Mícheál Ó Geallabháin and Beatrix Färber
Funded by University College, Cork
2. Second draft, revised and corrected.
Extent of text: 41640 words
Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G600009C
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.
Copyright for this edition lies with the estate of James Carney. The electronic version has been made available by kind permission of the copyright holder.
CELT: Corpus of Electronic Texts
The present text represents pages 1-161 of volume 3: Footnotes are retained and integrated into the apparatus, except where they do not provide substantial information. The Latin text is available in a separate file. The references to the corresponding pages of the Latin text in the Irish translation have been rendered as supplied text sup resp="JCa" infra 110-111 as there is no one to one correspondance in the structure of the Latin text and Irish translation.
Text has been checked and proofread four times. All corrections and supplied text are tagged. Corrections to the text made by the author to the original text from manuscript P are marked corr sic resp="". The apparatus has been constructed from the variants selected by the editor.
The electronic text represents the edited text. Text supplied by the editor is marked sup resp="JCa"; and where mentioned in the edition, the source for the supplied text is indicated. The hardcopy uses italics to denote expansions; in the digital text ex tags are used instead. Latin text is printed in italics in the hardcopy.
There are no quotations.
Soft hyphens are silently removed. Words containing a hard or soft hyphen crossing a page-break or line-break have been placed on the line on which they start.
div0=the whole text; div1=the part; div2=the chapter; div3=the subsection. Paragraphs are numbered in line with the printed edition, page-breaks are marked pb n=""; milestones are marked mls unit="MS P page" n="".
Editorial additions in author's notes, such as 'etc.', 'om.', are in square brackets. Reference to manuscript foliation appears beside each line of text in the hardcopy. The corresponding milestone has been placed at the start of the line. Line numbering on the odd pages has been brought to the left side of each line. Latin terms have been tagged.
This text uses the DIV2 element to represent the chapter.
Created: The Latin original was written between 1329 and 1334; the translation c. 1469
H1 [main] Donnchad óg Ó hÍceadha
H2 [supplementary] unknown
H3 [supplementary] unknown
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Professor Aoibheann Nic Dhonnchadha (consultancy)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Mícheál Ó Geallabháin (ed.)
Benjamin Hazard (data capture)
infra 165-6
6325]
Dicamus de animalium superfluitatibus & cetera .i. Labram d'imurcrachaib na n-ainmintid, mur atá, bainne & cáisi, im & uigi.
Agus bíth a fhis agad gurab maith an bainne & gurab urusa a díleagad dá caitear é mur reagar
6330]
a leas; & is maith oilius & is mór a oileamain & is
beac a imurcracha, ar an adbur sin reamraigid
sé na cuirp & imdaigid an sperma & togairmid in choimriachtain. Et bíth a choimplex & a oibriugad
éxamail do réir éxamlachta na n-ainmintid ana
6335]
ndíleagthur é, & do r[macr ]ir éxamlacht aimsear na
bliadna & na cluana, & do réir a fhad nó a girra
ó aimsir an toirrcheasa.
Et is imda gné ar an mbainne, mur atá, bainne
mná & camuill & easail & gabair & caerach & bó;
6340]
& ní dénmuid ní do bainne na n-ainmintid eile
ar son ná gnáthuigmid iat. Et do réir mur atáit
na hainminti óna mblithear an bainne éxamail,
atá an bainne blithear uatha émail ana choimplex
Et is é bainne na mná is fearr díb ar son porsióin & cusmailis a mbainne rénar corpuib-ne, & ana diaid sin bainne in chamuill, & 'na diaid sin bainne an easail, & 'na diaid sin bainne na ngobar. Bainne na caerach & na bó, immorra, is é is measa díb.
Et is é is reime & is mó ana mbí do shubstaint cháiseamail & d'im díb a n-aitfhégad in midg do dligfead beith co mór ann; ar an adbar sin gortaigid sé co mór an drong bís ullam chum coimriachtana, & dúnuid bél na cuisleann, & is
6355]
luath do-níthear cáisi de annsa gaile, & is mall oilius; ar an adbur sin is é is measa díb. Gid eadh, is reime bainne na mbó ná bainne na caerach, & is luga a meadg, & is mó a im. Ar an adbar sin is dóich lim gurab mó thigearnuigius im a
6360]
mbainne na mbó a n-aithfhégad in midg ná a mbainne na caerach. Gid eadh, ar ngabáil aen-chaindiachta do bainne na caerach & do bainne na mbó, is lia do cháisi bís a mbainne na caerach ná a mbainne na mbó & is mo d'im leis. Et
6365]
ó táit na trí neithe sin a mbainne na mná gu mór, .i. meadg & cáisi & im, as é is mó is inmolta díb. Et gach méid dá mbeid na trí neithe sin adubramar a mbainne na n-ainmintid eile, as í in méíde sin as inmolta é.
Tuillead, éxamailtear an bainne fá éxamlacht {MS P page 399} ceathra n-aimsear na bliadna; ar an adbur sin as
Tuillead, éxamailtear an bainne fá éxamlacht na cluana, óir gach séime & gach feabus dá mbia in chluain, as í in méide sin bus inmolta an bainne. Et gach cruaidi & gach tirma dá mbia in chluain,
6380] as í in méide sin beas an bainne reamur. Agus is annsan earrach is séime & is flichi an chluain, ar an adbur sin, bainne na haimsiri sin, is é is séime & is flichi díb & is luga dá ndéntur cáisi annsa ghaile; & teagmuid a chontrárda sin annsan
6385] fhodmur & annsa geimread, & is a mod inmeadónach eaturra sin bís annsa tsamrad.
Agus na hainminti thsásaithear ó luibib maithe, as é a mbainne sin is fearr; & annsa mod so is mó atá bainne na ngobur molta. Et bainne na n-ainmintid ithius droch-luibi is olc é, mur is
6390] follus nach maith bainne na mban chaithius droch-biad, óir is deacair fuil maith do geineamuin ón droch-oileamain ; más ead, is deacair bainne maith do geineamuin ón droch-fhuil .
Tuillead, bíth a fhis agad gurab é an bainne is gaire dá bleagan bainne is fearr díb ar son gurab luath claechluigthear é, & gurab ro-luath
Do bríg an bainne, immorra: óir in uair ibthear an bainne annsa gaile the choilearda is urusa a inntóg a ndeathaigib, & inntaigthear annsa gaili
6405] fhuar é a n-aigéideacht, ar an adbur sin ní himchubaid an bainne dóib, ná don droing gá mbít cinn teinne anfanna ná teimil ara súilib, óir is deathmur é. Et urchóidigid don droing gá mbít féithe fuara anfhanna ar son gurab urusa
6410] a inntóg a n-aigéideacht, óir is mór atá an bainne fuilingtheach & is urusa a chlaechlód; ar an adbur sin ní himchubaid é don droing atá ullam chum tuitme a fiabras morguigthi, óir atá an bainne lastach & cúisigid cuirrineach fón sgairt chléib,
6415] ar an adbur sin ní himchubaid é don droing atá ullam chum coilica. Tuillead, sleamnaigid an bainne an brú & is urusa a inntóg a linn ruad, ar an adbur sin ní himchubaid don droing ara mbí flux coilearda é. Et is urusa a inntóg a
6420] n-aigéideacht mur adubramar romainn, ar an adbar sin ní himchubaid don droing ara mbí flux leanna finn é, más ead, seachaintear an bainne, óir féduid mórán d'urchóidib teacht ó chaithim an bainne.
Más ead, is éigin a thuicsin na neithe is éigin
Tuillead, bíth a fhis agad gurab maith mil &
6445] siúcra do cheartugad mailísi an bainne, & beacán saluinn innus co toirmeósgad a thruailliugad annsa gaili & geineamuin a gaethmuireachta annsna taebuib & annsna haeib. Tuillead, bíth a fhis agad gurab mór is imchubaid an bainne dá
6450] mbeantur a im don droing agá mbít gailidi teasaidi coilearda, mar atá, bainne goirt, óir ní hinntaigthear a ndeathaigib é & claechluigid an coimplex teasaidi,
{MS P page 400}Agus adér neithe athchumaire eile don cháisi. An cáisi nuad, immorra, is fuar fliuch é, & is reamur a shubstaint, & is deacair a díleagad, & geinid clocha & dúinti, más ead, ní mór as imchubaid
6460] é mar biad a follamnugad na sláinti. An sean-cháisi, immorra, is teasaidi tirim é ar son in tsaluinn, & ardaigid in losgad, & is deacair a díleagad, & is beac oilius, & is olc & is animchubaidi é ná an cáisi nuad; gid eadh, is amlaid is maith in cáisi
6465] idir beith arsaig & nuad, & rigne shobristi do beith ann, & a beith inmeadónach idir buga & cruas, & a' claenad chum millseachta, & gan a beith édrum acht a beith trom, & blas & balad toltanach do beith air, & gan comnuide fada do dénum annsa
6470] gaili dó, & a dénum do bainne maith; & is maith in cáisi beas mur sin & is intogtha idir na biaduib é.
Agus an uair caitear i ndiaid an bíd é ní hanimchubaid a coiméd na sláinti é, óir dá caitear cainndiacht beac don cháisi tar éis bíd, cúisigid
6475] tuitim an bíd ó bél an ghaili chum a íchtair, & toirmiscid éirgi na ndeathaigead, & iaduidh bél an ghaile, & calmuigid & toirrmiscid an neam-thochlugad & in millseacht & in olamlacht bís isna biadaibh. Agus caithid na daíne eagnuidi an cáisi maith
6480] a cainndiacht bic do thoirmeasc na neithead
De butiro .i. don im. Agus bíth a fhis agat nach mór as imchubaid é mur biad ar son a fhlichi & a olamlachta; & dá ngnáthuige neach im do chaithim a cainndiacht inchomurthaig cúisigid
6490] aduathmuireacht & an biad do shnám a mbél an gaili, & laguid an brú nísa mó ná an chóir. Ar an adbur sin ní himchubaid im do chaithim a cainndiacht inchomurthaig mur biad, & co háirithi i ndiaid biad eile. Et is imchubaid é mur shabsa
6495] nó mur annlann leis na biadaibh eile mar is imchubaid ola na holiua, acht gé teó & cé flichi in t-im ná an ola. Et an uair gnáthuigmid in t-im mur annlann leis na biaduib eile ní dleagur
6500] a bearbad in comór risin olaid; óir is fuilingthi é ná an ola, ar an adbur sin an uair beirbthear co mór é dísgaíltear a bríg i ndeathaig co huilidi.
An ola, immorra, is mó is rigin í & is luga is sodísgaílti í ná an t-im, ar an adbur sin is mó fhuilngius sí do géiri na teineadh ná an t-im, &
6505] is mó cumuiscthear co fuirfi hí ris na biadaibh ar an adbur sin ná an t-im. Et is imchubaid an t-im co mór don lucht ara mbí cosachtach
De sero .i. don meadg. Agus bíth a fhis agad gurab coimplex teasaidi atá aigi do réir inntinne na n-eacnuideadh, & is fír sin ar son na géiri & na saillteachta do-gabur ann, & is don résún sin
6515] adearuid na daíne eagnuidi go cruinniginn an bainne beóil na naídin óg, & ar an adbur cédna adearar co lagann an brú.
An meadg, immorra, is luga oilius sé ná oilius in cáisi & in t-im. Agus folmuigid sé linn ruad &
6520] linn dub & na leanna loisgthi, ar an adbar sin is maith é a sgabies & a lubra & a ngoránuib an chuirp & a n-ycterisia & a salchuraib eile an chroicinn.
De ouis .i. do na huigib. Agus bíth a fhis
6525] agad gurab iat uigi na cearc & uigi fasiana, & co háirithi an uair bít siat méith óg, is fearr a follamnugad na sláinti. Et a chusmailius sin do na huidib eile, & co háirithi a mbeith nuad. Et idir uigib na cearc is iat na huigi fada beaca
6530] nuada is fearr díb. Tuillead, is fearr na huigi treamula náid na huigi cruaidi & na huigi boga, óir is mór & is maith oileamain na n-uideadh so & is urusa a ndíleagad & geinid mórán d'fhuil maith, & co háirithi a mbuidéin.
infra 173-4
6535]
Na huigi cruaduidthear a luaith nó priáiltear a n-oidin nó coma cruaid iat, is olc an oileamain do-beirid siat don chorp a n-aithfhégad na n-ogh {MS P page 401}treamula; & is deacair a ndíleagad & is urusa a n-inntóg a ndeathaighib & a truailliugad. Na
6540] huigi boga, immorra, is urusa a ndíleagad, & mínidit an t-ucht & an sgamán, & laguid an brú, & is luga oilid ná oilid na huigi treamula.
Na huigi cruaidi, immorra, is deacair a ndíleagad & is mall fháguid an gaili; uigi na lachan & na
6545] ngédh & na sdorc 1 & na n-én eile, is luga is imchubaid iat a follamnugad na sláinti náid na huigi adubramar romainn; & mar an cédna do na huidibh ré n-abur oua uenti, is animchubaid an blas bís orra, óir ní fhuilid siat coimlínta ná
6550] díleagtha mur atáit na huigi eile, & do réir chonsiquens is animchubaidi iat náid na huigi eile.
Tuillead, bíth a fhis agad gurab do na neithib is usa do chlaechlód co luath na huigi & an bainne; & ní himchubaid na huigi do na corpaibh neam-glana
6555] bís línta do droch-leannaib, óir truailltear iat co ro-luath & inntaigthear a morgad & a ndeathuidib iat. Agus ní dleagur a caithim & an gaile lán do biad, óir is urusa a ndíleagad, ar an adbur sin is luaithi díleagthur iat náid na biada
6560] eile, & an uair bít nísa shia na an chóir annsa
Tuillead, ní hindénta sibal ná codlad tair és na n-uigead mbog do chaithim mur nach indénta tar és an bainne.
Tuillead, adeirim an drong atá ullam chum tuitme a fiabras, nó agá mbí replexion leannann, nach imchubaid uigi dóib & nach imchubaid feóil, óir línuid & téigit na huigi in corp.
Tuillead, ar smuaineadh aibíci an chuirp, .i.
6575] a beith méith nó feólmur, ní hintuca na huigi in tan sin. Gid ead, as imchubaid iat do na daínib truaga. Et ar tuicsin in choimplexa is imchubaidi iat do lucht in choimplexa fuair ná do lucht in choimplexa teasaidi, & do lucht na
6580] coimplex tirim ná do lucht na coimplex fliuch; más ead, ó táit na sean-daíne fuar tirim is dóib is imchubaidi na huigi & co háirithi na huigi treamula.
infra 176-7
Dicendum est de condimentis et saporibus .i. ó
6585] do luaideamur don taeb thuas dín do na biaduib
Agus is iat so na neithe dá ndéntur annlann nó sabus, mur atá, salann & ola & im. Et teaguiscid
6595] an dearbad na biada caitear gan salann co mbít siat gan blas annsa bél, & gurab beac thochluigius an gaile iat. An salann, immorra, do-beir sé blas maith ar na neithib caitear, & innarbaid sé in mailís bís isna biaduib ón fhlichideacht
6600] neim-díleagtha uisgeamail bís inntu; & is trít sin as fuirfi díleagad & bearbad na mbiad maille ré salann ná gan salann. Agus atá in dísleacht so ag an tsalann .i. na fliuchada imurcracha eachtrannacha do thirmugad, & an
6605] fhlichideacht mairius do cheangal. Et bud follus co lór cé hiat na biada rig a leas mórán saluinn mur shabsa & cé hiat na biada rig a leas beacán: óir na biada gá mbí imurcaid do fhlichideacht reamuir rigid a leas mórán saluinn, & na biada
6610] tirma séime is beac do shalann rigid a leas; & is mur sin is follus co fuil in salann éigintach a follamnugad na sláinti.
Tuillead, ní himchubaid salann & uisgi mar
{MS P page 402} Ola na holiua, immorra, ní fhuil do na holaduib lé cóirithear an biad ola is millsi ná as measurda
6625] ná as cairdeamla don nádúir ná hí.
Ola nuca, immorra, atá sí teasaidi tirim co mór, & mar an cédna d'olaid an lín; & ní fhuil blas cairdeamail orra amail atá ar olaid na holiua.
Ola in phoipin 2, immorra, is maith, a blas & a
6630] balad; & claenuid beacán éigin chum fuaraideachta, ar an adbur sin ní himchubaid a follamnugad na ndaíneadh slán í.
Ola na n-almont milis, is lór a cairdeamlacht & a gaire do measurdacht. Et an uair bís easbaid
6635] na feóla ar na praiseachuib gnáthuigmid na holada annsna biaduib mar shabsa ar son na cúisid adubramar romainn.
De saporibus .i. do na sabsaduib . Agus bíth a
Et atáit neithe as inchoiméda a timchill na sabsa An céid-ní díb .i. gurab beac in chainndiacht dleagur do chaithim díb ar son gurab nádúir leigis atá acu. Tuillead, ní dligid na daíne slána neithe leigeasamla do chaithim acht a cainndiacht
6665] big; & ní mór is résúnta na neithe leigeasamla do chumusc risna biaduib acht a cainndiacht bic;
An dara ní dligmid do thuicsin .i. co ndleagur
6670] sabuis teasaidi do chaithim annsna haesaib & annsna coimplexaib & annsna haimsearaib fuara, & a chontrárda sin do na haesaib & do na coimplexaib & do na haimsearuib teasaidi.
Et is díb so do-níthear na sabuis fhuara, mur
6675] atá, agresta & fín na n-uball ngráineach & aigéid & súg an ubuill buidi & arán arna róstad & arna thuma a finégra & almoint millsi & uisgi róise maille ré beacán cainél & persille.
Et is iat so na neithi dá ndéntar na sabuis
6680] teasaidi gnáthuigmid annsna haimsearaib fuara, mur atá, musdard & ruib & sinnsér & pibur, cainél & clobus , gairleóg & sáitsi & minntus & persille & fín & eanbruithi feóla & aigéd gan beith láidir acht beith a ngaire do nádúir fhína.
Agus annsna haimsearaib inmeadónacha is sabus inmeadónach 3 dleagur do chaithim innti.
Agus an treas ní dligmid do thuicsin .i. gurab iat na biada inmeadónacha is luga rig a leas ré sabsa & ré blasaib, & co háirithi annsna corpaibh
6690] slána, & mur an cédna, dligid blas na mbiad beith a ngaire do measurdacht in méid bus éidir; & dá mbia blas an bíd tuitmeach, dligid na sabuis
Agus as iat sabuis imchubaidi na n-ainmintid
6700] coillti & na laeg & na fearbóg bearbthar a n-uisgi .i. na sabuis uaine do-níthear annsa tshamrad lé haigéd & lé hagresta & lé harán róstaigthi arna thuma inntu maille ré beacán spísraid, mur atá, beacán sinnséir & beacán clobuis . Annsa
6705] geimread, immorra, déntar in sabsa cédna maille ré mórán spísraid & maille ré beacán gairleóigi & ré fín ro-maith & ré beacán agresta.
{MS P page 403}Sabus fheóla in daim beirbthear a n-uisgi .i. piperatum. Agus is mur so do-níthear é .i. gab
6710] pipur & arán arna róstad & eanbruithi feóla & beacán agresta; & is annsa geimread as imchubaidi é. Annsa tsamrad, immorra, caitear í maille ré beacán pibair & ré mórán agresta. Agus as imchubaid in sabus sin lé feóil muici a n-aimsir
6715] geimrid co háirithi; & an tan beas easbaid na neithead so adubramar orainn, gabthur musdard & ruib ana n-inad. Agus fétur in fheóil sin
Agus as iad so sabuis imchubaidi na coiníne & na ngearrcach róstaigthe .i. camelina do-níthear d'arán & do chostus & d'agresta arna tuma a
6740] n-aigéid & a cainél, & annsa geimread a tuma a fín & a mbeacán aigéidi.
infra 182-5
De piscibus & .i. don iasg. Agus bíth a fhis agad co generálta, gach reime & gach dodíleagtha & gach méid d'imurcrachaib beas aigi & gach
6745] flichi dá mbia ann, as í in méide sin dligid a shabus beith gér, teasaidi. Más ead, tuicthear na héisg rigne ar nach bít lanna, mur atáit esgainn, co ndligid a sabuis beith d'fhín & do spísraib láidiri annsa geimread, & beith do spísraib anfhanna &
6750] d'agresta & d'aigéid annsa tshamrad.
Sabsa na partán, immorra, dligid siat beith d'aigéid aenda annsa tsamrad & beith d'fhín nó d'aigéid maille ré púdur spísraid annsa geimrid.
Dona deochaibPostquam determinauimus de cibis .i. ó do
6755] luaidimur don taeb thuas dín co speitsialta do na biaduib labrum anois do na deochaib. Ar an adbur sin bíth a fhis agad co fuil cuid do na deochaib is leigeas amáin, & cuid eile is deoch & is leigeas ar aen-shligi, & cuid eile is deoch amáin.
