Sicut diuerse complexiones indigent diuerso regimine, .i. mur atáit na coimplexa éxamail
390]
rigid a leas follamnugad éxamail; & is mur sin atáit na hégoisg égsamail, .i. do-ní an t-égusc éxamail an coimplex éxamail. Óir as teó & as tirma na fir, & is fad-shaeglaigi & is mó do réir chainndiachta & as treisi & is glica iat náid na mná
395]
annsa gné daena, gibé innus a mbít siat annsna gnéithib eile ana teagmann an t-écusc bannda nísa mó & nísa treisi & nísa teó ná an t-égusc fearrda, mur as follus annsna hainmintib beirius a cuid ar éigin do nach laibeóram anois. Más ead
400]
tuigim astu so na neithe atá follus a ráitib na ndaíneadh eagnuid, adeir gurab teó & gurab tirma na fir annsa gné daena náid na mná, & gurab fuaire & gurab flichi na mná, & gurab luga a cuirp náid cuirp na fear. Óir is teó & is tirma &
Agus as follus an ní cédna so ó éxamlacht an chomshuigigthi & na n-oibrigthid; óir is comshuigiugad ar leith atá ag na mnáib ó na fearaib ar son co fuilid boill imda annsna mnáib nach
415]
fuil annsna fearaib; óir atá an maclac & an muinél annsna mnáib nach fuil annsna fearaib, & an tslat fhearrda annsna fearaib & ní fhuil annsna mnáib. Ar son geineamna an bainne an chích27, & ní chum na críche sin amáin atá sí annsna fearaib
420]
acht chum maisi, & do choiméd teasa an chraidi, & ar an adbur sin is mó cígi na mban ná cígi na fear. Tuillead, .i. bíth an toirrcheas & an t-inad ré n-abur bartorion & folmugad na fola místa isna mnáib, & ní bí isna fearaib. Tuillead, .i.
425]
bíd oileamain na leanam mbeac isna mnáib.
Et trít sin iarmaid riaglacha speitsialta éxamla ar regimen an égoisg bannda nach iarthur san égusc fhearrda. Et iarmaid fós regimen coimédach an maclaic & a muiníl, & regimen rém-choimédach
430]
a flux ainmeasurda & a fostóg28 ainmeasurda na
fola místa. Et rigid a leas na cígi regimen