Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 210

210. Nux muscata: .i. nutamicc; teasaide tirim sa ii ceim & torudh crainn e noch fasas san Innia & bid a mbrigh vii mbliadhna innta & is amhluidh as fearr an cnu so .i. a beit trom daingin gan puill innti & ata brigh comhfurtachta aici {ms folio 92a3} ona deagbaladh & brigh cnaidteac discailteac ona cailibh fein. Leath na cno so do tobairt ar cet longadh an aigid fuaraideachta an gaili & an neimhdhileaghadh & da-beir dath maith arin aigid leis. Nus muscata & mas da bearbadh ar fin & a tobairt ar cet longadh & da dearb Plaitiairius a cumachta so an aigid fuaraideachta na mball spirudalta no inmedonac. Item, cuimin & nus muscata da bearbadh ar fin & do-ni an t-oibriugad cetna. An cnu cetna do congmail co fada sa bel & comhfurtachtaigh an inchinn. Et adeir Raisis da caitear nus muscata & cubebis & mass roimh an cuid co foiridh an brenanalaidhi & da caitear a ndiaigh na codach co ndein an meisce. Et curtar {ms folio 92b1} nus muscata isna lictabairib comhsuigigte chomhfurtachtaidheas an incinn & an craighe mar ata diapinidi & diaradon & diasiminum & diagalanga & a cosmaile amail adubrumur.


p.220