Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 17

34

An seachtmad caibidil dég: do na feólannuib

infra 264
Quia quidem bone carnes inter alia cibaria .i. an uair díleagthur an fheóil co maith, ní fhuil do na
5880] biadaibh biad is mó geinius fuil maith ná hí; & méduighid bríg na curp; ar an adbur sin as inlaburtha di co speitsialta. & don oileamain do-gabur uaithi. Agus ar tús don oileamain do-gabur ó na hénuib fiadánda & muinntearda do-ní
5885] eitillach, & ainnséin don oileamain do-gabur ó na hainmintib shiubluigius ar a cosaibh.

Gid eadh, bíth a fhis agat co generálta co n-éxamailtear coimplex & dísleacht & oibriugad na feóla fá éxamlacht gnéthead na n-ainmintead, dá
5890] rabuid siat ana n-énuib muinntearda nó fiadánda do-ní eitillach, nó shiubluigius ar talam; & éxamailtear iat fá éxamlacht a n-aes, óir bíth feóil ainmintid aen-gnée éxamail go mór do réir oibrigthi & coimplexa. Et éxamailtear mur an cédna do réir
5895] éxamlachta na cluana ana mbeathuigthear iat, & in régióin & na haimsiri & muid a n-ullmuigthi.

Ar an adbur sin gibé lénab áil lorguireacht coimplexa & oibrigthi na feóla do dénum co deithideach, {MS P page 393} as éigin dó an lorgaireacht sin do dénam
5900] innta so, & a smuaintigthib rannaidhi eile éxamluidius coimplex & oibriugad & comshuigiugad na


p.120

infra 265
feóla. Tuillead, bíth a fhis agad co fuil cuid don fheóil maith do-beir oileamain molta uaithi & cuid eile do-beir oileamain dimolta. Tuillead,
5905] atá cuid di is urusa do díleagad & cuid eile is deacair do díleagad & díleagthur co mall. Tuillead, atá cuid di geinius leanna reamra rigne & cuid eile geinius leanna séime. Tuillead, atá cuid díb oilius co mór & cuid oilus co beac.


5910] Et as í is cúis bunáiteach don éxamlacht sin comshuigiugad éxamail na ndúl, & teagmuid éxamlacht na hoileamna uada sin do réir mur éxamailtear coimplexa na n-ainmintid co mór nó co beac ón choimplex daena. Ar an adbur sin
5915] an fheóil geinius leanna maithe & oileamain inmolta, as feóil í thosgaidius chum measurdachta ana fuil cudrumacht na ndúl & díleagad cudruma ar ná tosguidinn aen-blas nó ar ná gabann aen-blas tigearnus, mur atá, blas saillti nó searb nó gér
5920] nó a cusmaile, acht iad a' claenad chum millsi . Agus in fheóil oilius co holc as cuingill chontrárda dóib sin atá aici. Et mur an cédna an fheóil is urusa do díleagad, atá substaint édlúith aici, & as urusa a díleagad ar son gan a beith rigin &
5925] ná hadruid a rainn dá chéile co mór & ná fuil sí daingean; & in fheóil is deacair do díleagad is cuingill chontrárda dóib sin atá aici.

Tinnsgnum do réir an uird adubrumar romainn


p.121

infra 274
don fheóil innus co fuidmis fuirceadal rannaidhi
5930] d'fheóil na n-ainmintid. Agus ar tús do na hénuib. Na cearca, immorra, adearar gurab measurda iat, óir is imchubaid don inchinn iat & calmuigid an drong bís ag éirgi a heasláinti & comfhurtachtaigid na bríga uile. Feóil na cearc óg & na
5935] cabún a meadón a n-aísi & agá mbí aibíc maith, moltur tar feóil na n-én uile iat, óir atáit siat a ngar dá n-inntóg a fuil & as beac a n-imurcacha & is inmolta a n-oileamain, mad beirbthi a n-uisgi beid siat, nó mad róstaigthi. Et is fearr na cearca
5940] duba náid na cearca geala. Tuillead, is iat na cearca ná beirinn uigi is fearr díb & na cailig óga ó nach geintear. Na sean-chearca & na sean-choilig bíth blas saillti orra; ar an adbur sin ní mur biad is fearr iat acht mur leigeas, óir
5945] laguid an brú a colica, Et bíth a fhis agat co claenuid gearrcuid na coileach chum flichideachta & chum fuaraideachta éigin; & is luath díleagthur iat, & an uair beirbthear maille ré duilleabur persille & ré hagresta méduigid fuil inmolta; &
5950] is tarbach a caithim annsa tshamrad arna róstad maille ré huisgi róise & ré hagresta.