6760] Deoch is leigeas amáin, mur atá, siróip díleagthach
Agus atáit dá mod ar an dig sin .i. deoch nádúrda & deoch ealadnach. An deoch nádúrda, immorra, atáit dá mod uirre .i. fín nó uisgi, & gnáthuigthear
6775] na deocha so againne. Et is do na deochaib so do-rinneadar eagnaidi na n-Araipeach & na Gréigi mensión, an uair do luaididur do na deochaib, acht cé gnáthuigid cinead éigin bainne a n-inad digi, & cinead eile ola, & cinead eile
6780]
siróipi. Gid ead, ní gnáthach againne na deocha sin, ar an adbur sin ní dénum cuimniugad díb ann so. Deoch ealadnach, immorra, gnáthuigid drong againne, mur atá, linn & pomerium & cerasarium & mellicratum. Agus adubramar co lór
6785] don uisgi don taeb thuas dín annsa chéd-chaibidil {MS P page 404} don dara pairteagal & ní hinráid aen-réd de anois ach beacán. Gid eadh, laibeórmaid don fhín gé
Bíth a fhis agad gurab imchubaidi in t-uisgi mur dig do báthad in tarta ná an fín, gid eadh, ar tuicsin gach aen-neith eile, as imchubaidi in fín mur dig ná an t-uisgi a follamnugad na sláinti, ach gé theacmus co nádúrda gurab fearr mínighius
6795] in t-uisgi in tart (ar son gurab eadh is tart ann álgus na neithead fuar fliuch & co fuil in t-uisgi fuar fliuch co nádúrda) ná do-ní an fín; gid eadh, do chumusc an bíd & dá leathnugad ar na ballaib is fearr in fín ná an t-uisgi, tré mar atá sé séim
6800] ana shubstaint & ana gním, cumuiscthear co hurusa é risin mbiad, & co háirithi furbaíltigid an nádúir reime; ar an adbur sin tairrngid & cumuiscid ris na biaduib é. Agus as amlaid do-níthear an cumusc sin tré fhiuchad, & furtachtaigid
6805] an fín co mór chugi sin ar son a beith te do réir bríge; & toirmiscid in t-uisgi é tréna beith fuar.
Et is mar sin is follus gurab fearr an fín do chumusc an bíd ná in t-uisgi; & mar an cédna
6810] is fearr é do leathnugad na hoileamna ar na ballaib ná an t-uisgi; óir is é in fín tolltóir na n-uile ball, óir do-ní sé sin do leith shéime a shubstainti & teasa a bríge (óir atáit na neithe sin tolltanach co mór) & do réir chonsiquens is mó dísgaílius an
6815] fín ná do-ní an t-uisgi, óir ní fhuil bríg theasaidi
Tuillead .i. atá gluasacht na hoileamna chum na mball ó bríg atairraingthig na mball. Ar an
6820] adbur sin is mó grádaidit na boill in fín ná an t-uisgi, más ead, is mó fhurtachtaidius an fín chum sgaílti na hoileamna ar na ballaib ná do-ní an t-uisgi.
Tuillead .i. ní fhuil in t-uisgi imchubaid mur
6825] dig mar atá an fín, óir toirmiscid an t-uisgi an biad do dol a n-oileamain ar son nach oilinn sé leis féin, & ar an adbur sin gach uisgeamlacht dá mbia an biad is lugaidi oilius; más ead, is maith an fín do chumusc an bíd, óir ní thoirmiscinn sé an
6830] oileamain acht furtachtaigid & atairrngid & athnuaigid co mór & oilid co ro-luath.
Tuillead: comfhurtachtaigid an fín an teas & na spiraid & téigid in corp uile; óir is mór méduighius sin an oileamain; & cúisigid in t-uisgi
6835] pairilis do leith a fhuaire & marbaid & sgrisaid oibrigthi na nádúire co huilidi, ar an adbur sin ní dliginn an t-uisgi a chos do chur a n-oibrigthib na nádúire maille ris féin; ar an adbur sin, gid bé gnáthuigius uisgi leis féin as dimolta hé, acht
6840] muna tucthar é annsna fiabrasaib géra.
Tuillead: atá tarba eile ag an fín nach fuil ag an uisgi, óir tollaid co maith an corp co huilidi, & gearraid & dísgaílid linn finn rigin, & folmuigid
Tuillead: soillsigid an fín an t-inntleacht, & ceartaigid an fhearg, & innarbaid an dubrón, & togairmid an gairdeachus, & dúisgid an drúis, &
6850] sgrisaid in meirtnigi, & cúisigid an beódacht, & sgrisaid an tshaint, & treóruigid an tshubáltaigi. Agus adeirim so co hathchumair co ndéin an fín duine fearrda do leith chuirp & anma, & do-ní an t-uisgi an corp bannda; ar an adbar sin gid bé
6855] nach ibinn fín bíth sé bannda a n-aithfhégad na droingi ibius é; & do dearbad so ar neach nár ib fín ar tús & do gnáthuig a ól ainnséin & do bí inmolta do leith a chuirp & a anma . Ar an adbur sin as imchubaide fín mur dig a follamnugad
6860] na sláinti ná uisgi, óir ní moluim deoch uisgi aenda a follamnugad na sláinti.
Et atáit na dísleachta sin ag an fín dá n-ibthear co measurda é. Et dá n-ibthear co hainmeasurda é, innus co cúisiginn sé meisgi, múchaid solus
6865] an anma résúnta & comfhurtachtaigid an bríg mírésúnta & iarasibile & concupisibile .i. an bríg tsanntach & an bríg fheargach, & do-ní sé an résún anumal an tan sin, & bíth an corp an tan sin mur luing ar muir gan fear follamnuigthi uirre; ar an
6870] adbur sin gabaid sé ag an neach nach ingabála, &
An chéid-riagail díb .i. nach inibthi fín & an gaile folam & an corp gortach, óir cúisigid neach
6885] do thuitim a spasmus & a seachrán meanman. Et dá teagmad tart do beith ar neach & an gaile folam, féchad an neach ara mbia an tart sin an tart fírinneach nó nádúrda é. Óir as ead as tart nádúrda ann ainnteas do-níthear annsa ghaile ó
6890] chaithim na mbiad, & ní bí sin annsa ghaile fholum ara mbí tart, más ead, ní hinibthi fín annsa tart sin acht muna caitear ní éigin leis. Gid eadh, do míniugad in tarta sin fétur iulep d'ól nó siróip eile atá díleas ana aigid. Gid eadh, ná
6895] hibthear an fín ar aen-mod & an gaile folam.
An dara riagail .i. nach dleagur fín d'ól idir dá chaithim & an biad do caithead ar tús díb gan
An treas riagail .i. nach inibthi an fín gan inmeadón d'és tsaethair móir nó fothraigthi, óir gortaigid an fín na féithe & an inchinn co mór an tan sin.
An ceathramad riagail .i. nach dleagur in fín
6905] d'ól maille ré droch-biaduib ná lé torthaib, ná gu gar tar és a caithme; & co háirithi gan fín séim d'ól, óir cúisigid an fín mailís na mbiad do thollugad co luath chum na mball. Agus is fír sin dá caitear a caindiacht móir é, gid eadh, dá
6910] n-ibthear a caindiacht bic é fá résún an bíd, ceartaigid mailís an bíd uile.
An cúigead riagail .i. dá ngnáthuige neach fín anfhann & fín láidir d'ól ar aen-bord, ibthear an fín anfann ar tús & an fín láidir fá deóig, óir is
6915] fuirfe iatur bél an gaile ón ord sin & cruinnidthear an biad annsa gaile. Gid eadh, dá n-ibthear an fín láidir ar tús & an fín anfhann fá deóig dobu cunntaburtach an fín láidir do leith treisi a gníma d'fhágbáil an ghaile roim an díleagad do beith
6920] fuirfe & an biad neim-díleagtha do tharrang leis. Óir is mó gráduigid na boill co huilidi an fín láidir ná an fín anfann, ar an adbur sin tairrngid co luath é mar amantúr.
An sémad riagail .i. an fín ibthear do chumusc
6925] an bíd co ndleagur a chaithim ar aen-shligi risin mbiad & nach dleagur fuireach risin tart. Agus
An seachtmad riagail .i. gach reime & gach treisi dá mbia an biad as í in méide sin dleagur an deoch threoruigtheach nó an deoch cumuiscthi do
6945] beith mór, & econtra .i. gach séime & gach teó & gach flichi dá mbia an biad, gurab í an méide sin dligius an deoch beith beac, mur atá, an deoch threóruigtheach & an deoch cumuiscthi. Ar an adbur sin is córa in fín láidir d'ól lé feóil daim ná
6950] lé feóil gearrcach, & is córa a ól lé hiasg ná lé feóil.
An t-ochtmad riagail .i. an uair bís neach lán do thart dligid a fhín beith séim anfhann a
An naemad riagail .i. nach dligid na macáim náid na banaltranna fín d'ól , acht beacán d'fhín anfhann uisgeamail. Na sean-daíne , immorra, as
6960] imchubaid fín láidir, deadh-balaid, deadh-blasta dóib. Óir dá tucthar fín do na macámuib, & co háirithi fín láidir, is teine a ceann teineadh é, óir atáit féithe anfanna ag na macámuib & inchinn fhomámuidtheach anfann; ar an adbur sin
6965] gortaigthear co hurusa ón fhín iat, óir ní fhuil in fín cudruma do choimplex na macám do leith a thirmachta , óir atáit na macáim fliuch co mór & caithid biada is urusa do díleagad & atá díleagad láidir acu & spirada imda. Na macáim, immorra, &
6970] co háirithi ara céd-oileamain, ní hincheaduigthi ar aen-mod fín dóib acht ro-beacán. Et gach méid tosgaidit ana n-aimsir, as í in méide sin as innile fhéduid fín d'ól, & co háirithi an uair chaithid biada reamra is deacair do díleagad & is deacair do
6975] threórugad chum na mball.
An deachmad riagail .i. gibé gá mbí inchinn anfhann co nádúrda nó co haicídeach, ná hibead fín láidir acht a caindiacht bic, gid ead, féduid fín anfhann uisgeamail d'ól. Agus mur an cédna
6980] don droing gá mbít ae & gailidi teasaidi, dligid fín láidir teasaidi do sheachna. Agus mar an
An t-aenmad riagail dég .i. co ndleagur na sein-fhínta do sheachna, co mór a sligid digi, óir is mó is leigeas iat ná as deoch. Agus mur an cédna as insheachanta na fínta nuada , óir atáit siat
6990] neim-díleagtha, neam-glan, gaethmur, & geinid dúinti & cúisigid disinteria. Na fínta a n-aís inmeadónaid, immorra, & arna nglanad co maith, as iat as intogtha a coitchinne díb.
An dara riagail dég .i. dá n-ibthear an fín ní
6995] mur dig amáin dleagur a ól acht d'oileamain an chuirp & dá reamrugad & dá athnuaigead mur rigid a leas na daíne bís truag co nádúrda nó co haicídeach. Agus is fínta millsi, reamra, deadh-datha dleagur d'ól an tan sin, óir oilid na fínta
7000] sin co lór, & athnuaigid an ní do millead, & reamraigid na cuirp. A chontrárda so dá teagmad nach iat na neithe so do-bérmais dár n-úid, acht an corp do chnaí nó do thruagugad nó do thirmugad,
mur is cóir do dénum risna daínib reamra méithi;
7005] óir is fínta séime a substaint & a ngním dleagur do thabairt dóib, & gan a mbeith milis acht a
An treas riagail dég: dá tucthar an fín do
7010] chomfhurtacht na spirad & do cheartugad na mbríg, dleagur fín séim deadh-balaid do thabairt an tan sin, ara mbí blas toltanach & ara mbí dath inmeadónach & ana mbí neart imchubaid. Agus dleagur an fín sin d'ól maille ré beacán bíd &
7015] dligid beith glan co maith óna imurcachaib & dleagur a ól a caindiacht bic.
An ceathramad riagail dég .i. dá tucthar fín do chomfhurtacht bríge fostaigthi an gaili & na n-inneadh as iat fínta dleagur do thoga an tan
7020] sin .i. fínta dearga reamra poinntica mur iarthur don droing ara mbí flux bronn ó anfainne bríge fostaigthi an ghaili. Et dá togram an bríg díleagthach do chomfhurtacht, dligmid fínta séime a substaint & a ngním do thoga in tan sin, & a
7025] mbeith deadh-balaid, & méid éigin géiri maille ré beacán millsi do beith inntu.
An cúigead riagail dég .i. gurab fearr an fín do-níthear anfann ó chumusc uisgi ris ná an fín
7030] bís anfhann co nádúrda & a chur anfann a céim inann, & co háirithi an tan bís an fín anfann co {MS P page 407}nádúrda; óir na fínta bís anfhann co nádúrda is usa a truailliugad & is luga oilid an corp ná
Tuillead: bíth a fhis agad ag tabairt na fíntad gurab iat na fínta duba agá mbí substaint reamur ré cumuiscthear méid éigin uisgi is luaithi chuirius neach ar meisgi, óir is luath téid sé chum na
7040] féithead & is luath téid a deathaige chum na hinchinne; ar an adbur sin gach séime & gach toltanaighi dá mbia an fín is luaithidi chuirius neach ar meisgi, gid eadh, as urusa in meisgi sin do dísgaílead. An meisgi do-níthear ón
7045] fhín reamur, immorra, is mall tic & is deacair a hinnarbad. Na fínta reamra anfanna, is cian uatha meisgi do dénum. Na fínta séime láidiri, atáit siat ro-ullum chum na meisgi.
Et adubradar drong éigin dár n-eacnuidib-ne
7050] gurab imchubaid a coiméd na sláinti beith uair nó dá uair annsa mí ar meisgi, innus co cúiseóchaide codlad fada ón meisgi sin & co mbedais na bríga ainmidi a cumsanad annsa chodlad sin & co n-innarbthaigi na himurcracha tré allus, nó tré
7055] sgeathraig, nó lé fual, nó lé fearad, & folmuigthear an corp mar sin. Et ní dliginn in meisgi sin beith mór ná anorduigthi ó n-anfainneóchaidi an inchinn co mór, óir ullmuigid in meisgi sin neach chum pairilisi nó chum apoplexia. Et ní dliginn beith
7060] ana meisgi leómanda ná mucamail, acht beith ana meisgi threóruigius lúthgháir &
Tuillead: bíth a fhis agad dá tugam dár n-úid in t-ucht nó an sgamán do glanad & an brú do lagad, as iat na fínta gá mbí substaint inmeadónach & blas milis is mó is intogtha díb in tan sin. Et
7070] dá tucam dár n-úid regimen na sláinti, dligid in fín beith inmeadónach nó cudruma idir beith nua & arsaid, & beith solus a' claenad chum deirgi, ara mbí balad maith & blas cudruma, gan beith aigéidigthi ná gér ná ro-milis, & gan beith deathmur
7075] ná reamur, & gan a fhás a n-inaduib clochamla ná sléibtigi, ná a talam ro-shocair shoaradachta, acht a fhás a talam thirim shléibtigi beas a fiadnuise gréine, & a adaid ar an aird bu deas, & gan a fhás a régión ro-theasaidi ná ro-fhuar. Et is éidir a
7080] chonclúidiugad as sin nach imchubaíd na fínta ro-láidiri, mur atá, fín an tíre ré n-abur Cipria, & na Gréigi, a fhollamnugad na sláinti.
Agus as inchomurthaid ana diaid sin na fínta ealadnacha gnáthuigid drong éigin, mur atá, an
7085] fín ré n-abur saluiatum nó enulatum nó rósatum. Óir is nádúir leigis atá ag na fíntaib sin, más ead, ní himchubaid iad a follamnugad na sláinti acht a caindiacht bic. An fín ara mbeirbthear
An fín ara mbeirbthear eillinn ré n-abur enlatum is mór chomfhurtachtaigius sé an craidi & na
7120] boill adras de; ar an adbur sin gibé gá mbí craidi anfann nó gaili anfann ó fhuaraideacht & ó fhlichideacht gnáthuigead sé an fín ré n-abur enalatum a caindiacht big mur adubramar do shaluiatum. Et ní fhuil cunntabairt gurab
7125] imchubaide enalatum a mórán do chúisib ná saluiatum.
Agus as inlaburtha de & do na deochaib ele, mur atá, pumerium (.i. deoch do-níthear do na luibib) & cerasarium (.i. deoch do-níthear do na seirínib) & a
7130] cusmaile. Agus atá drong do na daínib gnáthuigius na deocha so d'uireasbaid an fhína; gid eadh, ní com-imchubaid iat risin fín mur dig. Et bíth a fhis agat gurab éidir linn do dénum do choirci & d'eórna & do chruithneacht; & do réir
7135] mur bís sé d'éxamlacht na ngrán is dá réir sin bís coimplex éxamail aigi & do réir chonsiquens oibriugad éxamail. Et dá mbia an linn arna dénum dá gach aen-grán bud gairbi é ná an fín &
Et an linn do-níthear do na gránuib chúisigius
7145] in meisgi, mur atá, an linn do-níthear don grán ré n-abur cogal, as ro-olc é, óir geinid teinneas cinn & gortaigid na féithe. Agus éxamailtear an linn fá éxamlacht na ngrán. Óir an linn do-níthear d'eórna & do choirci as beac geinius sé
7150] gaethmuireacht & is beac oilius. Agus an linn do-níthear do chruithneacht claenuid chum teasaideachta, & oilid nísa mó. Agus gach reime dá mbia an linn as í in méide sin is dimolta é, & gach séime & gach glaine dá mbia is feirrdi.
Agus atáit deocha eile ealadnacha ann do-níthear do mil, noch atá teasaidi tirim. Agus geinid dúinti annsna haeib & annsna cuisleannaib & annsa tsheilg & geinid mórán gaethmuireachta & co háirithi an uair bís caindiacht mór meala
7160] inntu. Agus an tan ná beirbthear an mil co fuirfi lagaid an brú, ar an adbur sin ní himchubaid na deocha sin a follamnugad na sláinti, acht is mó is imchubaid iat don droing gá mbí coimplex fuar, & co háirithi dá mbia linn finn ana ngailidib
7165] & ana n-innib, óir atá bríg gearrthach thirmuigtheach
Cerasarium .i. an deoch do-níthear do na seirínib & do phumerium, as gaire do nádúir fína iat ná
7170] an linn. Et as í mu dóich gurab imchubaidi iat a coiméd na sláinti ná an linn, mur is follus don droing dearbus a mblas & a mbalad & a substaint; óir atáit siat cusmail co mór risin fín annsna cuingillaib sin, acht cé luga a teas & a n-oileamain
7175] & a comfhurtacht & a ndeadh-balad, ná teas & oileamain & comfhurtacht & deadh-balad an fhína; ar an adbur sin is luga as imchubaid iat a follamnugad na sláinti ná an fín. Ar an adbur sin na deocha so & a cusmaile fédmaid a molad
7180] do bél amáin, gid eadh, as toltanach linn & lénar lucht ingráduidthi an fín do réir oibrigthi & craidi.
Indumentorum usus est nisisarius in regimine sanitatis .i. atá gnáthugad an édaigh éigintach a follamnugad na sláinti; ar an adbur sin laibeórmaid
7185] díb, et cuirfimid riadlacha bus inchoiméda {MS P page 409}do na hédaighib & do na cumduigib eile ann so.
An chéd-riagail díb .i. gurab é is cúis do na
Et as inchomurthaig co ndítninn in t-édach in corp ón fhuacht ar trí moduib: an céd-mod díb, i. co toirmisginn sé in t-aer fuar ón chorrp innus nach teagmann an fuacht teacmuiseach gan
7200] inmeadón dár corpuib; an dara mod .i. inntaigid & connmuid na hédaighi na deathaige & na leanna teasaidi a fuirimeall in chuirp, & arna n-imdugad mur so a fuirimeall an chuirp téigid siat an corp. Tertio calefaciunt corpus nostrum6
7205] ó theasaideacht do réir spiraidi & do réir bríge; & treóruigthear an teas sin ó theasaideacht & ó spirad an chuirp daena ó chumachtain chum gníma, mur do-ní púdur pibair arna chonnmáil annsa láim an lám do théigead ó theasaideacht do
7210] réir bríge, & treóruigthear an teasaideacht sin ó chumachtain chum gníma ó theasaideacht na láime. Agus as mur sin fhéduid na hédaighi co minic an corp do théigead do theas gnímach &
An dara riagail .i. gach fuaire & gach gaethmuire beas an aimsear & gach séime beas in t-aer, as í in méide sin dligmid mórán éduigh do beith againn, & co háirithi an uair beas an corp tearc foámuigtheach & an coimplex fuar. Annsa geimread,
7225] immorra, atá mórán do na héduigib & do na cumdaigib éigintach ann, & nísa mó annsan oidchi ná sa ló, & nísa mó an uair thshéidius in gaeth ná an uair nach sédinn, & nísa mó annsa doininn ná sa soininn, óir is cumachtaigi théidius an
7230] salann7 annsa soininn ná sa doininn. Tuillead: na daíne gá mbít coimplexa tearca, mur atáit, na daíne gá mbít musgailí édlúithi, mur atá, a mbeith póireamail, & ag nach fuil feóil chruaid acht a beith bog, is dóib sin is baedlaigi in fuacht,
7235] & is iat is mó rig a leas ré hédach. Agus mur an cédna do na seandaínib & do lucht leanna finn, is mó reaguid siat a leas ré hédaighib, óir is mór gortaigthear an drong so óna cusmailius & furtachtaigthear óna contrárda; ar an adbur
An treas riagail .i. gurab luga rig a leas lucht in tshaethuir édach ná lucht in chomnuide; óir téigthear na boill fhuirimeallacha ón tsaethur &
7245] cnaítear imurcracha fliucha na mball & cruaduidthear na boill méid éigin & do-níthear neam-fhoámuigtheach iat. A lucht in chomnuide, immorra, bít a mboill fhuirimeallacha & a teas a' cumsanad, & is éigin co comfhurtachtaigthear iat
7250] óna clúdad, & treóiruigthear an teas méid éigin ón chlúdad sin ó chumachtain chum gníma.
An ceathramad riagail .i. na daíne gnáthuigius stufaidi, in uair theagmus aer fuar dóib, ana diaid sin is mór rigid a leas ré clúdad ar son co
7255]
ngortaigthear iat co hurusa ón fhuacht, óir do gnáthuigeadur co mór teas roime sin; óir mur nach bí fulang ón gnáthugad, as trít sin an uair theagmus ní contrárda neam-gnáthuigtheach dár corpuib bít foámuigtheach air gu mór. Agus
7260] teagmaid sin don droing gnáthuigius fothragad tirim, óir atáit póire osgailti tearca acu, & do réir chonsiquens an fuacht teacmuiseach beanus {MS P page 410} rú , téid co luath & co fuirfi ana mballaib & gortaigthear iat. Ar an adbur sin reagur a leas
7265] mórán éduigh annsa chéd-fhuacht teagmus tar és an fhothraigthi, ar son co mbí claechlód obann chum an fhuachta acu.
infra 212
An cúigead riagail .i. gurab mó reagur a leas clúdad annsa chodlad ná annsa neam-chodlad.
