Corpus of Electronic Texts Edition
Rosa Anglica (Author: [unknown])

Section 19

19

Et ní maith do gach uile áois hé, oir ni fuil acht teine a cénd teinidh a tobuirt dona macamhuibh, do reir Avicenna; & in méd furtachtaighis se na sendaínibh, gortuighe se na macaim in médi sin. Et adeir Galen, da n-ibter in fín co mesurda in trath is coir, co furtachtaighenn se in brig nadurtha & ainmidhi, & trit sin dobeir se gairdechus & dodanacht, & in med doni furtacht da caiter co mesurda é, doni sé ní is mó na sin dá caitter co h-ainmesurda é d'urcoid, oir da mbia in gaili coilirdha impoigh a linn ruad é; & da mbé fuar impoigh a n-aigeidecht, & doni pairilis & crupan. Et inti aca mbí a incind anmund is h-urusa leis meisci da gabail, & tic in meisci o anmuinne na h-incindi no o rotreisi in fína, no o foilme in gaili, no ona beith lan do lennuibh; & trit sin ata mar riagail nach dú in fín dól gan ní eigin do caithim roime.