Item furtachtuighi aimsira na bliadna cum tuismighti na h-eslainti so oir teguid siad co minic isin fogmur o mailis an dilegtha, & na lennand; ar son osluicti na póiridh isin tshamhradh roime sin, ar tresi an tesa ar lar an tsamhraidh & a medhon láo, & tresi na fuaraidhechta na tosach & ina derigh: & teguid siad isin tsamhradh ar son diansgailti na lennand & isin geimred, ar son tresi na lennand fuar ag condmail in adbuir istig, & ar son a loighid innurbtur na h-imurcacha and sin on corp. Et is follus co teguid na h-eslainti so o aitherrach na sine, & fetuid lucht na h-idhan a radh and sin co tiucfa fertain & doineánd ni is taosca na tic si; & fiarfuigid sin co coitcind do leghuibh an cuis sin, is i so iú fregra .i. adeir Piloretus bail a mbi raod co claocluighenn an raod bhis and cum coimplexa an inaidh a mbínd se. Masedh an uair bis in aimsir co fliuch buaiderta ag techt, bid an táor ann sin arna claoclod cum fliuchaidhechta & arna remrugad & arna fuaradh, & arna buaidirt on cuis uachtaruigh. Et is comartha curub fir sin, oir bit na ballada & na clocha ar siled mar do bedis ag cur alluis dibh, & nib uatha fein sin acht on