7270] Óir tarraingthear an teas chum na mball inmeadónach a n-inad an díleagtha, & mairit na boill fhuirimeallacha lomnacht ó theas & ó spiraduib a n-aithfhégad mur bít ana ndúsacht, & mur sin atáit siat ullum chum a ngortaigthi ó fhuacht
7275] an aéir theagmus dóib. Agus an ball atá ro-fhuar as ro-mór rig sé a leas a chlúdad, & as í sin an inchinn. Ar an adbur sin is mór rig a leas an ceann a chlúdad, & co háirithi a n-aimsir in chodalta, óir éirgit deathaige chum na hinchinne
7280] a n-aimsir in chodalta fhuarus in ceann; óir inntaigthear na deathaighi sin a nádúir uisgi; ar an adbur sin as í mo thuicsin gurab mó dleagur an ceann do chlúdad a n-aimsir in chodalta náid na baill eile. Gid eadh, is córa na baill eile do
7285] chlúdad a n-aimsir in neam-chodalta, óir curthar mórán do theas & do spiraduib chum na hinchinne ar son na mbríg ainmidhi inmeadónach, óir is annsan inchinn beóaigthear na bríga sin, & is trít sin is lór a teas a n-aimsir an neam-chodalta;
7290] & a chontrárda sin a n-aimsir in chodalta, mur adubramar romainn.
Rainn an ochta, immorra, is mór dleagur a chlúdad & ní hannsa chodlad amáin sin acht annsa neam-chodlad; óir is deacair rainn an ochta do
7295] 8dín ón fhuacht, óir atairrngid aér fuar do gnáth & tuitid reuma do gnáth ón inchinn chum rann
Na boill fhuirimeallacha, immorra, is beac rigit a leas a clúdad, mur atáit, na láma & co háirithi a n-aimsir an neam-chodalta; óir is beac nach fuilid siat a cumsgugad do shír, óir is orgáin atá
7545] arna n-ullmugad chum gluasachta iat. Agus is luga rigid a leas na lámha clúdad náid na cosa ar son co toirmiscthear a n-oibriugad (nó cuid de) ón édach, & ar son a mbeith a ngar do thobar an teasa. Tuillead: atáit mórán d'airtirib a fogus
7550] do na lámuib ana fhadur puls láidir & mórán do theas an chraidi. Ar an adbur sin na hoibrigthi chum ar horduideadh na láma ón nádúir, mur atá, saethur mór, cúisigthear teas & spirad inntu ón tsaethur sin & ó bríg fhollamnuigthi an chuirp;
7555] ar an adbur sin ní rigid a leas clúdad mur rigid a leas na boill eile.
Na cosa, immorra, atáit siat arna n-ordugad chum gluasachta & chum oibrigthi, & an uair bít arna cumdach co ro-mór ó édach ní fhéduid na
7560] hoibrigthi sin d'fhoirfiugad co maith ; ar an adbur sin ní rigid a leas mórán clúdaid acht cé mó rigid a leas ré cludad náid na láma.
infra 213-4
An bél & an aduid , immorra, ní rigid a leas cumdach acht muna tí éigintus mór, óir cuirid
7565] an nádúir mórán teasa chum na haigthi ar son oibrigthi na cédfad, atá a rannuib na haithi co mór; óir ní héidir na hoibrigthi sin d'fhoirfiugad co himchubaid & cumdach im an aduid.
An sémad riagail do-gabur í ón aibíc . Óir
7570] an drong gá mbít boill fhuirmeallacha fheólmura is beac do chlúdad rigid a leas a n-aithfhégad na droingi gá mbít a mbaill lomnacht ó fheóil; óir is luga gortaigthear an drong sin ó fuacht ná gortaigthear an drong ara mbí beacán feóla.
An seachtmad riagail do-gabur í ó éxamlacht imda in chlúdaid & an édaigh. Óir atá cuid do na héduigib te co mór, & cuid te co beac, & cuid eile co hinmeadónach. Na hédaighi do-níthear do na croicnib is mó théigid siat co coitchinn ná do-níd
7580] na hédaighi eile; & ana diaig sin na cumdaigi do-níthear do na héduidib olla bís cael bog dlúith; ana diaid sin na hédaighi do-níthear do bombax; {MS P page 411}& ana diaid sin na hédaighi do-níthear do shída; & fá deóig na hédaighi do-níthear do lín, & is iad
7585] so is luga is te co nádúrda díb. Et éxamailtear méid nó loigid teasa an éduid do leith an ealadhnóra: óir do-níthear in t-édach d'fhinnfad chael nó reamur, nó fidthear é co dlúith nó co tana, nó bíth in t-édach dúbluigthi nó aenda,
Et fédtur a chonclúidiugad as na ráitib sin gurab éduigi nóid furraidi séime ara mbí beacán d'fhinnfad tearc rigid a leas na daíne gá mbí
7635] coimplex teasaidi, & a mbeith a n-aís óig & a réigión teasaidi. Et a chontrárda sin do na daínib gá mbí coimplex fuar, & bís a n-aís arsaid, & a n-aimsir fhuair, & a régión fhuar, & gá mbít cuirp thruaga thearca, as furraidi tiuga ara mbí mórán d'
7640] fhinnfad dlúith rigid a leas. Agus mad áil linn an corp do thirmugad & imurcacha na mball do chnaí is maith cumdaigi cruaidi garba bís tearc co mór & a mbeith a ngaire don fheóil co háirithi. Ar an adbur sin gibé lérab áil a chorp do
Quoniam quidam sunt comendabiles seu uenerabiles .i. atá drong do na daínib lérb áil a mbeatha do
7655] breith as co hanórach inmolta, innus gurb áil leó beith slán, ar an adbur sin do-bér dom aire aen-chaibidil athchumair do génum don regimen is fearr do-chíbh dóib. Ar an adbur sin as {MS P page 412} intuicthi, acht gé atá gním na coimriachtana
7660] tarbach a coiméd na sláinti, gid eadh, ní fhuil sé éigintach; ar an adbur sin drong éigin do na sean-daínib do luaid d'fhollamnugad na sláinti, ní dearnadur siat mensión don choimriachtain. Óir bít mórán do na daínib mairius slán gan
7665] choimriachtain mur mairid drong eile slán maille
An chéid-riagail díb do-gabur í do leith in gnáthuigthi. Más ead, as intuicthi gurab do na neithib choimédus duine slán neam-gnáthugad gníma na coimriachtana, mur is follus annsna
7680] mnáib an uair nach gnáthuigid bainne do thabairt dá leanbaib nach geintear bainne 'na cígib, & is trít sin nach éidir leó na leinm d'oileamain. Et mur an cédna, an uair nach gnáthuigid boill na geineamna gním na coimriachtana, ní
7685] himduidthear sperma inntu & ní geintear uatha, & do réir chonsiquens ní dúisgthear chum na coimriachtana iat. Agus as inchomurthaig co deithideach, dá ngnáthuigead neach coimriachtain ré haimsir fada, nach innil an gnáthugad sin do
7690] chlaechlód co hobann acht tar és a chéile, óir is réd guasachtach a follamnugad na sláinti an gnáthugad do chlaechlód co hobann. Agus mad
Tuillead: bíth a fhis agad, in drong gnáthuigius fiadach & gnéithi na cluithid & cuisleanna & díniti, co coimédann sin na daíne & co comfhurtachtaiginn
7710] co mór iat, & do-ní in fheallsamnacht & stuidér na leitreach in cédna; & co háirithi do-níd na deidh-bésa & in t-allus in cédna, & do-níd na cathanna & a gnímurtha in cédna, óir furtachtaigid na neithe sin co mór & coiméduid duine geanmnuid.
Tuillead: is mór choiméduid so duine geanmnuid, mur atá, cuisle & fothragad tirim & saethur láidir & fothragad. Agus na daíne nach gnáthuiginn
Tuillead: gibé lérb áil beith geanmnuid seachnad
7725] sé biada dúisgius neach chum coimriachtana, & teas mur in cédna, nó spiruid, nó gaethmuireacht arna timurgad a mballaib na geineamna. Agus na biada do-ní sin do sgríbamur iat don taeb thuas dín annsa dara pairteagal don leabur so
7730] annsa chaibidil do-rinneamur do riadlachaib follamnuigthi na sláinti do-gabur ó éxamlacht na mball, & atá sin a ndeireadh na caibidleach. Agus in drong lérb áil beith geanmnuid, seachnuid siat na neithe sin uile; & is maith na neithe gnáthuigius
7735] in sperma do thirmugad annsa chúis sin.
{MS P page 413}Et is maith na neithe fhuarus & tirmuigius baill na geineamna, do gnáthugad annsa chás so. Agus dá teagmad co ndúiseóchad gaethmuireacht neach chum coimriachtana ar son éirgi na slaiti,
7740] más ead, is maith na neithe gaethmura do sheachna & na neithe brisis in gaethmuireacht do gnáthugad & tirmuigius an sperma. Agus atá cuid díb sin fuar & cuid eile tirim. Na neithe fuara, immorra, mur atá, lentes & a n-eanbruithi arna bearbad
7745] maille ré sene & ré síl cnáibi, & coriandrum, & síl lactuca, & meadg bainne gan im & é goirt co mór,
Tuillead: bíth a fhis agad co tirmuigid na neithe so an sperma dá n-ongthur baill na geineamna & na dubáin leó, mur atá, ola poipín & ola gaifne;
7755] & do-ní lile & síl ruibi in cédna, & duilleabur & síl angnus castus , & calamint, & eufurbium, mirr, & cuimín; ar an adbur sin tirmuigid an lictabáire ré n-abur diasiminum adbur an sperma, & co háirithi an drong gá mbí coimplex teasaidi; &
7760] caitear é a n-aimsir theasaidi maille ré haigéid.
Tuillead: bíd a fhis agud gurab do na neithibh thoirmiscius toil na coimriachtana boill na geineamna do chur a n-uisgi fhuar, & co háirithi dá mbia sin ann annsan aimsir a ndúisgthear í chum
7765] na coimriachtana. Tuillead: an drong gá mbít dubáin té & boill na geineamna, pláta luaidi do chur ara ndubánuib & a phollad co min, & a n-ongad lé holaid éigin fhuair thirim, & dá ngnáthuigthear sin is mór muchus sé toil na
7770] coimriachtana.
Tuillead: ní dligid biada na droingi lérb áil beith geanmnuid mórán oileamna do beith inntu ná beith teasaidi fliuchaidi, acht dligid siat beacán
Tuillead: an drong lérb áil beith geanmnaid, bít siat neam-chodaltach, & caithid nísa luga ná a ngnáthugad , & ná bíth siat dímaíneach, óir ullmuigid in dímaínius an oileamain chum locht,
7780] & ní chum na drúisi amáin acht chum móráin do lochtaib eile. Agus moluim an drong lérb áil beith geanmnaid gnáthugad d'angnus castus a fothragad & a ndeathaigib & chum a chaithme. Et deisigthear a seómra 10 & a leapthacha d'angnus
7785] castus, óir atá dísleacht chumachtach aigi do médugad na geanmnuideachta, mur bearuid na heagnuidi fiadnuise .
Agus as mór do na daínib nach gnáthuiginn coimriachtain agá mbid gailidi & craidi égruaidi
7790] anfanna; más ead, is maith dúin ar n-aire do thabairt do chomfhurtacht an gaili leis na leigeasuib itear & ibthear, & mur an cédna do na ceirínibh teasaidi nó fuara nó measurda mur do-cífithear don liaig do réir éxamlacht an
7795] choimplexa & na haimsiri & na haísi & a cusmaile; & adubramar na neithe so co lór don taeb thuas dín sa dara pairteagal don leabur so sa chaibidil labras do choiméd na mball, mur a laburthar do choiméd an gaili, & tuicthear an cédna don chraidi.
Agus bíth a fhis agat gurab imchubaidi an
7820] sgeathrach don droing lérb áil a ngeanmnuideacht do choiméd náid na leigis laccthacha eile, óir dobu baedal tosgugad an adbuir sís ón leigeas lagthach. Tuillead: .i. is maith cuisli do ligean do shofena don taeb astig do na haltaib don droing
7825] ara mbí anfainne craidi & gaili. Tuillead: bíth a fhis agat co ndéin smargadus & safir duine geanmnaid innraic.
infra 223-4
Consequenter dicendum est de regimine 11 iter agencium .i. labrum anois do regimen lucht an
7830] tsiubail, & cuirfimid riaglacha air ann so.
An chéid-riagail díb .i. in té thshanntaigius siubal do dénam do réir éigintuis dligid sé a gnáthugad do chlaechlód a mod a bheathad.
Riagail eile .i. is mod ar leith dligius lucht an
7835] tsiubail do beith acu ó lucht an chomnuidhi, óir do budh , baedal droch-easláinti do geineamain ó theinnius & ón tsaethur theagmus do lucht an tsiubail acht muna claechluigthear an gnáthugad. Agus ní dleagur an gnáthugad sin do chlaechlód
7840] co hobann acht do réir uird; ar an adbur sin is éigin gibé shanntuigius siubal do dénam ord do gnáthugad. Et a tosach an tshiubail déntur beacán saethuir, & gnáthuigthear mur sin d'és a chéile nó co tinnsgaintear an siubal; & tuicthear
7845] a chusmailius sin don tart & don ocras. Et is ní ard annsa chúis so an gnáthugad do chlaechlód. Et dligid sé an biad thshanntaigius sé do gnáthugad a n-aimsir an tsiubail. Et is mó an guasacht atá do lucht an tshiubail annsna neithib nár gnáthuigidur
7850] siat & do na daínib égruaidi & do na daínib
An dara riagail do-gabur í do leith an bíd, óir dligid sé beith so-díleagtha & substaint maith do beith aigi & beith a caindiacht fhoguis gan beith mór. Agus atá aen-ní agum dá rád fá cheann
7860] oileamna na droingi so .i. co ndliginn sí beith mur so .i. co .i. díleagthur é co luath & co maith & ná timaircthear imurcacha isna cuisleannaib; & na biada atá mur sin adubramar iat don taeb thuas dín sa chaibidil labras do na biaduib & do na
7865] deochaib co generálta
Tuillead: ní dligid siat marcaideacht do dénam & an gaili lán do biad innus nach truaillfidi an biad annsa gaili, & nach bud éigin dóib uisgi d'ól innus nach dearnad sé fodar ná gaethmuireacht
7870] ana meadón. Agus fuirigthear gan biad do chaithim an tan sin co huair in chaithme; & mad éigin an biad do chaithim caitear beacán de innus nach bud éigin deoch d'ól; ar an adbur sin dligid siat in deoch do sheachna & co háirithi an t-uisgi.
Tuillead: dligid lucht an tsiubail na praiseacha & na tortha do sheachna & gach ní geinius leanna oma, acht muna tucthur iat do leith leigis.
infra 225-6
Tuillead: ní dligid lucht neam-álguis an bíd siubal do thinnsgaint; más ead, codluid siat ar tús
7880] innus co leigistigi an fastidium.
Agus mur an cédna ní dligid lucht na gorta saethur do dénum, óir an lucht ara mbí gorta & éigintus mór ní dligid saethur ná siubal do dénum, óir as í an bríg dleagur do chomfhurtacht
7885] ar tús. Gid eadh, fédtur an t-éigintus do laigdiugad ar tús a' laigdiugad na gorta innus co sgristur co léir álgus an chaithme nó laigdigthear é co mór, más ead, is maith biad do chaithim lé fédann duine breith as co fada gan biad; más
7890] ead, as intuicthi na biada do-níthir13 do na haeib róstaigthe & pillidi do-níthear d'almont & d'olaid almont & do geir mairt, dá caitear pille díb sin as fada fhuilingthear gorta dá éis. Tuillead: ola uiola ana curthar geir mairt coisgid an gorta, &
7895] dobud éidir lé neach do chaithfead .2. de sin breith as gan álgus inchomurthaid ré feadh deich lá acht beacán.
Et mur adearar don gorta tuicthear a chusmailius sin don tart. Et ós éigin an tart d'fhulang
7900] as intuctha leigeas choisgius in tart, mur atá, in t-aen-leigeas urusa édrum so .i. gabthur síl portolaca {MS P page 415}trí .3., & bris maille ré haigéid & ré huisgi an méid
An treas riagail do-gabur í do leith na cuislinni
7910] & do leith an leigis lagthaig, óir dá rigi a leas neach ré neachtur díb so do leith an línta ullmuigthear iat sul tinnsgaintear an siubal; & muna hullmuigthear is baedal dóib fiabras & neascóid & gortaigthi na mball fuirimeallach. Et dá mbia an aimsear
7915] fuar, fliuch, truailligthi, & gan beith te co mór, & na baill fhuirimeallacha láidir, & na leanna reamra & iat loisgthi méid éigin, as baedal lubra an tan sin. Más ead, is maith, sul tinnsgaintear an siubal, an leigeas lagthach nó an chuisle do thabairt
7920] do réir mur do-chífi an liaig, & cúisigthear an corp umal uatha sin & innil ó na heasláintib. Agus gibé lenab áil siubal do dénam ná dénad é ar mod ar doman gan comuirle leaga maith.
An ceathramad riagail do regimen lucht an
7925] tsiubail: & do-gabur é do leith teasa bís isna corpuib ó easbaid na coimriachtana. Et atá drong do na daínibh darab éigintach siubal do dénam a n-aimsir thé, & dligid siat co mór a n-inchinn do choiméd ó theas innus nach gortuigthear hí. Omacr;ir
7930] is meinic theagmus teinnius mór cinn do lucht an tsiubail ón teas sin, & fiabras efemera, nó fiabras
Tuillead: is maith do lucht an tshiubail uinneminti nóid olada do beith ar imchur acu do gnáth, mur atá, ola róis & uiola & nenufar & uinnemint populion , asa n-ongthur an t-ucht uair a ndiaid
Tuillead: dá mbia eagla droch-balaid ar neach ó
7965] aér nó ó gaíth truailligthi, iatur an tsrón. Et sul caitear biad in tan sin, eabur bainne dá mbeantur a im, ana mbia uinneaman gearrthur co min, & is mur sin is luga do-ní an droch-balad urchóid. Et is maith balad ola róis14, & a hól annsa chás
7970] so, & innarbaid an urchóid do-ní in gaeth truailligthi. Et dá teagmad urchóid ón droch-balad sin, crotar
uisgi fuar ar na ballaib fuirimeallacha, & innailtear an aigid as. Et ongthur an ceann leis na holaduib fuara adubramar romainn. Agus an uair do-déna
7975] sé comnuidhi tar éis an tshiubail, as imchubaid dó fín measurda do chomfhurtacht na bríge & do cheannsugad an tarta. Et as imchubaid iasg saillti do thogairm thochluigthi an gaili.
Agus dá mbia tart mór ar neach tar éis deathaig
7980] an aéir thruailligthi, déntur gargraisim nó innlad don bél do shiúcra, & sloigthear beacán tair éis a chéile de. Agus as maith don droing atá arna ngortugad ó theas, comnuidhi do dénam a n-inad {MS P page 415a} fhuar & na cosa do nigi a huisgi fhuar; & dá mbia
An cúigead riagail do-gabur í do leith na haimsiri fuairi; óir an drong shiubluigius a n-aimsir fhuair is mór an t-adbur eagla é, acht cé mór
7990] choimédus an aimsear fhuar lucht an tshiubail. Óir stupáiltear an corp co huilidi ón fhuacht & cúisigthear spasmus nó apoplexia & bás fá deoig ón fhuacht sin. Na baill fhuirimeallacha, immorra, mur atáit, na cosa & na láma & na súile, gallruigthear
7995] iat co gnáthach ón fhuacht an méide so innus co morgaid & co tuitid a tochlugad madramail; más ead, is maith don droing lérb áil siubal do dénam édaighi teasaidi do beith acu, dár labramur don taeb thuas dín a caibidil chumdaig na corp. Óir
8000] gnáthuigid an fuacht dul a n-inmeadón an chuirp trít an sróin & trít an mbél & trít na cluasaib & trí phóirib an chuirp; más ead, is maith na póire do dúnad mur is fearr fhédfair innus nach deacha an fuacht a n-inmeadón; óir atáit mórán sligthid
8005] annsa cheann & annsan aduid tré ngnáthuiginn an fuacht siubal co hinmeadón; más ead, dligid an liaig beith deithideach a' cumdach an chinn & na haigthi air eagla an fhuachta, óir idir na ballaib fuirimeallacha as iat na súile & an aduid baill is
8010] uaisle díb. Agus gnáthuigid siat gortugad do gabáil chucu ón fhuacht, mur atá, deargus &
Tuillead: dligid an liaig beith deithideach co mór a coiméd na mball fuirimeallach, & co háirithi
8020] na cos; más ead, cumdaigthear na cosa lé héduidib teasaidi, mur adubramar an corp uile do chumdach leó. Et sul tinnsgnus neach siubal do dénam, coimiltear na cosa co mór lé holaid na holiua, innus comad feirrdi do coimédfuidi an teas arna
8025] threórugad ó chumachtain chum gníma an choimilt sin. Agus ana diaid sin gabthur olann círtha & curthar ar na bonnuib í, & gabad asáin teasaidi uime ana diaid sin & buatuisi fairsingi, innus comad éidir leis a chosa & meóir a chos do gluasacht; &
8030] is do na neithib choimédus na cosa ón fhuacht sin. Et an uair fuarthar na cosa & meóir na cos in méide so innus ná gluaistear iat co fuirfe, gan comnuidhe coimiltear & ongthur iat mur adubramar romainn. Agus adearuid drong eile gurab maith
8035] na baill fhuirimeallacha do chur a n-uisgi fuar, & co n-inntaiginn sé iat chum a nádúire féin; & dá curthar chum tinead iat is beac do tharba do-ní dóib. Ar an adbur sin is fearr a cur a n-uisgi fuar ná a cur a ngaire na teineadh, óir téigthear
Tuillead .i. gibé thshanntaigius siubal do dénam a n-aimsir fhuair ná siubluigid sé nó co caithi sé biad, & nó co n-ibe sé fín deadh-balaid séim. Agus ní hinchaiti dó biad tair éis repletióin. Gid
8060] eadh, tar éis na nádúire do gnímugad ar an mbiad téigthear in corp in tan sin innus gurab éidir an siubal do thinnsgaint. Agus mad éigin an siubal do dénam gan inmeadón tair éis in chaithme, caitear beacán in tan sin. Agus ní hingluaisti
8065] & ní hintshiubluigthi co láidir an tan sin air eagla co truaillfidi an díleagad, acht siubal mín do dénam nó co ndíleagthur an biad ar mod éigin.
