Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 262

262. Sauina, bracteos: .i. liathan locadh; teasaide tirim sa treas ceim & a duillebar as imcubaidhe cum an leigis & beirig a brigh bliadhain ann & ata brigh seimhiti ann. A bearbadh ar fin & furtachtaidh teinneas an gaili & na n-inneadh noch thic o fuaraideacht & an cleibh mar an cetna. A bearbadh ar fin & a ol & fodnuidh an aigidh stranguria. An luibh so da bearbadh ar fin & togairmigh an fuil mista & an togluasacht. An luibh cetna da bearbadh ar finegra & a deatach da licin fon timtireacht & foirig{ms folio 101a3} teneasmon & bolga an daergalair. A boltanughadh da gabail fon sroin co minic & comfurtachtaigid an incinn. Item, gabh barr minntais & liathan loca & saitse & caitear iat maille re salunn & comedaidh thu ona heaslaintibh fuara & on pairilis co hairithee.

  1. Do deascaib an fina
  2. don terra sigilata
  3. don tuirbit
  4. don cruitneacht
  5. dona brisclain
  6. don ferban

  7. p.255

  8. do lin in damain allaidh
  9. don terpintina
  10. da tamuiriscus
  11. don tamuirendi
  12. da maetanaib na fineamna.