Perdix is fuar tirim í annsa chéid-chéim, gid eadh, atáit a ngearrcaig measurda teasaidi fliuchaidi do réir na haísi; feóil na petraisi, cnaíid &
5955] tirmuigid flichideacht an gaile & na n-inneadh & calmuigid an bríg fhostaigtheach, ar an adbur sin


p.122

ceaduigthear iat a flux na bronn, & is mírbuileach oilid. Et fétur lá nó dá lá a coiméd marb annsa geimread ar mbuain a n-innead eistib ; & ullmuigthear
5960] a ngearrcaid annsan fhodmur maille ré huisgi róise & ré hagresta, óir geinid siat fuil maith chairdeamail dá gach uile chorp.

Caro anseris .i. feóil géigh, atá sí teasaidi fliuchaidi a tosach an dara céim; & bíth blas
5965] aduathmur uirre & is oileamain reamur do-beir uaithi & is deacair a díleagad & línaidh na cuirp d'imurcrachaib. Na géigh óga is iat is fearr díb; & an uair dleagur a caithim líntur iat lé poliol montanum & lé huua passa & lé beacán gairleóigi.
5970] Agus an uair róstaigthear iat co himchubaid caitear iat maille ré sabsaib dleistinacha .i. maille ré bainne almont & ré beacán gairleóigi & ré huisgi róise & ré hagresta, & déntur sabsa dleistinach díb sin.


5975] Caro anatina .i. feóil na lachan, is olc oilius sí {MS P page 394} & imdaigid linn dub & cúisigid dubrón & togairmid quartana, ar an adbur sin ní himchubaid do na corpaibh measurda hí.

Carnes pauonum .i. feóil na pécóg, atá sí teasaidi
5980] fliuchaidi & is reamur in oileamain do-beir sí uaithi. Et fédtur a coiméd marb ré fead dá lá nó trí lá nó ceithri lá, & co háirithi a n-aimsir geimrid. Et caitear í maille ré sabsaib maithi adéram anar ndiaid.


p.123


5985] Carnes turturum .i. feóil na cuirliún35. Agus claenuid sí chum teasuideachta méid éigin; & is leanna maithi geinius, & médaigid sí bríg na ndaínead égruaid & na sean-daíneadh, & calmuigid an bríg fhostaigtheach, & fédtur a coiméd marb
5990] lá nó nísa mó a n-aimsir in geimrid. Gearrcuid na turtur as iat as fearr díb, & co háirithi an uair bít siat a n-aís cúig mís nó sé mís; & co háithi an uair róstur iat maille ré hagresta & maille ré sabsaib maithi eile.


5995] Caro columbina .i. feóil na colum, an uair bít siat arsaid geinid fuil reamur & toirmiscid in díleagad, & is fuar tirim í. Gearrcuid na colum, immorra, is teasaidi fliuchaidi iat annsa chéid-chéim & is mírbuileach an biad iat do na daínibh
6000] bís ag éirgi a heasláinti & ara mbí uireasbaid bríg ; & is maith do na dubánuib iat do réir dísleachta, & glanuid siat an fhuil truailligthi, & is maith do lucht na pairilisi & an fhiabruis iat, & geinid siat easláinti rigin sa cheann; & an uair
6005] marbthur iat beantur a cinn díb & ceartaigid sin a mailís, & toirmiscid aigéid & pibur & coriandrum urchóid na colum. Et as í feóil na colum fiadánta aitreabus annsa chairgeach as usa do díleagad, óir is usa a díleagad ná feóil na colum aitreabus
6010] annsna tigib.

Cucurnises36 .i. is teasaidi tirim iat, & is imchubaid a n-aigid na hartetica fuairi iat, & do-nít urchóid


p.124

do lucht na n-ae coilearda, & is ro-maith an biad iat annsa geimrid.


6015] Alauda .i. in fhuiseóg, is teasaidi fliuchaidi í, & is sodíleagtha a feóil óna dísleacht, & is maith a n-easláinti fhuair na féithead iat; & leigisid disinteria & flux na fola.

Philomena: is teasaidi fliuchaidi í & furbaíltigid
6020] an craidi & measraigid na bríga; ar an adbur sin furbaíltigid & comfhurtachtaigid na boill is bunáit do na bríguib óna ceileabrad.

Pasceres .i. na gealmuin. Agus is teasaidi tirim iat; lagaid a n-eanbruithe an brú, & méduigid
6025] in choimriachtain, & cúisigid epilepsia. Et dá mbeantur a cinn díb an uair marbthur iat ceartaigthear a mailís.