Agus dá mbia corp fir an tshiubail stupáilti ar téchtad, as inchoimilta an corp co huilidi an tan sin a n-inad te, & ongthur iat lé holaduib teasaidi deadh-balaid, mur atá, ola ainédi & ola an chamamilla & ola sticados & ola lile & ola ainéide
8080] & ola cuimin. Et ana diaid sin curthar a leabuid buig é, & curthar cumduidi uime beas te do réir brígi & gníma, & leagur dó mur sin cumsanad & codlad do dénam. Et dá faicim co mbia éigintus mór ag fear an tshiubhail réna chlúdad, curthar
8085] daíne gá mbeid cuirp theasaidi lomnachta gacha taeba de nó co téigthear é, & coimiltear a meadón & a shliasta & a ucht; & is maith ana diaid sin asa fetida 15 & mirr & pibur maille ré fín maith dóib. Et tair éis chodalta dó & athnuaigigthi a shláinti,
8090] eirgid a fothragad & dénad comnuidhi fada ann. Agus coimiltear ainnséin é & ongthar é lé holaid éigin dá ndubramar romainn & cumuiscthear na neithe so ris na holadaib sin, mar atá, castorium & costus & muscus & eufurbium. Et dá teagmad
8095] nach beith fear an tsiubail arna stupáil, acht
Et is iat so na biada dligius fear an tsiubail do chaithim a n-aimsir fhuair .i. na biada beas te do réir gníma & do réir brígi, & gnáthuigthear cnó & gáirleóg & uinneamain & lus do chur ana
8105] mbiaduib. Agus atá dísleacht chumachtach ag na cnoib do lucht an tsiubail, ar an adbur sin imchraid cnó annsan aimsir fhuair chum a caithme. Et is ar an adbur cédna dá mbristear cnó & gáirleóg co maith, & a cumusc ré heanbruithi
8110] feóla inmolta, & a caithim mur biad nó mur dig, téigid in corp co mór & dídnid ó fhuacht é. Agus fodnuid na comshuigigthi teasaidi eile do lucht an tshiubail annsan aimsir fhuair, óir ní dligid ar aen-mod beith 'na n-égmuis. Agus do-ní fín
8115] maith arna ól a méid móir an cédna maille ré biaduib olamla, & is mór in furtacht do-nít sin annsa chúis so.
Tuillead .i. ongthur nuca & cnáma in muiníl ó uair co huair lé huinnemintib teasaidi, mar
8120] adubramar don taeb thuas dín, óir ní dligid lucht an tshiubail beith ana n-écmuis ar aen-mod annsan aimsir fhuair. Ar an adbur sin curthar éduigi teasaidi do réir gníma & do réir bríge im an corp
Tuillead, bíth a fhis agad co ndligid lucht an tsiubail neithe deadh-balaid d'imchur annsan aimsir fhuair, mur atá, muscus & ambra & lignum aloeis & a cusmaile. Tuillead, bíth a fhis agad
8135] gurab dona neithib thoirmiscius gortugad lucht an tsiubail ón fhuacht innlad na mball fuirmeallach moch-thráth & ré laigi a huisgi the thshaillti, óir téigthear na boill fhuirimeallacha uada sin, & cruaduidthear & cnaítear na himurcacha innta, &
8140] bít siat foámuigtheach trít sin.
Tuillead, an drong gnáthuigius siubal an tsneachta teagmaid saebad dá súilib & neam-gluasacht & uireasbaid raduirc ó gile ainmeasarda in tshneachta & óna fhuacht imurcaid, ar son an
8145] dísgaílti do-bearar ar an súil ó gile imurcaid an tsneachta; ar an adbur sin is maith do lucht an tsiubail a n-aimsir an tsneachta éduigi duba do beith impu , & a cinn do chumdach lé héduigib duba, & éduigi duba do beith ana lámuib beas
8150] acu dá féchain.
An seisead riagail do regimen lucht an tsiubail, & do-gabur í on égruas & ón tsaethur theagmus dóib co gnáthach. Et an uair theagmus saethur {MS P page 416} mór & corthacht d'fir an tsiubail, an uair thecémus
8155] ósda dó, dénad comnuidhi uair nó dá uair ann;
An tseachtmad riagail do-gabur í do leith an uisgi as éigin do lucht in tshiubail do gnáthugad. Gid ead, do luaideamur don taeb thuas dín do na
8170] huisgib maithe & do na droch-uisgib, & mur beantur a n-urchóid astu a riadlachaib regimen na sláinti do-gabur ó éxamlacht na ceathra ndúl; ar an adbur sin rithim chum na caibidleach sin.
Gid eadh, bíth a fhis agad co ndénuid uinneamain
8175] & gáirleóg & lactuca, arna caithim maille ré haigéid, duine innil ó mailís an uisgi, & is maith chum an neith chédna uisgida éxamla do chumusc maille ré haigéid. Et dá mbia an t-uisgi saillti & comad éigin a ól, curthar na tortha so ann, .i.
8180] sorbe & sitonea, & eabur maille ré haigéid iat. Et dá mbia 'na uisgi locha & truailliugad do beith ann, cumuiscthear súg ubuill gráinig ris, & súg uball ngoirt, & eabur mar sin é; & seachaintear
Et dá mbeam a cunntabairt in mbeith sangis sugi nó péisti beaca do-thachmuici annsan uisgi,
8190] eabur an t-uisgi tré édach tana lín ar eagla na piast do thshlugad. Et dá mbia fasdidium ar neach eabar an t-uisgi maille ré súg na n-uball ngráineach.
Oportet qui per mare uult transire & cetera .i.
8195] gibé thshanntuigius dul ar muir is éigin dó laeithi roim dul ar muir cuisle do ligin, & nísa luga ná ar gnáthuig sé roime sin do chaithim; & gnáthuigead biada chomfhurtachtaidius an gaili adubramar romainn a caibidil choiméda an gaili don taeb
8200] thuas dín. Tuillead, gibé lérb áil dul ar fairgi oilead sé é féin lé hublaib gráineacha & lé horáitsib & lé hublaib fiadáin, & ré fín maith deadh-balaid, & ré hiasguib beaca saillti, & leisin comshuigiugad do-níthear do phéireaduib & d'oráitsib & d'aigéid
8205] & do spísraib, & mur an cédna imurchad sé
Agus an céd-lá reachus neach ar muir ná féchad sé an t-uisgi & ná tógad a cheann co hard, & ná hithid & ná hibead acht beacán; & is do na neithib chomfhurtachtaidius an gaili so & shrianuidius an
8215] sgeathrach. Agus dá teagmad co mbeith buaideart annsa gaili chum sgeathraigi, leagur dó méid éigin sgeathraigi do dénam & ní déna urchóid. Et is dóich co coisgfid na neithe so an sgeathrach imurcach, mur atáit, ubla gráineacha & ubla
8220] buidi, & arán róstaigthi arna thuma a finégra maith. Et bíth a fhis agad co coisginn síl meirsi an sgeathrach, & co háirithi dá mbia sé arna gearrad & arna thuma a n-aigéid. Et is do na neithib choisgius an sgeathrach aipsint d'ól, nó ceirín
8225] do dénum di, nó a balad do gabáil. Tuillead, is maith neach d'oileamain lé neithib aigéidigthi chomfhurtachtaidius bél an gaili & toirmiscius na deathaige d'éirgi chum na hinchinne, mur atáit so, .i. lenntes arna mbearbad nó arna róstad
8230] maille ré haigéid & a caithim, nó maille ré hagresta {MS P page 417}& beacán do phúdur cailimint do chumusc ris .
Sciendum quod homines sani comuniter utuntur confexionibus ante cibum & post .i. bíth a fhis agad co ngnáthuigid na daíne slána, na comshuigigthi roim an mbiad & 'na diaid, & an gaili línta nó folam, & a n-aimsir fhuair nó the; más ead, is
8240] maith aen-chaibidil speitsialta do dénam do na comshuigigthib.
Más ead, bíth a fhis agad co ngnáthuigid na daíne co coitchinn na comshuigigthi ana sláinti do leith a toile, ar an adbur sin do réir mu thuicsina
8245] is mó d'urchóid do-nít a follamnugad na sláinti ná do tharba; & dámad imchubaid iat do na corpaibh slána ar aen-mod is do choiméd na sláinti & do theagmáil d'urchóidib éigin teagmus co cumachtach do na corpaibh. Gid eadh, ní har an adbur sin
8250] gnáthuigid na daíne iat acht do choimlínad na toile, óir gnáthuigid siat na comhshuigigthi innus comad móidi do ibdais do dig iat; & is é in t-arán bud fearr dóib in tan sin. Agus as ar an adbur
Más ead, bíth a fhis agad gurab iat so na comshuigigthi is fearr gnáthuigthear & is toltanaighi ,
8260] mur atá, sinsér & siúcra maille ré mil & cnó. Et is maith ainís mur shabsa leis na biaduib, nó carabuaid , nó coriandrum, nó siúcra rosarum, nóid cnó arna cumusc maille ré mil & ré siúcra, & dactuli.
Agus atá cuid do na comshuigigthib nó do na sabsaib imchubaid annsa geimread & do lucht na coimplex fuar & annsan aís arsaid. Agus is iat na comshuigigthi teasaidi fhodnus in tan sin, mur atá, sensibratum, & sinnsér arna chumusc
8270] maille ré mil, & cnó, & siúcra, & clóbus, & mil, & comshuigigthi eile teasaidi.
Et atáit cuid eile is luga is te ná sin díb, mur atá, siúcra rosarum & dia sitrum fhodnus co mór annsa tshamrad & do lucht an choimplexa teasaidi
8275] & na haísi óigi. Et is maith péirida mur shabsa chum an neith chédna, & cucurbita & coriandrum; & is luga is te na comshuigigthi so ná na comshuigigthi adubramar romainn.
Tuillead, atá cuid do na comshuigigthib as
Agus má do gnáthuig neach éigin brúchtach nó gaethmuireacht do mothugad ana gaili, nó biada gaethmura do chaithim, nó gaili gaethmur do beith aigi co huilidi, as maith tair éis bíd an
8320] tan sin ainís & carabuaid do gnáthugad . Et dá mbia bél an gaili anfann co nádúrda ag neach gnáthuigthear coriandrum tair éis bíd, & co háirithi annsa geimrid maille ré púdur spísraid, & annsa tshamrad gan spísrad. Agus tair éis
8325] bél an gaili d'iadadh ní hinchaiti spísrad & ní hinóla deoch, acht gé atá gnáthugad na maigistreach & na ndaíneadh conáich 'na aigid so; óir osgailtear bél an gaili uatha so, & co háirithi dá mbia toil acu chum a caithme, & as cúis do thruailliugad
8330] an díleagtha an osgailt sin, nó dá laigdiugad annsa gaili. Item, is luaithi díleagthur na comshuigigthi so náid na biada eile, & an uair nach fédaid siat an gaili d'fhágbáil anuid ann nísa mó ná an
Agus mad áil lé neach comshuigiugad do chaithim idir dá biad & gan an gnáthugad do chlaechlód, as iat na comshuigigthi médaigius an díleagad dleagur do thabairt an tan sin, & atá séim do
8340] réir substainti & gníma; óir is luath cumuiscthear na comshuigigthi sin risin maiste & is mur sin is luga thoirmiscid siat an díleagad, & díleagthur iat leis na biaduib eile. Agus adeirim nach imchubaid pineatum & fisticatum & dactuli & cnó & a cusmaile
8345] do chaithim ar aen-shligi risin mbiad mur as imchubaid na neithe sin adubramar romainn. Gid eadh, as imchubaid sinnsér & a cusmaile do chaithim ar aen-shligi risin mbiad . Tuillead, atá drong do na daínib gá mbí bríg díleagthach anfhann
8350] ana ngaile 16 co huilidi, & gá mbít gailidi fuara gaethmura, & is maith dóib sin comshuigigthi teasaidi do chaithim uair roim an cuid brisis an gaethmuireacht; & is mur sin is fearr díleagus an gaili an biad gabus sé chugi. Agus dligid na
8355] comshuigigthi sin adubramur romainn do chaithim roim an mbiad in méide so do spás innus co treóraigthe ó chumachtain chum gníma iat ó theas an gaili, innus co téigdis an gaili & co tuitidis ana íchtar. Et as í mo thuicsin gurab lór spás
Agus is lór lim na neithe athchumaire sin do na comshuigigthib.
Deinceps determinare volumus de regimine corpurum
8375] que parata sunt caderi in egritudinem .i. ó do luaideamur don taeb thuas dín do na riaglachuib
{MS P page 419} Et as indénta aen-chomrád coitchinn do na corpuib sin uile, óir as inann coiméd dleagur do
8395] thabairt dóib annsan aimsir atá chugainn & leigeas annsan aimsir atá ar láthair; óir is leis na leigeasuib lé leigistear na heasláinti co gnímach leigistear an drong atá ullam chum tuitme a n-easláinti a fogus, & is mur sin do-gabur a
8400] follamnugad co lór ó regimen leigisius iat. Más ead, ná heirgeam tar tórannuib ar toile féin .i. don regimen choimédach & don regimen rém-choimédach . Et céimneóchad co hathchumair
Ar an adbur sin bíth a fhis agad an drong atá
8410] ullam chum tuitme a n-easláintib co mbít siat ullam chum tuitme a n-easláintib ó repletion na leannann, nó ó anmuine, nó ó mailís éigin bís ana coimideacht. Chum an chéid-neith díb sin is measraigthi caindiacht na leannann. Chum an
8415] dara neith is measruigthi cáilideacht na leannann tré chontrárdacht chum na críche so comad éidir an corp d'oileamain uatha, nó co mbeadais umal don innarbad. Et measraigthear caindiacht na leannann maille ré beacán bíd [H2] 18 & dighi & lé médugh
8420] an tshaothair & lé coimelt & lé fothragad; & mad éidir leó allus do chur díbh ullmuigthear iat chum in alluis uair éigin, & tar és an alluis do chur díbh ná tobharthar biadh dóibh gu spás ceithri n-uairead, acht munbhud eagail lind gluasacht
8425] leanna ruaid chum an ghaile, óir is cóir in drong sin do bhiathad roimh in fothragad. Et dá mothuigid in drong sin dúinti ana taebhaibh, gnáthuigid siad neithe aithinti dílsi dá coimplex
[H1] Et an drong atá ullam chum tuitme a n-easláintib, atáit aicídi & comarthaí theagmus dóib do leith na n-easláintid sin do-ní rém-fháisdine
8440] dóib. Agus dob áil lim labairt co hathchumair dá n-aicídib & dá comurthaib annsa chaibidil so, óir is risin leabur labrus d'inntleacht na sláinti beanus tráchtad co speitsialta dóib so. Ar an adbur sin tinnsgnum ó droch-álgus rém-fhoillsigtheach
8445] na heasláinti atá generálta annsna heasláintib eile, & cuirfimid a leigeas ainnséin. Agus as é an droch-álgus sin nó an droch-fhoámugad an saethur toileamail.
Et bíth a fhis agad chum tuicsina an neith
8450] so co fhuilid gnéithe imda ar an saethur nó ar an corthacht .i. saethur créchtach, nó saethar rigtheach , nó saethur tromda, nó saethur neascóideach (nó saethur lastach), nó saethur tirmuigtheach, & gnéithe eile comshuigigthear astu so.
8455]
Et gairthear saethur créchtach in uair shaílius
An teinnius sínteach, immorra, nó rigtheach , an uair tuicthear co mbít na lámha & an corp co
8465] huilidi agá rigid amail shreing boga; & is é is cúis dó sin, imad an adbuir arna shúgad ann ag na ballaib mothuigtheacha, mur atáit, na féithi & lacerti & na muscuili. Et ar an adbur sin is ar éigin fhéduid siat a síneadh, nó ménfadach do dénam,
8470] ar son an línta imurcaid bís annsna ballaib mothuigtheacha.
Et is ris adearar teinnius tromda, an uair do-chíthear don duine co mbrúidthear & co tromuidthear a chorp mur do-géntaidi ó eire throm; {MS P page 420}
8475] & is é is adbur dó sin .i. mórán do leannaib reamra rigne ar n-imdugad annsna ballaib.
An teinnius neascóideach, immorra, nó lastach, is amlaid bís sé .i. co mothuiginn an duine é féin tenn lastach innus gurab ar éigin fhuilngius sé
8480] a glacad, & mothuigid sé do gnáth lasad mór ana shlinnénuib; & is ó imdugad leannann agá mbít droch-cáile bís sin. Et bít droch-inorduigthi eile ar na corpuib, mur atá, ménfadach, nó ridi,
Agus bíth inordugad eile orro ré n-abur saethur tirmuigtheach; & ní bí teinnius ná corthacht annsa gné shaethuir sin acht an croicinn do beith garb an uair glacthur é, & do-chíthear dó co tirmuigthear
8490] nó co cnaítear a chorp; & teagmaid sin ó aipstinens, nó ó shaethur imurcach, & mur sin do na neithib eile thearcaidius & tirmuigius an corp.
Et teagmuid cúis na saethur sin adubramar
8495] uair ann co fuirimeallach & uair eile co hinmeadónach: co fuirimeallach, mur atá, saethur imurcach, óir leagthur & dísgaíltear na leanna & an geir & an méthrad, & an fheóil do théchtad co nuad ón tsaethur. Et tosguigid so chum na
8500] mball mothuigtheach & cúisigid [H2] muid égsamhla na corthachta do réir mar th eagmaid siad do na ballaib fuirimeallacha nó inmeoghánacha, nó do na ballaib mothuigtheacha nó neam-mothuigtheacha, do réir mar atáit na cúisi so ó droch-cáil
8505] truailligthi nó ó chaindigheacht imarcaigh. Agus do-ní fothragad an ní cédna so, & teas gréini nó tineadh, nó fuacht aéir, nó coimelt, nó coimhriachtain imarcach, & gach uili ní atá leath amuich don chorp noch ghenis iat.
Na cúisi inmeoghánacha, immorra, ó ngentear
Et an uair theagmuid gnéithe na corthachta ó
8560] na cúisib fuirimeallacha, ní mór as ineagluigthi iat an tan sin, óir is urusa leó dul ar cúl ó chumsanad & ó fhurtacht an leaga; óir ní dénuid na cúise fuirimeallacha urchóid mur do-níd na cúise
Liber Aphorismorum Cap. 2
.i. foillsigid na saethair thoileamla naAnnsa tsaethur chríchnuigtheach, immorra, & co háirithi an uair tic sé ó chúis fhuirimeallaig, ceangailtear cumsanad ar an droing ara mbí sé,
8595] & coimiltear co mín iat ainnséin, innus co n-innarbthur an t-adbur atá faí an croicinn a ndeathaigib. Et ongthar iat ainnséin lé holaid oliua anaipchi, nó maille ré holaid na n-almont milis; & muna mínidi sin in teinnis, déntur an
8600] choimilt nísa láidiri, & furáiltear air saethur measurda do dénam, & curthar a fothragad measurda é, & taburthar diet séim dó; & muna mínidtear an teinnius mur sin, & co faicfear an corp do beith línta, folmuigthear é an tan sin fá
8605] iniaratus an leanna.
Et dá mbia an teinnius rigtheach, is comartha sin co fuil droch-cáil annsna leannuib & caindiacht imurcach; & déntar na neithe so adubramar romainn do réir uird, acht a mbeith nísa láidiri
8610] .i. an choimilt do beith fada láidir, & aipsdinens mór, & fothragad athamalta d'fhad; & curthar ola camamill 19 a ceann na n-olad adubramar romainn. Et dá mbia an teinnius ré fead 20 trí lá co continóideach, & nach fédtur a chosg, tuicthear
8615] as sin co fuil an t-adbur annsna cuisleannaib, & folmuigthear é an tan sin fá iniaratus an leanna cintaig.
Et dá mbia an saethur tromda déntar gach aen-ní dá ndubramair romainn nísa mó &
8620] nísa láidiri an tan sin, óir atá an t-adbur co domuin arna shuigiugad annsna ballaib mothuigtheacha. Ar an adbur sin calmuigthear & arduigthear na neithe adubramar romainn, & curthar ola lile & ola lauruis a ceann na n-olad
8625] adubramar romainn; & muna dearnuid so furtacht, folmuigthear mur is éigin, óir atá an t-adbur pheacuidius co himda.
Et dá mbia an teinnius neascóideach, nó lastach, is luath chuirius sé neach a fiabras. Agus
8630] leagar cuisle a caindiacht móir dóib an tan sin, {MS P page 422}& is baegal an fiabras dá mainneachtnaidthear ligin na cuislinni.
