Corpus of Electronic Texts Edition
Rosa Anglica (Author: John of Gaddesden)

Section 8

8

Mad o gaothmuirecht doniter h-í, bi gaotmuirecht isna h-indibh, & gairfidech; & gluaisid an gaothmuirecht on taob co ceile, & da curtur mer uirre, ni mothuighter tonnmuirecht and, & ni bí tromdacht and, acht etrumugad ac fecain na ngneithid ele. Mod o uisgiamlacht doniter hi, meduighe sicne na n-uirgid, maille tromdacht, & re dellrad; & da nglacctar led mer é, mothuighe tondmuirecht uisgiamail indti: & gabaid risin nglacadh, & ni gabonn risin gaothmuirecht; & is ullum anti ara mbí cum idropise. Mad o feolmuirecht doniter, an teidhm so [add.]§ meduigi na h-uirgid gan teinnes, gan nescoid, maille cinel cruais: & an uair glactar iad, mothuigtar feoil cruaidh ina timcell.