Et as inchomurthaigthi mur riagail generálta gurab édruma & gurab tirma feóil na n-én ná
6030] feóil na n-ainmintid ceathur-chosach, óir tigearnaigid in t-aer annsna hénuib & an talam annsna hainmintib. Na héin shnaídius annsna gaethraduib & annsna lochuib is reamur a feóil & is ro-olc oilid. Na héin beiris a cuid ar éigin, mur atáit,
6035] na hilair & falco, is reamur féitheach a feóil & is mítharbach a n-oileamain.

Carnes mutonum .i. feóil na molt, is teasaidi fliuchaidi iat. Agus comfhurtachtaigid an gaile measurda an gach aen-aimsir. Et is iat is fearr
6040] díb na huain asa mbeantur, a cinn a n-ocht mís nó a naí mís, & bís méith co measurda; & in


p.125

fheóil bís mur sin is maith oilius sí & geinidh fuil maith & is urusa a díleagad. Na huain bís ag ól bainne & a ngaire dá mbreith, ní hinmolta a
6045] n-oileamain, óir atáit siat fliuch maille ré beacán teasaideachta & ré biamlacht, acht gé moluid drong éigin iat; & teagmaid gurab fear sin annsna régiónuib atá te gu mór. Et dimoluim a n-oileamain annsna régiónuib fuara; & is do na
6050] daínibh teasaidi is lugha urchóidighius & do na daínibh óga do-ní saethar.

Carnes porcorum .i. feóil na muc, is fuar fliuch í annsa dara céim & is rigin dodíleagtha & is mall curthar a cusmailius na mball í. Agus dá ndíleagthur
6055] hí is mór oilius & is maith séimidthear a ridneacht ón fhín, ut est: est caro porcina sine uino peior ouina {MS P page 395}.i. is measa feóil muc gan fín ná feóil chaerach. Si tribuas uina tunc cuilibet est medicina .i. dá tucair fín lé is leigeas dá gach
6060] aen-duine í. Tuillead, bíth a fhis agat gurab teó & gurab tirma coimplex na muc fiadánta ná na muc muinntearda. Ar an adbur sin is séime feóil na muc fiadánda & is usa a ndíleagad ná feóil na muc muinntearda, óir is mó a saethur & is glaine a
6065] n-oileamain & is mó a teas & is fearr a ndíleagad.

Carnes edine & caprine .i. feóil na ngabur & na meannán, is fuar tirim iat & is milis, & geinit fuil melangcolica, & is deacair a ndíleagad ; & is


p.126

imchubaidi iat annsan earrach & annsa tshamrad
6070] ná annsa geimrid & annsan fhodmur, & is do lucht leanna ruaid as imchubaidi iat; & an uair bít ag ól bainne & tinnsgnaid a n-adurca fás is ann is fearr iat, & is ro-maith feóil na ngobur óg a n-aimsir in fhodmuir.


6075] Caro bovina .i. feóil daim, & as fuar tirim í & geinid linn dub, & is imchubaid do lucht na haradachta & an tshaethair móir í; & is maith do lucht na coimplex teasaidi í & co háirithi annsa tsamrad & annsa geimread; & fétar a caithim arna
6080] hullmugad lé spísraib, & fín maith d'ól lé; & geinidh dúinti ae & seilgi.

Caro uitulina .i. feóil na laeg, is tarbach & is cairdeamail iat dá gach uile chorp measurda annsa geimread & annsan earrach, & do lucht leanna
6085] ruaid, & co háirithi maille ré hagresta co n-a cusmaile.

Caro ceruina .i. feóil fhiada, & is beac claenus chum teasaideachta & adearuid drong éigin gurab fuar tirim í; et dá n-ullmuigthear maille ré
6090] spísraib í claenuid nísa mó chum teasaideachta; & imdaigid linn dub & inordaigid lucht a gnathuigthe chum easláinti melangcolica, & ní himchubaid do lucht na lubra ná quartana iat. Gid eadh, atá dísleacht acu do chomfhurtacht an chraidi & co
6095] háirithi a cnáim chraidi an fhiada. Et is imchubaid a ngeir a teinneas ubaill na leisi & alt an droma & an smira.


p.127

infra 267
Caro leporina .i. feóil an girrfhiada, as fuar tirim í, & geinidh fuil reamur, & togairmid dobrón,
6100] & coisgid flux na bronn, & is imchubaid a crécht na n-inneadh í; & is imchubaid feóil & inchinn an girrfhiada do lucht na pairilisi & easláinti ele na féithead.