Et dá mbia suigiugad tirmuigtheach a corp an duine, ceangailtear cumsanad air an tan sin, &
8635] taburthar biada oilius co maith dó, & déntar fothragad uisgi buig dó an tan sin, & fothragad uisgi fhuair nó a ngar do beith fuar ana diaid sin. Et as intuicthi ana diaid sin, dá mbeid na leanna oma annsna cuisleannuib, nach dleagur an
8640] chuisle do ligin ar aen-mod do réir Galen, óir do tarróngtaigi na leanna oma chum na mball ó ligin na cuislinni. Agus ná dénuid saethur & ná coimiltear iat, & ná déntur fothragad dóib, óir disgaíltear & gluaistear na leanna uatha so, &
8645] dobudh eagal fiabrus do theacht; & ná taburthar
Más ead, déntur coiméd deithideach orra. Ar an adbur sin ceangailtear ar tús cumsanad & uaingius orra, & codlad fada, & beacán bíd & digi, mur atáit, petraisi & arán glan & beacán d'fhín
8655] glan. Et tair éis chumsanuid trí lá do dénam dó, taburthar diatreonpipereon dó, dá mbia an régión & an aimsear fuar; & tabarthar diaaradon abatis & siúcra róis dó; & dá mbia an régión fuar taburthar .2. de sin dó, & dá mbia te taburthar
8660] .3. nó dá .3. . Agus seachaintir na neithe ro-theasaidi, óir dá tucthar diatrion nó diacalamentum dó, bud eagal fiabras do theacht, do réir fhiadnuise Aueroes a Coilliged.
Ar an adbur sin is follus co lór cinnus as
8665] inteagmála don tshaethur ré n-abair Ipocráid labor spontaneus, & dá gnéithib, fhédmaid do thuicsin a mórán do moduib; & fédmaid rem-fháistine do dénum do mórán d'easláintib éxamla fhédus teacht ón tsaethur sin annsan aimsir atá
8670] chugainn.
Agus atáit droch-áilgis ele mí-nádúrda fhoillsigius
Teinnius cinn, maille ré cuilib & ré finnfad d'fhaicsin, signigid sin cataracta ; & seachnuid siat iasg an tan sin & gach uile photáitse, & gach uile thorad, & gach uile ní deathmur, & déntar aipstinens an tan sin, & folmuigthear lé iara pigra & lé pille
8690] auria iat. Et dá mbia teinnius cinn a fiabras air neach, maille ré deirgi na súl & na haidthi, & ré foillsiugad lóchrann d'fhaicsin ar lasad, & neam-chodlad do beith ar neach, & an fual do beith ísil, signigid frenisis, & leigistear an tan
8695] sin í maille ré cuislinn & lé haipstinens & lé clisteri & lé neithib frithbuailteacha.
Tromdacht an radairc & an ésteachta, & na
Iectigacio do beith annsan aigid, maille ré
8705] stupur, signigid sin spasmus nó pairilis nó litairgia. Agus déntur clisteri imda an tan sin, & folmuigthear é lé iera pigra & lé haipstinens & lé coimeltaib & léna cusmailib.
Agus dá mbia an aigid dearg, & hí a' claenad
8710] chum beith riabach & chum morfia, & an guth do beith cíchánach, & docomlacht na hanála, {MS P page 423} signigid sin gan cunntabairt lubra ac teacht, & dleagur sin d'fhurtacht co ro-luath lé mórán cuisleann, & lé iera rufini do thabairt dóib co
8715] meinic, & maille ré haipstinens do dénum ó na biaduib geinius linn dub & ó na biadaibh teasaidi is urusa do thruailliugad & is deacair do díleagad.
Agus dá raib an aigid atmur maille ré [H2] hatt an fhabra iachtair & ré tromdacht do beith andsa
8720] taeb deas, foillsigid sin ydrópis. Agus is imchubaid absdinens go mór an tan sin, & dighi go háirithi; & seachnadh sé gach uile ní fuar fliuch. Agus gnáthuigthear an tan sin feóil én do-ní edtillach arna róstadh.
infra 254
8725]
Et gibé ara mbí cattarrus go gnáthach, & agá mbí corp truagh, & ucht cumang anbann do beith acu do gnáth, as comurtha sin air perplimonia nó ar tisis do beith ag teacht. Más ead, fostuigthear an reuma ar dús, & folmuigthir an ceann ainnsén
8730] lé hyera pigra; & curthar púitsi teasaidi fán ceann do millium & do shalann arna mbrisidh & déntar puinc ar fhuighelaibh an chinn. Agus dá mbia an chúis teasaidi gnáthuigthear dyapapauer, & dá mbia fuar gnáthuigthear dyanisum & diaisopus,
8735] & dénad [H1] neam-chodlad & aipstinens mór. Tremor cordis & léimneach, signigid sin singcoipis nó bás obann; gnáthuigthear an tan sin neithe chomfhurtachtaidius an craidi, mur atá, diacameron & diamargariton, & curthar púitsi ar an ucht do
8740] bláth borráitse & bugulusa & do mellisa & do neithib eile atá díleas annsa chúis so.
Tromdacht & teinnius & pulsamlacht annsa taeb deas, maille ré fiabras, signigid sin neascóid na n-ae, & leigistear hí lé cuislinn do ligin d'epatica,
8745] & lé casia fistula & lé rós & lé sandaili & lé campora & lé huisgi róis do chur ar na haeib. Agus dá mbeid na comartha sin gan fiabras, signigid sin cruas & dúinteacht isna haeib; más ead, ibit siat uormónt & persille & mersi & fenél, & beacán
8750] spicanardi & a ól maille ré hoximel sgilleticum; & gnáthuigthear na neithe so maille ré heanbruithi siser, & ongthar régión na n-ae uile lé harragon
Et dá mbia fasdidium nó aduathmuireacht ar neach, & gaethmuireacht nó línad do beith annsna taebuib & fá na maethánuib, signigid sín coilica passio. Agus déntur clisteri dóib ar tús an tan
8760] sin ana curthar ainís & cuimín & síl ruibe & iara pigra, & gnáthuigthear a folmugad lé iara pigra, & ongthar iat lé holaid ruibi, & dénuid aipstinens mór, & gnáthuigid biada róstaigthi & fín glan, & déntar púitsi dó do shalann & do chuimín
8765] & d'ainís & do shíl ruibe.
Dá mbia teinnius bronn ar neach maille ré gontaig & ré cnám na n-inneadh & ré flux bronn, signigid sin disinteria. Más ead, taburthar lus na frangc maille ré bolus armenicus dó.
Tochus do beith annsa timthearacht, & teinnius, & tromdacht, signigid sin tenesmon nó emaroides acht muna beid na piasta ré n-abur cucurbitini ann. Agus leigistear tenesmon mur so .i. gab sgeartáin & crúbacha do-gabur fá na clochuib
8775] bís fá na tunnaduib bís annsna táibirnib, & bristir co min iat maille ré geir bocáin, & déntur ceirín díb & curthar ar an timthearacht.
Dá mbia teinnius a n-altaib déiginacha an droma & a comursanacht na sliasat, maille ré
8780] fiabras, signigid neascóid na n-árann. Et leagar
Agus mad follus gaineam ré haimsir fada, & a chosg co hobann, signigid sin an chloch ar leagad. Agus dá mbia an gaineam sin dearg, signigid an chloch do beith annsna háirnib. {MS P page 424}Agus dá
8790] mbia geal signigid an chloch do beith annsa lés. Agus gibé lérab áil a choiméd ó chloich gnáthuigead sé sgeathrach & diet séim, & gnáthuigthear neithe diuereticacha míne, mur atáit, sílta fuara.
Et dá mbia sgris ar neach léna fhual, signigid
8795] sin cruas do beith annsa slait nó annsa lés; más ead, gnáthuigthear biamlacht psillium maille ré síltuib fuara glana & ré bainne gobuir.
Adhuc in regimine preseruatiuo quod debetur corporibus .i. ó do luaideamur don taeb thuas
8800] dín don regimen rém-choimédach dleagur do thabairt do na corpuib, labrum anois do regimen
Ar an adbur sin as intuicthi nach fuil ar an
8805] pláid innillus coiméda as fearr ná a seachna; & ní hé an t-inad a mbí an phláid amáin do sheachna, acht an talam uile: mur adeir Raisis, qui non est in aere corrupto non corrumpetur ab eo .i. in neach nach bí san aér thruailligthi
8810] ní truailltear uada é, mur adeir so, qui non est in bello non moritur in eo .i. gibé nach bí annsa chath ní marbthar é ann.
Gid eadh, dá n-anam annsan inad a mbia sí tar gach uile ní, bíth an teagh glan ó gach uile
8815] imurcuid, & co háirithi ó na himurcachaib geinius bréntus, mur atáit, na guitir iatur; & co hathchumair seachaintear gach uile ní brén, & imdaidthear na neithe deadh-balaid .i. neithe fuara deadh-balaid a n-aimsir an tshamraid, & neithe
8820] teasaidi deadh-balaid a n-aimsir an geimrid, mur dob áil lé hAuicenna, fhuráilius an t-aér do cheartugad lé hambra & lé lignum aloes & léna cusmailib, óir comfhurtachtaigid siat an craidi & an inchinn & tirmuigid an t-aér salach pláideamail.
8825] Ar an adbur sin leagur deathach ambra moch-thráth fán sróin, & do thúis, & do lignum aloes, & do sdorax, & do laudanum, & do chróch, & do masdix, & do chlóbus, & do chainél, óir an uair lasaid so
Et an seómra ana laiginn sé leagar an deathach
8850] faí. Agus bíth an seómra sin a ngaire do thalam, & ná bíth reumamail, & osgailtear fuinneóga na hairdi soir, & iatur fuinneóga na hairdi tshiar & na hairdi teas, & curthar canafáis fliucha ar taebuib an tigi, & bíth soitheach lán d'uisgi astig,
Et is éigintach an linn cinntach d'fholmugad annsa tsamhrad & a tosach an fhodmuir; ar an adbur sin folmuigthear linn ruad annsna daínib óga coileara lé tamurendi & lé casia fistula & lé mirabolani citerni & léna cusmailib. A ndeireadh
8870] an fhodmuir & annsa geimrid folmuigthear linn finn an uair bít na cuirp linta ó linn fhinn lé neithib fholmuigius na leanna reamra, mur atá, agairg & turbid, & lé polipodium, & léna cusmailib. Agus creidim gurab maith an gach uile aimsir
8875] mad te nó mad fuar hí, & an gach uile coimplex, pillidi do mirr & d'aloe & do chróch annsa chás so. Et folmuigthear lé cuislinn iat, & co háirithi is maith cuisle do lucht adolicensia & do lucht fola deirgi uair sa mí, acht muna toirmisci cúis
8880] eigin é, mur atá, anfhainne na bríge & flux na fola místa & flux emaroides. Agus as follus co
Et bíth a fhis agad na biada as imchubaid dóib co ndligid siat beith édrum so-díleagtha gan beith so-thruailligthi a' cathugad a n-aigid an morgaid. Agus ná caitear iat a caindiacht
8890] a caithmhe a n-aimsir ele, óir is eagal an neim-díleagad an tan sin & an truailliugad do réir chonsiquens. Gid eadh, as imchubaid biad do chaithim co luath & co meinic annsa chúis so, óir ní dligid gorta ná tart d'fhulang; ar an adbur sin
8895] seachnuid siat feóil muici & daim & na n-ainmintid mór, óir is leanna reamra geinid siat. Gid eadh, gnáthuigthear cearca & petraisi & gach én do-ní eitillach, a n-égmuis na n-én do-ní comnuide a n-uisgi, óir geinid sin leanna rigne. As imchubaid
8900] mur an cédna feóil fearbóg óg & molt & coiníneadh & míltad muidi annsan aimsir so; & caitear maille ré méid éigin aigéide iat, óir furtachtaigid gach uile ní aigéidigthi an tan sin. Et an uair róstaigthear iat dleagur aigéid, nó agresta, nóid
8905] neithe aigéidigthi, do chaithim leó. Et do-ní an sabsa ré n-abur camilinum an cédna, óir fuaraid & tirmuigid na neithe curthar ann. Et bristear na neithe aigéidigthi, & timpearáiltear iat maille ré púdur cainéil & ré haigéid, & caitear; nó caitear
Et seachaintear na holaid & gach uile ní olamail méith an tan sin; & seachaintir mur an cédna gach uile ní loisgtheach, mur atá, gáirleóg &
8915] uinneamain & lus annsan aimsir sin, óir téigid sin na leanna & an corp co huilidi. An cáisi, immorra, seachaintear é, óir geinid leanna reamra. Agus seachaintear an bainne mur an cédna, óir atá sé so-thruailligthi. Agus seachaintear gach
8920] uile thorad mur an cédna, & co háirithi na tortha do geineadh ón aimsir sin & do hoilead annsan aér thruailligthi. Agus na luibi rannchuidigius ré mailís, seachaintear iat; & na huisgi rithius co fuirimeallach ar uachtar na talman , ní hinóla iat.
Et dá caitear na tortha dligid siat beith aigéidigthi, mur atáit, ubla goirti & ubla gráineacha & péirida & oráidsi shearba. Agus an méid bus éidir do bearbad díb so beirbthear iat, óir innarbaid an teini agá mbearbad a máilís; & tuicthear a
8930]
chusmailius so do na luibib. Agus is iat so na luibi is mó is imchubaid annsan aimsir so .i. lactuca & portulaca maille ré haigéid, & luibi aigéidigthi eile, mur atá, persille & magiorana & sáitsi & fumus terra, arna mbearbad maille ré
8935] borráitse. Et seachaintir gach uile luib & praiseach eile, óir atá flichideacht uisgeamail tsomorgtha
{MS P page 426}Et bíth a fín fuar anfhann, & dá mbia sé láidir
8940] curthur uisgi tobair ann. Agus seachnuid siat na comshuigigthi ana curthar mil & gach uile ní atá ard a mblas milis, mur atáit, caera aipchi fíneamnach & dactuli & siúcra & a cusmaile.
Agus bíth a fhis agut nach fuil inad ag an
8945] tsaethur annsa chúis so acht beacán, óir téigid an saethur mór na cuirp & luathaigid an anál & do réir chonsiquens cúisigid an t-aér truailligthi murguigthi do tharrang; más ead, déntur saethur beac a n-inad measarda ar nach bí taitneam
8950] gréine co mór. Et seachaintear cuma & cluithida saethracha & rith annsan aimsir sin, & gach uile gním médaigius & luathuigius an anál.
Et codlad sé annsan oidchi a seómra fá leagur deathach na neithead adubramur romainn, &
8955] iatur an seómra co maith. Et bíth a fhis agad nach imchubaid an codlad fada annsan aimsir so, óir is mór fhliuchius sé na cuirp, & dligid regimen imchubaid na haimsiri so beith a' claenad chum tirmaideachta, mur adeir Auicenna. Et seachaintear
8960] an codlad fada annsa geimread. Agus dá ndearntur codlad annsa samrad, an uair atáit na laeithi fada, déntur a n-inad measurda é a n-égmuis na n-asán & na mbróg. Agus ná hitear biad co grod ana diaid; & na codaltur co luath
An fhearg, immorra, seachaintear í annsan aimsir so, óir téigid an fhearg an craidi & fiuchaid an fhuil. Et seachaintear an gairdeachus imurcach;
8970] gid eadh, furtachtaigid an gairdeachus measurda. An choimriachtain, immorra, seachaintear í, & co háirithi a himurcaid. Óir gibé gnáthuigius coimriachtain a n-aimsir na pláigi as luath an guasacht do-geib sé ó aibrisgeacht an galair so. Et gibé
8975] do gnáthuig coimriachtain, ná connmad sé regimen cumang ar eagla co téchtfad & co truaillfid an sperma; más ead, déntur comuirle Galen .i. a dénum méid éigin maille ré hinmeadón, ar cor nach mothóchur an dísgaílead & co mothóchur édromacht
8980] na mball.
Et bíth a fhis agat gurab mór an furtacht do-ní gnáthugad na pillidi ordaigius Raisis & Auicenna, dá mbia neach a regimen maith maille rú, óir gibé gnáthuigius iat bíth saer ó phláid
8985] maille ré furtacht Dia. Et is mur so do-níthear é .i. gab dá rann d'aloe, cróch na hairdi teas, & mirr, rann do gach ní díb, & caitear trí pillidi díb gach lae; óir ní ligid na pillidi so na leanna do thruailliugad ná do morgad, mur is follus isna
8990] corpuib marba coimétur gan morgad lé mirr &
Item adeir Raisis gurab imchubaid bolus Armenicus maille ré haigéid & ré huisgi isin cás-so.
8995] Tuillead, is mór chomfhurtachtaidius triacla a méid cnó do chaithim maille ré huisgi aigéidigthi fá dó sa tseachtmain. Óir do-ní Auicenna d'fhiadnuise gibé chaithius triacuil sul truailltear a chorp, & a gnáthugad, nach fadann bás do phláid,
9000] acht co coiméda sé regimen maith annsna neithib eile. Et is do na neithib choimédus neach ó phláid .i. triacail & metridatum; & comaentaigid Auicenna leis so annsa cheathramad canóin.
Tuillead, adeirid drong eile gibé ithius aen-greim
9005] do shamad moch-thráth & im easbartad gurab annam gabus pláid é. Tuillead .i. is maith aen-uair nó dá uair sa ló púdur litontra maille ré huisgi samaid nó bugulosa nó sgabiós do chaithim, nó a caithim gan uisgi; nó cogantur a prémh &
9010] itear í, óir fodnaid sí a n-aigid na neimi mur sin, ar son co tirmuiginn & nach téiginn. Tuillead, is mór chomfhurtachtaigid na lámha d'innlad co meinic sa ló a haigéid, & spoingia nó édach lín do thuma a n-aigéid, & a mbeith annsa láim & a
9015] mbalad do gabáil co meinic. Tuillead, is maith cuisle do ligin uair sa mí maille ré regimen maith bíd & digi & na neitheadh eile.
infra 266
Agus is lór na neithe athchumaire so adubramur do regimen rém-choimédach na pláigi.
Quoniam homines sani a sumpcione ueneni {MS P page 467} magnum possunt incurrere nocumentum .i. féduid
mórán d'urchóidib teagmáil do na daínib slána ó chaithim na neimi, más ead, is maith innillius & sduidér do dénum air so, innus co fédadais na
9025] daíne a coiméd co maith ó chaithim na neimi.
Et bíth a fhis agad nach inann fhédmaid ní do rád a timcheall dathann na corp cumuscda cóirigthear ó na ceathra dúilib, & a timcheall a mblasa & a mbalaid. Óir as inann oibriugad atá
9030] ag dath na neithead cumuscda a n-aithfhégad na n-ainmintid & a n-aithfhégad an duine; óir mur dísgaílius gile na heala radurc an duine agus chalmuigius duibi an fhiaich a radurc, is mur sin do-nít siat na hoibrigthi sin ar gach uile
9035] ainmidhi gá fuil radurc. Et ní mur sin don blas ná don balad. Óir atá blas & balad toltanach do gné éigin do na hainmintib nach fuil don duine,
Ar an adbur sin gibé lérab áil gnéithe na neimi fhétur do chaithim do sheachna, ná hithid sé aen-ní ara mbí blas & balad aduathmur, & co háirithi acht muna bia an biad aithnid dóib do
9045] réir dearbtha. Más ead, dá mbia cunntabairt air neach an mbia in neim cumuscda risin mbiad, roim gach uile ní innailtear an bél lé huisgi mbog roglan, & tuicthear as sin blas an bíd co maith; & an uair cogaintear an biad connaimthear
9050] co fada annsa bél é innus co comurthóchur a blas & a balad, óir, dá mbia neim annsa biad do-déna urchóid don chorp, tuicfir gan cunntabairt í ó blas nó ó balad an bíd do beith aduathmur.
Tuillead, bíth a fhis agad gurab mó bís an
9055] meallad so co foluigtheach annsna biaduib romillsi ná annsna biaduib aigéidigthi, & co coitchinn gach uile biad rannchuidighius ré blas maith co mór ná annsna biaduib eile. Ar an adbur sin na daíne bís amuirseach ar neim dligid siat na biada
9060] comshuigigthi éxamla do sheachna, & co háirithi an uair beid siat éxamail co hard do réir datha & balaid. Et ní hurusa an meallad so do beith a n-eanbruithi na feóla aenda, ná annsa feóil aenda féin, ná annsan arán aenda. Et gibé ara mbí
Tuillead, bíth a fhis agat co fhuilid neithe éigin nach fuilnginn neim do beith ana fiadnuise gan a ndath do chlaechlód a cédóir, mur adearar co coitchinn ré hadairc na hathrach neime ré n-abur serpens nó réna teanguid, óir gabaid fliuchad
9080] chucu a fiaduisne na neimi, & co speitsialta dá curthar salann orra. Et a chusmailius sin don chloich ré n-abar prasius as máthair & is pálás don chloich ré n-abur smaragdus , óir is annsa chloich sin do-gabur í; & is dath uaine bís uirre
9085] ara mbí uaine tiug a cusmailius orafuint; & do-gabur í & braen dearg innti uair & braen geal uair eile, & is dearb co coimédann sí na rígthi ón neim; óir dá mbia an chloch so ar an mbord & neim do chur ana fiadnuise cuirid a dath uaine
9090] dí co luath, & ar cur na neimi don bord inntaigid {MS P page 468} in dath cédna uirre. Ar an adbur sin gibé bís
Tuillead, is maith triacail do chaithim roim in
9095] cuid & 'na diaid annsa chás sin, & metridatum mur an cédna. Et is mór fhodnaid na neithe aenda annsa chás so, mur atáit, cnó móra & cnó gaídilacha, ruib & sáitsi; más ead, is maith don duine beas amuirseach ar neim méid éigin díb so do chaithim
9100] roim an cuid & 'na diaid.
