Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 1

An chéd-chaibidil: Dona riaglachaib do-gabur ón choimplex nádúrda

Quoniam diuersorum hominum diuerse sunt complexiones totales, .i. na daíne atá égsamail atáit a coimplexa égsamail co huilidi; óir ní hurusa


p.11

infra 113-114 do réir muid dias do daínib ar aen-shláinti & a
250] coimplex inann co huilidi do réir chéimi. Más ead do réir chonsiquens, na daíne atá égsamail dligid síat regimen égsamla16 do beith acu: óir is tré neithib cusmaile bís regimen na sláinti; óir dá mbia deichfir idir choimplex nádúrda na
255] ndaíneadh égsamail is éigin co coimédfaidthear17 deichfir a regimen na droingi sin. Et teagmaid an ní cédna sin co huilidi dá n-aburthar nach fuil regimen na sláinti tré neithib cusmaile, mur adearaid mórán dona corpaib do thuit co mór:
260] óir na daíne atá a n-easláinti ní dleagur regimen tré chusmailius do thabairt dóib acht tré chontrárdacht; óir atáit síat égsamail, & is mur sin bes regimen na droingi sin égsamail; óir ní résúnda co coimédfaidi na neithe égsamla (do réir mar
265] atáit siat égsamail) ó neithib inanna. Dá réir sin is ó égsamlacht na coimplex nádúrda éirgius égsamlacht regimen na sláinti.

Et atáit naí coimplexa ann; & is é an céd-choimplex is ro-uaisle & is ro-measurda díb. Agus
270] teagmaid tuitim ón choimplex measurda sin a n-ocht moduib & atáit a ceathair díb sin aenda & a ceathair comshuigigthi. Na muid aenda immorra, mur atá, teasaideacht, & fuaraideacht, flichideacht, & tirmaideacht. Na muid chomshuigigthi,
275] mur atá, teasaideacht & tirmaideacht,


p.12

infra 114-115 teasaideacht & flichideacht, fuaraideacht & tirmaideacht, fuaraideacht & flichideacht. Ar an adbur sin adeirim an tuitim atá a n-aithfhégad measurdachta in meadhaigthi co mbí sé do réir
280] shinntens na ndaíneadh eagnuid éigintach as18 dá cháilib amáin. Gid eadh an tuitim atá chum19 na measurdachta do réir chóra as éidir lé beith a n-aén-cháil amáin. Et gairthear measurdacht do réir meadhuigthi mur a mbít na ceathra dúile
285] co haenda arna comthromugad mur so, .i. gan toscugad dúla acu tar a céile nó a chontrárda. An measurdacht so immorra, atá sí docomail do réir nádúire. Et timaircthear as so an cumusc & an ní cumuscda, & do réir chonsiquens as as
290] timaircthear in measurdacht atá 'na dísleacht ag an ní cumuscda.

Et bíth a fhis agad co mbí an tuitim do gnáth ó measurdacht an meadhaigthi a dá cáilib. Gid eadh is éidir tuitim ó measurdacht do réir
295] chóra do beith a n-aen-cháil amáin a n-aithfhégad na measurdachta so. Et gach uile ní atá annsa measurdacht sin atá sí tuitmeach a n-aen-cháil gnímaig & a cáil ele fhuilingthig. Más ead an duine agá fuil coimplex nádúrda, co nádúrda is mó
300] thuitíus sé co comthrom ó measurdacht an meadhuigthi a dá cáilib, mar atá, tuitim a teasaideacht & a flichideacht. Et ar an adbur sin gach


p.13

infra 115-116 uile ní coimplex tuitid siat ón chomthromugad so a dá cáilib.


305] An measurdacht do réir chóra immorra is measurdacht dleistinach do ní éigin hí do réir éigintuis na gnee nó an indiuiduum, {MS P page 357}nó rainn na gnee nó rainn an indiuiduum. Uerbi gratia: óir atá aen-choimplex ag an duine do réir gnéé nach
310] éidir leisin fuirm ndaena beith 'na hégmuis. Et is mur sin do chineadh ré n-abur Sglaui & Inniadaigh20, atá aen-choimplex acu leis nach éidir leó beith 'na n-Inniadachaib21 nó 'na Sglaui 'na égmuis. Et mur an cédna dá gach uile duine
315] rannaidhi, atá aen-choimplex díleas aigi nach éidir leisin duine sin beith 'na égmuis. Et mur an cédna tuicthear a coimplex rannaidhi in duine.