Tuillead, bíth a fhis agat co fuil mórán do na
6105] hainmintib ceathur-chosacha nach imchubaid réna n-ithi & nach gnáthuigthear againne iat; gid eadh, a n-aimsir an éigintuis ithid na daíne iat, mur atáit sinnuig & mic tíri & easail & capuill & madraigi . Et ní gnáthuigid na daíne againne a caithim acht
6110] a n-aimsir an éigintuis.

Carnes uulpinas .i. feóil na sinnach. Agus ithid lucht in fhiaduig a n-aimsir in fhodmuir í, óir bíth sí méith in tan sin. Et gnáthuigthear feóil na madrad óg méith asa mbeantur a n-aimsir lb n="6115"> an éigintuis, óir is toltanach iat in tan sin; & tuicthear a chusmailius so do na macuib tíri. Et is iat so na feólanna is measa díb .i. feóil easail & eich & camuill & leóguin, óir is mór deichfrigid na feólanna sin ón choimplex nádúrda; ar an
6120] adbur sin ní moluim iat acht a n-éigintus.

Tuillead, bíth a fhis agat co fuil an fheóil tshaillti teasidi tirim, & is imchubaid annsa geimread do lucht leanna finn í do leith a saillteachta; & togairmid sí in tochlugad annsna régiónuib fliucha,
6125] & cnaíid sí flichideacht béil in gaile; & is beac in


p.128

chaindiacht dleagur do chaithim di óir is beac oilius. Et bíth a fhis agut gurab imchubaidi an fheóil tshaillti ná in fheóil méith reamur rigin atá fliuch co mór, ;óir atá sí ullam chum morgaid do
6130] leith a flichideachta, & a méthraig. Et a chontrárda sin do na feólannuib truaga ara mbí beacán méthraig, ní himchubaid iat chum a saillti, mur atáit, éin beaca thshléibtigi. Et gach cusmailius ré feóil na muc beid na feólanna, as í an méide
6135] sin as imchubaid iat chum a saillti.

Tuillead, bíth a fhis agat co n-éxamailtear boill na n-ainmintid a follamnugad na sláinti: óir {MS P page 396} gach foicsi don chraidi dá mbeid na boill, as í in méide sin is inmolta iat, óir glanuid teas an
6140] chraidi iat óna n-imurcachaib. An craidi, immorra, as cruaid a shubstaint & is deacair a díleagad & geinidh fuil buaideartha & is coimplex teasaidi atá aigi; & dá ndíleagthur co maith é is maith oilius; & ná caitear a ndiaid biad eile é; & is maith
6145] neithe measraigius a ridneacht a mbí bríg gearrthach theasaidi do chaithim maille ris; ar an adbar sin is maith a róstad ar sméróidibh do measrugad a ridneachta & a flichideachta.

Epar .i. na hae. Agus is teasaidi fliuchaidi iat,
6150] & cathuigid a n-aigid in díleagtha, & geinid fuil inmolta, & is mó oilid ná oilius in craidi do leith na flichideachta nádúrda atá inntu. Et as iat


p.129

ae na n-ainmintid bís ag ól bainne is fearr acu, mur atáit, ae laeg & meannán.


6155] Splen .i. in tshealg. Agus is coimplex leanna duib atá aici, & is olc díleagthur í, & is olc oilius & is fuil melangcolica geinius. Et is ball fuar tirim í mur as ead linn dub darab soitheach í; & an uair róstar í comfhurtachtagid feóil na fiacal &
6160] dúisgid in tochlugad.

Stomacus .i. in gaile. Agus is deacair é féin & na hinne do díleagad & is beac oilid.

Renes .i. na dubáin. Agus is reamur cruaid a substaint a' claenad chum tirmaideachta; & is
6165] deacair a ndíleagad, & is ó olamlacht in fhuail oiltear iat, & is animchubaid oilid; & is iat dubáin na laeg & na meannán ibius bainne is mó is inmolta díb.

Ale .i. na sgiatháin. As iat is túsca & is gloine
6170] théit a n-oileamain ar son a saethuir & a ngluasachta. Et bít na sgiatháin a ngluasacht chontinóideach, & ar an adbur sin bíth substaint tearc shéim acu; & is cusmail muiníl na n-én réna sgiathánuib do réir nádúra.


6175] Uirgi na coileach nach déin coimriachtain, is maith oilid & is urusa a ndíleagad & is mór thogairmid in choimriachtain. Uirgi na n-ainmintid ceathur-cosach óg do-ní coimriachtain, ní hinmolta a n-oileamain & is deacair a ndíleagad.


p.130