Et gibé bís amuirseach ar neim seachnad sé gnéithe na mbiad ana fadthur aduim ro-beaca a cusmailius neimi; & do-gabar sin a ngnéithib fungi & truphuli & na cloch mianamail. Tuillead,
9105] is éigin don neach sheachnus an neim gan a innillius uile do beith annsa biad ná annsa dig do-bearar dó amáin, & mur an cédna dá fear fritháilti, oir teagmaid an neim go haicídeach inntu gan chin do duine, mur atá, réd aicídeach éigin urchóideach
9110] do thuitim annsa biad & a bearbad maille ris, nó a thuitim a soitheach an fhína, mur atá, sgorpio nó lacerta; óir atá mórán do na hainmintib neimneacha grádaidius balad an fhína, & rithid siat chugi & ibid cuid de co meinic & sgéithid ann
9115] arís, & uair ele do-gabar báiti ann iat, & uair eile lighid siat na soithigi asa n-ibthear an fín: ar an adbur sin is maith na soithigi so do choiméd co maith.
Tuillead, is mór dligmid beith deithideach a
Et an uair thuigius duine urchóid ana gaili, mur atá, lasad & cnám & teas & cumgach & allus & tart & codlad domuin & sdupur, nó tuitim na bríge, maille ré hallus & ré singoipis. Agus an uair bus follus na neithe so, nó cuid díb, gan
9135] cúis fholluis eile, déntur sgeathrach a cédóir maille ré holaid sisaminum nó almont milis. Nó caithid im & bainne, maille ré mórán bíd, & sgéithid. Et dá teagmad nach sgéithfid in tan sin ísligthear nó sgristar bríg na neimi. Agus ar nglanad an
9140] gaili taburthur triacail mór dó, maille ré fín ana mbeirbthear préma litontra , & ná caithid siat biad co ceann seacht n-uaireadh 'na diaid, & oiltear é maille ré neithib olamla 'na diaid sin, mur atáit, fígida & uua passa & cnó gaídilacha &
9145] eanbruithi coiligh méith.
Agus dá teagmad an neim do caithead d'fhágbáil
Agus dá tuicim an neim do beith fuar do réir a comurthad (óir fédmaid a thuicsin mur só tré doimne an chodalta & ó sdupáil & ó fhuacht an chuirp) is maith neithe teasaidi do thabairt a
9160] n-aigid na neimi, mur atá, gáirleóg & litontra & ruib & a cusmaile do neithib teasaidi. Agus dá mbia an neim teasaidi caitear coriandrum & campora & a cusmaile. Et dá mbia ana neim marbus ón chumachtain fholuigthig , mur atá,
9165] neim napellus, caitear triacail & metridatum & síl neannta & agairg & colacindita & caera ibair craigi & serapinum & castorium.
Agus atáit leigis maithi eile a n-aigid na neimi oibrigius do leith tota spesies, innarbus í lé
9170] sgeathraig & lé hinglanad; gid eadh, is mó beanus leigeas na neimi co speitsialta ré regimen an leigis
{MS P page 469} Quoniam conualiscentes ab egritudinibus continentur
9175] in latitudine sanitalis .i. ó connaimthear na daíne bís ag éirgi a heasláinti a leithid na sláinti, as inlaburtha ann so dá follamnugad co generálta. Ar an adbur sin bíth a fhis agad co fuil cuid do na daínib bís ag éirgi a heasláintib
9180] atá glan co fuirfe óna n-easláintib, et an drong eile nach cóir conualiscentes do rád co fírinneach rú ar son nach fuilid arna nglanad co fuirfe & ar son aicídeadh éigin do beith ana coimideacht, mur atá, neam-thochlugad an bíd, & teinneas
9185] anorduigtehach an chinn, & tromdacht an chuirp co huilidi, & gan a cuirp d'inntóg chum a mbríg ná chum a nirt féin, aislingthi & saethur annsa chodlad & inglanad leannaigi, so & a cusmaile do chomurthaib eile, foillsigid siat gan neach do
9190] thérnód co fuirfi óna easláinti, óir atámaid
Conualiscentes co fírinneach, immorra, ní mairinn aen-red d'fhuidill an adbair acu; & tuicthear sin ó fheabus na bríge tochluigthigi, & ón chorp do beith ag impód chum a bríge & chum a fheóla, & gan an t-inglanad do beith leannaigi, & gan aen-ní
9205] do beith follus don chéd-galur acht anfhainne na mball amáin. Agus an drong atá mur sin ní rigid siat a leas aen-gné folmuigthi an tan sin acht an bríg do chomfhurtacht & an corp d'inntóg chum a oibrigthi gnáith & chum a bríge.
Agus atá so ana ní choitchinn dá gach aen-droing éirgius a heasláinti (má táit glan, cinco fuilid) .i. a regimen do beith cusmail & regimen na ndaíneadh easlán ré feadh dá lá nó trí lá gan inmeadón d'éis an fhaethuigthe; ar an adbur sin
9215] is beac dligid siat claenad chum regimen na ndaíneadh slán, óir is mór an guasacht do na daínib bís ag éirgi a heasláinti claechlód obann do dénum chum regimen na ndaíneadh slán. Óir
Dligid an drong bís ag éirgi a heasláinti a
9225] treórugad chum saethuir mín measurda tar éis a chéile, do réir mur thuicmid gurab éidir léna mballaib a fhulang gan gortugad, gan corthacht, óir as mór an t-amantúr do na daínib bís ag éirgi a heasláinti a leithéid sin do shaethur do dénum.
Et dligid biada na droingi bís ag éirgi a heasláinti cimus maith do geineamain, & beith so-díleagtha, & beith silteach so-óla, óir is maith oilid a leithéidi sin do biaduib, & is luath dileagur iat. Agus dligid a mbiada claenad chum teasa séim & chum
9235] flichideachta. Et bíd siat an méide so do chaindiacht innus comad éidir a ndíleagad co hurusa & nach mothuigthi gáirfideach ná tromdacht ná línad annsa gaile. Et ní dligid an drong éirgius a heasláinti gorta ná tart d'fhulang, acht beacán do
9240] chaithim co meinic. Et dá teagmad co mothóchaide cuirrineach & nó gaethmuireacht nó tromdacht annsa chorp as inlaigdigthi caindiacht an bíd an tan sin. Et as í uair imchubaid a n-oileamna an uair bus measurda don ló.
Et bíth a ndeoch d'fhín maith thséim deadh-balaid glan gan beith deathmur, & blas toltanach
Tuillead, as éigin do na daínib bís ag éirgi a heasláinti cumsanad & gairdeachus measurda do {MS P page 470}gnáthugad, [H2] & dénait radarc ar inadaibh uaine,
9255] & éistid ceóil binne, oir bláthuigi meanma na droinge bís ag éirgi a heasláinti ó éisdeacht ceól mbinn & ó fheicsin neitheadh uaine. Et seachnait siat gach uile fholmugad, mar adubramur romainn, & co háirigthi in choimhriachtain, óir is
9260] mór urchóidighis in choimhriachtain dóib. Agus dá mbia faethugad in té éirghius a heasláinti foluigtheach is amuirseach dligmid beith ara fuigeall; ar an adbar sin is lugha dleagar a sásugad lé fín ná in drong bís ar térnugad co
9265] fírinneach ón easláinti.
Agus dá faicir go rig sé a leas folmugad fétur sin do thuicsin go maith tríd na comarthaib do áirbhimar don taeibh thuas dín. Comhartachtaigthear in bríg ar tús in tan sin lé biadh maith, méid
9270] éigin do laithib, & aindséin leigistear hé lé leigeas
Agus ní himchubaid codlad fada don droing bhís ag éirghe a heasláinti, óir bogaid sé iad; & dámad imchubaid, as ar son in chumhsanaid
9280] do-ní ann budh imchubaid. Agus as do regimen na droinge bís ag éirghe a heasláinti a claechlód dochum aéir chontrárda don aér ina robadar easlán.
Tuillead, bíth a fhis agut co ndligid in drong
9285] bís ag éirghe a heasláinte innillius do dénamh ó na neithib do bhí orra annsan easláinti roime, óir dligid in lucht éirghius ó phleurisis eagla do beith orra roim na neithibh do bhí orra innte, mar atá, gairbhe an ochta. Agus dá n-imdaigead
9290] linn annsa droing bís ag éirge a heasláinte is comartha sin ar an línadh do beith acu.
Tuillead, teagmaid go gnáthach saint bíd do chaitheamh don droing bís ag éirghi a heasláinti; gidh ead, ní inntaigheann an tshaint sin an corp
9295] chum a bríge & lagaidh an brú; más ead, laigdigthear in biad annsa chás so, et as inchalmuigthi in gaile lé trétaigibh & lé ceiríneachaib & lé
Óir is annamh easláinti rigin ná tidlaicinn sí teidhm éigin do ball uasul, as mór is intuicthi an mbia gortugad ar doman a mball éigin phrinncipálta don neach bís ag érge a heasláinti, & as
9305] innteagmála don gortugad sin mar is fearr do-chífir dúin. Agus mar adearor do na ballaib tuicthear a chusmailius sin do na brígaibh nádúrda.
Tuillead, bíth a fhis agad corob mór thidhlaicis innladh na cos & círad in chinn glaine do radarc
9310] luchta conualescentés. Et mur in cédna as mór fhurtachtuigius innladh na mball fuirimeallach, co háirighthi in ceann, óir ní headh amáin édrumuigius na baill acht athnuaigid sé an meanma.
Consuetudo est res fortis ualde .i. is raed ro-láider in gnáthugad, & in duine thoscuigius ón gnáthugad do-ní urchóid mór dó; ar in adbar sin dá ngnáthuige neach saethar mór da dhénam, &
Agus dá dearbad corob ní láidir an gnáthugad, mur as follus a bréithir Ipocráid a Regimen Acutorum
9330] in uair adeir sé: mala dieta cibi & potús que secundum simile fit securior est omni tempore quam ea que melior si in ea subita mutacio fiat
infra 277
9345]
Et tuicthear a chusmailius so, & na neithe so adearur agá furtacht: .i. gach uile ní gnáthuigthear ré haimsir fada, dá mbia sé maith nó olc, is inchoiméda é a n-aimsir na sláinti & na heasláinte; & is é so is résún dó sin .i. seasmuighi
9350] in gnáthugad a n-inad na nádúire, & is inchoimhéda inadh na nádúire, más ead, is inchoiméda in gnáthugad.
Et mad áil linn an gnáthugad do chlaechlód is éigin sin do dénum tar éis a chéile co neam-obunn,
9355] óir do-ní an claechlód obunn urchóid do réir inntinde Ipocráit, gu háirithi ag labairt don gnáthugad. Agus mad áil lé neach in gnáthugad do chlaechlód, gnáthuigeadh sé biadha measurda inmolta agá claechlód tar éis a chéile, a' gnáthugad
9360] biad reamur & biad séim uair ele. Gid eadh, gnáthuigthear na biada measurda nísa mó in tan sin & na biada eile ní as luga mar so .i. dá ngnáthuigi neach droch-biadh, do chlaechlód an gnáthuigthi sin caithead biadha maithe a méid
9365] bic & in droch-biad a méid móir, & tabarthar arna márach nísa mó don biadh maith, & mar sin tar éis a chéile nó gu treóruigthear chum bíd measorda é.
Agus gebé cheanglus é féin do choiméd an
9370] gnáthuigthi, mad éigin an gnáthugad sin do sheachna, tigid urchóidi móra uada. Más ead, as maith & is imchubaid in corp d'ullmugad chum
Quoniam flebothomia uentosa & cetera .i. connaimthear in chuisli & in fhásadarc & in leigeas lagthach & sangis sugi & in ponc fá regimen na
9385] sláinti co gnáthach, ar an adbar sin laibheóramaid díbh in méid beanaid siad ré regimen na sláinti, innus nach leigfidh in obuir so aen-ní tairsi díbh; gid eadh, in méid beanus sé ré leigeas na heasláinte do-gébhthar a n-inadh ele é.
Agus tinnsgnam ar tús don chuisleinn. Agus bíth a fhis agad in corp bís slán co haenda nach
An dara ní dligmid do thuicsin .i. cé hiat na cuirp thuitmeacha noch rig a leas cuisle co mór. Más eadh, adeirem corob iat lucht coimplexa fola deirgi as mó rig a leas an chuisle (in méid beanus sé risin coimplex), & cuirp coimplexa
9435] leanna duib as luga, & cuirp coimplexa leanna finn & leanna ruaid a mod inmeogánach (gid eadh, is mó reagad a leas lucht leanna ruaid ré ná lucht leanna finn).
Tuillead, as iat so as mo rig a leas ré cuislinn
9440] .i. in drong aga mbíd cuisleanna fairsinga & aibíc fheólmar & dath edir deirgi & duibhe & mórán finnfaid & musgaile maithi láidire. Tuillead, as inntuicithe an aeis & an bríg & an gnáthugad an tan sin, óir na cuirp atá tuitmeach ana coimplex
Tuillead, an drong gá mbia leanna omha rigne
9480] neim-díleagtha cumuisgi ré fuil deirg ní dleagar cuisle da leigin dóibh nó gu séimigthear an fhuil. Tuillead, ní dleagar cuisle do leigin ar aen-mod tar és fhothraigthe, nó choimriachtuna, nó shaethair móir. Tuillead, as insheachanta an
9485] chuisle tar és na n-easláintidh rigin nó co calmuigthear na cuirp, acht muna coiméignigi égintus speitsialta í, mar adubramur romainn a follamnugad na droingi bís ag érghe a heasláintibh. Tuillead, na daíne do-ní conuersáidh andsna gnímarthaibh
9490] saethracha noch dísgaílius mórán ó na corpaib is luga dligit siat cuisle do leigin ná dligit na daíne ele. Ar an adbar sin na daíne gnáthuigius fothraigthi & sdufaí as beag reagaid a leas ré cuislinn, acht muna teagma cúis ro-mór dóibh.
An t-earrach, immorra, as mór as imchubaid chum na cuislinn é ar son a measurdachta, óir cosmailtear hé ré galur ó línadh, óir gnáthuigi sin teacht andsan earrach & ní fhadhuim aen-ní
Tuillead, bíth a fhis agat nach inosgailti an
9510] chuisle a n-aér na pláigi, ná andsan aér cheómar ná buaidirtha, ná a n-aimsir na gaeithi andeas, ar eagla co rachad an t-aér annsa chuislinn & co cuiseóchad sé fuil 27 phláigeamail tsalach, & as mar sin do beith an seachrán déiginach ní as
9515] mó ná in céid-sheachrán. Más ead, togthur lá glan solus & in gaeth a' glanad an aéir , mur
atá, an gaeth atuaigh gan beith ag séideadh go láider. Tuillead, togthar in uair bus measurda don lá do legin na cuislinni .i. an treas uair do ló
9520] annsan aimsir the & meadhón an láe annsan aimsir fhuair. Tuillead, adearaid drong éigin dá mbia an fhuil coilearda leagur in chuisle an uair gluaisis linn ruad .i. ón treas uair do ló go roith an cúigeadh uair. Agus dá mbia in fhuil fleadmaduil
Tuillead, as intuicthi aéis an ésga, & in comurtha
9530] a mbia, ag legin na cuislinne. Ar an adbar sin is annsa chéd-cheathramain don ré dleagur cuisle do leigin do na dáinibh óga & ro-óga, & is annsa chadrans sin co follus do-chíd na maigdina fuil mhís ar dús. Agus annsa chadrans déghinach
9535] don ré dleagur an chuisle do leigin do na daínibh arrsaidhi, & andsna haimsearaibh inmeadhónacha do na daínibh inmeadónacha. Tuillead, adearaid drong éigin gurob annsa chéd-chadrans dleagur cuisle do leigin don droing agá mbí coimplex
9540] teasaidi fliuchaidi, mur atáit, lucht fhola deirgi, andsa dara cadrans do lucht leanna ruaid, & andsa treas cadrans do lucht leanna finn, & andsa cheathramad cadrans do lucht leanna duib; óir atá in céd-chadrans don ré teasaidi fliuchaidi, &
9545] an dara cadrans teasaidi tirim, & an treas cadrans fuar tirim, & an ceathramad cadrans fuar fliuch.
Tuillead, as indtuicthi inadh an ré. Óir dá mbia in ré a comartha ana mbía fédadh chum boill éigin ná leagur cuisle an tan sin. Sompla 9550"> ann sin .i. an uair beas an t-ésga a nGemen, ní dleagar cuisle do leigin do na lámhaibh. Et mar
Tuillead, ní dleagar cuisle do leigin an uair beas an ré ag teacht tar ais, & co háirithi a pongc an
9575] ésga. Et mar an cédna an uair bís an ré lán ní dleagar cuisle do leigin, & co háirigthi an uair bís sí a comurtha neam-amhuntúrach, mur atá,
Tuillead, tuicthear tarbha & urchóid na cuislinni; {MS P page 474} & co háirigthi dá leagar annsan inad anab éigin í, & an uair anab éigin, do-ní sí tarba ro-mór & is inchoiméda hí a coiméd na sláinte; et in uair leagar í mar as éigin coimhédaid sí an corp ó
9585] neascóidibh fola deirgi, noch theagmus co fuirimeallach & co hinmeadónach, & ó sgabiés & ó thochus & ó shinoca & ó pharilis & ó apoplexia & ó bolgaid & ó bruithínidh & ó shilead fola & ó phláigh & ó bás obann & ó squinancia & ó lubra; & gu
9590] huilidi saeraid leigin na cuislinni co measurda neach ó gach uile easláinti theagmus ó linad fola deirgi, nó óna truailliugad, nó óna teas imurcach; ar an adbar sin ní hinmainneachtnuigthi an chuisle. Agus as mar in cédna, theagmuid urchóidi
9595] imdha ó leigin na cuislinni an uair nach leagar í mar as cóir. Óir, an uair leagar 31 í mar nach cóir, teagmuid andsin co meinec idrópis, & luathaigi an arsaideacht dá ngnáthuigthir í, & sgrisaid an tochlugad, & anmhuinnigid an gaile & na háe, &
9600] cúisigi crith & pairilis & apoplexia fá deóigh; & dá ngnáthuigthir í, anmhuinnighi fuirimeall na mbríg nádúrda & na mbríg ainmide.
Tuillead, as intuicthe cé na cúise generálda
- Distrahit, euacuat, preseruat alleuiatque,
attrahit et alterat inscisio , si bene fiat
Ar an adbar sin adeirim corob í céid-inntind ar son a leagar an chuisle .i. d'fholmugad imarcach
9615] na leannann; ar an adbar sin an uair bhus follus dúin comarthaí repletióin na cuisleann mór nach éidir d'fholmugad lé purgóid, leagar an chuisle a méid móir an tan sin, dá comaentaighid na neithe rannaidi adubramur don taíbh thuas dín; &
9620] leagar an tan sin an chuisle do na cuisleannaibh móra agá mbín respectum chum an chuirp co huilidi, nó agá mbín respectum chum an raind don chorp as mó ana mbí an línad. Agus is do réir na hinntenne so leagar an chuisli don droing
9625] atá ullam chum tuitme a sinoca nó a sinocus nó a n-easláintibh bus cosmail rú tic ó línad. Et gé dearar co folmuigenn gach aen-chuisli, as í an chuisle fholmuigius an tan sin as mó fholmuigius
Tuillead, leagar an chuisle go gnáthach do laighdiugad & d'édromugad an leanna pheacaighius,
9635] indus gomad cumachtach an nádúir do díleagad a fhuidheill; & ar an adbar sin legamaid cuisle isna fiabrasaibh morguigthe, gingub éigintach í; gid eadh, calmuige in nádúir do díleagad an fhuigill; et dearbhthar so do réir Galen andsa
9640] chéid-leabar De Ingenio Sanitatis annsa naemad caibidil. Ar in adbur sin ní a sinoca amáin as éigin an chuisle do leigin, acht an gach uile fiabrus morguigthi (acht muna toirmisgid ní contrárda éigin í, mar atá, an bríg & an aís & a cosmuile).
9645] Óir édromaigthear nádúir fhollamnuigthi na mball uaithe & tighernuigidh co hurusa ar fuidill an adbair, ag díleagad na coda as indíleagtha de & ag folmugad na coda is infholmuigthi.
Tuillead, leagur an chuisle do chlaechlód &
9650] d'innfhuaradh, & annsa chás so amáin fétar an chuisle do leigen & gan an peacugad do leith na cainndigeachta acht do leith na cailiechta amáin, óir, an uair bís an fhuil te co mór annsna cuisleannaibh & cumgach uirre, geintear deathaigi
9655] teasaidhi an tan sin; & dá leagar in chuisle an {MS P page 475} tan sin folmuigthear an fhuil te & innarbthur na
Tuillead, leagar an chuisle do tharraing na fola chum boill éigin: verbi gratia .i. leagar an chuisle do shofena na cos d'athtarrang na fola
9665] chum an macclaic. Tuillead, leagar an chuisle d'inntógh na fola: verbi gratia .i. dá mbia flux fola na sróna ar neach, nó seile fola, leagar in chuisle do na cuisleannaibh íchturacha, mar atá, soféna & basilica d'inntógh na fola chum a contrárda.
9670] Et is inntuicthi go deithideach annsa chás so, gach dírgha beas an t-inad ana ndingantur an t-inntógh ón inad a ndéntur an t-indtógh, gurob í an méide sin as foirbthi & is ealadnaige hé; ar an adbar sin, gebé ara mbía flux fola na
9675] sróna, go n-inntaighthear co foirbthe hé lé soféna do leigen dó nó lé siatica, óir as fearr sin ná a leigen do na cuisleannuibh uachtoracha ar son corob ealadnach hé. Gidh ead, dá mbia an flux ón tsróin, tindsgaintear an t-inntugad ó na cuisleannuibh
9680] uachtoracha & críchnuidthear leis 32 na cuisleannaibh íchturacha.