Agus maille ris an measurdacht so chum na
320] córa anus an tuitim ó measurdacht an meadhuigthi: óir an tuitim sin atá co héigintach atá sí ó dá cháilib mur adubramar. Gid eadh bíth tuitim ó measurdacht so na córa a cáil aenda, & ar an cor cédna bíd a dá cáilib. Do
325] réir mur atáit siat ar tuitim mur so nó mur súd, a cáil aenda nó a cáilib comshuigigthi, más ead rigid a leas regimen ar an mod so nó ar mod eile, mur atá, regimen coimédach nó regimen treóraigtheach. Ar an adbur sin rig a leas corp
330] measurda annsa gné daena ré regimen coimédach


p.14

infra 116-117 amáin, & rig a leas neithe glana comchusmaile in méid beanus ré rann an choimplexa nádúrda.

Et cad é in corp sin ré n-abar corp measurda, & cia hiad na neithe adearar do beith cusmail
335] gu glan don chorp measurda? Agus do-gabur a fhis so a leabur na sean-leagad. Et as in-chuir so sís do-raiglean 22 [...] & co speitsialta óir ní hé ar ngnódhad23 ann so sin do thuicsin acht co coimédtuidi sinn anar sláinti & co rém-choimétfaidi
340] co dingmála ónar n-easláinti. Más ead tuicim co ndliginn an corp measurda annsa gné daena gnáthugad dona neithib so atá glan amáin do réir bríge ana leithéd sin do chorp in méid bus éidir é: óir atá a fhis againn co maith nach fuil
345] aen-ní an méide so cusmail don chorp measurda nach claechluiginn é nó nach gluaisinn. Et bu follus mod regimen speitsialta an chuirp so leath-a-tís dín, mur a cuirfim riaglacha speitsialta follamnuigthi na sláinti do-gabur ó na neithibh
350] nádúrda & ó na neithibh nach nádúrda & ó éxamlacht na mball.

As na ráitib so immorra, is follus co lór na cuirp thuitius co fiadnach do thuitim nádúrda ón measurdacht so nach rigid siat a leas follamnugad
355] inann, óir dá labram don regimen choimédach, & na cuirp do beith teasaidi measurda annsa gné


p.15

infra 117-119 daena, rigid siat a leas neithe teasaidi. Et rigid a leas na cuirp fhuara measurda neithe fuara measurda. Ar an adbur sin do-chíthear go
360] résúnta co coimédtur na cuirp choilearda ana coileardacht féin lé neithib atá coilearda do réir bríge, & is teó do réir bríge na neithe sin náid na neithe lé coimédtur coimplex an chuirp measurda.


365] Dá labram immorra don24 regimen choimédach & treóraigtheach na corp adubramar romainn is mur sin is mó do-gébam an chúis dár labramur, óir ní rig a leas an corp measurda ré regimen treóraigtheach ná rém-choimédach, acht na cuirp
370] atá ar tuitim co mór, mur atáit, cuirp lucht leanna ruaid & leanna finn; óir is iat rig a leas an regimen sin; & más iat a leithéidi sin do chorpuib dob áil linn do choiméd ana tuitmib, do thicfaidis mórán d'easláíntib uatha; óir atáit siat imchubaid
375] óna nádúir dílis chum tuitme.

Óir na cuirp choilearda atá ar tuitim annsa dara céim a teasaideacht, coimédtur iat lé neithibh25 fuara sa chéid-chéim. Más ead treóraigthear iat {MS P page 358}lé neithib atá fuar nísa mó, .i. lé neithibh fuara sa
380] dara céim; & ní bia a leithéid sin do threórugad leath-amuith do thearmannachaib an choimplexa coilearda, acht leath-astig do thearmannachaib tuitme an choimplexa sin. Agus mar adubramar


p.16

infra 119-120 don tuitim choilearda tuicthear a chusmailius
385] sin dona tuitmib eile atá aenda nó comshuigigthi.

Et curthar sís do raidlean cad as céim ann & cinnus gabur desding26 na ceathra céiminn ón liaig.