Tuillead, as intuicthi a timchill na cuisleann
Et as fírinneach gurub í cephalica as mó fhégus
Agus teagmuidh inntinni ele fá cheann na
9730] cúise so. An chéid-inntind díb .i. go ndleagar cuisle do leigin annsan aimsir fhuair .i. a n-aimsir an geimridh annsa taebh chlé, & annsa taebh deas a n-aimsir an tshamraid. Tuillead, mad áil lind in t-atarrang do dénam ón taebh deas, leagur an
9735] chuisle annsa taebh chlé; & econtra: verbi gratia,
Tuillead, bíth a fhis agad gurob deithidigh dleagur mediana do leigin & corob mó an guasacht teagmus co meinec óna leigin ná ó leigin na cuisleann
9745] ele, ar son gurob mó anmhainnighius leigin na cuislinni so ná leigin na cuislinn eile. Ar an adbar sin gebé agá mbia craidi anmhann, nó craidi ullam chum creatha craidi, nó chum singopise, ná leagar cuisle do mediana ar aen-mod
9750] an tan sin; gidh eadh, mad éigin é, leagar do {MS P page 476} basilica nó do cheaphalica hí. Et mur an cédna, dá mbia easláinti aé nó shelgi nó gaile air neach as cunntabartach basilica do leigin dó; & mad éigin an chuisle do leigin, leagar mediana ana
9755] hinad, & tuicthear an mod so do cephalica.
Agus fuarusa riagail fá osgailt na cuislind .i. curob í an chuisle as folluise & as reimhe do na trí cuisleannaibh so as innille do leigin, óir tuicthear as sin na baill dá serbísid na cuisleanna so noch
9760] atá ris, co fuilid siad lán d'fhuil & go fuilid te láidir. Et bíth a fhis agad an uair nach fuidher cephalica go fédtar cephalica atá a mbun na hordóige
Agus an uair lecfír na cuisleanna atá andsa láimh curthar an lámh a n-uisgi the, innus go
9770] mbeith an chuisle atá chum a hosgalta follus, & comad usaide leisin fhuil sileadh, & comad lugaidi do goirteóchaidi lámh na cuislinni.
Agus as leór lim sin do na cuisleannaibh sin. Et na cuisleanna eile, immorra, atá annsa muinél &
9775] annsa cheann & annsna hinadaibh eli nach gnáthuigthear do leigen a coiméd na sláinti ligfid torum iad.
Tuillead, as inntuicthi a legin na cuislenne na neithe as indénta roimpe & na diaigh. Roimh an
9780] cuisleinn, immorra, as maith méid éigin shaethuir do ghénam do gluasacht na fola & dá humhlugad chum a folmuighthi. Tuillead, as intégthi & as inchoimilta an ball dá leagar an chuisle, agá innladh lé huisgi te, innus comad ferrde do
9785] hoisgeóltaighi hí, & do médugad fhluxa na fola chum inaid na cuislinni.
Et as intoghtha an cuisleóir mur so .i. a beith óg ullam deadh-radairc, & gan a beith crithánach measgamail, & a beith innraic deadh-maiseach, &
Tuillead, atá drong dá ndleagor fothragad do dénamh laíthe roim an cuislind, & is iat so an
9800] drong sin .i. na daíne agá mbí fuil reamur do-gluaisti & cuisleanna foluigtheacha; óir sémighthear & bogthar an fhuil ón fhothragad & reamruighthear na cuisleanna. Tuillead, folmuigthear na himarcracha bís a ngoire don chroicind &
9805] dísgaíltear ón fhothragad; et as mar sin an uair leagar an chuisle do na cuisleannaibh móra ní tairrengthear na himarcracha bís fán croicenn chum na cuisleann mór, acht anaid annsin, muna folmuigthear lé fothragad iad; gidh eadh, dá
9810] mbía ní neam-glan annsna sruthánaibh ro-beaca dá folmuidthear ón tobur mór fétar gach ní neam-glan atá annsna sruthánaibh beaca do tharrang chum an tobair móir, óir folmuige leigin na cuislinni ó gach uili chuislinn ar son an
9815] chomaentaighi & an chomthimairgthi atá aturra. Gid eadh, dá mbia an corp lán, ná déntar fothragad
Tuillead, indarbthur na himarcracha roim an cuislinn, mur atá, an t-inglanad & an fual, ór
9825] tairringthear a ndeathaigi chum na cuisleann & sailíthear an fhuil uada sin; óir an uair bíd na cuisleanna folam ó fholmugad na fola do-níd attarrang ón ghaile & ó na hinnibh trít na cuisleannaibh ré n-abar misirasi vene, ó na haebh
9830] tré chuisleannaibh ele.
Agus bíth a fhis agat ana diaigh sin na neithe as intuicthi a leigin na cuislinni, mar atá, cainndigeacht an fholmuigthi. Ór dá mbia an línad mór & an bríg láider & na neithe rannaidi ele a'
9835] comaentugad, mar atá, an aeis & an coimplex & an gnáthugad & an aimser & aibíc an chuirp, fétur mórán don fhuil do tharrang a n-aenfheacht an tan sin; & a chontrárda so dá mbia an bríg anmhann & neam-aentugadh na neithedh rannaidi
9840] ele. Gid eadh, fédaidh an línadh beith mór an tan sin, más ead, leagar an chuisli a méid bic & co meinec an tan sin. Tuillead, dá mbia an t-éigintus mór ann leagar an chuisle a méid móir, & ní do
Tuillead, teagmuid ní ele fá ligen na cuislenne go gnáthach, mar atá, a hosgailt & gan sileadh do dénam di, & teagmaid sin ó mórán do chúisibh. An chéd-chúis díbh .i. imad na fola arna cur ara céile, & iadhaidh sí an crécht óna himad, & ní
9860] shilinn, nó silid 'na braenaibh, & is comartha air sin, óir silid sí ana braenaibh méid éigin, & dá mbuailtear an chuisli an tan sin & an crécht d'ongad lé holuid silidh a cédóir snáithi mór uaithe; & as maith annsa chás sin na slinnéin do choimelt.
An dara cúis toirmiscius a sileadh .i. remhe na fola. Agus ní héider lé sileadh ar aen-mod an tan sin; más ead, as éigin an fhuil do shéimiugad an tan sin lé biadaibh & lé leigeasuibh sheimighius í, noch atá aithnid dúin .i. dul a fothragad roim
9870] an cuislinn, dá mbia in corp gan beith línta.
An treas cúis .i. easbaid na fola. Agus tuicthear
An ceathramad cúis eagla, nó merbthen, nó
9875] nár gnáthuig sé cuisli do legen dó. Agus is imchubaid an tan sin greim aráin da thuma a fín deag-balaid & a chatham , & uisgi róis do chrothad ar a adaidh, & briathra comfhurtachtuigthi do rád res. Tuillead, fédaidh so teacht ó laighid
9880] an chréchta; más ead, fairsingthear an cnead, ór as meinec imighis an fhuil shém & anus an fhuil reamur an tan sin.
Tuillead, an uair beas an fhuil a' sileadh as inglaca í, & dá fághar fuar í as inchoisgi hí. Mar
9885] an cédna dá fagar ro-the ro-shéimh í, dleagar a cosg, ór dobud baegal singcopis do theacht ó gach cúis díb sin.
Tuillead, curthar braen don fhuil ar th'ingen & dá silead sí & gan anmain 'na comnuidhi ar
9890] aen-mod ar inngen as comartha sin ara beith uisgeamail go mór & as inchoisgi hí; & muna sileadh sí ar aon-mod ar in ingin as ro-reamur í, & as beac dleagar d'fholmugad dí an tan sin nó co sémighthear í lé biadaibh & lé leigeasaibh
9895] séimhigtheacha; & dá mbia sí co hinmeadónach ana substaint, & an fual do beith dearg, & in puls do beith tiug lán, as inlicthi an chuisle a méid móir an tan sin. Et mar an cédna curthar braen
Tuillead, an uair leagar an chuisle as maith mér do chur ar in cneid tar és beagáin do shilead dí,
9905] óir do-ní so dá tharbhadh. An céd-tarba díb,inntaigthear an bríg chum inaid lecthi na cuislinne & toirmiscid a dísgaílead & a hanmainniugad ar son an fholmuigthi obainn & dísgaílti na spirad. An dara tarba .i. coisgthear in fhuil nó go tarrangthar
9910] an droch-fhuil atá a fad ó inad na cuislinne chum na cuislinni; ar an adbar sin dá mbia neascóid annsa chorp, & an chuisle do leigin dá hindtugad, as ro-maith mér do chur ara bél an tan sin.
Tuillead, as inchomurthaigh na neithe as cóir da dénamh tar és na cuisleann . Ar an adbar sin as intuici cad is indénta tar és na cuislinni .i. ní hindénta codlad ná sibal ná comnuidhi a n-inadh sholus 34; & curthar chum cumsanaidh
9920] an tan sin é a leabaid dorcha, & connmadh a thshúile osgailte ar eagla go ndísgaílfidhi na spiraid; & tabarthar greim d'arán róstuigthi dó arna thuma a fín dead-balaid maith. Gid eadh,
Agus na dénadh saethar ar aen-mod, acht dénadh comnuidi astigh a ngairdeachus maille
9935] réna compánachaibh. Agus ná déntar fothragad an lá cédna ná coimriachtain ná codlad, óir cúisigi an codlad luath tar és na cuislenni cumgach na mball, & cúisighi sin gluasacht na n-imarcrach co {MS P page 478} hinmeadón chum baill éigin uasail. Tuillead,
9940] tarrangthar in fhuil & an teas & na spiraid andsa chodlad, & fétar fiuchad do chúisiugad andsna leannaibh ar son gluasachta na leannann & ar son an athtarruing do-níthear a n-aimsir an chodulta, & cúisighthear fiabrus co meinec uada sin.
9945] Tuillead, gluaistear baill an duine co hanordaigthi annsa chodlad, óir an uair inntaigius duine fá cuairt do fhédfad sin beith 'na chúis d'osgailt na cuislinne. Más ead, as follus nach indénta codlad tar és na cuislinni, & co háirithi roim an
9950] mbiad; gid ead, fédtar codlad tar és an bídh a
Et bíth a fhis agud co tic singopis co meinec a
9955] n-aimser na cuislinni nó tar a hés, & co háirigthi chum na droingi gá mbí linn ruad ana ngailidibh & bríg beóthach anmann. Ar an adbar sin as maith na baill fhuirimeallacha do choimelt co láidir an uair tic an tshingopis, & uisgi róis & 9060"> fín deadh-balaid do chrathad ar a adaigh, & a gairm ana ainm fén, & a bél d'osgailt lé maide & eanbruithi circi do thobairt dá ól dó maille ré fín; & fétur diamargariton & pliris do thabairt maille ré must nó lé siúcra rosarum dó.
Agus is lór na neithi so fá cheann na neitheadh as indénta roimh an cuislind & 'na diaigh & innte.
Labrum ana diaigh sin d'fhéchain na fola. Agus bíth a fhis agad gorob infhéchsana an fhuil tar és a téchtaigthi, & a cur a mórán do miasaib
9970] beaca, innus comad ferdi d'athónadh an liaigh éxamlacht na fola é. Agus tuicthear annsin cé as fearr, an chéd-fhuil ná in dara fuil, & an dara fuil ná in treas fuil, & mur sin nó co roith crích a lice . Agus dá mbia sí a chontrárda so .i.
9975] comad fearr an chéd-fhuil ná an dara fuil, ní bud maith sin, óir is comartha éigintuis & ar in leigeas lagthach é. An chuisli, immorra, leagor
An dara ní dligmid do thuicsin ar leigin na cuislinni .i. co fuilid cúig shubstainti. indti .i. linn dub, & linn finn, fuil dearg glan, & linn ruad,
9990] & uisgeamlacht an fhuail.
Linn dub, immorra, as é as deasgaid d'fhuil deirg, & bíth a ndath dubh, & bíth a n-íchtar na méisi ar son gurob talmaide trom é; ar an adbur sin ní cóir droich-breath do beith air dá mbia
9995] an duibhe a n-iachtur, óir as comartha nádúrda é acht muna inntaige sé chum uachtair na fola; & an uair bus follus an salchur sin a cainndigeacht móir ní deadh-comartha é et fédmaid a breathnugad co fuil an neach sin dobrónach, sanntach,
10000] formadach, eaglach, meirtnech, arna inordugad chum easláinti leanna duib; & dligid an neach so purgóid leanna duib do gnáthugad & neithe imduigius fuil maith.
Linn finn, immorra, bíth sé geal, bíamail , & blas insipitum air, & as cosmail ré gealán uibhi é.
infra 307-8
Agus as é beantur a fuil deirg tar és leanna duib, & dligidh beith a cainndigheacht as mó ná caindigeacht leanna duib. Et dá mbia cainndiacht an leanna so mór, fédmaid a breathnugad co fuil an
10010] duine sin fleghmaticach go nádúrda nó go haicídeach, & co mbín sé codultach, neim-gér, anmhann, méth, maille ré mórán seleagair.
Ana diaidh sin fuil dearg glan. Agus dligidh beith a ndath phurpurach nó ruad nó fo-ruad,
10015] & dligid an linn so beith a cainndigeacht móir. Agus dá mbé sé mur so, fédmaid a breathnugad co fuil sé 'na fhir fola deirgi, & a beith saer, cairdeamail, subáltach, gáireachtach, & dath dearg air, & a beith beógha, beannachtnach .
Ana diaigh sin linn ruad. Agus is é as cubur {MS P page 479} do fhuil deirg, & bíth a ndath chrócdha ag claenadh chum soillseachta nó chum deirgi drithlinnaige . Et dligid sé beith a cainndigheacht as lugha ná cainndieacht fola deirgi & leanna finn, & nísa mó
10025] ná cainndigeacht leanna duib. Gid eadh, dá mbía a chainndiecht nísa mó ná mar as éigin, fédmaid an duine sin do breathnugad coilearda, & a beith fallaxach , feargach do réir chonsiquens, & a beith beódha, cian-radurcach, ullamh chum
10030] gach gnímha, & a beith neam-chodultach, cael.
Et as mar sin as follus as na ráitib adubramar
Tuillead, dligmid an tsubstaint uisgeamail do
10045] thuicsin noch thshnáigius ar in fhuil d'és a téchtaidthi, mur do-ní an meadhg ar an mbainne ar téchtadh. Et an méd dealuigthear an uisgeamlacht so an fhuail ón fhuil as í an mhéide sin foillsigthear an bearbhad do beith measurdha
10050] an díleagad do beith maith. Agus dligid an uisgeamlacht so beith a coimhedeacht na fola do shéimiugad a substainti, innus comad usaide lé gluasacht tríd na cuisleannaibh beaca & móra. Ar an adbar sin ní maith an fhuil do beith arna
10055] díghbugad co huilidi ón uisgeamlacht sin an fhuail, óir signigid easbaid na huisgeamlachta sin tirma & remhi na fola & uireasbaid na dighi cumaisgi. Et do gnáthuig uireasbaid na huisgeamlachta
Tuillead, mad áil leinn a thuicsin an reamur
10075] nó an séimh an fhuil ana substaint, fédmaid a thuicsin mar so .i. a gearradh lé sgin crainn tar és a téchtaidthi, & dá seasmhuigi sí risin ngearrad breathnuigthear a beith reamur rigin; & dá ligi tríthi co hurusa í signigid sémhe & neim-díleagad
10080] na fola; & da mbía sí tiugh, mar adubramur tuicthear co fuil ullam chum apoplexia.
Tuillead, as inntuici a timchill datha na fola .i. mad follus éxamlacht datha annsa fuil do réir éxamlacht an tshuigigthe, mar as follus a muinél
10085]
an chulúir, tuicthear as sin éxamlacht na ndroch-leannann
Tuillead, dligmid fuil dearg do thuicsin do leith a blasa, má tá neach lénab toil a tuicsin .i. má tá blas insipitus uirre, foillsigid tigearnus leanna finn do beith uirre; & má tá searbh,
10110] foillsigid tigearnus leanna ruaid; & má tá poinntica nó aigéidigthi, foillsigid tigearnus leanna duib nó leanna finn aigéidigthi.
infra 313
Tuillead, as intuici baladh na fola, óir dá mbía sí {MS P page 480} toltanach deag-balaidh as maith an comartha, &
10115] dá mbia do-balaid signigid morgad do beith isna leannaibh.
Tuillead, dligmid do thuicsin an luath nó an mall téchtus an fhuil. Masa luath téchtus sí, signigid remhe na fola, & masa mall 35 signidh a
10120] beith séim, neim-díleagtha, & dá mbia sí a mod inmeadónach signigid substaint inmeadónach do beith aici.
Agus as leór linn so do na neithibh do-gabar a timchill na cuisleann an méid beanus sé ré
10125] follamnugad na sláinti.
Uentosa est instrumentum cum orificio stricto & uentre spatioso .i. as ead as fásadarc ann innstrumint gá mbí bél cumhang & brú fhairsing. Agus do-níthear uair ann d'adairc í & uair eile do glaine,
10130] & uair and maille ré fuiliugad, & uair gan fuiliugad. Et an adarc curthur maille ré fuiliugad tairngid sí an t-adbar go mothuigtheach & an fhuil thshéim
Tuillead, bíth a fhis agad an inntinn adubramur
10140] romainn a timchill na hadairci co principálta bís maille ré fuiliugad .i. co folmuigeann sí co mothuigtheach & co coimlínann sí inad na cuisleann an uair toirmiscthear ó chúis éigin í (mar atáid, na macáim nach dleagur cuisli do leigin dóibh roimh
10145] a .14. mbliadain & do na sean-daínibh d'és .10. mbliadan & .3. fichit, & mar sin dá cosmailibh): & gairid Auicenna neithe do-ní inad na cuislinni díb so & choimlínas a tarbacht; & gnáthuigthear a cur do leth na n-oibrigthi sin a mórán d'inaduib,
10150] gid eadh, as a cúig n-inadaibh nó a sé n-inadaib as mó gnáthuigthear a cur.
An céid-inad díbh .i. a cur ar clais cúil an chinn, d'fholmugad an adbair ón cheann & óna reannaibh. Agus do-ní sí inad cephalica an tan
10155] sin; ar an adbar sin as imchubaid í a n-easláintibh na súl & a salchar na haidhchi & a mbréntus an béiil.
An dara hinad a curthar í .i. ider an dá shlinnén & folmuigid sí an t-adbar atá annsna ballaib
10160] spiratálta Agus do-ní inadh mediana an tan
An treas inad a ndleagar a cur .i. ar na háirnibh & ar uball na leisi, d'fholmugad an adbuir atá
10165] annsna ballaib oileamnacha. Agus do-ní sí inadh basilica in tan sin ; ar an adbar sin foghnaid sí a n-aigid dúinteadh, & neascóideadh, & tendis na n-ae & na ndubán, & sgabiesi an lésa & an chuirp co huilidi.
10170] An ceathramad hinad ina curthar í .i. ar an dearnainn ar son guta & teindis na mball bís 'na comarsannacht.
An cúigead hinad ana curthar í .i. ar lár na luirgne & ar lár na colpadh & a n-aici na n-alt.
10175] Agus do-ní sí inad shofena in tan sin; ar in adbar sin togairmid sí an fhuil místa, & leigisidh sdranguria & teinnius an maclaic & an lésa, & is imchubaid í a n-aigid podagra na ndroch-cneadh.
Et as í so as inntind phrincipálta do na
10180] hadarcaibh gan fhuiliugadh, & curthur a mórán d'inadaibh í do choimlínad na hinntinne sin.
An chéid-inntind díbh, fá na maethánuibh, do threórugad & do tharrang na fola ón tsróin. Agus as é so adeir Galen in quincto Terapeutice36;
10185] ar an adbar sin dá silead sí ón leath-tsróin deis , dleagur an adarc do chur ar na haebh,
{MS P page 481}An dara hinadh a curthar hí .i. fá na cíghibh
10190] d'athtarrang & d'inntóg fhluxa na fola místa. Agus as é so adeir >Ipocráid sa chúigead pairteagal d'Afoirismorum an uair adeir sé: Mulieri autem si uis menstruam retinere sic iam maiorem ad mamillas apone
Tuillead .i. curthar í, do réir Galen, ar na sliastaib, do thogairm na fola místa; & ní headh amáin, acht
10200] curthar í a fogus do neascóidibh na n-alt, dá ndísgaílead & dá ndrud ó na haltaibh.
Tuillead, curthar na fásadurca annsa pharilis ar bunáit na féitheadh dá téghad , do réir mur adeir Auicenna sa treas Canóin a caibidil na parilisi.
Tuillead, curthar ar in meadhón hí a colica, do dísgaílead na ndeathaigthi & do míniugad an tinnis.
Tuillead, curthar ar an maclac & ar na hinnibh í, dá cur ana n-inadaib féin, do réir chomairli
10210] Auicenna andsa treas Canóin ana caibidileachaibh fén.
Tuillead, curthar iad ar na sligthibh & ar na póiribh tré sibluigind an fual ó na háirnibh chum an lésa innus coma móide do thuitfeadh in chloch
10215] chum an lésa í, do réir Auicenna annsa treas Canóin.
Tuillead, cuirthear 37 iat ar na cluasaibh & ar bélaibh na cneadh ndomain, do tharrang an neith eachtrannaigh bís inntu.
Tuillead, curthar iad ar na greamannaibh neimneacha & ar na gontaibh neimneacha & ar na goránaibh neimneacha, do tharrang na nime astu.
Tuillead, bíth a fhis agad, do réir mar adearaid
10225] na sean-daíne, curob fearr an fhásadurc an uair bís an ré lán ná in uair bís sí uireasbadach, do réir mur adeir Auicenna & Galen sa treas leabar don fhaethugad. Agus dearbaid Almusor sin .i. an uair méduigthear an ré ana shoillsi go
10230] médaigthear & co tarruingthear na leanna a fuirimeall an chuirp, & an uair laighdithear a soillsi go laighdithear na leanna & co n-iatar a n-inmeadhón íad; ar an adbar sin as maith, an lá cuirfir an adarc, an gaeth do beith andeas &
10235] a cur ón dara huair nó co roith an treas uair.
Tuillead, bíth a fhis agud corob í as inntind dá gach aen-neach do-ní oibriugad annsa chás so inadh na fásadairci d'innladh lé huisgi te, &
Agus as leór lim so don fhásaduirc.
Sanguis sugacio est extraxcio sangunis cum sangis sugis .i. as ead as sangis sugacio and .i. athtarrang na fola lé sanguis sugi. Et as piasta beaca duba iad a cosmailius earball lochadh ana mbíd líní buidhi ana ndromannaibh &
10250] deirgi éigin ana meadhánuibh . Et as iat as fearr díbh na piasta do-gobar annsna huisgib maithi. Ge edh, seachaintear díbh na piasta ara mbí dath aduathmur & gá mbí ceand reamor & oiltear a ndroch-uisgibh, óir as neimneach iad.
Et bíth a fhis agat nach inntuctha sanguis sugi a mórán d'inadaibh, acht annsna hinadaibh nach éidir na fásadarca do chur, mar atá, an bél, & an tsrón, & feóil na fiaccal, & na baill tirma bís lomnacht ó fheóil, mur atáid, na méir & na
Agus coimeltear an ball aindséin, & innaltur nó go ndeargthur é, nó curthar fuil ele faí, nó {MS P page 482} déntar begán fuiligthi innus go silfí méid éigin
10275] fola ass; & curthar ris iad ré lámhuibh .i. a dó nó a trí, do réir mur as éigin chum tarraing an méide so d'fhuil .i. an méd as éigin d'fholmugad di. Et ana diaig sin an uair linfaid siad iad fén d'fhuil, tuitid uatha fén, nó muna thuitid curthar
10280]
uinégir fóna ceannaibh, nó salann bruiti, nó aloé, nó tarrangthar iad lé ruaineach, nó léna cosmaile.
Et dobud tarbach ana diaigh sin an t-inad do shúgad nó innlad lé huisgi nó lé haigéid. Et
10285] dá n-imdaigthear fuil annsa ball as maith cerín
Agus as leór na neithe so do sangis sugi.
Quia homines sani raro utuntur cauteriis quamuis tamen eis interdum vtimur .i. as annamh gnáthuigid na daíne slána na puinc, acht gé gnáthuigmid-ne
10295] iad co meinec, ar an adbar sin cuirfimid aen-chaibidil athchumair do na poncaibh ann so, do choimlínad na hoibre so, an méid beanaid siad ré follamnugad na sláinti. Et ní héigin a rádh and so na hinnstrumuinti lé ndéntar na puinc, ná
10300] cinnus do-níther iad, óir is obair cirurici 39 sin .i. obair fhir shínti lámh; ar an adbur sin ní áirmheóm and so iad; & ní háirmeóchum na heasláinti ann so darob imchubaid mar leigis iad, ná na hinaidh ara ngnáthuigthear a cur; gid eadh, adéram
10305] tarba generálta na ponc.
infra 322-4
Air an adbar sin bíth a fhis agad corob tarbach an ponc do thirmugad na leanann & dá tarrang ó doimhne na mball, & do thoirmeasc an truailligthi, nach sgailti & nach imdaigthi hé, et mar an cédna
10310] do chomfhurtacht na mball & do cheártugad a coimplexa, & do dísgaíleadh na n-adbar truailligthi noch connaimhthear annsna ballaib. Tuillead, as maith an ponc do chosc fluxa na fola; & an uair do-níthear an ponc ar son na hinntinde déiginaid
10315] so dligidh sé beith láidir domain, óir dá mbeith sé égruaidh & crústaigi anmhanna aigi, noch do thuitfidh gu luath, do beith seachrán núa an tan sin budh measa ná in céd-sheachrán. Ar an adbur sin na daíne bhís a leithid na sláinti, noch
10320] atá ullam chum tuitme a n-easláintibh na mball fuirimeallach theagmus ó thruailliugadh na leanann, dligid siad puinc do gnáthugad: verbi gratia, mar atá, in drong atá ullam chum lubra nó chum guta rosacea na haighthi; & gu huilidi a n-aigid
10325] na n-easláinti dochraidius an aigid lé flichideacht truailligthi na hinchinne ag nach fuil sligi imtheachta acu ón inchinntuitid chum na haigthi & chum an chuirp co huilidi, & as mór as imchubaid an ponc dóibh so .
Et mar adubramar romuinn, do na fliuchataib ceangailtear annsa cheann, co nglantur iad lé
Tuillead, bíth a fhis agud nach dleagar an ponc do chur ar aenmodh acht muna glantur an corp reimhe ar tús lé cuislinn & lé leigeas lagthach, nó lé ceachtar díbh, mar do-chífir don liaigh. Agus an uair do-níthear an ponc chum folmuigthe an
10350] adbair, condaimthear an ponc osgailti an tan sin; gid eadh, an uair curthar hé do chosc na fola, ná connaimthear osgailti an t-inad. Agus an uair curthar chum folmuigthi connaimthear .40. lá osgailti hé, an méid as lugha, & glantur an
10355] t-inad gach [H3] 41 lae faí dhó, nó aen-uair, fó méid {MS P page 483} nó faí loighead fholmuigthi an adbuir. Et
Agus seachain gan pongc do dénam ar naídheanaibh ná ar daínibh ro-arrsaighi, óir ní dleagur a chur ar na sean-daínibh ar son imurcaid tirmaideachta a mball, ná ar na naígeanaibh ar son ro-buice a mball. Agus ní dleagur a chur annsna
10365] haimsearaib ro-theasaidi, ná ro-fhuara, ná ro-thirma; & ní dleagur a chur ar na musgailib.
Et bíd a fhis acad na poingc cuirthear 42 fó na glúinib gurub tarbach iad do glanadh an chuirp co huilidi ó na leandaibh truailligthe; ar in adbur
10370] sin is ro-tharbach na poinc sin a leigeas na lubra.
Agus is leór lim na neithe athchumaire sin do na poncaib.
Interdum uentris solucio quibusdam hominibus
10375] multum cumpedit in regimine sanitatis .i. as imchubaid co mór do droing do na daínibh an
Ar in adbur sin an drong gnáthuigius droch-regimen,
10395] & agá fuil droch-coimplex, & nach fuil ana naíginaibh ná ana seanóiribh, & agá fuilid gailidi & inne láidire, & agá fuilid cuirp móra reamra, & iad craesach, ac ithi móráin, & guru beac gluaisid ná shaethraighid siad, & gurub beac
10400] innarbaid lé hinglanad ná lé hallus, as inphurgóidighthi go 43 mór an drong sin. Agus muna térnaigid mar sin as cuntaburthach iad gan
Et as inchomurthaighthi co deithideach co ndleagur an corp d'ullmugad, & na leanna do díleagad & do ullmugad, indus co mbeidis siat umal don fholmugad sul gabthur an leigeas lagthach.
Et dleagur an corp d'oileamain lé neithibh bogthacha olamla & oslaigius na cuisleanna; & seachantar an biad acht an biad bogus & oilis an corp co mór. Et dá mbia an t-adbur reamur rigin, séimigthear & gearrthar hé; & dá mbia sé
10415] ro-shéim teasaide, remruigthear méid éigin hé. Gid ead, dá mbia an t-adbur dásachtach do leith {MS P page 484} a gluaisti, nó do leith a mailísi, nó do leith an boill, nó do leith an inaid, nó do leith na cáilideachta, nó do leith na cainndieachta, nó do leith
10420] na haicíde thidlaicius an t-adbur sin, ní dleagur fuireach réna díleagad an tan sin.
Tuillead, as intuici nach dliginn neach leigeas lagthach do gabáil chugi a n-aimsir ro-the ná ro-fhuair acht annsna haimsearaib measurda, mur
10425] atá, in t-earrach & in foghmur. An aimsear fhliuch, immorra, as imchubaid í chum an leigis lagthaig. Agus is mór is intuicthi nach bia an t-ésga a Leo, & nach bia Leo ac dul a n-airdi, & co huilidi nach bia an ré a comurtha cheangailti,
10430] acht a beith a comartha gluaisteach fhuar fhliuch. Ar in adbur sin do-chíthear nach fuil do na
Tuillead, as intuicthi gan an t-ésga do beith cengailti do Ióib co corpurda ná do réir fhégtha;
10440] & an uair bís sé ceangailti do Saturnus, ní dleagur an leigeas do thabairt; óir an uair ceangailtear an ré & Iób, calmuigid brig nádúrda an chuirp, & ní fholmuigeann an leigeas lagthach ach ar claí bríge nádúrda an chuirp; tuillead, an uair ceangailtear
10445] ré Saturnus é, cuirid an leigeas a neam-gluasacht, & toirmisgid oibriugad an leigis lagthaig an tan sin.
Tuillead, as mór as intuicthi co fuilid cuid do na leigeasaib lagthacha, an uair caittear iad, co
10450] ndleagur mórán codalta do dénam, mur atáit, na leigis láidiri caitear a mod phillidi. Acus atáit cuid ele dib as luga ara ndleagur codlad do dénam, mur atáit, na leigis nach fuil comláidir riú so ach caitear a mod lictauáire. Et atáit
10455] cuid ele díb nach dleagur aen-réd codalta do dénam, mar atáit, na leigis égcruaidi caitear amail digh.
Et tuicthear as so an leigeas gabthur a substaint
Et mur an cédna, tar éis an leigis do chaithim, ná hitear biad ná deoch nó gu coimlína in leigeas a oibriugad. Gid eadh, atá drong éigin anfhann
10480] do réir nádúiri, agá bhuil comshuigiugad tearc, {MS P page 485} leis nach éidir beith gan biad nó co coimlína an leigeas a oibriugad. Et dligid an drong so, roim an digh leigis d'ól, réd éigin séim do chaithim bus urusa do díleagad. Agus fédaid an drong
10485] cédna, tar éis an leigis do thinnscna a oibrigthi,
Et aitheónmaid an leigeas do choimlínad a oibrigthi mur so: an uair do-chífim an t-inglanad ac claechlód, nó an linn chum a tugad an leigeas, nach é a dhath díleas féin atá air, & is comartha
10495] sin ar in oibriugad do beith coimlínta, & dleagur an t-easlán d'oileamain annsin. Tuillead, comartha ele fhoillsigius an t-oibriugad do beith coimlínta, óir an leigeas do-bearar bud follus é annsan inglanad, óir tar éis an leigis d'oibriugad
10500] co lór innarbaid an nádúir hé. Tuillead, an treas comartha .i. an tart45, an uair nach tic sé ó géiri an leigis ná na leannann, ná ó choimplex an gaile. Ar in adbur sin dá mbia an leigeas gan beith gér nó na leanna dleagur do fholmugad gan beith
10505] teasaidi, ná gan an t-othur do beith tartmur co nádúrda & an tart do theacht a ndiaig na purgóidi as comartha sin gur purgóidid co lór hé.
Et tara éissi so do thuicsin dúin as maith don othur deoch shleamnuigtheach glantach, noch
10510] mínighius in tart, d'ól, & cheandsuigius & innarbus an leigeas. Agus atá uisgi te na heórna mar
Et dá teagmad cu mbeith an leigeas gér cu
10520] mór, & coimplex te co mór do beith ag in easlán, & an aimsir do beith te co mór, ná hibthear fín ar aen-mod an tan sin, acht ibthear mellecratum a n-inad an fhína, nó uisgi siúcra, nó uisgi beirbthi arna chlaechlód lé beacán fína. Bídh a fhis agud
10525] dá folmuigthear an t-othur co dásachtach, & gumad eagail linn an flux tar és na purgóidi, nach dleagur mellicratum, ná uisgi siúcra, ná a cusmaile d'ól ar aen-mod an tan sin, ór lagaid an bhrú. Gid eadh, dleagar súgh sitonia d'ól,
10530]
arna chur a tigi lé huisgi arna bearbad lé hiarann, nó a cusmaile.
Et teagmaid co gnáthach nach folmuiginn an leigeas do-bearar don chorp, ar son an leigis nó an chuirp do beith égruaidh, nó ar son gaethmuireachta
10535] do dísgaíleadh substainti an leigis, nó ar son thshligidh na n-inneadh do beith dúinti.
Ar in adbar sin dá faicim nach oibreócha an
Et mad hí an gaethmuireacht bus cúis ann, nó na hinne da beith sdupáilti, as imchubaid clistere do threórugad an leigis & do dísgaíleadh na {MS P page 486} gaethmuireachta.
Et mad é in leigeas do-bearur nach oibriginn,
10550] & é ag tosgugad chum na mball uachtarach 46, & co ngineann greamanna & cnám craidi, & co togairminn sé gluasacht a cusmailius spasmuis, as intogairmthi an sgeathrach an tan sin. Et dá tuicim co mbia an leigeas a' claenad chum
10555] na mball íchtarach (tuicear sin ó gáirfí & ó chumgach na n-inneadh), déntar clistiri láidire athtairrngtheacha an tan sin. Tuillead .i. ceartaigi deoch uisgi fhuair mailís na leigeas, & fothragad uisgi fhuair, ar son co mbrisinn sé géiri & lasrach
10560] an leigis. Gidh ead, an uair nach folmuiginn an leigeas ní fhuil ní as mó as a ndleagmaid muinighin do beith ná a hoibriugad na clistiri. Agus dá mbia in leigeas gan innarbad ón chorp leó so uile,
Et teagmaid co meinec gu folmuiginn an leigeas lagthach do-bearar nísa mó na mur as éigin, & dleagar sduidér do dénumh an tan sin d'innarbad an leigis ón chorp. Tuillead .i. comfhurtachtaigthear na hinne chum fostóigh; & coisgthear
10575] rith an adbair; & comhfhurtachtuigthear an corp co huilidi, & gu háirighthi an craidi & na boill phrinsipálta; & annsa chás anab éigintach so sdupáiltear & téchtaighthear an t-adbar.
Ar an adbar sin adeirim ar tús, dá fecear
10580] an leigeas do-bearur ag anmhuin annsa chorp, dligid neithe sleamnuidtheacha do thabairt an tan sin innarbus substaint an leigis ón chorp. Agus as ní díbh sin uisgi te eórna, maille ré biamlacht psillium, & a ól mur digh, óir anmhainnigi
10585] an deoch so bríg an leigis lagthaig & innarbaid ón chorp é; & as maith an leigeas so dá feicim co mbía an folmugad imurcach ó neart an leigis.
Tuilleadh, an dara ní adeirim .i. gu ndleagur
10590] bríg fhostaigtheach na n-inneadh do chomfhurtacht annsa chás so, óir dobud éidir a leithéid
Tuillead, an treas ní adeirim .i. gurub indénta sduidér d'impúgh an adbair, verbi gratia .i. dobud éider an t-adbar do rith chum na n-inneadh ó na ballaib uile. Agus as mór as imchubaid fothraigthi & coimilta an tan sin, d'inntúdh an
10605] adbair ó na hinnibh. Agus as imchubaid na neithe diureiticacha co gnáthach an tan sin d'inntód an adbuir, & as maith an sgeathrach mur an cédna.
Tuillead .i. folmuigid an leigeas lagthach nísa
10610] mó na in chóir ag claí bríg nádúrda & beóthuigheach an chuirp, ar an adbar sin as indénta sduidér deithidach do chomfhurtacht na mbríg. Ar an adbar sin tabarthar neithi sdupáilti & neithi thogairmius an collad do thoirmeasc an fholmuigthi. Ar an adbur sin annsan éigintus mhór ní holc
10615] opiata éigin do thabairt do chur an adbair a {MS P page 487} moille & do sdupáil na bríge ainmidhi; gid eadh, as maille ré hinnillius mór as indénta so.
infra 336
Quamuis homines simplisiter sani & a tempori
10620] non indigint uomitu .i. ní reagaid a leas na daíne slána an sgeathrach gu coitchinn, gidh ead, na daíne agá mbí linn ruad nó linn finn ana ngailidibh coimhédtur iat ana sláinti dílis ón sgeathraigh. Agus adeir Galen sa chúigead leabur do
10625] Tharbhadh na mBall , & do chomairligdar na seinn-leaga, an drong tromuidthear ó na biadaib sgeathrach do dénamh uair sa mhí; *& an drong adubairt a dénam uair sa mí, do breathnuigidur a dénamh fá dó sa mí.*47 Ar an adbar sin dá ngnáthuigid
10630] na daíne an sgeathrach do génamh , do réir mur iaruid a ngaile hé, glantur ó na himarcachaibh iad, & calmuigthear a ndíleagad, & athnuaigighthir a cuirp, édrumuigthear an ceann & na cédfada uaithi, & géraighthear an radorc. Et dá mbia
10635] an sgeathrach co hainmeasurda annsan inad ná bud éigin í, do-ní urchóid do na haebh & don ucht & do na súilibh, & brisidh na cuisleanna ó tic an tedhm ré n-abar emotoica.
Agus an sgeathrach as imchubaid a follamnugad
10640] na sláinti ní dlleagar a dénumh & an gaili folamh,
Et gortaigthear na súile gu mór ón sgeathraig; ar an adbur sin, an uair bus áil lé neach sgeathrach do dénamh gu gnáthach, cuiridh sé bréid fhillte
10655] ar a shúilibh & na súile osgailte, & nasguigthear é nó gu coimlíntur an sgeathrach.
Et tar és na sgeathraigi do choimlínad innaltar an aigid lé huisgi róisi, & an bél lé hidromel nó lé siróip aigéidigthi. Et ní hinchaiti biad a cédóir
10660] tar a hés, ach fuirighthear nó gu mbia an tochlugad láidir. Et dá teagmad tart ar fhir na sgeathraigi, ceartaigthear an tart lé siróip sitoniorum. Agus gnáthuigthear feóil gearrcach do chaithim & biada sodíleagtha chalmóchus an gaili & na bríga nádúrda.
Agus bíth a fhis agat gurob sgeathrach urusa nó égruaidh as imchubaid a follamnugad na sláinte, mur adubramur romainn; & fédtur sin do thogairm lé haen-digh d'uisgi the & lé holaid.
infra 338-9
{MS P page 488}
Quia homines sani sepe clisteris uti consueuerunt
10670] & cetera .i. do gnáthuigdur na daíne slána clistiri co minic, & subpositoria mur an cédna; ar in adbur sin as inlaburtha co hathchumair díb, an méid beanus sé ris so. Ar in adbur sin is intuicthi gurub imchubaid an clistiri do na daínibh ana
10675] cruaidinn imurcacha ana n-indib; & tig colica pasio co meinic ón chruadhugad sin. Et is imchubaid iad mur in cédna, don droing ana n-imdaignid gaethmuireacht ana n-indib nó linn finn righin, óir is beac do linn ruad cuirthear
10680] chum a n-indead an tan sin do dúsacht na brígi tochluigthigi; ar in adbar sin reagaid a leas an drong so clistiri bogthach a follamnugad na sláinti a n-aigid chruaduigthi na n-imorcach, & clistire dísgaílteach a n-aigid na gaethmuireachta,
10685] & clistiri gontach a n-aigid uireasbaide gontaigi leanna ruaid, noch do dligfí do chur chum na n-inneadh. Et do-níthear na clistiri glanus na hinne gu meinic, & daingnighius iad, & athtairrngius ó na ballaib a cianaib, & clistire reamruigius
Et as inchomurthaidh cu fuilid neithe as inntuicthi ag tabairt na clistiri . An céd-ní díbh
10695] .i. co ndleagar na clistiri do thabairt d'fholmugad na n-inneadh & do chnaí na gaethmuireachta bís intu & isna ballaib mur an cédna. Ar an adbar sin an drong bís amhuirseach ar colica nó ar tinnius áronn as mór dligid siat clistiri do gnáthugad,
10700] ór folmuigid na clistiri ó na hinnib uachtaracha gan inmeadón, & ó na háirnib & aindsén ó na ballaib uachturacha ar son an choimcheangail atá idir na ballaib uachturacha & na baill íchturacha.
An dara ní dleagmaid do thuicsin .i. gan na clistiri láidire do thabhairt nó gumad díleagtha an t-adbar, & nach dleagur a tabairt ar aon-mod & an biad neim-díleagtha annsa ngaili , óir do tarróngthaí an {MS H page 186a42}49 biadh neim-díleagtha an tan sin
10710] chum na n-inneadh & chum na n-aé.
Tuillead dligmid do thuicsin: an uair do-bearur an clistiri ar son na n-áronn co ndliginn sé loighi ar in druim, & a chontrárda so más ar son na n-inneadh do-bearur é .i. dligi an t-easlán luighi
Agus tuicfear a leabar na leigeas aonda adbur na clistiri {MS H page 186a50} adubramar romainn.
Consequenter dicendum de suppositoriis .i. do
10725] labramur don taoibh thuas dín do na {MS P page 489} clistiribh labrum anois do shupositorium; & gnáthuigid na daíne slána iad. Agus as iat so na supositoria míne neim-géra .i. na supositoria do-níthear do mhil & do shúgh mercurial, & do gallumhnaigh
10730] Fhrangthaigh, nó do lurgain cobhláin, & dá cusmaile. Et atáit supositoria 50 ele as treisi ná sin .i. supositoria do-níthear do mhil & do sgamonia, nó d'eforbium, nó do choloquendida, & dá cosmaile.
infra 340-1
Agus orduigthear an céd-shupositorium adubramur
10735] do lagad na bronn, & an dara supositorium do tharrang an adbair ó na ballaib a cianaibh. Agus as mó as imchubaid an céd-shubpositorium sin a coiméd na sláinti ná in dara subpositorium.
De pesariis autem sciendum quod sic se habent
10740] ad matricem52 .i. as inntuicthi curob amlaid atáid na pissaria chum an maclaic mar bíd na supositoria dochum na n-innead, & gairthear clistiri díbh uile. Agus do-níthir na pissaria gu gnáthach do thogairm na fola místa & do
10745] glanad in maclaic innus go n-ullmuigthear é chum gabála an toirrchis. Et do-gabar adbur na pissarium53 so annsna leabruibh rannaidhi, & is cumain lim co ndubart ní orra so don taíbh thuas dím; ar in adbur sin ligim dóibh ann so.
Et cuirim crích ar in obair sin maille ré molad do Dia, noch ó ngabur grása & foirceadal foirfi.